Fergus Idir Dhá Abhainn @fergusone.bsky.social · 02/09/2026Tá lasairchíor choiteann go díreach tar éis cuairt a thabhairt orm. ga.wikipedia.org/wiki/Lasairc...ga.wikipedia.orgLasairchíor choiteann - Vicipéid 020
Fergus Idir Dhá Abhainn @fergusone.bsky.social · 23/08/2026Más fíor don bhonn is rás fada a bheidh ann, cosa fliucha san áireamh - agus fainic na siorcanna. 000
Fergus Idir Dhá Abhainn @fergusone.bsky.social · 11/08/2026Feictear an dá leagan seo: 1. Ní údar buartha é 2. Ní húdar buartha Ní hhhé go bhfuilim cinnte ach "mothaím" gur 1 an leagan ceart... 000
Fergus Idir Dhá Abhainn @fergusone.bsky.social · 08/08/2026Tá an t-eispéireas Schopenhauereach thart, mar a fheictear dom. 040
Fergus Idir Dhá Abhainn @fergusone.bsky.social · 05/08/2026Cad é an Ghaeilge ar "chilling effect"? "Drochmhisneach" de réir foclóir.de. Ach ní fheadar an mbuaileann sé go hiomlán cruinn an sprioc. De bharr gur thug mé faoi ndeara go bhfuilimid éirithe an-chiúin anseo, b'fhéidir go bhfuil téarma níos cruinne ag teastáil. Tost sioctha? Fáilte roimh mholtaí. 240
Fergus Idir Dhá Abhainn @fergusone.bsky.social · 04/08/2026An bhfuil rud éigin cearr leis an suíomh 'corpas na gaeilge'? 110
Fergus Idir Dhá Abhainn @fergusone.bsky.social · 28/07/20262000 Lá te .... eh... uasdátaithe... 2026 Lá sách séimh a bhí ann inniu. 000
Fergus Idir Dhá Abhainn @fergusone.bsky.social · 28/07/2026Tháinig an scannán amach sa bhliain 1980. en.wikipedia.org/wiki/The_Blu...en.wikipedia.orgThe Blues Brothers (film) - Wikipedia 020
Fergus Idir Dhá Abhainn @fergusone.bsky.social · 26/07/2026Maigh Eo i nGearmáinis? Ebene der Eiben, nó an leagan casfhoclach: Eibenebene 110
Fergus Idir Dhá Abhainn @fergusone.bsky.social · 24/07/2026I gcead do Beethoven agus do na daoine eile ach vótáil mé ar son na n-éan! 030
Fergus Idir Dhá Abhainn @fergusone.bsky.social · 23/07/2026Cad atá an cat ag smaoineamh? "Is fada liom go mbeidh mé ar mo shaoire phacáiste ar Mhallarca..." 010
Fergus Idir Dhá Abhainn @fergusone.bsky.social · 22/07/2026Tá níos mó léith ann ná mar a d'úsáideadh sé de ghnáth.🤔 000
Fergus Idir Dhá Abhainn @fergusone.bsky.social · 07/07/2026(Uasdátú) aiteall fir1 1. aimsir bhreá idir dhá chith. 2. aimsir shéimh idir dhá thonn teasa. 000
Fergus Idir Dhá Abhainn @fergusone.bsky.social · 02/07/2026Agus mé ag siúl isteach sa stáisiún tráthnóna inné rith dhá fhrancach (ní saoránaigh na Grande Nation a bhí i gceist) trasna an chosáin romham. Tráthnóna inniu bhí mé i mo shuí lasmuigh sa dorchadas ag breathnú ar mo fhón cliste nuair a d'airigh mé ainmhí beag as corr mó shúil ag bogadh taobh le... 110
Fergus Idir Dhá Abhainn @fergusone.bsky.social · 01/07/2026Bhí cuaifeach uisce ar Loch Konstanz (Bodensee) inniu. Nó casuisce, b'fhéidir, rothluisce... tá sconna ann freisin? 010
Fergus Idir Dhá Abhainn @fergusone.bsky.social · 26/06/202637°C lasmuigh faoi láthair. 🥵 Agus an gaothrán ar siúl istigh.static.klipy.comMedabots Metabee Relaxing by FanALT: Medabots Metabee Relaxing by Fan 250
Fergus Idir Dhá Abhainn @fergusone.bsky.social · 21/06/2026Cé nach bhfuil an teocht (33°C) chomh hard inniu & a bhí sí inné táim tar éis éalú uaithi. Is é go stórálann na foirgnimh an teas & tar éis cúpla lá os cionn 30°C bíonn an teas ag teacht as chuile threo. & tá barraíocht gréine contúirteach don chraiceann, mar a dúirt an lia le linn na scagthástála. 010
Fergus Idir Dhá Abhainn @fergusone.bsky.social · 12/06/2026www.uefa.com/uefaeuro/mat... Ceapaim go mbeidh mé ag éirí as a bheith ag lua go raibh mé i láthair mar idir an dá linn cuireann sin na sean-leaids fadó i gcuimhne dom a bhíodh ag caint faoi chluiche ceannais na Mumhan 1929. 😎uefa.comHistory: England 0-1 Republic of Ireland | UEFA EURO 1988England vs Republic of Ireland 1988/89. All UEFA EURO match information including stats, goals, results, history, and more. 030
Fergus Idir Dhá Abhainn @fergusone.bsky.social · 12/06/2026Tháinig mé anois beag ar seo i logainm.ie : www.logainm.ie/ga/teamai Thar a bheith spéisiúillogainm.ieTéamaí faoi thráchtScagadh ar rogha téamaí coitianta i logainmneacha na hÉireann. Foilsítear na blúirí eolais seo go tráthrialta. 000
Fergus Idir Dhá Abhainn @fergusone.bsky.social · 11/06/2026Roinnt seachtainí ó shin bheartaigh mé Madame Lazare a cheannach. Nuair a tháinig an leagan Gearmáinise amach ar dtús tharraing sé m'aird gurb é an Kröner Verlag a d'fhoilsigh é. Mar sin chuaigh mé go díreach go dtí an fhoinse. 162
Fergus Idir Dhá Abhainn @fergusone.bsky.social · 10/06/2026Tá anam le díol Ar chluichí agus sorcas Slad agus margadh 010
Fergus Idir Dhá Abhainn @fergusone.bsky.social · 06/06/2026Stoßlüften --> preab-aeráil ? RTE news : What is 'house burping' – and is it really good for your health? www.rte.ie/brainstorm/2...rte.ieWhat is 'house burping' – and is it really good for your health?The German trend for airing your house has become a TikTok trend, but does it actually make a home healthier? 000
Fergus Idir Dhá Abhainn @fergusone.bsky.social · 05/06/2026Bhí mé ar an raidió ar na mallaibh ag cur na mbuntáistí a bhaineann le lárionaid sonraí agus le hIS chun cinn (ag feidhmiú mar abhcóide an diabhail a bhí mé mar go raibh an té eile a ghlac páirt sa chomhrá ina gcoinne). 100
Fergus Idir Dhá Abhainn @fergusone.bsky.social · 26/05/202633°C sna bolaí seo inniu - i mBealtaine cheana féin. Más buan mo chuimhne bhí práinn - práinn scaollmhar, go fiú - le cúrsaí aeráide deich mbliana ó shin. An díol spéise do lucht síceolaíochta é conas mar a lean an scéal ar aghaidh go dtí an lá inniu? (Ceist á cur agam thar ceann carad. 😎) 010
Fergus Idir Dhá Abhainn @fergusone.bsky.social · 19/05/2026Nath Gearmáinise an lae: "Wes brot ich ess, des lied ich sing." Bunchiall an natha: Seinnim port an té a thugann an t-airgead dom. Is sean-nath é. 010
Fergus Idir Dhá Abhainn @fergusone.bsky.social · 15/05/2026Is iontach an físeán seo chun "feidhmiú inmheánach" na hanailíse Fourier a léiriú. 131
Fergus Idir Dhá Abhainn @fergusone.bsky.social · 13/05/2026Tá an rialtas i mBeirlín tar éis an t-acht um théamh lárnach i dtithe cónaithe a mhaolú go suntasach - acht nua atá ann anois chun a bheith cruinn. Thug an sean-rialtas an reachtaíocht isteach 2023 - faoi cheannaireacht an aire eacnamaíochta óna Glasaigh, ach bhí go leor daoine míshásta leis ón tús. 101
Fergus Idir Dhá Abhainn @fergusone.bsky.social · 13/05/2026Agus cad é an Ghaeilge air: Ard-Rúnaí? 040
Fergus Idir Dhá Abhainn @fergusone.bsky.social · 29/04/2026Ar eagla na míthuisceana (agus go gcuirfí duine óna bhéile am éigin amach anseo), ciallaíonn "Tageshit" -> Tages - Hit = "amhrán mór" an lae. Moladh an lae: péirse Eorpach (Egli). 010
Fergus Idir Dhá Abhainn @fergusone.bsky.social · 29/04/2026Is minice a fheictear an téarma "Zuckerbäckerei" (milseogra - 'báicéireacht siúcra') san Eilvéis ná sa Ghearmáin. Tá "Konditorei" níos coitianta sa Ghearmáin. 010
Fergus Idir Dhá Abhainn @fergusone.bsky.social · 29/04/2026Ba mhaith an cinneadh é leas a bhaint as an dea-aimsir agus cúpla lá a chaitheamh ar bhruacha Loch Konstanz (nó Bodensee, mar a deirtear anseo). 180
Fergus Idir Dhá Abhainn @fergusone.bsky.social · 29/04/2026🎶 "No ships today, tá an t-uisce gone away... 🎶 120
Fergus Idir Dhá Abhainn @fergusone.bsky.social · 24/04/2026Tá an ceann seo níos mó ná cineál Paul-Klee-ach. Ach ní dóigh liom gur "Glazial Additivity" an teideal atá air. 010
Fergus Idir Dhá Abhainn @fergusone.bsky.social · 22/04/2026Tugaim "die schöne Jahreszeit" ar an tréimhse seo den bhliain. 000
Reposted by Fergus Idir Dhá AbhainnPaul Duane 🥔 @paulduane.bsky.social · 19/04/2026This award-winning 1967 Czech doco about Ireland is almost impossible to find so I stuck it on the you tube. Some astonishing, indelible images, an Eastern European vision of the western edge of Europe that makes it seem utterly haunted & mysterious. youtu.be/Pkl5ALvWzho?...youtu.beZeme Svateho Patricka AKA St Patrick's Land (1967)YouTube video by Paul Duane 15363114
Fergus Idir Dhá Abhainn @fergusone.bsky.social · 19/04/2026Chaith go leor den phobal cuid mhaith den lá inné ag scrúdú dhaonáireamh na bliana 1926. Cé go bhfuiltear cineál cleachta ar an ngnó ó cuireadh an dá cheann roimhe sin ar fáil is constaic fós iad na toghranna ceantair & na bailte fearainn. Níl an pobal (uirbeach) chomh eolach sin orthu feasta. 000
Fergus Idir Dhá Abhainn @fergusone.bsky.social · 09/04/2026Níl sé de nós agam aon rud a scríobh ar leabhair chlóite, ach, a thiarcais, nár dhein mé anois beag é. I leabhar le matamaiticeoir mór le rá (an tríú heagrán!) bhí botún i gcothromóid mhatamaiticiúil a chuir mearbhall orm - agus soir mé - gur léir dom go gcaithfeadh gur bhotún a bhí ann. 110
Fergus Idir Dhá Abhainn @fergusone.bsky.social · 09/04/2026An bhfuil na hagóidí breosla thall ar na seanfhóid ag cur isteach go mór oraibh go pearsanta? Samhlaím go bhfuil cúrsaí ag éirí sách deacair tar éis trí lá? 🙁 530
Fergus Idir Dhá Abhainn @fergusone.bsky.social · 21/03/2026Cé go mbím nósúil go leor faoi bhia is breá liom Mettbrötchen - ach is thuas i gceantar na Ruhr a fhaightear iad de ghnáth. Chuaigh mé i dtaithí orthu ar dtús nuair a bhí mé i mo mhac léinn ag obair i rith an tsamhraidh sa cheantar sin. youtube.com/shorts/P6wA8...youtube.comWhy Germans Eat Raw Pork ?YouTube video by Hunter Hoshi 210
Fergus Idir Dhá Abhainn @fergusone.bsky.social · 16/03/2026"Ealtaí Loch Ainninn": nach bhfuil cuma ainm poirt thraidisiúnta air? Níl ach an port féin de dhíth. 🎶 Cé a bhuailfidh suas é? 011
Fergus Idir Dhá Abhainn @fergusone.bsky.social · 05/03/2026Smaoineamh dearfach an lae: Tar éis an tsaoil, is fearr gealach ná dorchach. 🤔 020
Reposted by Fergus Idir Dhá AbhainnDIAS Dunsink Observatory @diasdunsink.bsky.social · 05/03/2026Bíonn lánghealach beagnach uair sa mhí, agus beidh lánghealach anocht! B'fheidir beidh tú in ann é a fhéicáil! #SeachtainNaGaeilge #DIASdiscovers @snagaeilge.bsky.social @dias.ie 032
Fergus Idir Dhá Abhainn @fergusone.bsky.social · 26/01/2026Thosaigh sé ag cur sneachta inné agus ar maidin bhí brat tiubh de ar an talamh nach bhfaca mé a leithéid le roinnt blianta anuas. I ndeisceart na Gearmáine is mó atáthar ag streachailt leis na coinníollacha. An geimhreadh ina steillbheatha. ❄️🌨️☃️ 220
Fergus Idir Dhá Abhainn @fergusone.bsky.social · 25/01/2026An raibh an t-ochslaíoch in úsáid sa tSean-Ghaeilge, nó an toradh é ar an Laidin a bheith in Éirinn leis na cianta cairbreacha go bhfuil an téarma - téarma chomh Gaelach sin - sa Ghaeilge? 000