Sign in

Conchúr Mag Eacháin

@mageachain.bsky.social
839 followers 438 following 2.1K posts

Taighdeoir Gaeilge, Eagarthóir cúnta ar Fhoclóir Stairiúil na Gaeilge, RIA. Canúintí, focail, béaloideas, toibreacha, CLG. Mo thuairimí féin. Ard Mhacha/BÁC

PostsRepliesMedia
Reposted by Conchúr Mag Eacháin
Mise Áine @miseaine.bsky.social · 03/04/2026
Blagmhír daoibh, a Spéiríní. @mageachain.bsky.social @conallach.bsky.social @riberoibeis.bsky.social @nilochnain.bsky.social @polrua.bsky.social @conraoi.bsky.social @carrolldelma.bsky.social ramhaille.blogspot.com/2026/04/rabh...
ramhaille.blogspot.com
Rabharta Mór na nÉan
Tá sé de nós agam súil laethúil a chaitheamh ar shuíomh Nuacht1.com  le go bhfeice mé céard iad na hailt ar na meáin ba mhaith liom a léamh....
10216
Reposted by Conchúr Mag Eacháin
Úna Bhreathnach @unaeb.bsky.social · 10/03/2026
Tá sceitimíní orainn anseo in @fsg-dcu.bsky.social póstaer de logainmneacha na hÉireann a fheiceáil san @irishtimes.com inniu. Bíonn neart eile le feiceáil ar chuntas @logainm.bsky.social! #SnaG26 #Gaeilge
Póstaer 'Logainmneacha na hÉireann: na focail choitianta'Clúdach an Irish Times, 10.03.26
0216
Reposted by Conchúr Mag Eacháin
Tuairisc @tuairisc.bsky.social · 05/03/2026
DIALANN TUAIRISC: Gradaim nua do na polaiteoirí is mó a chuir le siamsaíocht Sheachtain na Gaeilge sa Dáil…
tuairisc.ie
DIALANN TUAIRISC: Gradaim nua do na polaiteoirí is mó a chuir le siamsaíocht Sheachtain na Gaeilge sa Dáil…
San eagrán speisialta seo de Dhialann Tuairisc bronntar den chéad uair na DTs, gradaim speisialta do na Teachtaí Dála is mó a chuaigh i bhfeidhm orainn le linn Ráitis Sheachtain na Gaeilge sa Dáil
174
Reposted by Conchúr Mag Eacháin
Library of the Royal Irish Academy @rialibrary.bsky.social · 04/03/2026
Léacht Am Lóin le @pomuirch.bsky.social amárach! Tuilleadh eolais anseo: www.tickettailor.com/events/royal... Agus foilsíodh alt san Irish Times De Luain seo caite! www.irishtimes.com/gaeilge/tuar...
irishtimes.com
An creideamh, an Ghaeilge agus na cnámha aduaine
An scéal neamhghnách faoin tslí ar tharla sleachta Gaeilge a bheith scríofa ar chnámha beithígh
043
Conchúr Mag Eacháin @mageachain.bsky.social · 22/02/2026
Tobar Laichtín, Cloch Eidhneach. Naomhphátrún Chill na Martra. Dhá bhallán mhóra atá i gceist. Bhí brionglóid ag bean dhall fán tobar seo - chuaigh sí ann, nigh sí na súile leis an uisce is leigheasadh í (de réir an bhéaloidis 😄) Naisc: www.logainm.ie/ga/11350 www.duchas.ie/en/cbes/4921...
Ofrálacha airgid. Gearrann an cuairteoir cros ar an chloch mhór le cloch bheag
170
Conchúr Mag Eacháin @mageachain.bsky.social · 21/02/2026
Lá riabhach i nGuagán Barra ach sásta gur éirigh liom cuairt a thabhairt ar an áit seo faoi dheireadh www.logainm.ie/ga/108550
190
Conchúr Mag Eacháin @mageachain.bsky.social · 15/02/2026
Bíodh 'Haidhfear' in úsáid arís! Píosa breá agus trácht ar haidhfreáil (high-for-áil) fosta. Is cuimhin liom an ceann seo ó Iorras Aithneach a fheiceáil .... Haidhfear Lá Mhic Dara .... 😁
Haighfear lá Mhic Dara is cacfaidh muid sa mbaile
181
Conchúr Mag Eacháin @mageachain.bsky.social · 13/02/2026
"Rinne sé ... carnán mór de na knick-knacks..." *checks footnote* "RINNE SÉ CARNÁN MÓR DE NA KNICK-KNACKS" 😳
Píosa as Scéalta Mháirtín Neile
3242
Reposted by Conchúr Mag Eacháin
Cathal Seoighe @cathal.bsky.social · 12/02/2026
Bhain mé an-taitneamh as Paiste Cainte a dhéanamh le @muintirshe.bsky.social. Ba dheas am a chaitheamh le laoch raidió - bean uasal a bhfuil an-chraic inti agus, ag an am céanna, an-chumas aici ábhar ar bith a chíoradh ar bhealach atá taitneamhach ach fós cruinn ⁊ soiléir tuairisc.ie/paiste-caint...
tuairisc.ie
Paiste cainte ag Helen Ní Shé le Cathal Seoighe: An treise an dúchas ná an oiliúint? B’fhearr ceist a chur ar an eolaí…
In ollscoil na Gaillimhe atá Helen do phaiste cainte na seachtaine seo, mar ar chas sí leis an eolaí an tOllamh Cathal Seoighe chun cuid de cheisteanna móra na beatha a phlé
1111
Conchúr Mag Eacháin @mageachain.bsky.social · 12/02/2026
Bhí fear as Inis Meáin ag caint ar Iris Aniar le déanaí. Cóilis atá acu in áit gabáiste, Bagún & cóilis. Éisteoir as Árainn an lá dár gcionn is an seanfhocal seo aige: Fear gan eolas a thiúrfadh cóilis ar ghabáiste. Is dóigh gur seanfhocal an-áitiúil é sin nach bhfuil sna leabharthaí arsa mise...
Seanfhocla Chonnacht
1192
Reposted by Conchúr Mag Eacháin
Peadar Ó Muircheartaigh @pomuirch.bsky.social · 11/02/2026
Ar 5 Márta beidh mé in @ria.ie ag caint ar chnámha (!) ón 19ú céad, agus go háirithe ar an gcnámh seo thíos atá anois i mbailiúchán an Acadaimh👇
0137
Reposted by Conchúr Mag Eacháin
Library of the Royal Irish Academy @rialibrary.bsky.social · 11/02/2026
Bígí linn! Léacht Am Lóin le @pomuirch.bsky.social! Cnámha aduaine bíoblóra: Cnámh de chuid Thady Connellan i mbailiúchán an Acadaimh: www.tickettailor.com/events/royal...
Animal rib bone covered in handwritten Irish text.
096
Reposted by Conchúr Mag Eacháin
Derek @dirkvanbryn.bsky.social · 11/02/2026
“I’m a little speechless to be receiving this, to be honest, as I teach animators to create and realise their ideas through professional practice and hard work” Sár-phíosa iriseoireachta le @maitiuocoimin.bsky.social "Tugadh ‘Féile Cannes na nGael’ air ag cruinniú amháin" 🤦🏻
073
Reposted by Conchúr Mag Eacháin
Conchúr Mag Eacháin @mageachain.bsky.social · 11/02/2025
'Go mbeannaí Dia dhuit a Ghobnait Naofa, Go mbeannaí Muire dhuit, is beannaím féin dhuit, Is chughatsa a thánag ag gearán mo scéil leat, Is a d'iarraidh leighis ar son Dé ort.' Lá 'le Gobnait, naomhphátrún na mbeach. Grianghraif dá cuid toibreacha i mBaile Bhuirne agus i nDún Chaoin
dealbh de Ghobnait i mBaile Bhuirne, Corcaigh agus bláthanna thart timpleall uirthiTobar i mBaile Bhuirne agus céimeanna síos chuige. Crann agus ribíní daite ar thaobh na láimhe cléTobar i nDún Chaoin Dealbh bhrád de Ghobnait a rinne Clíodhna Cussen. Rósanna ar snámh in uisce an tobair
1103
Reposted by Conchúr Mag Eacháin
Áine Ní Bhreisleáin @aineeibhlin.bsky.social · 11/02/2026
Léigh an colún anseo @independent.ie m.independent.ie/seachtain/fe...
m.independent.ie
‘Fearg, míshástacht agus díomá mhór’ ar Bhord Aerfort Dhún na nGall go bhfuil deireadh le teacht le heitiltí fillte i lár an lae go Baile Átha Cliath
Tá “fearg, míshástacht agus díomá mhór” ar Bhord Aerfort Dhún na nGall, ar ghrúpaí sláinte agus ar phobal Dhún na nGall mar gheall ar an chinneadh a thóg An Roinn Iompair dul ar aghaidh le conradh aei...
083
Reposted by Conchúr Mag Eacháin
Rob Stears @robstears.bsky.social · 06/02/2026
13818
Conchúr Mag Eacháin @mageachain.bsky.social · 02/02/2026
"Haigh, tá an chuma ort go rabh cúpla pionta agat aréir is nár chodail tú go rómhaith ach oiread. Chlis ar mo charr - an féidir leat í a bhrú 20 slat suas an bóthar. Ó, agus fanóidh gach duine eile ina gcarranna ag amharc ort." Mise: 🫩
050
Conchúr Mag Eacháin @mageachain.bsky.social · 01/02/2026
Tháinig muid slán ón gheimhreadh sona daoibh
0170
Reposted by Conchúr Mag Eacháin
Tuairisc @tuairisc.bsky.social · 29/01/2026
Dáithí de Mórdha ceaptha ina cheannaire nuachta ag TG4
tuairisc.ie
Dáithí de Mórdha ceaptha ina cheannaire nuachta ag TG4
Bhí oifig an cheannaire nuachta in TG4 folamh ó ceapadh Deirdre Ní Choistín, a bhí sa ról ar feadh beagnach dhá bhliain, ina hardstiúrthóir ar an stáisiún anuraidh
165
Reposted by Conchúr Mag Eacháin
School of Celtic Studies - Scoil an Léinn Cheiltigh DIAS @scs-dias.bsky.social · 29/01/2026
Is oth linn a chloisteáil gur cailleadh Máirtín Ó Murchú, a bhí ina ollamh sinsearach anseo agus ina stiúrthóir ar Scoil an Léinn Cheiltigh ó 1987 go 1997. We are saddened by the loss of Máirtín Ó Murchú, former senior professor and Director of SCS between 1987 and 1997. rip.ie/death-notice...
rip.ie
Death Notice of An tOllamh Máirtín Ó Murchú (Dublin) | rip.ie
The death has occurred of An tOllamh Máirtín Ó Murchú of Dublin Ireland, on 22/01/2026. You can view the full death notice and add your condolences here.
0215
Conchúr Mag Eacháin @mageachain.bsky.social · 28/01/2026
An-leabhar a fuair muid ó Shanta. Teachtaireacht an leabhair (dar liom féin agus mé in mo chonchobar ar ndóigh): Níl cait le trust
1142
Conchúr Mag Eacháin @mageachain.bsky.social · 28/01/2026
Ba chóir domh a rá gur féidir na clocha mallachta a chuartú ar an tsuíomh iontach seo. Abair úsáideach. heritagedata.maps.arcgis.com/apps/webappv...
050
Conchúr Mag Eacháin @mageachain.bsky.social · 27/01/2026
"Tá fuarnimhe in mo mhéarachaí. Dhá bhfaighinn Éire bronnta orm, ní dhéanfainn crúibíní (cait) anois" 🤌 focloiruichadhain.ria.ie/1/fuarnimhe/
3143
Conchúr Mag Eacháin @mageachain.bsky.social · 27/01/2026
"Níltear ag dul i ngleic leis an ghéarchéim tithíochta sa Ghaeltacht." "Sea,sea, ach ná bígí ag déanamh gleo" - éisteoir ar Iris Aniar fá agóid Bánú 😄
240
Reposted by Conchúr Mag Eacháin
Maitiú Ó Coimín @maitiuocoimin.bsky.social · 26/01/2026
Litir chuig an Aire Dara Calleary á léamh os ard ag Adhna Ní Bhraonáin ó Bhánú.
0136
Conchúr Mag Eacháin @mageachain.bsky.social · 25/01/2026
*guth Tommie Bowe* CHUILE OÍCHE! focloiruichadhain.ria.ie/1/diagantacht/
271
Conchúr Mag Eacháin @mageachain.bsky.social · 25/01/2026
An rud a thaitníonn liom fán CLG go bhfeiceann tú páistí ag caitheamh geansaithe contaetha eile nach mbaineann leo. Cheannaigh duine geansaí David Clifford don leaidín bheag. Tá Ard Mhacha ag imirt ag a 2pm. Tá Ciarraí ag imirt ag a 2pm fosta. Tá an leaidín beag ag iarraidh amharc ar Chiarraí.
media.tenor.com
two men standing in front of a sign that says ' je live '
ALT: two men standing in front of a sign that says ' je live '
2110
Conchúr Mag Eacháin @mageachain.bsky.social · 24/01/2026
Thug mo bhean an cailín beag léi leis an leaidín beag a bhailiú ón chreche le déanaí. D'fhreastail mo níon ar an chreche chéanna. Thoisigh an bhean á ceistiú fán scoil srl. Char úirt mo níon smid. Sa bhaile d'fhiafraigh mo bhean di tuige nár fhreagair sí í. "Cos she asked me in English" ar sí 😅
1141
Conchúr Mag Eacháin @mageachain.bsky.social · 23/01/2026
In Ultaibh Bhainfeadh sé an fhéasóg den chat Bhainfeadh sé na cluasa den chat Bhainfeadh sé na hadharca den eallach Is dóigh go neart eile ann
030
Conchúr Mag Eacháin @mageachain.bsky.social · 23/01/2026
Is fiú éisteacht siar le hAifreann an Domhnaigh ag an Oireachtas anuraidh. Fóill, fóill! @lillis.bsky.social ag gabháil 'Síos 'un tobair a ghuí'(Down to the river to pray). Tá sé go hálainn ar fad. Chuala mé é cupla seachtain ó shin agus chuaigh mé a chuartú. Ag 2:00 www.rte.ie/radio/rnag/a...
rte.ie
Aifreann an Lae Dé Domhnaigh 2 Samhain 2025
Aifreann an Domhnaigh ó Séipéal Naomh Muire, Lána an tSéipéil, Béal Feirste.
4142
Reposted by Conchúr Mag Eacháin
Tuairisc @tuairisc.bsky.social · 23/01/2026
‘Is féidir i bhfad níos mó a rá in aon líne amháin i nGaolainn’ ... Paul Geaney, an Ghaeilge agus Whakapapa
tuairisc.ie
‘Is féidir i bhfad níos mó a rá in aon líne amháin i nGaolainn’ … Paul Geaney, an Ghaeilge agus Whakapapa
Sa cholún seo, tugtar léargas ar scéalta beaga, móra, aisteacha agus iontacha ó shaol an spóirt
052
Conchúr Mag Eacháin @mageachain.bsky.social · 22/01/2026
Léigh mé An Cláirseoir le Diarmuid Johnson le déanaí - molaim go mór é. Ach bhí an téarma 'múnbhrachán caca' ann mar chur síos ar charn aoiligh. Thaitin sé go mór liom is ba mhaith liom é a chur i gcúrsaíocht. Tá an saol ina mhúnbhrachán caca.
6256
Conchúr Mag Eacháin @mageachain.bsky.social · 21/01/2026
Síleann an t-amadán nach bhfuil aon duine críonna ach é féin- Irisleabhar na Gaedhilge, 1894
1102
Conchúr Mag Eacháin @mageachain.bsky.social · 21/01/2026
'bhfuil aithne ag aon duine agaibh ar mhuilleoir darb ainm Peadar Risteard nó Píotar Dic...tá mé ag déanamh go bhfuil sé ina bheatha agus inár measc Ó agus tá dhá sháil ar leathchois leis.
Píosa as Cré na Cille: 'Sul dá dteagadh deireadh an domhain go mbeadh muilleoir thart síos agus dhá sháil ar leathchois leis. Peadar Risteard a bheas air. Chuala mé chuile lá ariamh é.'Píosa ó Cho. an Dúin sa leabhar Now You're Talking le MJ Murphy Columbcille and the End of the World
There's a miller to be called Peter Dick and he'll have two heels on the one foot. Columbcille prophesised that. That'll be the end. Columbcille dreamed all his prophecies: so the old people used to say.
4100
Reposted by Conchúr Mag Eacháin
Áine Ní Bhreisleáin @aineeibhlin.bsky.social · 21/01/2026
Alt i Seachtain @independent.ie m.independent.ie/seachtain/ai...
m.independent.ie
Áine Ní Bhreisleáin: Is fiú go mór go fóill scéalta na ndaoine a thógáil
Tá na tráthnóntaí ag síneadh leo, giota ar ghiota, ainneoin aimsir chaidheach go leor go fóill, ach níl muid ach i mí Eanáir, an geimhreadh go fóill.
053
Reposted by Conchúr Mag Eacháin
Peadar Ó Muircheartaigh @pomuirch.bsky.social · 20/01/2026
Despite its shortcomings (mostly related to me not being an art historian), this was one of the most enjoyable pieces of academic writing I’ve ever done! #LámhscríbhinníGaeilge Classicizing the Gaelic: Visual Classicism, Migration and Irish Manuscript Culture tinyurl.com/5n7wwccd
1237
Conchúr Mag Eacháin @mageachain.bsky.social · 19/01/2026
Tráthúil don lá inniu 😔 Ceann as Corca Dhuibhne 'Tá sé mar do scaoilfá tré chriathar é anois amuigh = ana-thulca báistí a bheith ann' (Réilthíní Óir) 'Mar a leigfeá tré chriathar é' (Seanfhocail na Muimhneach) 'Bhí an spéir ina criathar' (FGB)
191
Reposted by Conchúr Mag Eacháin
Library of the Royal Irish Academy @rialibrary.bsky.social · 19/01/2026
The Manuscript of the Week is RIA MS B ii 1, Astronomical tract. It is based on a medieval Latin version of a work by Messahalah, a Jew of Alexandria who wrote in Arabic c. 815. The frontispiece is an astronomical rotula with a moveable index attached, illuminated with red and yellow pigment...
Ancient manuscript page showing a circular astronomical diagram with concentric rings and inscriptions. A rotating arm points outwards.
12415
Reposted by Conchúr Mag Eacháin
ABAIR.ie @abairtcd.bsky.social · 12/01/2026
A chairde, tá suirbhé a chur amach againn maidir le leabhair páistí Gaeilge atá scríofa go canúnach/a oireann do chanúintí faoi leith. Má tá 5 bhomaite agaibh, bheadh fáilte mhór roimh bhur moltaí! 📋 forms.gle/HQQTJRJjhADE...
forms.gle
Leabhair canúnacha Gaeilge do pháistí
Tá ABAIR.ie i mbun toraíochta ar leabhair páistí atá i nGaeilge chanúnach, do thaighde a chabhraíonn le teicneolaíocht urlabhra a fhorbairt do pháistí sa Ghaeilge, Míle Glór na nÓg (www.mileglornanog...
087
Reposted by Conchúr Mag Eacháin
DigiBete @digibete.bsky.social · 05/01/2026
Do you know the Signs and Symptoms of #Type1Diabetes? Please do share this film far and wide to help raise awareness and you could help Save a life! Take a look 👇to learn more 🔗https://www.digibete.org/type-1-awareness/ #DigiBete #CommunityLed #ClinciallyApproved #KnowTheSigns
033
Conchúr Mag Eacháin @mageachain.bsky.social · 04/01/2026
Clúdaíonn sclamhaire cuid mhaith de is dóigh
0100
Conchúr Mag Eacháin @mageachain.bsky.social · 03/01/2026
Díogha gach síne an sioc, deirtear, ach is breá liom é mar sin fein.
Corr mhónadh ina seasamh i sruthán. Sioc ar an fhéar
1161
Conchúr Mag Eacháin @mageachain.bsky.social · 01/01/2026
Beannachtaí na Bliana Úire! Ag siúl na mbailte sa bhaile in Ard Mhacha. Lá álainn www.logainm.ie/ga/56931/
1131
Conchúr Mag Eacháin @mageachain.bsky.social · 31/12/2025
An lá deireanach de 2025 ar Charraig an tSeabhaic, Ard Mhacha Bréige. Thóg N. Pádraig a chéad eaglais in Ard Mhacha anseo. Tá cloch ann ar a dtugtar Cathaoir Phádraig - shuigh mo níon inti is rinne achainí 😀 Suíomh Lúnasa a bhí ann. Radharcanna iontacha ach bhainfeadh an ghaoth an fhéasóg den chat
170
Conchúr Mag Eacháin @mageachain.bsky.social · 30/12/2025
Bhí mo thuistí sa Spáinn le déanaí. Bhí Spáinneach mná ag fanacht orthu san aerfort in Malaga le comhartha agus an sloinne air. "Go see thon woman thonder," ar sí. Más fíor do m'athair.
150
Conchúr Mag Eacháin @mageachain.bsky.social · 30/12/2025
Bhí sé ráite go rabh súiste dobhriste ag Oscar na Féinne, súiste a rabh an-chumhacht ann. "Tá sé chomh daingnithe istigh anois sa dream sin is nach gcuirfeadh súiste Oscair amach astu é." "Cat! Ní mharódh súiste Oscair cat!" (Foclóir Uí Chadhain) focloiruichadhain.ria.ie/1/?txt=S%C3%...
271
Conchúr Mag Eacháin @mageachain.bsky.social · 29/12/2025
Bhí an leaidín beag róbheag le dul síos leis féin. Ach toisc gur athair maith mé sheas mé sa bhearna bhaoil. Faoi thrí. Bhí an-taidhm agam.
060
Conchúr Mag Eacháin @mageachain.bsky.social · 26/12/2025
Mise: "Deirtear dhá mbéifeá gan aon fheoil a ithe Lá Fhéil' Stiopháin nach dtiocfadh aon tinneas ort ar feadh na bliana." An pláta mór liamháis sa chuisneoir: 😅😅😅🤣🤣🤣🤣😅😅😅😅😅
1132