Sign in

Seachtain na Gaeilge

@snagaeilge.bsky.social
175 followers 8 following 58 posts

An fhéile Ghaeilge is mó & cuirimid an Ghaeilge chun cinn le linn na bliana. #SnaG26

PostsRepliesMedia
Seachtain na Gaeilge @snagaeilge.bsky.social · 09/03/2026
Tá Lá na gCiorcal ag teannadh linn agus is féidir libh sonraí na gCiorcal uilig a fheiceáil ar snag.ie/la-na-gciorcal 🤩 Beidh ar a laghad, ciorcal amháin ag tarlú i ngach chontae sa tír! 🎉 Buailigí isteach orthu, bainigí úsáid as bhur gcúpla focal agus déanaigí cairde trí Ghaeilge 💜 #SnaG26
052
Seachtain na Gaeilge @snagaeilge.bsky.social · 03/03/2026
A Ghaeilge, mo cheol thú! 🎸🎵🎺⁠ ⁠ An raibh an huirlisí ceoil seo ar eolas agaibh i nGaeilge? 💜⁠ ⁠ #Gaeilge #SnaG26 #Irish #IrishLanguage
001
Seachtain na Gaeilge @snagaeilge.bsky.social · 02/03/2026
Seachtain na Gaeilge shona daoibh go léir! 🤩🎉 Bainigí sult as an bhféile a chairde 💜⁠ ⁠ Tá an t-eolas uilig faoin bhféile ar fáil ar snag.ie agus tá liosta na n-imeachtaí ar fáil ar sceal.ie/snag 🤩⁠ ⁠ #SnaG26 #Gaeilge #AGhaeilgeMoCheolThú #Irish #IrishLanguage #Ireland
012
Seachtain na Gaeilge @snagaeilge.bsky.social · 25/02/2026
Ná déanaigí dearmad go bhfuil póstaeir agus lámhleabhair do #SnaG26 ar fáil le híoslódáil ó snag.ie/lamhleabhar 🤩 Is féidir libh iad a úsáid chun tuilleadh poiblíochta a dhéanamh ar an himeachtaí iontacha atá i mbun agaibh! 💜 #Gaeilge #Irish #IrishLanguage #Ireland #Gael
010
Seachtain na Gaeilge @snagaeilge.bsky.social · 24/02/2026
Nach fíor an seanfhocal seo!? 😆🎵 Bain triail as moladh a thabhairt do dhuine trí Ghaeilge inniu! 💜 #Gaeilge #SnaG26 #Irish #IrishLanguage #Foghlaim #Gael
000
Seachtain na Gaeilge @snagaeilge.bsky.social · 13/02/2026
Tá leath de na contaetha cláraithe anois do Lá na gCiorcal 2026! 🥳 An bhfuil do chontae fhéin le feicéail ar an léarscáil go fóill? Mura bhfuil, cláraigh anois ag snag.ie/la-na-gciorcal 👀 #SnaG26 #Gaeilge #CiorcalComhrá #Irish #Foghlaim #Conversation #IrishLanguage
010
Seachtain na Gaeilge @snagaeilge.bsky.social · 10/02/2026
🚨 MEABHRÚ 🚨 Ná déanaigí dearmad bhur n-imeachtaí #SnaG26 a chlárú ar sceal.ie faoin Aoine beag seo (13/02) ionas go mbeidh muid in ann iad a chur leis an liosta oifigiúil d'imeachtaí Sheachtain na Gaeilge 2026! 🎉🥳 Téigh go sceal.ie/claraigh-ime... ☑️
000
Seachtain na Gaeilge @snagaeilge.bsky.social · 10/02/2026
Is é téama na féile i mbliana ná 'A Ghaeilge, mo cheol thú!' 🎶💜 An raibh an seanfhocal seo faoin gceol ar eolas agaibh? 🤩 #SnaG26 #Gaeilge #Irish #Seanfhocal #Foghlaim
140
Seachtain na Gaeilge @snagaeilge.bsky.social · 04/02/2026
Seo chugaibh bhur n-ambasadóirí do #SnaG26 Conor Curley ó @fontainesdc.bsky.social agus Róisín Seoighe ó IMLÉ - bheirt cheoltóirí den scoth! ⁠ Is é téama na féile i mbliana ná 'A Ghaeilge, mo cheol thú' agus céiliúradh á dhéanamh againn ar an nasc domhain agus buan idir an teanga agus an ceol! 🎵💜⁠
012
Seachtain na Gaeilge @snagaeilge.bsky.social · 04/02/2026
Seoladh na hAmbasadóirí faoi lánseol i gCé an Adhmaid i mBaile Átha Cliath! 🎶💜 Cúpla focal ó Chathaoirleach Sheachtain na Gaeilge, Conchubhair Mac Lochlain, le tús a chur leis an ócáid! #SnaG26 #Gaeilge #Irish
000
Seachtain na Gaeilge @snagaeilge.bsky.social · 03/02/2026
Beidh muid ag fógairt ambasadóirí na féile amárach! 🤩🥳⁠ ⁠ Coinnigh súil amach dóibh sna meáin agus ar na hárdáin uilig ach idir an dá linn, tabhair buille faoi thuairim orthu sna tráchtanna - tá leid mhór sa phostáil seo! 👀🎵⁠ #SnaG26 #Gaeilge #Irish #SnaG #Gael
020
Seachtain na Gaeilge @snagaeilge.bsky.social · 23/01/2026
Tá Lá na gCiorcal ag filleadh mar chuid de #SnaG26 ar an 11/03/26! 🎉 Is deis é an lá seo spotsholas a chur ar na ciorcail chomhrá iontacha atá ag feidhmiú in Éirinn agus fud fad an domhain freisin 👏 Cláraigí anois ar snag.ie/la-na-gciorcal ☑️ #Gaeilge #Irish #CiorcalComhrá #LáNagCiorcal
021
Seachtain na Gaeilge @snagaeilge.bsky.social · 22/01/2026
"Tháinig ardú anuraidh ar líon na ndaoine a fhéachann ar TG4, an cúigiú bliain as a chéile ar éirigh leis an stáisiún níos mó daoine a mhealladh." Tá athbheochan na teanga le feiceáil i ngach áit! 💜 tuairisc.ie/ardu-ar-luch...
tuairisc.ie
Ardú ar lucht féachana TG4 don chúigiú bliain as a chéile
Ba é 2025 an tríú bliain as a chéile ar mheall TG4 níos mó ná 2% den lucht féachana
022
Seachtain na Gaeilge @snagaeilge.bsky.social · 21/01/2026
Tá rudaí móra ag teacht a chairde.. 👀🎉⁠ ⁠ An bhfuil sibh réidh do #SnaG26 cheana féin? 🤩⁠ ⁠ Táimid ag obair go dian le cuma na maitheasa a chur ar snag.ie faoi láthair agus beidh ambasdadóirí na féile scaoilte i gceann coicíse! 🥳⁠ ⁠ Coinnigí súil amach | Keep your eyes peeled! ⁠ #Gaeilge #Irish
063
Seachtain na Gaeilge @snagaeilge.bsky.social · 19/12/2025
Tar éis 9 mbliana iontacha le chéile, ba mhaith linn ár mbuíochas a ghabháil le Energia as a dtacaíocht mar theideal-urraitheoir na féile Táimid anois sa tóir ar urraitheoir nua, agus le hathbheochan faoi lán seoil, ba bhreá linn cloisteáil uaibh! Seachtain na Gaeilge - bígí linn!
000
Seachtain na Gaeilge @snagaeilge.bsky.social · 04/12/2025
Gabhaigí ár leithscéal a chairde ach bhí orainn an Léacht Staire mar chuid de #TrasnaNadTonnta a chur ar athló go dtí amárach mar gheall ar fhadhbanna teicniúla Beidh sé ar siúl amárach, Dé hAoine 05/12 ag 11:00 ar Zoom - beidh an nasc Zoom céanna in úsáid againn!
000
Seachtain na Gaeilge @snagaeilge.bsky.social · 04/12/2025
Thaistil muid timpeall an domhain inné leis an gComhrá Leanúnach mar chuid de #TrasnaNadTonnta 🌊🌍 Ó Chóbanhávan go Corcaigh, ón dTuirc go Baile Átha Cliath agus ó Chathair na nAingeal go Contae Laoise - tá an Ghaeilge bheo bheathach! 💚 Míle buíochas libh go léir!
010
Seachtain na Gaeilge @snagaeilge.bsky.social · 03/12/2025
Tá an comhrá leanúnach beo anois ar Youtube mar chuid de #TrasnaNadTonnta 2025! 🌊🌍 Thosaigh muid sa Nua-Shéalainn le CnaG Aotearoa agus ansin chuaigh muid go Muineachán agus anois tá Togra Mhaigh Eo beo ar an aer! Bígí ag féachaint orthu ag caint ag www.youtube.com/watch?v=oiZZ...
010
Seachtain na Gaeilge @snagaeilge.bsky.social · 02/12/2025
Bhí slua álainn, idirnáisiúnta agus eolach againn don Cheardlann Logainmneacha mar chuid de #TrasnaNadTonnta 🌊🌍 Bígí linn anocht don Cheardlann Liricí Kneecap ag 20:00 - cláraigh anois ar snag.ie/trasna ✨
020
Seachtain na Gaeilge @snagaeilge.bsky.social · 29/11/2025
Comórtas! 🏆 Físeán nó grianghraf a phostáil ag taisepáint an áit ar an domhan ina bhfuil siad, leis na focail “Nollaig Shona ó (áit/ tír)” á rá (i bhfíseán) nó á scríobh (faoi ghriangraf), agus clibeáil a dhéanamh ar chuntas @SnaGaeilge, @trasnanadtonnta agus haisclib #TrasnaNadTonnta a úsáid 🌍️🌊
010
Seachtain na Gaeilge @snagaeilge.bsky.social · 28/11/2025
D'imeacht deireanach na seachtaine beidh ceol binn le cloisteáil ó Shiobhán Ní Chróinín, teagascóir ICUF i gCeanada, lena ceardlann amhránaíochta ar an sean nós mar chuid de #TrasnaNadTonnta 🌊🌍️ Foghlaim na liricí d'amhrán sean-nóis léi agus bí ag canadh os ard! Dé hAoine ag 23:00 ar Zoom! 💙
100
Seachtain na Gaeilge @snagaeilge.bsky.social · 27/11/2025
Bígí linn ar lá deireanach de #TrasnaNadTonnta 2025 le cluiche beomhar, idirnáisiúnta Biongó Lócó! 🌊🌍️ Bígí ag imirt sa bhaile agus beidh duaiseanna ar luach €300 ar fáil le buachan ar an lá! 🏆️ Cláraigí anois agus cuirigí críoch cheart leis an bhfeachtas - Dé hAoine ag 13:00 ar Zoom!
000
Seachtain na Gaeilge @snagaeilge.bsky.social · 26/11/2025
An bhfuil tú nua i saol na Gaeilge nó as cleachtadh agus ag iarraidh do chuid Gaeilge a fheabhsú? ☘️ Bígí linn do rang speisialta leis an réalta, Mollie Guidera mar chuid de #TrasnaNadTonnta 2025! 🌊🌍 Oireann an rang seo is fearr do thosaitheoirí na teanga ach tá sé oscailte do chách ✨
010
Seachtain na Gaeilge @snagaeilge.bsky.social · 25/11/2025
Freastal ar léacht staire stiúrtha ag Briain Ó Conchubhair, léachtóir ag Ollscoil Notre Dame mar chuid de #TrasnaNadTonnta 25! 🌊🌍️ Bígí linn Déardaoin ag 13:00 ar Zoom! Tá go dtí Dé Luain 01 Nollaig le clárú do na himeachtaí - cláraigh anois ar snag.ie/trasna⁠ ☑️
000
Seachtain na Gaeilge @snagaeilge.bsky.social · 24/11/2025
Tóg sos suaimhneach le Nuala Ní Scolláin agus an Cheardlann Aireachais seo 🧘‍♀️🌊 Bígí linn ar Youtube beo @SnaGaeilge ag a 09:00 agus tá an ceardlann seo oiriúnach do fhoghlaimeoirí! 🌍️ Tá go dtí Dé Luain 01 Nollaig le clárú do na himeachtaí #TrasnaNadTonnta - cláraigh anois ar snag.ie/trasna
000
Seachtain na Gaeilge @snagaeilge.bsky.social · 22/11/2025
Foghlaim faoi logainmneacha na hÉireann agus faoin gciall a bhaineann leo leis an gceardlann speisialta seo mar chuid de #TrasnaNadTonnta 🌊🌍️ Tá neart staire ina bhfolach sna logainmneacha; déanann siad cur síos ar oidhreacht, dúlra agus tírdhreach ár gceantair! 👉️ snag.ie/trasna
011
Seachtain na Gaeilge @snagaeilge.bsky.social · 21/11/2025
Beidh teachtaireacht speisialta le cloisteáil anseo ar Bluesky ó Mhamaí na Nollag ar an Luain 01/05 ag 18:30 mar chuid de #TrasnaNadTonnta 🎄🤶 Is do na gasúir is múinte amháin í an teachtaireacht seo agus beidh píosa scéalaíochta le cloisteáil freisin! 📖
010
Seachtain na Gaeilge @snagaeilge.bsky.social · 20/11/2025
Bígí linn chun tús oifigiúil a chur le #TrasnaNadTonnta 2025 lenár seoladh ar líne! 🌊🌍 D'fhéadfá tiúnáil isteach ó áit ar bith ar domhan ar www.youtube.com/@snagaeilge ag 16:30 (UTC+1) Dé Luain, 01 Nollaig 🌐⁠
011
Seachtain na Gaeilge @snagaeilge.bsky.social · 19/11/2025
Táimid ar bís le fógairt Clár na Seachtaine do #TrasnaNadTonnta 2025! 🌊 👉 snag.ie/trasna Idir na himeachtaí seo, ciorcal comhrá leanúnach agus comórtais ar líne, beidh go leor deiseanna ag daoine a bheith páirteach san fheachtas! 🤩 #Gaeilge #Irish #Foghlaim #Trasna #Teanga #Idirnáisiúnta
010
Seachtain na Gaeilge @snagaeilge.bsky.social · 18/11/2025
Taimid ag oscailt babhta a 3 den #CisteSpreagtha 2025 do líon treoranta iarrthóirí do imeachtaí idir 25 Samhain - 14 Nollaig 2025! 🎉 Tá suas le €1000 ar fáil d'imeacht agus tá go dtí Déardaoin beag seo ag 11:00 le d'iarratas a chur isteach chugainn ☑️ Tuilleadh eolais agus clárúchán ar snag.ie/cs 🔗
010
Seachtain na Gaeilge @snagaeilge.bsky.social · 15/11/2025
Ghlac grúpaí ó gach cearn den domhan páirt sa chomhrá leanúnach mar chuid de #TrasnaNadTonnta anuraidh! 🌊👏 I mbliana táimid ag súil le tuilleadh grúpaí arís a chur ag caint chéile agus tá an clárúchán oscailte do dhaoine aonair chomh maith! 🌍🎉 Bígí linn agus cláraígí anois: snag.ie/trasna 💙
001
Seachtain na Gaeilge @snagaeilge.bsky.social · 12/11/2025
"Tír gan teanga tír gan anam agus is fíor sin. Nuair atá teanga loite ní féidir leis an tír nó aon tír, a mianta, a luachanna nó a spiorad a chur in iúl." 👏☘️✨ www.rte.ie/news/ireland...
rte.ie
President Connolly speaks of 'intrinsic worth' of Irish
The Irish language has been a central part of President Catherine Connolly's political life and of her election campaign for the presidency.
000
Seachtain na Gaeilge @snagaeilge.bsky.social · 11/11/2025
Tá an Ghaeilge i mbéal an phobail faoi láthair - ach an bhféadfá í a labhairt ar feadh 24 uair a chloig? 🤔⁠ ⁠ Tá os cionn 20,000 dalta ó níos mó ná 200 scoil ag labhairt Gaeilge amháin ar feadh 24 uair an chloig inniu mar chuid de dhúshlán bliantúil - #Gaeilge24 💛⁠ #Gaeilge #Irish #Teanga #Foghlaim
010
Seachtain na Gaeilge @snagaeilge.bsky.social · 05/11/2025
Beidh an comhrá leanúnach ar líne ag filleadh i mbliana mar chuid de #TrasnaNadTonnta 2025! 🌊🌍️ Ó Chóbanhávan go Ceatharlach, beidh comhrá leanúnach ag tarlú ar Zoom ó mhaidin go hoíche agus beidh muid ag beoshruthú ar Youtube freisin! 🛜 Téigh go snag.ie/trasna le clárú anois! 💙
001
Seachtain na Gaeilge @snagaeilge.bsky.social · 29/10/2025
An bhfuil culaith Oíche Shamhna roghnaithe agat go fóill? 🎃👻 An mbeidh sibh ag imirt bob nó bia? 🍬👹 #Gaeilge #Foclóir #StórFocal #Foghlaim #Irish #Halloween
010
Seachtain na Gaeilge @snagaeilge.bsky.social · 26/10/2025
Tá lúcháir orainn a fhógairt go bhfuil dáta socraithe do #TrasnaNadTonnta 2025! 🌊⁠ ⁠ Beidh deis ag daoine agus grúpaí fud fad na cruinne pé Gaeilge atá acu a úsáid agus a cheiliúradh linn ón 1-5 Nollaig! ⁠ Tuilleadh eolais le teacht - cuirigí sa dialann é agus coinnigí súil ar an leathanach seo! 👀
001
Seachtain na Gaeilge @snagaeilge.bsky.social · 22/10/2025
An bhfuil blaiseadh an fhómhair faighte agat go fóill nó an bhfuil na hainmhithe seo feicithe agat go fóill? 🦔🦊🐿️ #StórFocal #Gaeilge #Irish #Foghlaim #LearnIrish #Foclóir
010
Seachtain na Gaeilge @snagaeilge.bsky.social · 16/10/2025
Tá sé ina fómhar lena laethanta ag éirí níos fuaire agus níos giorra freisin! 🥶🍂 Ach tá áilleacht an dúlra fós le feiceáil taobh amuigh - is breá linn dathanna an fhómhair! 🍁🍄 #Gaeilge #Foghlaim #Teanga #Irish #LearnIrish #Foclóir #StórFocal
001
Seachtain na Gaeilge @snagaeilge.bsky.social · 10/10/2025
Inniu Lá Domhanda na Meabhairshláinte 💙⁠ ⁠ Tabhair aire duit fhéin inniu agus bí cineálta lena daoine atá timpeall ort ✨️⁠ ⁠ Tá go leor seirbhísí ar fáil le cuidiú le cúram sláinte mheabhrach - tá liosta ar fáil anseo: www2.hse.ie/mental-healt... ⁠ #Gaeilge #WorldMentalHealthDay #Irish
010
Seachtain na Gaeilge @snagaeilge.bsky.social · 07/10/2025
📢FOLÚNTAS📢⁠ ⁠ 🔍️ Bainisteoir Abhcóideachta ó dheas⁠ ⏲️ Spriocdháta: Dé Céadaoin, 15 Deireadh Fómhair 2025, 11:00r.n. ℹ️ Tuilleadh eolais: bit.ly/BAODH 💚 Tar ag obair linn!⁠ ⁠ #Gaeilge #Irish #SíógnabPost #Folúntas
011
Seachtain na Gaeilge @snagaeilge.bsky.social · 20/02/2025
10 lá le dul #SnaG25 🎉 An mbeidh sibh linn i mBaile Loch Garman - Dé Sathairn @ 14:00 don Seoladh Náisiúnta Sheachtain na Gaeilge le Energia 2025? 💜 Beidh ceol beo ó Seo Linn agus on ngrúpa traidisiúnta áitiúil, Stranach! 🎵 Ná cailligí amach! ✨
031
Seachtain na Gaeilge @snagaeilge.bsky.social · 14/02/2025
Beannachtaí na Féile Vailintín oraibh go léir a chairde 💜 Scaipaigí teachtaireacht an ghrá inniu as Gaeilge! 🥰 #Gaeilge #Grá #StórFocal #SnaG25 #AnGhaeilge
010
Seachtain na Gaeilge @snagaeilge.bsky.social · 13/02/2025
An bhfuil sibh réidh do lá mór an ghrá amárach a chairde? 💜⁠ ⁠ Más olc maith leat é, seo chugat stór focal le cuidiú leat ar an lá! 🥰⁠ ⁠ #Gaeilge #SnaG25 #StórFocal #Grá #LáFhéileVailintín
000
Seachtain na Gaeilge @snagaeilge.bsky.social · 12/02/2025
20 lá le dul #SnaG25 💥 Beidh Lá na gCiorcal ar siúl ar an 12/03 agus tá muid ag súil arís go mbeidh ar a laghad ciorcal comhrá amháin ag tarlú i ngach contae ar an lá! 🗣️ An bhfuil grúpa i do chontae féin ag glacadh páirte ann? Déan seic anois - snag.ie/la-na-gciorcal 💜
010
Seachtain na Gaeilge @snagaeilge.bsky.social · 07/02/2025
Cuirigí tús oifigiúil leis an bhféile linn i mBaile Loch Garman, Dé Sathairn, 22/02/25! 💜✨ Beidh ceol beo, siamsaíocht sráide agus spraoi as #Gaeilge don teaghlach ar fad! #SnaG25 🎉
000
Seachtain na Gaeilge @snagaeilge.bsky.social · 06/02/2025
25 lá le dul go #SnaG25 🤩 An bhfuil tú réidh? ✨ Is bealach simplí le do chuid Gaeilge a fheabhsú é na socraithe teanga ar na meáin shóisialta a aistriú go #Gaeilge! Bain triail as inniu 💟 Agus dar ndóigh déan cinnte Seachtain na Gaeilge le Energia a leanúint ar na hardáin uilig - @SnaGaeilge ☑️
000
Seachtain na Gaeilge @snagaeilge.bsky.social · 05/02/2025
🧚‍♀️ #SiógnabPost 🧚‍♀️ 🔍Feidhmeannach Ballraíochta agus Oideachais ⏲️Spriocdháta: Dé hAoine, 28 Feabhra @ 11:00r.n ℹ️Tuilleadh eolais ar peig.ie/foluntais 💚Tar ag obair linn! #Folúntais #Gaeilge #SnaG25
000
Seachtain na Gaeilge @snagaeilge.bsky.social · 31/01/2025
30 lá le dul go #SnaG25 🎊 Tá an siopa Sheachtain na Gaeilge le Energia théis bogadh i mbliana! 🛒 Is féidir libh gach rud a ordú ó shuíomh @ansiopaleabhar anois - mí amháin eile le dul a chairde! 💜 👉http://snag.ie/siopa👈
000
Seachtain na Gaeilge @snagaeilge.bsky.social · 31/01/2025
"Deireadh an gheimhridh, is na laethanta dorcha a thagann leis, agus tús leis an earrach, laethanta níos faide agus dea-aimsir." Go hálainn ar fad ✨ peig.ie/2025/01/la-f...
peig.ie
Lá Fhéile Bríde - PEIG.ie
Lá stairiúil, tábhachtach agus cáiliúil ar fud na tíre. Deireadh an gheimhridh, is na laethanta dorcha a thagann leis, agus tús leis an earrach, laethanta níos faide agus dea-aimsir. Tá foclóir agus s...
000
Seachtain na Gaeilge @snagaeilge.bsky.social · 29/01/2025
🎉 COMÓRTAS | COMPETITION 🎉 Ar mhaith leis do scoil nó do chlub óige a bheith ag freastal ar an gcluiche Chonnacht in aghaidh Benetton ar 01 Márta? 💜 Tá 30 ticéad le buachan a chairde! 🎟️ #SnaG25
010