ABAIR.ie @abairtcd.bsky.social · 1hTá nuachtlitir ABAIR anseo!! 📮 Sa litir seo, gheobhaidh sibh achoimre ar obair an tséasúir, na rúin atá againn don ghearrthéarma agus an scéal is úire maidir le hABAIR ag imeachtaí amach romhainn. Cláraígí anois ag abair.ie/news agus beidh muid i dteagmháil libh ar ball beag… 👀📨 021
Reposted by ABAIR.ieABAIR.ie @abairtcd.bsky.social · 29/06/2026D'fhreastal ochtar ball foirne ABAIR ar #UKIS2026 i King's College, Londain, an tseachtain seo caite. Ba luachmhar ar fad é an deis ár gcuid oibre agus ár gcuid smaointe a roinnt le taighdeoirí eile i réimse na hurlabhra! @nihrmaudsleybrc.bsky.social @kingscollegelondon.bsky.social 033
ABAIR.ie @abairtcd.bsky.social · 29/06/2026D'fhreastal ochtar ball foirne ABAIR ar #UKIS2026 i King's College, Londain, an tseachtain seo caite. Ba luachmhar ar fad é an deis ár gcuid oibre agus ár gcuid smaointe a roinnt le taighdeoirí eile i réimse na hurlabhra! @nihrmaudsleybrc.bsky.social @kingscollegelondon.bsky.social 033
ABAIR.ie @abairtcd.bsky.social · 25/02/2026Meabhrúchán go bhfuil ár ndarna comórtas taifeadta ar siúl faoi láthair! 🌸🎙️ Tá duais iPad úr le buachaint ag an té ar leo ticéad an bhua sa chrannchuir, mar sin níos mó taifeadta a dhéanann tú = níos fearr do sheans! 🤩 Spriocdháta ar an lá deireanach d'Aibreán!! 🌟🌷 010
Reposted by ABAIR.ieABAIR.ie @abairtcd.bsky.social · 17/02/2026COMÓRTAS TAIFEADTA AN EARRAIGH 🌸🌟🎙️ Tá comórtas úr á reachtáil againn do Mhíle Glór na nÓg, ár suíomh taifeadta sluafhoinsithe do pháistí - agus iPad úr le buachaint! Sínigh suas nó faigh tuilleadh eolais ag mileglornanog.abair.ie Spriocdháta ar an 31ú Eanáir 2026 📆🌷 002
Reposted by ABAIR.ieFelicity Hayes-McCoy @fhayesmccoy.bsky.social · 20/02/2026Ag ceiliúradh ag Scoil Cheoil an Earraigh inniú ar Danny Mac a' tSíthigh agus Neasa Ní Chinnéide, bheirt laoch as Chorca Dhuibhne ó dhúchas a roinn a nguthanna do thaighde @abairtcd.bsky.social Fíor spéisiúil, agus ócáid fé leith #spérgorm 041
Reposted by ABAIR.ieSeomra Nuachta @seomranuachta.bsky.social · 18/02/2026Amárach ar an SN/NuachtAnois: MÍLE GLÓR NA nÓG – Bíodh do ghuth féin san áireamh! Tionscadal de chuid @abairtcd.bsky.social le guthanna páistí a bhailiú le cur leis an tsintéis chainte. www.leighanois.com/~alt?uimh_ai... 032
Reposted by ABAIR.ieABAIR.ie @abairtcd.bsky.social · 16/02/2026Beidh ceiliúradh againn ag Scoil Cheoil an Earraigh ar bheirt laoch áitiúil, Danny Mac a' tSíthigh agus Neasa Ní Chinnéide, a roinn a nguthanna linn do thaighde ABAIR. Beidh fíon, ceol agus soláistí ar an láthair. 16:00 in Ionad an Bhlascaoid, 20ú Feabhra. Bígí ann nó bígí gann!! 🫣 044
ABAIR.ie @abairtcd.bsky.social · 17/02/2026COMÓRTAS TAIFEADTA AN EARRAIGH 🌸🌟🎙️ Tá comórtas úr á reachtáil againn do Mhíle Glór na nÓg, ár suíomh taifeadta sluafhoinsithe do pháistí - agus iPad úr le buachaint! Sínigh suas nó faigh tuilleadh eolais ag mileglornanog.abair.ie Spriocdháta ar an 31ú Eanáir 2026 📆🌷 002
ABAIR.ie @abairtcd.bsky.social · 16/02/2026Beidh ceiliúradh againn ag Scoil Cheoil an Earraigh ar bheirt laoch áitiúil, Danny Mac a' tSíthigh agus Neasa Ní Chinnéide, a roinn a nguthanna linn do thaighde ABAIR. Beidh fíon, ceol agus soláistí ar an láthair. 16:00 in Ionad an Bhlascaoid, 20ú Feabhra. Bígí ann nó bígí gann!! 🫣 044
ABAIR.ie @abairtcd.bsky.social · 04/02/2026Tá buaiteoir againn!! 🫣🤩 Comhghairdeas mór ó chroí le Caoimhe De Búrca as Baile Átha Cliath ar bhuaigh duais mhór an chrannchuir - iPad úr!! 📱💜 Ba mhaith linn tréaslú leis an deichniúr a rinne an líon is mó taifeadta le linn an chomórtais fosta - maith sibh go léir 000
ABAIR.ie @abairtcd.bsky.social · 31/01/2026A chairde Gael, tá deireadh chomórtas taifeadta Mhíle Glór na nÓg ag teannadh linn! 🎙️🌟 Is inniu an lá deireanach a ghlacfar le aon thaifid i dtreo an chomórtais. Déanfar buaiteoirí an chomórtais a fhógairt ar an Chéadaoin beag seo. Tá muid ag súil go mór leis! 🫣 000
ABAIR.ie @abairtcd.bsky.social · 31/01/2026Chuir muid fáilte roimh an Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary TD ag ócáid sa tSaotharlann anseo i gColáiste na Tríonóide áit ar fhógair sé go mbeidh os cionn €2 milliún, thar tréimhse cúig bliana, a cheadú do thionscadal ABAIR 010
ABAIR.ie @abairtcd.bsky.social · 21/01/2026Tá an suirbhé seo ar fhoscailt go fóill a chairde! Ár mbuíochas libh as na freagraí uilig atá faighte againn go dtí seo 010
Reposted by ABAIR.ieABAIR.ie @abairtcd.bsky.social · 19/01/2026A chairde, tá faoi bhun coicíse fágtha le páirt a ghlacadh sa chomórtas taifeadta! Scapaigí an scéil agus téigh sa tseans le hiPad úr a bhuachaint 🎙️🌟 mileglornanog.abair.ie/competitionmileglornanog.abair.ieMíle Glór na nÓgChildren's Voice Recording Platform for Irish Language 012
ABAIR.ie @abairtcd.bsky.social · 19/01/2026A chairde, tá faoi bhun coicíse fágtha le páirt a ghlacadh sa chomórtas taifeadta! Scapaigí an scéil agus téigh sa tseans le hiPad úr a bhuachaint 🎙️🌟 mileglornanog.abair.ie/competitionmileglornanog.abair.ieMíle Glór na nÓgChildren's Voice Recording Platform for Irish Language 012
Reposted by ABAIR.ieABAIR.ie @abairtcd.bsky.social · 12/01/2026A chairde, tá suirbhé a chur amach againn maidir le leabhair páistí Gaeilge atá scríofa go canúnach/a oireann do chanúintí faoi leith. Má tá 5 bhomaite agaibh, bheadh fáilte mhór roimh bhur moltaí! 📋 forms.gle/HQQTJRJjhADE...forms.gleLeabhair canúnacha Gaeilge do pháistíTá ABAIR.ie i mbun toraíochta ar leabhair páistí atá i nGaeilge chanúnach, do thaighde a chabhraíonn le teicneolaíocht urlabhra a fhorbairt do pháistí sa Ghaeilge, Míle Glór na nÓg (www.mileglornanog... 087
ABAIR.ie @abairtcd.bsky.social · 12/01/2026A chairde, tá suirbhé a chur amach againn maidir le leabhair páistí Gaeilge atá scríofa go canúnach/a oireann do chanúintí faoi leith. Má tá 5 bhomaite agaibh, bheadh fáilte mhór roimh bhur moltaí! 📋 forms.gle/HQQTJRJjhADE...forms.gleLeabhair canúnacha Gaeilge do pháistíTá ABAIR.ie i mbun toraíochta ar leabhair páistí atá i nGaeilge chanúnach, do thaighde a chabhraíonn le teicneolaíocht urlabhra a fhorbairt do pháistí sa Ghaeilge, Míle Glór na nÓg (www.mileglornanog... 087
ABAIR.ie @abairtcd.bsky.social · 04/12/2025Meabhrúchán faoin chomórtas taifeadta! Scapaigí an scéil le duine ar bith a bhfuil páistí le Gaeilge acu 🌟👾🎙️ 010
ABAIR.ie @abairtcd.bsky.social · 04/12/2025Bhí scoth lae ag ABAIR i mbun seisiúin idirghníomhaithe acadúil le toscaireacht na hInstitiúide Teicneolaíochta, Harbin. Bhí suim acu cloisteáil faoin taighde atá ar siúl faoi láthair ar theicneolaíochtaí urlabhra agus teanga in Éirinn agus bhí neart le plé againn. Go raibh maith agaibh, a chairde! 020
Reposted by ABAIR.ieTuairisc @tuairisc.bsky.social · 01/11/2025Glór an scríbhneora Domhnall Mac an tSíthigh ar Abair.ietuairisc.ieGlór an scríbhneora Domhnall Mac an tSíthigh ar Abair.ieTá ocht nglór anois ar fáil ar Abair.ie agus canúintí Thír Chonaill, Chonamara, Chorca Dhuibhne, agus na nDéise le cloisteáil ann 011
Reposted by ABAIR.ieTuairisc @tuairisc.bsky.social · 07/11/2025Uirlis nua fotheidealaithe Gaeilge forbartha ag Abair.ie le AI tuairisc.ieUirlis nua fotheidealaithe Gaeilge forbartha ag Abair.ie le AITugadh taispeántas den uirlis nua ‘Fotheideal’ ag ‘réamhsheoladh’ a bhí ar siúl ag Oireachtas na Samhna i mBéal Feirste 042
ABAIR.ie @abairtcd.bsky.social · 27/11/2025Bhí an-lá ag ABAIR ag caint ar an intleacht shaorga maidir leis na teangacha Ceilteacha ag Belfast Media Festival, a bhí ar siúl ag tús na míosa seo. 010
ABAIR.ie @abairtcd.bsky.social · 27/11/2025Ba mhaith le foireann ABAIR tréaslú lenár gcara agus comhghleacaí, Liam Ó Lonargáin, ar a bronnadh Duais Iarchéime 2025 dá thionscadal doctúireachta, "Aithint Chainte Ilchanúnach na Gaeilge", ag comhdháil bhliaintiúil IRAAL an deireadh seachtaine seo caite. Comhghairdeas leat a Liam! 040
Reposted by ABAIR.ieABAIR.ie @abairtcd.bsky.social · 24/11/2025COMÓRTAS 🎤💬🌟 Tá comórtas taifeadta do pháistí á réachtáil againn le ceiliúradh a dhéanamh ar ár suíomh taifeadta sluafhoinsithe úr, Míle Glór na nÓg - agus tá iPad le buachaint! 📱👾 Le síniú suas don chomórtas nó le tuilleadh eolais a fháil air téigh chuig mileglornanog.abair.ie 131
ABAIR.ie @abairtcd.bsky.social · 24/11/2025COMÓRTAS 🎤💬🌟 Tá comórtas taifeadta do pháistí á réachtáil againn le ceiliúradh a dhéanamh ar ár suíomh taifeadta sluafhoinsithe úr, Míle Glór na nÓg - agus tá iPad le buachaint! 📱👾 Le síniú suas don chomórtas nó le tuilleadh eolais a fháil air téigh chuig mileglornanog.abair.ie 131
Reposted by ABAIR.ieOsgur Ó Ciardha @osgurociardha.bsky.social · 06/11/2025Tnúth a threabhas. ✊ www.youtube.com/watch?v=RzI3...youtube.comAbair.ie - Míle Glór na nÓgYouTube video by Amanda Bernhard 042
Reposted by ABAIR.ieOsgur Ó Ciardha @osgurociardha.bsky.social · 06/11/2025Cheapfá ón bplé faoi nGaeilge agus oideachas speisialta nach bhfuil de rogha ach díolúintí a dháileadh amach. Tá rogha eile - an córas agus an tacaíocht a NEARTÚ! Maith hiad @abairtcd.bsky.social , abair.ie youtube.com/watch?v=rmnHKu-SWvY&feature=youtu.beyoutube.comAbair.ie - NEARTÚYouTube video by Amanda Bernhard 173
ABAIR.ie @abairtcd.bsky.social · 29/10/2025Tá Oireachtas na Samhna buailte linn! 🎃 Beidh ABAIR le feiceáil ar Ardán an Oireachtas trí lá i ndiaidh a chéile i mbliana, agus neart áiseanna úra á chur i láthair againn… 👀 Déanaigí cinnte is cuairt a thabhairt orainn ag ár seastán san aonach chomh maith. Tcífidh muid ann sibh!! 052
ABAIR.ie @abairtcd.bsky.social · 20/10/2025Tá an Dr Dávid Veljanovszki ar cuairt faoi láthair againn ó Ollscoil Seirbhíse Poiblí Ludovika, Budapest mar pháirt de scéim soghluaisteachta foirne Erasmus+. Fuair sé blas dár réimse leathan gníomhaíochtaí acadúla agus é ag casadh lenár mbaill foirne agus ag freastal ar ranganna na Roinne 020
ABAIR.ie @abairtcd.bsky.social · 15/10/2025Agus #LáFeasachtaAAC á cheiliúradh againn an Aoine seo caite, rinne ár gcomhghleacaí Julie Mhic Con Iomaire ár gcóras AAC, Geabaire, a chur i láthair ag maidin chaifé i Roinn an Staidéir Chliniciúil ar Urlabhra agus Teangacha Choláiste na Tríonóide. #TáGachGuthTábhachtach #AACAwarenessIreland 010
ABAIR.ie @abairtcd.bsky.social · 29/08/2025Comhghairdeas mór do Mhuireann Ní Dhómhnaill, a bhain an duais de iPad úr ar son taifeadadh glóir a dhéanamh le Abair.ie i nGaoth Dobhair an samhradh seo. Deir an girseach chliste, fhlaithiúil seo go dtabharfaidh sí an iPad dá deartháir, Naoise. Maith thú, a Mhuireann! 010