Sign in

Conchúr Mag Eacháin

@mageachain.bsky.social
840 followers 438 following 2.1K posts

Taighdeoir Gaeilge, Eagarthóir cúnta ar Fhoclóir Stairiúil na Gaeilge, RIA. Canúintí, focail, béaloideas, toibreacha, CLG. Mo thuairimí féin. Ard Mhacha/BÁC

PostsRepliesMedia
Conchúr Mag Eacháin @mageachain.bsky.social · 19/06/2026
An méid atá in Pota Cnuasaigh II
000
Conchúr Mag Eacháin @mageachain.bsky.social · 19/06/2026
Níl i ndáiríre. Tá leaganacha éagsúla den scéal agus éagsúlachtaí beaga sa rann féin. Seo chugat píosaí as Irisleabhar na Gaedhilge (1901), Sgéalaidhe Óirghiall agus An tUltach.
000
Conchúr Mag Eacháin @mageachain.bsky.social · 08/06/2026
Nós deas Muimhneach 👀😄
140
Conchúr Mag Eacháin @mageachain.bsky.social · 08/06/2026
Ó, duchas.ie, Bailiúchán na Scol. agus an an Príomhbhailiúchán. Bhí mé ag ceapadh gur nós áitiúil a bhí ann, san iarthar, b'fhéidir ach tím i gCiarraí é fosta www.duchas.ie/en/cbe/90031...
240
Conchúr Mag Eacháin @mageachain.bsky.social · 08/06/2026
Sin ceann nach rabh agam... tá sé ann is cosúil! Luaitear cúinní na braillíne go háirithe. Tá leigheas luaite leis na coinnle fosta
130
Conchúr Mag Eacháin @mageachain.bsky.social · 05/06/2026
Is dóigh nach mbeidh mise in Eanas Caoin (mar a thugadh Gaeilgeoirí na háite air) cheal ticéid ach cumfaidh mé 'Iomáin Eanas Caoin 2.0' má thugann muid an svae linn! www.duchas.ie/ga/cbes/4758...
131
Conchúr Mag Eacháin @mageachain.bsky.social · 01/06/2026
Char thuig go rabh sé seanbhunaithe ach is cosúil go bhfuil. July an chabáiste luaite anseo
131
Conchúr Mag Eacháin @mageachain.bsky.social · 02/05/2026
An-deas! Suíomh álainn ag amharc amach i dtreo na farraige más buan mo chuimhne. Glacaim leis go dteachaigh tú fríd Chró na Snáthaide ar an Sceilg féin le críoch cheart a chur leis an turas....😁 www.duchas.ie/en/cbe/90002...
110
Conchúr Mag Eacháin @mageachain.bsky.social · 30/04/2026
Breochloch a bhíos i gceist go hiondúil. Seo an méid atá ag Evans (Irish Folk Ways) atá luaite sa darna pic thuas
230
Conchúr Mag Eacháin @mageachain.bsky.social · 30/04/2026
Níl mé cinnte fán saghas cloch sin. Bíonn trácht ar elf stones nó darts cgl nó saigheada sa Ghaeilge. Chuirtí poll sna cinn sin in áiteacha. Tím gloine nan draoidh orthu in Dwelly www.cambridge.org/core/journal...
130
Conchúr Mag Eacháin @mageachain.bsky.social · 27/04/2026
Ainmfhocal neodrach a bhí in tír. Bhíodh urú ar ainmfhocla neodracha i ndiaidh dhá. Píosa as Comhréir GA an Tuaiscirt thíos
091
Conchúr Mag Eacháin @mageachain.bsky.social · 04/04/2026
Seanfhocal ag an Muimhnigh, seans go bhfuil luaite agam ansin. Domhnach na Pailme agus Satharn Cásca an ghrian ag rince le háthas. Nó rud éigin mar sin. Tím go bhfuil mé ag teacht le Humphrey. Phew 😄
110
Conchúr Mag Eacháin @mageachain.bsky.social · 04/04/2026
seangShatharn 🤔 dil.ie/37139
111
Conchúr Mag Eacháin @mageachain.bsky.social · 02/04/2026
Deas. Tá sé doiligh An Béal Beo a bhualadh! Cúpla rud eile ó Foirisiún Focal as Gaillimh agus Ceathrú Thaidhg (BnaS) www.duchas.ie/en/cbes/4427...
030
Conchúr Mag Eacháin @mageachain.bsky.social · 02/04/2026
Sea mar atá ag Séamus. An rabharta a bhíos ann i dtús mhí Aibreáin/Bealtaine go hiondúil agus an rabharta is mó sa bhliain. Déanann na héin a neadracha sa bhruth fá thír nó os a chionn agus an tuiscint acu go mbeidh siad slán . Píosa ó An Béal Beo
171
Conchúr Mag Eacháin @mageachain.bsky.social · 23/03/2026
Cha dtáinig mé riamh ar shaintéarma dúchasach go fóill. Crann ceirteacha a úsáidim féin agus é feicthe agam i gcorráit eile. Is maith liom an uaim! Pléadh é go hachomair abhus tamall ó shin. Bratóga a bhí ag @lillis.bsky.social ar na píosaí éadaigh féin. www.from-ireland.net/customs-seve...
330
Conchúr Mag Eacháin @mageachain.bsky.social · 22/02/2026
Bhí mise ag smaoiteamh go mbeadh scéal ann gur lorg ghlúine Laichtín a bhí iontu ach char tháinig mé air. Deirtear nach ionann dath an uisce sa dá bhallán ach char thug mise aon rud fá deara www.duchas.ie/en/cbes/4921...
010
Conchúr Mag Eacháin @mageachain.bsky.social · 22/02/2026
Tobar Laichtín, Cloch Eidhneach. Naomhphátrún Chill na Martra. Dhá bhallán mhóra atá i gceist. Bhí brionglóid ag bean dhall fán tobar seo - chuaigh sí ann, nigh sí na súile leis an uisce is leigheasadh í (de réir an bhéaloidis 😄) Naisc: www.logainm.ie/ga/11350 www.duchas.ie/en/cbes/4921...
Ofrálacha airgid. Gearrann an cuairteoir cros ar an chloch mhór le cloch bheag
170
Conchúr Mag Eacháin @mageachain.bsky.social · 21/02/2026
Tart i ndiaidh na tiomána. Is fíor-rud é.
030
Conchúr Mag Eacháin @mageachain.bsky.social · 21/02/2026
Tuilleadh ó Ghuagán Barra
Íosa
140
Conchúr Mag Eacháin @mageachain.bsky.social · 21/02/2026
Lá riabhach i nGuagán Barra ach sásta gur éirigh liom cuairt a thabhairt ar an áit seo faoi dheireadh www.logainm.ie/ga/108550
190
Conchúr Mag Eacháin @mageachain.bsky.social · 17/02/2026
An méid seo in Irish Names (Ó Corráin & Maguire) dála an scéil
020
Conchúr Mag Eacháin @mageachain.bsky.social · 16/02/2026
Cha dtáinig ach bhí mé ag caint le duine le déanaí faoin ainm Fionnbharra agus Barra. Bhí mé ag déanamh go mbeadh rud éigin ag Pádraig Ó Riain ina Dict. of Irish Saints. ach chonaic mé go rabh alt aige faoin naomh chéanna... corkhist.ie/wp-content/u...
221
Conchúr Mag Eacháin @mageachain.bsky.social · 15/02/2026
Haidhfear Ard Mhacha! Mo cheol sibh Spórt TG4
130
Conchúr Mag Eacháin @mageachain.bsky.social · 15/02/2026
Bíodh 'Haidhfear' in úsáid arís! Píosa breá agus trácht ar haidhfreáil (high-for-áil) fosta. Is cuimhin liom an ceann seo ó Iorras Aithneach a fheiceáil .... Haidhfear Lá Mhic Dara .... 😁
Haighfear lá Mhic Dara is cacfaidh muid sa mbaile
181
Conchúr Mag Eacháin @mageachain.bsky.social · 13/02/2026
Lainimhic Leabhar
120
Conchúr Mag Eacháin @mageachain.bsky.social · 13/02/2026
😅... Is cosúil go mbíodh sé sa Bhéarla. Tá an sampla ón EDD fós le cluinstin ar ndóigh
A Dictionary of Sexual Language and Imagery in Shakespearean and Stuart Literature
000
Conchúr Mag Eacháin @mageachain.bsky.social · 13/02/2026
Tá 'nic sneaics' (Carna) agus 'snic sneaics' (Cois Fharraige) ann mar iasacht agus an chiall 'knick-knacks' giuirléidí leo ... ach b'fhearr iad a sheachaint ar eagla na míthuisceana is dóigh 🤔😄
160
Conchúr Mag Eacháin @mageachain.bsky.social · 13/02/2026
"Rinne sé ... carnán mór de na knick-knacks..." *checks footnote* "RINNE SÉ CARNÁN MÓR DE NA KNICK-KNACKS" 😳
Píosa as Scéalta Mháirtín Neile
3242
Conchúr Mag Eacháin @mageachain.bsky.social · 12/02/2026
Cé gur cúl/cul f(h)ái(che) a deirtear! Tá mé ceanúil ar an cheann sin. Chuala mé é ar Dar le Daideo ar Cúla4 le déanaí, bhí mé ar bís 😅 Niall Mac Eachmharcaigh an daideo, tá sé an-mhaith
120
Conchúr Mag Eacháin @mageachain.bsky.social · 12/02/2026
Whuppity Stoorie tho' 🤩
050
Conchúr Mag Eacháin @mageachain.bsky.social · 12/02/2026
Rum-Stil-Stilschun ab ea? 😄 Seans gir cumadóireacht atá ann. Tá liosta de na scéalta atá cosúil le scéal Rumpelstiltskin ar duchas.ie (AT500) Príomhbhailiúchán www.duchas.ie/en/cbe/items... BnaS www.duchas.ie/en/cbes/stor... Féach an méid seo sa Handbook of Irish Folklore fosta
171
Conchúr Mag Eacháin @mageachain.bsky.social · 12/02/2026
Tá sé i mBnaS fosta dála an scéil - 3 shampla as Gaillimh; Cois Fharraige agus an Cheathrú Rua. www.duchas.ie/en/cbes/tran...
000
Conchúr Mag Eacháin @mageachain.bsky.social · 12/02/2026
Ná luaigh cál...😄 sin a bheadh agamsa ar chabáiste is dóigh
000
Conchúr Mag Eacháin @mageachain.bsky.social · 12/02/2026
Is dóigh nach mbíonn an t-idirdhealú i gcónaí soiléir. Cabáiste = cabbage, coleworth, cauliflower ag Dinn. Cóilís = cabbage aige. Cóilis = Gabáiste i staidéar a rinne Ó Diréain ar Ghaeilge Árann....'gabáiste an rud ceart!" arsa faisnéiseoir amháin!
110
Conchúr Mag Eacháin @mageachain.bsky.social · 12/02/2026
Tá an cheist sin spéisiúil cinnte. Tá focla áirithe EN le fáil i roinnt ceantracha Gaeltachta, cinn eile a bhaineas le ceantracha ar leith, cinn eile a bhfuil brí ar leith acu nach bhfuil sa EN - tá spéis agamsa sna cinn sin! Tá sé spéisiúil gur cóilís = cabbage i bhFoclóir Uí Raghallaigh (1817)
010
Conchúr Mag Eacháin @mageachain.bsky.social · 12/02/2026
CC = Cill Chiaráin Tím cóilis, gabáiste in Foirisiún Focal fosta (20= Cois Fharraige) ach saghas gabáiste atá luaite leis in Gaeilge Chois Fharraige. Is aisteach iad na rudaí a chuireas síos poll coinicéir mé!
300
Conchúr Mag Eacháin @mageachain.bsky.social · 12/02/2026
Bhí fear as Inis Meáin ag caint ar Iris Aniar le déanaí. Cóilis atá acu in áit gabáiste, Bagún & cóilis. Éisteoir as Árainn an lá dár gcionn is an seanfhocal seo aige: Fear gan eolas a thiúrfadh cóilis ar ghabáiste. Is dóigh gur seanfhocal an-áitiúil é sin nach bhfuil sna leabharthaí arsa mise...
Seanfhocla Chonnacht
1192
Conchúr Mag Eacháin @mageachain.bsky.social · 11/02/2026
Chaith mé an iomarca ama sáite sna léarscáileanna stairiúla déarfainn ach braithim uaim an píosa oibre sin. Chuir mé eolas ar neart rudaí spéisiúla. Saint Deriola's Well i Luimneach agus Gobnet's Fort in aice leis áit a rabh cónaí uirthi 😁 St Gobnet's Well nó St Deborah's Well go háitiúil.
Holy Wells of Limerick, Ó Danachair
040
Conchúr Mag Eacháin @mageachain.bsky.social · 11/02/2026
Reilig Bhearna 😍 www.findagrave.com/cemetery/252...
042
Conchúr Mag Eacháin @mageachain.bsky.social · 06/02/2026
An té a léigheanns an leabhar ‘S nach gcoinnigheann ina mheabhair; Nuair ‘chailleanns sé an leabhar Bíonn sé ‘na bhaileabhair. 😀
191
Conchúr Mag Eacháin @mageachain.bsky.social · 03/02/2026
Maith iad! Scolbadh in EID ach níl sé in FGB spéisiúil go leor. Scolb ag an Mháilleach in An Béal Beo agus 'scolb ar ubh' in FGB. Deas, grma!
040
Conchúr Mag Eacháin @mageachain.bsky.social · 03/02/2026
Is cinnte nach feirmeoir mise! Ach tá an méid seo in An Béal Beo, níl a fhios agam an bhfuil 'pipping' clúdaithe sa chur síos sin.
150
Conchúr Mag Eacháin @mageachain.bsky.social · 01/02/2026
Tháinig muid slán ón gheimhreadh sona daoibh
0170
Conchúr Mag Eacháin @mageachain.bsky.social · 28/01/2026
An-leabhar a fuair muid ó Shanta. Teachtaireacht an leabhair (dar liom féin agus mé in mo chonchobar ar ndóigh): Níl cait le trust
1142
Conchúr Mag Eacháin @mageachain.bsky.social · 28/01/2026
Spéisiúil. Tá mé tar éis é a fheiceáil ar Meitheal logainm.ie ó shin fosta DAS. Bíonn casadh ann go minic sna logainmneacha ar ndóigh, an t-amhrán fá Chasadh Cam na Feadarnaí a rith liom ag an am!
110
Conchúr Mag Eacháin @mageachain.bsky.social · 28/01/2026
Tá suíomh an tuaiscirt go maith fosta agus é ceangailte le taifeadtaí scanáilte. Ní fheicim ach ceann amháin agus í i mBoirinn an Dúin...ach t á sí imithe ó shin is cosúil. experience.arcgis.com/experience/8...
010
Conchúr Mag Eacháin @mageachain.bsky.social · 28/01/2026
🎵Is nach i gCarna bhíonns an spóirt a’inn lá Mhic Dara🎵 Bíodh an liosta spite réidh agat do lár mhí Iúil
020
Conchúr Mag Eacháin @mageachain.bsky.social · 28/01/2026
Ba chóir domh a rá gur féidir na clocha mallachta a chuartú ar an tsuíomh iontach seo. Abair úsáideach. heritagedata.maps.arcgis.com/apps/webappv...
050
Conchúr Mag Eacháin @mageachain.bsky.social · 27/01/2026
Sea rud éigin mar sin
010