Sign in

Cathal Seoighe

@cathal.bsky.social
882 followers 332 following 1K posts

Cuntas as Gaeilge. Suim agam sa nádúr, eolaíocht, cadhcáil, fidléireacht ar aonrothach agus rudaí fánacha eile.

PostsRepliesMedia
Cathal Seoighe @cathal.bsky.social · 26/09/2026
Bosca bruscair a thug mé faoi deara i gCathair na Gaillimhe anois díreach. Go deimhin, bhí fómhair róúil ann arís.
010
Cathal Seoighe @cathal.bsky.social · 10/09/2026
Ní fhaca mé an t-alt seo go dtí inniu. Tá tréaniarrachtaí ar bun pobal Gaeltachta a neartú in Oirthear Chathair na Gaillimhe, ach níor bhac an t-údar labhairt linne atá i mbun na hoibre. Deargmhasla é leithghabháil chultúrtha a thabhairt ar na comharthaí bóthair seo 😡 tuairisc.ie/masla-do-mhu...
tuairisc.ie
381
Cathal Seoighe @cathal.bsky.social · 20/08/2026
Alt a scríobh mé (as Bé) don Examiner maidir leis an sár-mhac léinn mata ó Gaza a bhí le teacht go Gaillimh. Thacaigh go leor cairde anseo leis agus mé ag tiomsú airgid ar a shon anuraidh. Faraor diúltaíodh víosa dó an tseachtain seo caite. Achomharc le déanamh. www.irishexaminer.com/opinion/comm...
irishexaminer.com
1121
Cathal Seoighe @cathal.bsky.social · 28/07/2026
Tá víosaí á ndiúltú ar chúinsí teicniúla do mhic léinn as Gaza a bhfuil scoláireachtaí faighte acu in Éirinn. Ábhar dóchais is ea an t-oideachas gur féidir an tsochaí a atógáil. Náireach go bhfuil bac á chur ar ollscoileanna sa tír seo a gcuid a dhéanamh. Achainí anseo: my.uplift.ie/petitions/vi...
my.uplift.ie
Visa for Gaza students
I'm calling on Jim O'Callaghan to approve visas for students from Gaza who have been granted scholarships to Irish universities. Will you add your name to the petition now?
064
Cathal Seoighe @cathal.bsky.social · 21/06/2026
Ceotharnach uisce ar Loch Coirib anocht.
0161
Cathal Seoighe @cathal.bsky.social · 22/05/2026
Nuacht mhór i réimse na matamaitice: arú inné d'fhógair OpenAI go raibh a samhail mhór réasúnaithe théis fadhb chlúiteach a réiteach go neamhspleách. Baineann sé le leagan amach phointí ar an bplána. Is léiriú é an t-íomhá álainn seo (ó mathandcobb ar X) ar chineál áirithe 'réiteach' ar an bhfadhb.
Léiriú ar an mbréagnú a rinne samhail mhór ón gcomhlacht OpenAI ar an Unit Distance Conjecture de chuid an mhatamaiticeora iomráitigh Paul Erdős.
342
Reposted by Cathal Seoighe
Fintan @fintan-galway.bsky.social · 18/05/2026
Seachtain gnóthach sa phub amach romhainn le na hOícheanta Ólaíochta mar chuid de @pintofscienceie.bsky.social BÁC in Anseo anocht, le foghlaim faoi rún na gcóiméad, taighde ar bun san RCSI, agus damhsa cuaille. Corcaigh amárach, agus ansin cathair na Gaillimhe agus Indreabhán. pintofscience.ie
pintofscience.ie
Home
Bringing scientists to your local pubs and cafes to present their latest discoveries and make you fall in love with science.
073
Cathal Seoighe @cathal.bsky.social · 14/05/2026
Ar mo bhealach go Gaoth Dobhair den chéad uair, leis an mBruach Thoir maidin amárach. Murdar san Amharclann ar siúl sa tráthnóna - leagan den léiriú idirghníomhach a chuir An Bruach Thoir ar siúl in Áras na nGael (Gaillimh) cupla mí ó shin. Ag súil go mór leis. Aon mholtaí? Aon spéiríní sa gceantar?
2121
Cathal Seoighe @cathal.bsky.social · 08/05/2026
Tá trí bliana ag an mBreatain le leasú ollmhór a chur i gcrích ar an gcóras toghchánaíochta má tá torthaí tubaisteacha le seachaint, shílfeá. An bhfuil mórán cainte air sin inniu? (ní raibh mé ag leanúint na nuachta mórán). Vóta inaistrithe agus comhrialtais feasta an seans is fearr IMT.
241
Reposted by Cathal Seoighe
Aonghus Ó hAlmhain @aonghusoha.bsky.social · 08/05/2026
Síniú ag éileamh go mbeadh nuacht ó chórais an Stáit - iarnród Éireann abair - ar fáil go poiblí seachas laistiar de gheataí Ríocht an Éin nó straoisleabhar amháin. Sínigí! my.uplift.ie/petitions/pu...
my.uplift.ie
Public Info, Public Access - Stop providing public info on private social networks
How this affects you: Public transport and government services are public goods. But right now, vital updates—like train cancellations, road closures, and emergency alerts—are often shared on private ...
043
Reposted by Cathal Seoighe
Aonghus Ó hAlmhain @aonghusoha.bsky.social · 05/05/2026
ardan.ie/news/coimisi... Coimisiún Nua Cláir Faisnéise Science on Screen Fógartha Lámh ag @fintan-galway.bsky.social agus @cathal.bsky.social ann...
ardan.ie
New Science on Screen Documentary Commission Announced: STEM as Gaeilge | Ardán
043
Cathal Seoighe @cathal.bsky.social · 04/05/2026
Ceadharlach Bealtaine agus catluibh ar an gCreig i Mionloch inniú.
Ceadharlach BealtaineCatluibh
070
Cathal Seoighe @cathal.bsky.social · 24/04/2026
Ag ceiliúradh 20 bliain pósta. Shiúlamar isteach Tigh Neachtain agus bhí 'clúid Nóra' ar fáil, ainneoin go raibh an baile mór plódaithe san aimsir dheas. Dea-thuar, glacaim leis.
9330
Cathal Seoighe @cathal.bsky.social · 13/04/2026
Mana a d'fhoghlaim mé ar scoil (dúradh linn, más buan mo chuimhne, go raibh sé luaite leis na Fianna): Comhrac don duine láidir, cosaint don duine lag, croí mór, fairsinge agus féile D'fhan sé liom, ach cad as a dtagann sé? Ní fheicim aon áit ar líne é (seans nach bhfuil sé baileach ceart agam).
4101
Cathal Seoighe @cathal.bsky.social · 12/04/2026
Léigh mé sár-dhán Biddy Jenkinson, Oíche Bhealtaine ar Mhulach Uisnigh, inniu... a bhfuil matamaiticeoir darbh ainm Fiontán Naofa ann. Maith dom é @fintan-galway.bsky.social má bhíonn leasainm nua agam ort 😉
270
Cathal Seoighe @cathal.bsky.social · 11/04/2026
Tá srón mhór agamsa, tá mant i mo chupán (díreach san áit cheart), nach maith mar a oireann muid dá chéile? Agus is cupán don deasóg cosúil liomsa atá ann anois! Feictear dom gurb iad ár lochtanna a thugann daoine le chéile chomh maith scaití (namhaid fíorghrá foirfeacht).
Mise ag ól as mo chupán a bhfuil mant anois ann tar éis dó titim as mo lámha agus mé á ní. Mo chupán leis an mána "Muga gan mháchail, is do chuile dhuine é. Muga le mant don lámh dheas nó lámh chlé"
050
Reposted by Cathal Seoighe
Fintan @fintan-galway.bsky.social · 24/03/2026
www.universityofgalway.ie/about-us/new... Pláinéad nua EILE aimsithe ag scoláire PhD in @Ollscoil na Gaillimhe @uniofgalway.bsky.social
1113
Cathal Seoighe @cathal.bsky.social · 13/03/2026
An bhfaca sibh rentahuman ponc ai go fóill? Suíomh a thugann deis do ghníomairí IS daoine a chur in áirithe do thascanna a bhfuil gníomh sa bhfíorshaol ag teastáil dóibh. Is féidir clárú saor in aisce, má tá fonn oraibh a bheith i mbarr an scuaine le friotháil a dhéanamh ar ár máistrí nua.
040
Cathal Seoighe @cathal.bsky.social · 12/03/2026
Feicthe ar líne (i mBéarla) inniu: Comhartha luí na gréine scáil fhada ar fhir bheaga Seanfhocal Síneach, más fíor (agus fíor fiú murab ea).
140
Cathal Seoighe @cathal.bsky.social · 12/02/2026
Lá fhéile Darwin sona daoibh, a chairde. Go n-éalaí muid bliain eile ó thua na héabhlóide.
0110
Cathal Seoighe @cathal.bsky.social · 12/02/2026
Bhain mé an-taitneamh as Paiste Cainte a dhéanamh le @muintirshe.bsky.social. Ba dheas am a chaitheamh le laoch raidió - bean uasal a bhfuil an-chraic inti agus, ag an am céanna, an-chumas aici ábhar ar bith a chíoradh ar bhealach atá taitneamhach ach fós cruinn ⁊ soiléir tuairisc.ie/paiste-caint...
tuairisc.ie
Paiste cainte ag Helen Ní Shé le Cathal Seoighe: An treise an dúchas ná an oiliúint? B’fhearr ceist a chur ar an eolaí…
In ollscoil na Gaillimhe atá Helen do phaiste cainte na seachtaine seo, mar ar chas sí leis an eolaí an tOllamh Cathal Seoighe chun cuid de cheisteanna móra na beatha a phlé
1111
Cathal Seoighe @cathal.bsky.social · 07/02/2026
Ag baint an-sult as Féile Ghobnatan i mBaile Bhuirne. I measc na mbuaicphointí an turas a thug Eibhlín Ní Lionáird dúinn ar Reilig Ghobnatan. Seo í ag taispeáint Síle na Gig dúinn ós cionn fuinneoige an teampaill.
Eibhlín Ní Lionáird ag seasamh i bhfuinneog shean teampaill
1150
Cathal Seoighe @cathal.bsky.social · 01/02/2026
Crios Bhríde (crios na ceithre gcros) á dhéanamh Tigh Mhaidhc Pháidín.
1130
Reposted by Cathal Seoighe
Osgur Ó Ciardha @osgurociardha.bsky.social · 31/01/2026
"Lá agus oíche mar a cheile, Mná ag caoineadh 's paistí ag scréachaíl, Síon ón F16, Marú ar gach taobh." www.aljazeera.com/news/liveblo...
aljazeera.com
Israel kills 25, including 6 children, in latest Gaza ceasefire violation
Israel carries out deadly attacks in Gaza a day before the Rafah crossing is due to reopen.
1207
Reposted by Cathal Seoighe
Hanna Ní Lochnáin @nilochnain.bsky.social · 18/01/2026
Éileamh chun an Comhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus Iosrael a chur ar fionraí go hiomlán i bhfianaise sháruithe Iosrael ar chearta an duine: eci.ec.europa.eu/055/public/#...
eci.ec.europa.eu
European Citizens' Initiative
Give your support !
062
Cathal Seoighe @cathal.bsky.social · 15/01/2026
Beidh an file iontach @laoighseach.bsky.social inár dteannta amárach i Mionloch, mar chuid den tsraigh "Oíche le..." ina mbíonn aoi speisialta ag roinnt a gcuid buanna is cuid dá scéal féin linn. Ag súil go mór leis. Fáilte roimh chách ar ndóigh.
Oíche le Laoighseach Ní Choistealbha, Tigh Mhaidhc Pháidín (H91YW9W), Mionloch ar a 7:30 Aoine an 16 Ean.
0113
Cathal Seoighe @cathal.bsky.social · 13/01/2026
Tar éis an tsaoil is féidir gur mó meáchan an anama (21 g ar ndóigh) ná a bhfuil de mhicreaphlaistigh san inchinn... De réir na dtuairiscí is déanaí tá go leor fadhbanna leis na meastacháin a rinneadh ar leibhéal na micreaphlaistigh sa gcorp. Phew! www.theguardian.com/environment/...
theguardian.com
‘A bombshell’: doubt cast on discovery of microplastics throughout human body
Exclusive: Some scientists say many detections are most likely error, with one high-profile study called a ‘joke’
2100
Cathal Seoighe @cathal.bsky.social · 05/01/2026
Maduro cúisithe as a bheith i seilbh ola (via An tOinniún)
Nicolás Maduro faoi chuing idir bheirt oifigeach de chuid an DEA.
040
Cathal Seoighe @cathal.bsky.social · 21/12/2025
An ghrian agus plúr na gréine ar an ngrianstad. Plúr (bláth) a bhfuil boladh láidir fanaile uaidh. Rud suaithinseach faoi: Tá sé dé-éiciach ach níl ach na cinn fhireanna in Éirinn nó sa mBreatain (ní bláth dúchasach atá ann). A milseacht á cur amú ar aer an fhásaigh, mar a dúirt an file.
1112
Cathal Seoighe @cathal.bsky.social · 11/12/2025
Is é @darachoscolai.bsky.social an chéad aoi eile don "Oíche le...", sraith imeachtaí a thugann deis comhluadar a choinneáil i suíomh seascair sócúlach le daoine spéisiúla. Bígí linn Tigh Mhaidhc Pháidín i Mionloch (H91YW9W) ag a hocht ar an Aoine.
162
Cathal Seoighe @cathal.bsky.social · 06/12/2025
Ainneoin nach bhfuil sé dleathach suth a roghnú bunaithe ar thréithe tuartha (ar nós airde, aigne ⁊rl) san RA (ná anseo) i gcomhthéacs IVF, is léir go dtarlaíonn sé. Úsáid á bhaint as saoráil faisnéise ⁊ comhlachtaí i dtíortha eile. Rud nach mór dul i ngleic leis. www.theguardian.com/society/2025...
theguardian.com
UK IVF couples use legal loophole to rank embryos based on potential IQ, height and health
British fertility clinics raise scientific and ethical objections over patients sending embryos’ genetic data abroad for analysis
121
Cathal Seoighe @cathal.bsky.social · 03/12/2025
Beidh easóg linn ar an mBruach Thoir an Aoine bheag seo, mar chuid den tsraith imeachtaí "Oíche le..." ina mbíonn aoíanna éagsúla sa gcathaoir againn Tigh Mhaidhc Pháidín i Mionloch. Fáilte roimh chách.
1102
Cathal Seoighe @cathal.bsky.social · 08/11/2025
D'fhás mé biatas siúcra i mbliana agus chaith mé cuid den lá le mo mhac is óige ag iarraidh siúcra a bhaint as cupla ceann acu. Torradh: mórán stró ar bheagán siúcra (a bhfuil blas láidir thornapaí air).
Biatas siúcraSíoróip i trádaire stáin - criostalú ar bun (tá súil againn)
2110
Cathal Seoighe @cathal.bsky.social · 01/11/2025
Ag súil go mór leis seo tráthnóna - feachtas nua á sheoladh ag an Oireachtas ar son oideachais triú leibhéal trí Ghaeilge. É sin a chur ag smaoineamh mé faoi chumainn mhic léinn a fheidhmíonn as Gaeilge níos luaithe.
Mír ó chlár an Oireachtais - seoladh feachtas náisiúnta ar son oideachas triú leibhéal trí Ghaeilge - 4:30 Seomra Cruinnithe 2, Leibhéal 3, ICC
051
Cathal Seoighe @cathal.bsky.social · 01/11/2025
Tá cumann Gaelach i ngach ollscoil sa tír déarfainn, a dhíríonn ar an nGaeilge. Nár dheas dá mbeadh ar a laghad cumann amháin eile a fheidhmíonn trí Ghaeilge dírithe ar ábhar eile - do na mic léinn le Gaeilge a mbeadh rudaí eile ar a n-intinn acu? Cén moltaí a bheadh agat dá leithéid?
4111
Cathal Seoighe @cathal.bsky.social · 31/10/2025
Ar mo bhealach abhaile anois ón ardchathair, áit a raibh ceol á sheinnt agam do thoscairí chomhdhála i dteach stórais Guinness. Ag siúl i dtreo an bhus thug mé faoi deara an fógra seo don teaghlach céanna. Sean-fhógra is dócha, ach nach é atá dea-chumtha (ní thitimid amach faoi chor phonc séimhithe)
Fógra le haghaidh Guinness leis an tag-líne "Ní féidir an dubh a chur ina bhán air"
1120
Cathal Seoighe @cathal.bsky.social · 20/10/2025
Ficheall Shíneach - bronntanas a fuair mé le déanaí ó iarrmhacléinn dochtúireachta a bhí ar ais ar cuairt ón tSín. Bhain mé féin agus mo mhac is óige, a bhfuil dúil mhór aige i gcluichí boird, an-sult as ag an deireadh seachtaine. Is ann don bhficheall Ghaelach leis, ach cá bhfaighfeá é le ceannach?
Ficheall Shíneach agus na píosaí mar a leagtar amach iad ag tús an chluiche.
1112
Cathal Seoighe @cathal.bsky.social · 19/09/2025
An fómhar ag téaltú suas an balla ar champas Ollscoil na Gaillimhe.
Athair ar an mballa le duilleoga dearga in íochtar agus an chuid eile fós glas.
1212
Cathal Seoighe @cathal.bsky.social · 30/07/2025
Alt an-deas ó mo chomhghleacaí íontach Rachel Quinlan ar an ealaín mar bhealach le rúndiamhair ⁊ áilleacht an mhata a roinnt leis an domhan mór. Beidh comhdháil mhór Bridges i nGaillimh an bhliain seo chugainn más spéis le héinne níos mó rudaí mar seo a fheiscint www.independent.ie/seachtain/ma...
independent.ie
050
Cathal Seoighe @cathal.bsky.social · 25/07/2025
Inniu bhog mé ó Allianz don árachas baile. Tá costas (beag) sa mbreis leis an bpolasaí nua ach is beag sin le hais a bheith i mbun gnó le comhlacht ar nós Allianz atá ag tacú leis an gcinedhíothú (infheistíocht á déanamh acu in Iosrael agus i dtionscal na n-arm, Elbit san áireamh).
1130
Cathal Seoighe @cathal.bsky.social · 21/07/2025
Tá an sprioc seo bainte amach cheana féin - fíorbhuíoch, a chairde. Roinnt dúshláin eile le sárú anois a bhaineann le víosa a fháil agus cead imeachta ó Gaza. Beidh le feiceáil.
0112
Cathal Seoighe @cathal.bsky.social · 19/07/2025
Tá aithne curtha agam ar bhuachaill óg ó Gaza, a bhfuil bua ar leith aige don mhata. Le scrios iomlán an chórais oideachais ní raibh an deis aige an mheánscoil a chríochnú. Chruthaigh mé gofundme ar a shon agus ba mhór agam aon chabhair a bhfuil sé in acmhainn agaibh a thabhairt tinyurl.com/47rcc4rw
tinyurl.com
Donate to Help a student from Gaza complete his education in Ireland, organized by Cathal Seoighe
My name is Cathal Seoighe and I'm raising funds to enable Mah… Cathal Seoighe needs your support for Help a student from Gaza complete his education in Ireland
1167
Cathal Seoighe @cathal.bsky.social · 13/07/2025
Saighdiúir cuille (Chloromyia formosa, is dóigh liom) a chonaic mé níos luaithe inniu ar bhláth an ghallfheabhráin
080
Cathal Seoighe @cathal.bsky.social · 06/07/2025
Allas Muire
Sú ar dhath na fola ón bplanda ar a dtugtar allas Muire nó beathnua.
050
Cathal Seoighe @cathal.bsky.social · 04/07/2025
Bhí alt agam i Seachtain an tseachtain seo mar chuid de shraith alt eolaíochta www.independent.ie/seachtain/bl...
independent.ie
Blaosc stairiúil na Gaillimhe a d’athraigh an cine daonna
Ar an tseilf i m’oifig in Ollscoil na Gaillimhe tá gloine bheorach a bhfuil blaosc greanta air. Rinneadh é i gcomóradh ar cheann de na himeachtaí is tábhachtaí i stair na tuisceana atá ag an gcine dao...
3255
Cathal Seoighe @cathal.bsky.social · 01/07/2025
Laghairtín beag bídeach nuabheirthe i nGort a' Chalaidh/Mionloch. Níl fhios agam an bhfaca mé na cinn óga chomh luath seo sa mbliain cheana.
2191
Cathal Seoighe @cathal.bsky.social · 27/06/2025
Ag fágáil an mórthír i mo dhiaidh le sraith gigeanna a sheinnt Tigh Ruairí, Inis Oírr, anocht, amárach agus an Domhnach. Buail isteach má tá aon duine agaibh ar an oileán.
091
Cathal Seoighe @cathal.bsky.social · 27/06/2025
Ós rud é gur foilsíodh tuairisc bhliantúil an choimisinéara teanga inniu, cuirigí an dá leagan seo de na treoracha ar shuíomh idirlíon an stáit i gcomparáid le chéile. Mar a dúirt Spock tráth, it's Gaeilge, a Shéamuis, ach ní mar a aithníonn muid í.
2111
Cathal Seoighe @cathal.bsky.social · 14/05/2025
Alt liom i Seachtain inniu - cur síos ar thogra taighde atá ar siúl againn in @uniofgalway.bsky.social faoin ngaol idir an ráta ailse i mamaigh éagsúla agus líon na ngéinte le feidhmeanna ar leith sna mamaigh sin. Tuiscint á lorg ar mheicníochtaí le hailse a chosc www.independent.ie/seachtain/ag...
independent.ie
Ag foghlaim faoin ailse ón eilifint agus ón luch bheag
Bhí mé ag comhdháil roinnt blianta ó shin a raibh eochairléacht á tabhairt ann ag Bert Vogelstein, fear a bhfuil go leor taighde tábhachtach déanta aige ar an gcaoi a dtagann ann don ailse, ach atá an...
0101
Cathal Seoighe @cathal.bsky.social · 09/05/2025
Bhí mé ag marcáil scrúdaithe inné, obair nach dtaitníonn liom, ach chuir ceann amháin meangadh orm. Scríofa ar chúl an scrúdpháipéir (focal gránna) i litreacha beaga néata: Dearbhaím leis seo go dtacaím le Baisileasc Roco
170