Fergus Idir Dhá Abhainn @fergusone.bsky.social · 09/10/2026Gan amhras, ach ní sin a bhí ar intinn agam. An ionann a bheith dílis do chúis, nó do rud éigin, agus ag an am céanna a bheith dígeanta nó antoisceach? Nó an bhfuil réimse níos leithne i gceist? 020
Fergus Idir Dhá Abhainn @fergusone.bsky.social · 09/10/2026Ní fheadar an bhfuil an sainmhíniú is déanaí pas beag ró-theoranta. 🤔 120
Fergus Idir Dhá Abhainn @fergusone.bsky.social · 07/10/2026"Fergus Ó Néill" (Úsáidim an leagan Sean-Ghaeilge den ainm baiste.) 120
Fergus Idir Dhá Abhainn @fergusone.bsky.social · 07/10/2026(ii) So isch no a Johr verganga. „Jo, guad goht's ons", sagd dr Zwoite. Drnoch send se no a Johr dort gwea. „I schwör bei meiner Kutt", sagd dr Dritte, „wenn r mir koi Ruah lasset, no gang i ond lass eich alloi en dr Pampa hocka!" 000
Fergus Idir Dhá Abhainn @fergusone.bsky.social · 07/10/2026Seo agat Tríar Manach (Schwäbisch) Drei Mench (i) Drei Mench hend dr Welt ade gsagd. Se send en d' Pampa ganga, om für ihre Sünda Buaß zum doa. A ganzes Johr lang hend se koi Wörtle mitnander gschwätzt. No, genau a Johr druff, sagd oiner zom andre: „Ons goht's guad". 200
Fergus Idir Dhá Abhainn @fergusone.bsky.social · 06/10/2026Níl sé dearmadta agam. Ach mar a deirtear anseo: Rentner haben niemals Zeit. 130
Fergus Idir Dhá Abhainn @fergusone.bsky.social · 06/10/2026An séú lá de Dheireadh Fómhair. Lá breá gréine, 23°C, táim i mo shuí amuigh. Níl le déanamh anois ach taitneamh a bhaint as! 140
Fergus Idir Dhá Abhainn @fergusone.bsky.social · 29/09/2026Caife abú! An amhlaidh gur ceacht fiúntach é an dóigh ar tháinig caife slán ón droch-phoiblíocht a thugtaí dó tamall de bhlianta ó shin? 110
Fergus Idir Dhá Abhainn @fergusone.bsky.social · 29/09/2026Is é atá le feiceáil anseo ná Kölsch (beoir ar leith a ghrúdaítear i gKöln) agus Zwiebelkuchen (císte oinniúin) atá thar a bheith blasta agus a fhaightear in áiteanna eile sa Ghearmáin chomh maith. 121
Fergus Idir Dhá Abhainn @fergusone.bsky.social · 23/09/2026An téacs nach bhfuil pléascach, ní foláir dó a bheith mearbhlach? 🤔 110
Fergus Idir Dhá Abhainn @fergusone.bsky.social · 23/09/2026Pléascachas: 1. "Tá madra agam. Bran a ainm. Tá sé mór. Itheann sé mórán. Tá bóna air." Pléascachas: íseal (IS-each) 2. "Tá madra agam le deich mbliana anuas. Cuireann sé isteach ar na comharsana nuair a sheinneann sé ar a dhordveidhil agus ar a stoc. Madra breá é." Pléascachas: sách ard (daonna) 120
Fergus Idir Dhá Abhainn @fergusone.bsky.social · 23/09/2026Dhá shlat tomhais thábhachtacha: "mearbhall" agus "pléascachas" (fáilte roimh cheartú 😀) Mearbhall: "Tá an spéir ..." 1. gorm / Mearbhall: íseal (IS-each) 2. catúil / Mearbhall: ard (daonna) Dóchúlacht ard gur "gorm" an focal a leanann. 121
Fergus Idir Dhá Abhainn @fergusone.bsky.social · 23/09/2026Is amhlaidh nach "ríomhann" cláir aimsithe (nó sa chás seo: "bhraite"?) an téacs as an nua (cheal píosaí rúnda éagsúla sna cláir a chruthaíonn téacsanna) ach úsáideann siad (an iliomad) téacsanna tagartha. 120
Fergus Idir Dhá Abhainn @fergusone.bsky.social · 23/09/2026Dála an scéil, cuireann ceist mar seo duine i mbaol tumtha dhomhain. 🤿😀 120
Fergus Idir Dhá Abhainn @fergusone.bsky.social · 19/09/2026Mar a deirtear: Das kommt in den besten Sprachen vor. „Sie lobt sie, weil sie sie gehört hat, wie sie die die Autos waschenden Männer informiert, dass sie aufpassen müssen, da da vorne ein Bus kommt.“ Is féidir glacadh leis, sílim. 031
Fergus Idir Dhá Abhainn @fergusone.bsky.social · 15/09/2026Tá súil agam go raibh lá breithe sona agat! 010
Fergus Idir Dhá Abhainn @fergusone.bsky.social · 13/09/2026Dhá chasfhocal an iora rua: "Eichhörnchen" agus "squirrel". 😂 111
Fergus Idir Dhá Abhainn @fergusone.bsky.social · 08/09/2026Agus fuaimnítear na gutaí ar dhóigh eile. Hochdeutsch: unangenehm Schwäbisch: oågneem (ó-ágném) 001
Fergus Idir Dhá Abhainn @fergusone.bsky.social · 08/09/2026Bíonn difríochtaí beaga idir na leaganacha éagsúla den chanúint; braitheann sé ar an gceantar ina bhfuiltear. Schwäbisch an chanúint sa cheantar seo againne. Agus is féidir a rá go bhfuil sé ar mo chumas agam. 200
Fergus Idir Dhá Abhainn @fergusone.bsky.social · 08/09/2026Hochdeutsch: Heute gehen wir arbeiten. Schwäbisch: Heit ganga mr schaffa. 100
Fergus Idir Dhá Abhainn @fergusone.bsky.social · 08/09/2026Baden-Württemberg. Agus tá canúint sách láidir ann. Cé go bhfuil an céatadán den aos óg a labhraíonn Hochdeutsch ag dul i méid. Is nós é, áfach, Hochdeutsch a labhairt nuair a bhíonn daoine ón tuaisceart i láthair agus ansin iompú ar an gcanúint nuair nach mbíonn ach daoine as an deisceart ann. 140
Fergus Idir Dhá Abhainn @fergusone.bsky.social · 06/09/2026Tá cuma an-bhlasta air. Píotsa péitseoige an chéad rud a rith liom. 010
Fergus Idir Dhá Abhainn @fergusone.bsky.social · 03/09/2026Is briathar "gníomhach" gaibid agus is briathar "éighníomhach" fo-gaib. An bhfuil baint ag fo- leis an 'ísliú céime' seo i dtaobh na gníomhaíochta de? 100
Fergus Idir Dhá Abhainn @fergusone.bsky.social · 03/09/2026Cé gur túisce a chuireann pictiúirí den chineál sin fonn múisce orm i gcás béilí ar phláta ná í gcás ceapairí (a bhíonn de ghnáth níos simplí agus níos "somheasta"). 000
Fergus Idir Dhá Abhainn @fergusone.bsky.social · 02/09/2026Bhí mé riamh anall sách éisealach. Mar sin, ní dóigh liom go rachainn thar thairseach na bialainne dá mbeadh a leithéid ar crochadh amuigh. I gcás bia atá traidisiúnta i dtír ní chuirtear pictiúirí ar bhiachláir ach amháin do thurasóirí. 120
Fergus Idir Dhá Abhainn @fergusone.bsky.social · 02/09/2026Tá lasairchíor choiteann go díreach tar éis cuairt a thabhairt orm. ga.wikipedia.org/wiki/Lasairc...ga.wikipedia.orgLasairchíor choiteann - Vicipéid 010
Fergus Idir Dhá Abhainn @fergusone.bsky.social · 28/08/2026Mäc? De réir mo thuairimse, bheadh -ack (wie in "Knack") ní ba chruinne ná -äc ó thaobh an fhuaimnithe de. 000
Fergus Idir Dhá Abhainn @fergusone.bsky.social · 25/08/2026Beag beann ar na beanna móra nó ar na beanna beaga? 🤔 150
Fergus Idir Dhá Abhainn @fergusone.bsky.social · 23/08/2026Más fíor don bhonn is rás fada a bheidh ann, cosa fliucha san áireamh - agus fainic na siorcanna. 000
Fergus Idir Dhá Abhainn @fergusone.bsky.social · 11/08/2026An bhfuil áit ar bith in Éirinn arb ainm di "Léim na Deilfe"? 100
Fergus Idir Dhá Abhainn @fergusone.bsky.social · 11/08/2026Feictear an dá leagan seo: 1. Ní údar buartha é 2. Ní húdar buartha Ní hhhé go bhfuilim cinnte ach "mothaím" gur 1 an leagan ceart... 000
Fergus Idir Dhá Abhainn @fergusone.bsky.social · 08/08/2026Tá an t-eispéireas Schopenhauereach thart, mar a fheictear dom. 030
Fergus Idir Dhá Abhainn @fergusone.bsky.social · 06/08/2026Ní gaiste go humar baiste? (Eine rein psychologische Betrachtung...) 010
Fergus Idir Dhá Abhainn @fergusone.bsky.social · 06/08/2026Buille faoi thuairim: bhí taighde déanta ag an údar agus bhí sin laistíos den alt i nGaeilge ionas go bhfeicfeadh sé í agus an t-alt á scríobh aige. Ach níor scriosadh é - de thaisme. Nó an bhfuil an léamh sin ró-chasta? 😀 010
Fergus Idir Dhá Abhainn @fergusone.bsky.social · 05/08/2026Cad é an Ghaeilge ar "chilling effect"? "Drochmhisneach" de réir foclóir.de. Ach ní fheadar an mbuaileann sé go hiomlán cruinn an sprioc. De bharr gur thug mé faoi ndeara go bhfuilimid éirithe an-chiúin anseo, b'fhéidir go bhfuil téarma níos cruinne ag teastáil. Tost sioctha? Fáilte roimh mholtaí. 230
Fergus Idir Dhá Abhainn @fergusone.bsky.social · 05/08/2026Tá an suíomh ag feidhmiú arís! "Scríobh an chothromóid núicléach don mheath sin." 000
Fergus Idir Dhá Abhainn @fergusone.bsky.social · 04/08/2026Baol eile a bhaineann leis an intleacht shaorga: sabaitéireacht de thaisme nó d'aon ghnó, agus ní féidir a rá cé acu... ? 110