Sign in

Lorna

@mouke.bsky.social
1.9K followers 1.4K following 2.1K posts

Labhair Gaeilge liom. Tá cónaí orm sa Nua-Shéalainn. Is comhairleoir cathrach mé (Páirtí an Lucht Oibre) in Palmerston North.

PostsRepliesMedia
Reposted by Lorna
lanthalasa89.bsky.social @lanthalasa89.bsky.social · 08/10/2026
Dia daoibh, a chairde, Is mac léinn PhD mé, ag déanamh taighde ar chainteoirí Gaeilge lasmuigh d'Éirinn. Researching speakers & learners outside Ireland. Anonymous survey. All levels welcome. Go raibh míle maith agaibh! Here is the link: uofg.qualtrics.com/jfe/form/SV_... #gaeilge #irishlanguage
uofg.qualtrics.com
Online Survey | Built with Qualtrics Experience Management™
Qualtrics makes sophisticated research simple and empowers users to capture customer, product, brand & employee experience insights in one place.
256
Lorna @mouke.bsky.social · 09/10/2026
Is féidir an nasc a roinnt sa ghrúpa s'againne sa Nua-Shéalainn, más mian leat? Líon mé isteach é cheanna féin. Bail ó Dhia ar an obair!
110
Lorna @mouke.bsky.social · 06/10/2026
😂 mar is ceart!
000
Lorna @mouke.bsky.social · 06/10/2026
110
Lorna @mouke.bsky.social · 06/10/2026
Ó is dea-scéal é sin! Go maire sibh bhur saol nua 🎊
110
Lorna @mouke.bsky.social · 05/10/2026
@maitiuocoimin.bsky.social comhghairdeas leat a bheith ainmnithe ar ghearrliosta iriseoir na bliana!
170
Reposted by Lorna
Aonghus Ó hAlmhain @aonghusoha.bsky.social · 02/10/2026
Smaointe Fánacha Aonghusa: Úrscéal na Trá Báine Mo chuid smaointe ar úrscéal Mhichíl Uí Chonghaile bunaithe ar shaol Bríd Ní Mháille ⭐⭐⭐⭐⭐ aonghus.blogspot.com/2026/10/ursc...
aonghus.blogspot.com
Úrscéal na Trá Báine
Tá an úrscéal is déanaí seo de chuid Mhichíl Uí Chonghaile bunaithe ar shaol Bríd Ní Mháille agus na heachtraí a spreag an dá am...
2114
Lorna @mouke.bsky.social · 03/10/2026
Deas an léirmheas sin uait a léamh, a Aonghuis. Cuirfidh mé an leabhar ar mo liosta. Is breá liom Micheál Ó Conghaile mar scríbhneoir.
120
Lorna @mouke.bsky.social · 29/09/2026
Dúirt ár ngariníon (a bhfuil uathachas uirthi) abairt iomlán inniu! Tá an-áthas orainn go bhfuil sí ag éirí níos caintí de réir a chéile.
1120
Lorna @mouke.bsky.social · 26/09/2026
Ag tabhairt faoi 'An Cláirseoir' le Diarmuid Johnson anois. Tá stíl ar leith aige ⁊ stór focal dúshlánach (domsa) ach tá an scéal iontach suimiúil.
090
Lorna @mouke.bsky.social · 25/09/2026
Tá an greamán céanna agam. An gcaithfidh mé é a bhaint anois mar gheall ar 'ghadaíocht chultúrtha'? DAS ní bheidh mé á bhaint.
040
Lorna @mouke.bsky.social · 24/09/2026
D'éist mé leis an gcomhrá idir @cathal.bsky.social ⁊ Donncha Ó hÉallaithe ar Tús Áite. Is mór an trua é go gceapann aon duine gur gadaíocht chultúrtha é cur chun cinn na Gaeilge i gceantar Gaeltachta.
010
Lorna @mouke.bsky.social · 22/09/2026
Molaim bhur gcuid oibre ar son na teanga. Bheifeá ag súil le spreagadh ó chainteoir Gaeilge eile seachas gearán! Nár lagaí Dia bhur lámh.
020
Lorna @mouke.bsky.social · 22/09/2026
Is breá liom an t-alt seo le @cathal.bsky.social ⁊ Joe McGinley. Maith sibh! tuairisc.ie/nil-aon-mhas...
tuairisc.ie
Níl aon mhasla i gceist le comharthaí Gaeltachta nua, ach tá sé fíormhaslach gadaíocht chultúrtha a lua leo
Ní hionann an Cheathrú Ghaeltachta i mBéal Feirste agus An Cheathrú Rua i gConamara ach cé a thabharfadh gadaíocht chultúrtha ar an méid atá bainte amach ag na Feirstigh?
251
Lorna @mouke.bsky.social · 17/09/2026
Léigh mé 'Sa Pholl Báite' cheana féin. Bhí sé go maith ach is fearr liom an ceann seo.
000
Lorna @mouke.bsky.social · 17/09/2026
Chríochnaigh mé an t-úrscéal seo inniu. Scéal bleachtaireachta faoi dhúnmharú i bPríosún Chill Mhaighneann atá ann. Tá snáitheanna stairiúla ⁊ comhaimseartha fite fuaite ina chéile. Carachtair shuimiúla ann ⁊ bhain mé an-sult as. Bhuaigh sé an chéad áit i gComórtas Liteartha an Oireachtais 2015.
Scáil an Phríosúin le hAnna Heussaff
1122
Reposted by Lorna
Liam Ó hAisibéil @ainmeolai.bsky.social · 16/09/2026
Tá clár na Comhdhála ar Litríocht agus ar Chultúr na #Gaeilge 2026 ar fáil anois agus is féidir súil a chaitheamh air agus clárú do chomhdháil na bliana seo anseo: universityofgalwaydoi.clr.events/event/138123... Bígí linn cois Coiribe i lár na míosa seo chugainn!
universityofgalwaydoi.clr.events
An Chomhdháil ar Litríocht agus ar Chultúr na Gaeilge 2026
Bígí linn ag Ollscoil na Gaillimhe don cheathrú comhdháil is tríocha ar Chultúr agus ar Litríocht na Gaeilge! Táimid ag súil le cloisteáil faoin taighde uilig atá ar siúl i réimsí éagsúla de Léann na ...
0117
Lorna @mouke.bsky.social · 15/09/2026
😱 An fiú é tuairisc a dhéanamh leis na Gardaí?
100
Lorna @mouke.bsky.social · 14/09/2026
Rinne mé é ar aon nós! Bhí sé suimiúil ⁊ is maith liom a bheith ag foghlaim. Beidh sé níos éasca i gceann coicíse nuair a athraíonn an t-am anseo.
020
Lorna @mouke.bsky.social · 14/09/2026
Beidh orm éirigh ag a leathuair i ndiaidh a ceathair amárach ⁊ Déardaoin fá choinne ranganna ollscoile, go bhfóire Dia orm.
170
Lorna @mouke.bsky.social · 14/09/2026
Thosaigh mé ar an dara bliain den MA inniu. Tá go leor téarmaí nua a bhaineann leis an sochtheangeolaíocht le foghlaim agam. Ní thuigim cuid acu i mBéarla fiú 😅
040
Lorna @mouke.bsky.social · 10/09/2026
Meabhrúchán beag go bhfuil Cogar ann ⁊ tá sé ag fás go gasta. Spás lán-Ghaeilge. Bheadh sé go deas sibhse go léir a bheith ann. 👀
2100
Lorna @mouke.bsky.social · 06/09/2026
Tá ciall leis sin, an dtagann iad go léir ón Laidin, meas tú? Tá 'clove' againn i mBéarla ar ndóigh ⁊ tá gaol le 'clou' in bhFraincis aige.
010
Lorna @mouke.bsky.social · 06/09/2026
Bhí orm an focal clafoutis a fhiosrú agus bhí sé suimiúil a fhoghlaim go dtagann an focal clafoutis ón mbriathar Occitan 'clafir' (líon).
110
Lorna @mouke.bsky.social · 06/09/2026
Bhí mé ag cur crann inniu, mar chuid d'fhoireann oibrithe deonacha. Chuir muid 150 crann dúchasach san iomlán. Eispéireas an-tairbheach a bhí ann!
Mise le spád ⁊ crann óg sa talamh
1130
Lorna @mouke.bsky.social · 31/08/2026
Mise chomh maith.
010
Reposted by Lorna
DDeibhinn @ddeibhinn.bsky.social · 25/08/2026
- An bhfuil suim agat san Iriseoireacht? - An bhfuil spéis agat i gcúrsaí pobail agus i saol na Gaeltachta, go háirithe i gCúige Chonnacht? Má tá, tar ag obair linn! Spriocdháta 4pm Aoine 4 Meán Fómhair tg4.ie/foluntais
002
Lorna @mouke.bsky.social · 24/08/2026
Tá cuma air go bhfuil sé ag éirí daoine a mhealladh. Ní labhraíonn sé faoi aon rud eile, seachas an dúlrachas.
110
Lorna @mouke.bsky.social · 24/08/2026
Tá rud éigin ait faoin gcuntas sin.
100
Lorna @mouke.bsky.social · 19/08/2026
Rinne mé iarracht é a mhealladh isteach ach dhiúltaigh sé 🤷‍♀️
200
Lorna @mouke.bsky.social · 17/08/2026
Labhair mé le hÉanna ar Moch ar Maidin (Raidió Fáilte) inniu, faoi stádas oifigiúil an Bhéarla sa Nua-Shéalainn. Is reachtaíocht chonspóideach í. Ní raibh mo chuid Gaeilge foirfe ach ní raibh sí ró-olc ⁊ bhí mé sásta toisc gur ábhar casta atá ann.
020
Lorna @mouke.bsky.social · 17/08/2026
Ag magadh atá tú? Tá mise ann. Ní páiste mé ⁊ léigh mé na céadta leabhar. Is maith an rud é daoine óga a bheith ann.
100
Lorna @mouke.bsky.social · 15/08/2026
😬 na botúin!!
000
Lorna @mouke.bsky.social · 15/08/2026
Fuair mé freagra, GRMA 🙂
000
Lorna @mouke.bsky.social · 13/08/2026
Chuir mé ceartúchán isteach ar fhoirm ar an suíomh gréasáin (faoi mo sheanathair) blianta ó shin ach níor athraigh rud ar bith. An bhfuil bealach níos fearr é sin a dhéanamh?
100
Reposted by Lorna
Úna Bhreathnach @unaeb.bsky.social · 13/08/2026
Tá sé i gceist againn athchóiriú a dhéanamh ar shuíomh Ainm.ie i mbliana agus ba mhaith linn moltaí chun feabhais: ainm@dcu.ie.
ainm.ie
An Bunachar Náisiúnta Beathaisnéisí Gaeilge
An Bunachar Náisiúnta Beathaisnéisí Gaeilge. The National Database of Irish-Language Biographies.
286
Lorna @mouke.bsky.social · 12/08/2026
Féach orthu anois! Tá siad ag breith le seachtain anuas.
Trí chearc dhubhaUibheacha donna
070
Lorna @mouke.bsky.social · 08/08/2026
Bhí orm tuiseal ginideach a oibriú amach mé féin inniu. 😱 #saolganteanglann
2100
Lorna @mouke.bsky.social · 06/08/2026
Bhí an peann Thuairisc i bhfad ó bhaile sa chruinniú comhairle Palmerston North inné @maitiuocoimin.bsky.social
Peann buí le Tuairisc air
161
Lorna @mouke.bsky.social · 04/08/2026
Fear uasal é, Arge. Freastalaím ar na ranganna CnaG LA.
000
Reposted by Lorna
John Walsh @nuachainteoir.bsky.social · 02/08/2026
This month marks the centenary of the Gaeltacht Commission report in 1926. See my article in @thejournal.ie today about the anniversary and my forthcoming book on the topic. Alt liom inniu faoi 100 bliain den Choimisiún na Gaeltachta 1926. www.thejournal.ie/readme/irish...
thejournal.ie
The Irish language: 100 years after the first Gaeltacht Commission, our support still matters
As the centenary of the first Gaeltacht Commission looms, we must do more to ensure Irish remains a living language in the communities where it’s strongest.
21910
Lorna @mouke.bsky.social · 02/08/2026
An-suimiúil, plus ça change, plus c'est la même chose!
010
Lorna @mouke.bsky.social · 30/07/2026
www.rnz.co.nz/news/politic... Áiféiseach amach is amach.
rnz.co.nz
English to become official language of NZ alongside Te Reo Māori and sign language
English will join Te Reo Māori and sign language as an official language of New Zealand, after the English Language Bill passed its third and final reading at Parliament.
031
Lorna @mouke.bsky.social · 26/07/2026
Má tá an Fhraincis agat tá moladh den scoth agam duit: Fenêtres Sur Rue, mionsraith ar Insta le FranceTVslash. Mort de rire!
Pic den sraith
050
Lorna @mouke.bsky.social · 25/07/2026
Chuala mé go bhfuair siad cead speisialta a bheith in ann a thosú ag meán lae. Dúirt údarás Park Run ar dtús go raibh sé ródhéanach ⁊ bhí ar mhuintir an oileáin a mhíniú clár ama an bháid farantóireachta.
100
Reposted by Lorna
Craobh Bhaile an Chinneidigh @craobhntmk.bsky.social · 22/07/2026
Táimid ag lorg Múinteora Gaeilge le taithí chun cúrsaí Gaeilge d’fhoghlaimeoirí fásta a sholáthar ag tosú i Meán Fómhair 2026. Ionad: Newtownmountkennedy Primary School Spriocghrúpa: Foghlaimeoirí fásta Le haghaidh tuilleadh eolais, déan teagmháil le ciorcalcomhrantmk@gmail.com.
013
Lorna @mouke.bsky.social · 21/07/2026
GRMA! Ní raibh a fhios agam go raibh an scéal sa Páipéar 😅
010
Reposted by Lorna
Eoin Ó Riain @edlor.bsky.social · 19/07/2026
nos.ie
Falkland agus Malvinas: an tsanasaíocht Cheilteach agus na héilimh choilíneacha - NÓS
Téann Tomaí Rua Ó Conghaile ar aistear siar go fréamhacha na n-ainmneacha Béarla agus Spáinnise atá ar Oileáin Fháclainne, agus caitheann sé solas ar chuid de na castachtaí a bhaineann le stair choilí...
031
Lorna @mouke.bsky.social · 18/07/2026
Faoi dheireadh thiar thall tháinig na málaí abhaile (bhí turas dhá lá sa bhreis acu!) ⁊ bhí mé in ann mo shásamh a bhaint as an gcarnán leabhar a cheannaigh mé in Éirinn.
Carnán leabhar Gaeilge
060
Lorna @mouke.bsky.social · 15/07/2026
Ní raibh culaith trí phíosa le feiceáil nuair a bhí mé ann.
120