Sign in

Lorna

@mouke.bsky.social
1.9K followers 1.4K following 2.1K posts

Labhair Gaeilge liom. Tá cónaí orm sa Nua-Shéalainn. Is comhairleoir cathrach mé (Páirtí an Lucht Oibre) in Palmerston North.

PostsRepliesMedia
Lorna @mouke.bsky.social · 29/09/2026
Dúirt ár ngariníon (a bhfuil uathachas uirthi) abairt iomlán inniu! Tá an-áthas orainn go bhfuil sí ag éirí níos caintí de réir a chéile.
1110
Lorna @mouke.bsky.social · 26/09/2026
Ag tabhairt faoi 'An Cláirseoir' le Diarmuid Johnson anois. Tá stíl ar leith aige ⁊ stór focal dúshlánach (domsa) ach tá an scéal iontach suimiúil.
090
Lorna @mouke.bsky.social · 24/09/2026
D'éist mé leis an gcomhrá idir @cathal.bsky.social ⁊ Donncha Ó hÉallaithe ar Tús Áite. Is mór an trua é go gceapann aon duine gur gadaíocht chultúrtha é cur chun cinn na Gaeilge i gceantar Gaeltachta.
010
Lorna @mouke.bsky.social · 22/09/2026
Is breá liom an t-alt seo le @cathal.bsky.social ⁊ Joe McGinley. Maith sibh! tuairisc.ie/nil-aon-mhas...
tuairisc.ie
Níl aon mhasla i gceist le comharthaí Gaeltachta nua, ach tá sé fíormhaslach gadaíocht chultúrtha a lua leo
Ní hionann an Cheathrú Ghaeltachta i mBéal Feirste agus An Cheathrú Rua i gConamara ach cé a thabharfadh gadaíocht chultúrtha ar an méid atá bainte amach ag na Feirstigh?
251
Lorna @mouke.bsky.social · 17/09/2026
Chríochnaigh mé an t-úrscéal seo inniu. Scéal bleachtaireachta faoi dhúnmharú i bPríosún Chill Mhaighneann atá ann. Tá snáitheanna stairiúla ⁊ comhaimseartha fite fuaite ina chéile. Carachtair shuimiúla ann ⁊ bhain mé an-sult as. Bhuaigh sé an chéad áit i gComórtas Liteartha an Oireachtais 2015.
Scáil an Phríosúin le hAnna Heussaff
1122
Reposted by Lorna
Liam Ó hAisibéil @ainmeolai.bsky.social · 16/09/2026
Tá clár na Comhdhála ar Litríocht agus ar Chultúr na #Gaeilge 2026 ar fáil anois agus is féidir súil a chaitheamh air agus clárú do chomhdháil na bliana seo anseo: universityofgalwaydoi.clr.events/event/138123... Bígí linn cois Coiribe i lár na míosa seo chugainn!
universityofgalwaydoi.clr.events
An Chomhdháil ar Litríocht agus ar Chultúr na Gaeilge 2026
Bígí linn ag Ollscoil na Gaillimhe don cheathrú comhdháil is tríocha ar Chultúr agus ar Litríocht na Gaeilge! Táimid ag súil le cloisteáil faoin taighde uilig atá ar siúl i réimsí éagsúla de Léann na ...
0117
Lorna @mouke.bsky.social · 14/09/2026
Beidh orm éirigh ag a leathuair i ndiaidh a ceathair amárach ⁊ Déardaoin fá choinne ranganna ollscoile, go bhfóire Dia orm.
170
Lorna @mouke.bsky.social · 14/09/2026
Thosaigh mé ar an dara bliain den MA inniu. Tá go leor téarmaí nua a bhaineann leis an sochtheangeolaíocht le foghlaim agam. Ní thuigim cuid acu i mBéarla fiú 😅
040
Lorna @mouke.bsky.social · 10/09/2026
Meabhrúchán beag go bhfuil Cogar ann ⁊ tá sé ag fás go gasta. Spás lán-Ghaeilge. Bheadh sé go deas sibhse go léir a bheith ann. 👀
2100
Lorna @mouke.bsky.social · 06/09/2026
Bhí mé ag cur crann inniu, mar chuid d'fhoireann oibrithe deonacha. Chuir muid 150 crann dúchasach san iomlán. Eispéireas an-tairbheach a bhí ann!
Mise le spád ⁊ crann óg sa talamh
1140
Reposted by Lorna
DDeibhinn @ddeibhinn.bsky.social · 25/08/2026
- An bhfuil suim agat san Iriseoireacht? - An bhfuil spéis agat i gcúrsaí pobail agus i saol na Gaeltachta, go háirithe i gCúige Chonnacht? Má tá, tar ag obair linn! Spriocdháta 4pm Aoine 4 Meán Fómhair tg4.ie/foluntais
002
Lorna @mouke.bsky.social · 17/08/2026
Labhair mé le hÉanna ar Moch ar Maidin (Raidió Fáilte) inniu, faoi stádas oifigiúil an Bhéarla sa Nua-Shéalainn. Is reachtaíocht chonspóideach í. Ní raibh mo chuid Gaeilge foirfe ach ní raibh sí ró-olc ⁊ bhí mé sásta toisc gur ábhar casta atá ann.
030
Reposted by Lorna
Úna Bhreathnach @unaeb.bsky.social · 13/08/2026
Tá sé i gceist againn athchóiriú a dhéanamh ar shuíomh Ainm.ie i mbliana agus ba mhaith linn moltaí chun feabhais: ainm@dcu.ie.
ainm.ie
An Bunachar Náisiúnta Beathaisnéisí Gaeilge
An Bunachar Náisiúnta Beathaisnéisí Gaeilge. The National Database of Irish-Language Biographies.
296
Lorna @mouke.bsky.social · 12/08/2026
Féach orthu anois! Tá siad ag breith le seachtain anuas.
Trí chearc dhubhaUibheacha donna
080
Lorna @mouke.bsky.social · 08/08/2026
Bhí orm tuiseal ginideach a oibriú amach mé féin inniu. 😱 #saolganteanglann
2110
Lorna @mouke.bsky.social · 06/08/2026
Bhí an peann Thuairisc i bhfad ó bhaile sa chruinniú comhairle Palmerston North inné @maitiuocoimin.bsky.social
Peann buí le Tuairisc air
171
Reposted by Lorna
John Walsh @nuachainteoir.bsky.social · 02/08/2026
This month marks the centenary of the Gaeltacht Commission report in 1926. See my article in @thejournal.ie today about the anniversary and my forthcoming book on the topic. Alt liom inniu faoi 100 bliain den Choimisiún na Gaeltachta 1926. www.thejournal.ie/readme/irish...
thejournal.ie
The Irish language: 100 years after the first Gaeltacht Commission, our support still matters
As the centenary of the first Gaeltacht Commission looms, we must do more to ensure Irish remains a living language in the communities where it’s strongest.
21910
Lorna @mouke.bsky.social · 30/07/2026
www.rnz.co.nz/news/politic... Áiféiseach amach is amach.
rnz.co.nz
English to become official language of NZ alongside Te Reo Māori and sign language
English will join Te Reo Māori and sign language as an official language of New Zealand, after the English Language Bill passed its third and final reading at Parliament.
031
Lorna @mouke.bsky.social · 26/07/2026
Má tá an Fhraincis agat tá moladh den scoth agam duit: Fenêtres Sur Rue, mionsraith ar Insta le FranceTVslash. Mort de rire!
Pic den sraith
050
Reposted by Lorna
Craobh Bhaile an Chinneidigh @craobhntmk.bsky.social · 22/07/2026
Táimid ag lorg Múinteora Gaeilge le taithí chun cúrsaí Gaeilge d’fhoghlaimeoirí fásta a sholáthar ag tosú i Meán Fómhair 2026. Ionad: Newtownmountkennedy Primary School Spriocghrúpa: Foghlaimeoirí fásta Le haghaidh tuilleadh eolais, déan teagmháil le ciorcalcomhrantmk@gmail.com.
013
Reposted by Lorna
Eoin Ó Riain @edlor.bsky.social · 19/07/2026
nos.ie
Falkland agus Malvinas: an tsanasaíocht Cheilteach agus na héilimh choilíneacha - NÓS
Téann Tomaí Rua Ó Conghaile ar aistear siar go fréamhacha na n-ainmneacha Béarla agus Spáinnise atá ar Oileáin Fháclainne, agus caitheann sé solas ar chuid de na castachtaí a bhaineann le stair choilí...
031
Lorna @mouke.bsky.social · 18/07/2026
Faoi dheireadh thiar thall tháinig na málaí abhaile (bhí turas dhá lá sa bhreis acu!) ⁊ bhí mé in ann mo shásamh a bhaint as an gcarnán leabhar a cheannaigh mé in Éirinn.
Carnán leabhar Gaeilge
060
Lorna @mouke.bsky.social · 15/07/2026
www.forasnagaeilge.ie/bonn-neill-u...
3184
Reposted by Lorna
Aonghus Ó hAlmhain @aonghusoha.bsky.social · 11/07/2026
Gaois @ravenbooks.bsky.social
The buying of more books than one can read is nothing less than the soul reaching towards infinity - Edward Newton
192
Lorna @mouke.bsky.social · 09/07/2026
Chaith muid lá iontach ar Inis Meáin, ag tabhairt cuairte ar chairde ⁊ ag rothaíocht timpeall an oileáin. D'éirigh linn bualadh le @maitiuocoimin.bsky.social ⁊ muid ar ais ar an mórthír freisin!
Inis Meáin: teach bán, claíocha, garraí.Magairlíní Mise agus m'fhear céile taobh amuigh den aerfort ar Inis Meáin leis na rothair Mise ag siúil idir dhá chlaí chlocha
1120
Lorna @mouke.bsky.social · 07/07/2026
@maitiuocoimin.bsky.social chonaic muid thú ar do rothar ag dul abhaile anocht! Chroith mé mo lámh ort agus muid ag dul thart. 👋
210
Lorna @mouke.bsky.social · 05/07/2026
Nach fánach an áit a bhfaighfeá gliomach! Leabhar a chuir mo sheanathair in eagar i siopa sa Chlochán inniu!
Filíocht na nGael le Pádraig Ó Canainn san fhuinneog
3100
Lorna @mouke.bsky.social · 30/06/2026
Ag baint taitneamh as gach rud anseo, go háirithe an seanchas agus an comhluadar deas.
Málainn Bhig: an trá bán Sea stack TuamaMise le t-léine 'Seachtain na Gaeilge'
160
Lorna @mouke.bsky.social · 29/06/2026
D'éirigh liom i scrúduithe na chéad bhliana (MA Léann Teanga) 🎉 Tá muid ag dul amach anocht chun ceiliúradh a dhéanamh!
1110
Lorna @mouke.bsky.social · 28/06/2026
Ar ais sa Ghleann 💚 Ag déanamh cúrsa faoi bhéaloideas Thír Chonaill le hOideas Gael.
Cnoic ⁊ garraí sa ghleann
3182
Lorna @mouke.bsky.social · 27/06/2026
Dea-scéala! Fuair mé na torthaí inniu ⁊ bhain mé Teastas I Múineadh na Gaeilge amach (2.1) 🎉
static.klipy.com
Kermit the Frog Dancing on Stage
ALT: Kermit the Frog Dancing on Stage
4260
Lorna @mouke.bsky.social · 26/06/2026
010
Lorna @mouke.bsky.social · 25/06/2026
Tá an tseachtain beagnach thart, agus bhí am iontach againn i dToraigh. Is mór agam an deis Gaeilge a labhairt gach lá.
Dreoilín Cosdeargán RónNa haillte
060
Lorna @mouke.bsky.social · 21/06/2026
Lá ar dóigh ar Thoraigh inné 🌊☀️
Puifíní Radharc ó Dhún Bhalor Port an DúinBláthanna bándearga
0110
Lorna @mouke.bsky.social · 11/06/2026
Ba léir nach raibh mo ghariníon (a bhfuil uathachas uirthi) sásta lena cuid gruaige fada mar bhí sí ag iarraidh í a ghearradh í féin. Inniu, chuaigh muid chuig an ngruagaire léi den chéad uair ⁊ d'éirigh léi bearradh gruaige a fháil! Tá sí iontach sásta lena cuid gruaige gearr nua!
Cailín ina suí ⁊ a cuid gruaige á bearradh.
030
Reposted by Lorna
Antain Mac Lochlainn @antainmac.bsky.social · 09/06/2026
Inniu Féile Cholm Cille. Beidh díolúine agus dispeansáid le fáil ag duine ar bith a sháraíonn cóipcheart.
1122
Reposted by Lorna
Eoin Ó Riain @edlor.bsky.social · 04/06/2026
independent.ie
Glúin úr fiontraitheag cur seirbhísí ar fáil in Inis Meáin
Ní oileán gan áiseanna do thurasóirí í Inis Meán níos mó, a scríobhann Aedín Ní Thiarnaigh
011
Lorna @mouke.bsky.social · 04/06/2026
Nuair a bhíonn daoine ag múineadh rudaí míchearta faoin nGaeilge ar na meáin shóisialta, cuireann sé frustrachas orm, caithfidh mé a rá.
050
Lorna @mouke.bsky.social · 01/06/2026
Is breá liom Cogar! Spás go hiomlán Gaelach, bríomhar AGUS tá cnaipe eagarthóireachta ann! Cá bhfuil sibh, a @diarmaidcoffey.bsky.social, a @maitiuocoimin.bsky.social @darachoscolai.bsky.social srl.
4114
Lorna @mouke.bsky.social · 31/05/2026
Dathanna an Fhómhair 🍂
GinceoDarach
040
Lorna @mouke.bsky.social · 27/05/2026
Mise ag imirt as baile faoi láthair ar Chogar.
160
Lorna @mouke.bsky.social · 25/05/2026
Dúirt an grúpa páistí agus tuismitheoirí liom gur mhaith leo foghlaim conas litir a scríobh i nGaeilge. De ghnáth seachnaím aon scríobh leo, ach rinne muid é inniu agus bhí siad thar a bheith sásta lena litreacha. Léigh siad amach iad agus thug siad bualadh bos do chach.
030
Lorna @mouke.bsky.social · 24/05/2026
Bhuel, tá Gaeilge ag Seán Kyne ar a laghad.
030
Reposted by Lorna
Craobh Bhaile an Chinneidigh @craobhntmk.bsky.social · 24/05/2026
Seachtain thar a bheith gnóthach romhainn! Ciorcal Comhrá - 3 chinn gach seachtain! Pop Up Gaeltacht Bhaile an Chinnéidigh Seans maith chun bualadh le cainteoirí Gaeilge eile inár gceantar. Is cuma cén Gaeilge atá agat beidh fáilte chroíúil romhat chuig ár n-ócáid!
111
Lorna @mouke.bsky.social · 23/05/2026
D'iarr mo ghariníon orm císte 'Hello Kitty' a dhéanamh dá breithlá. Caitheamh aimsire cuí do sheanmháithreacha is é maisiú císte, is dóigh 😅
Císte le maisiu 'Hello Kitty'Cailín le gruaig dhubha fhada ina suí.
0100
Lorna @mouke.bsky.social · 22/05/2026
Brealláin.
Beidh na focail Bhéarla níos mó ná ná focail Mhaoraise as seo amach i mbrandáil rialtas na Nua-Shéalainne
021
Lorna @mouke.bsky.social · 21/05/2026
Cad iad bhur gcuid tuartha faoi thorthaí na bhfothoghchán amárach? Tá mé ag féachaint ar Ghaillimh Thiar go háirithe.
300
Reposted by Lorna
John Walsh @nuachainteoir.bsky.social · 19/05/2026
Taighde tábhachtach seolta ag @forasnagaeilge.bsky.social faoi dhearcadh an phobail thuaidh & theas ar an nGaeilge. Léiríonn an tuarascáil de chuid @tcddublin.bsky.social go bhfuil uaillmhian an phobail i leith na Gaeilge chun tosaigh ar pholasaí an rialtais. www.forasnagaeilge.ie/ta-moramh-o-...
063
Lorna @mouke.bsky.social · 19/05/2026
Bhí beirt bhan ag an gciorcal comhrá ar line inniu atá lonnaithe in Éirinn. Dúirt siad go raibh eagla orthu dul chuig ciorcal comhrá ina gceantar féin, mar gheall go gceartódh daoine a gcuid Gaeilge! Níor tharla sin domsa riamh,(agus bhí neart le ceartú!) An raibh an t-ádh liom?
660
Lorna @mouke.bsky.social · 18/05/2026
Tá an chéad bhliain den MA críochnaithe agam anois. 🎉 Beidh sos agam ar feadh trí mhi. Níl le déanamh agam ach fanacht leis na torthaí i gceann sé seachtaine nó mar sin.
070