Donncha ar Imeall an Domhain @kingdonncha1.bsky.social · 3hDúirt mé ar an ardán eile gur “áthas” an bhunchiall a bhí le “fáilte”. Tá an tSean-Gh seo sna Gluaiseanna Würzburg fós sách éasca a thuiscint: “Fáilte cáich bad fáilte dúibsi. Brón cáich bad brón dúibhsi.” Bígí lúcháireach le lucht na lúcháire agus dobrónach le lucht an dobróin. - Rómhánaigh 12:15 032
Reposted by Donncha ar Imeall an DomhainCanuckstan 🇨🇦 @jonchevreau.bsky.social · 12h#via Canadian cartoonist Dave Whamond #CanadaSky #USpol 27799553240
Donncha ar Imeall an Domhain @kingdonncha1.bsky.social · 10hTá ceist agam oraibh. An bot é an cuntas sin? Leanann cuntais randamacha mar sin mé an t-am ar fad. Bíonn “an duine” ina bean óg dhathúili gcónaí, “bean” a deir gur maith léi taisteal etc. etc. etc. Céard atá ar siúl? Cén fáth? Cui bono? Buntáiste amháin atá ag Cogar: níl a leithéid ar an ardán sin. 110
Donncha ar Imeall an Domhain @kingdonncha1.bsky.social · 02/10/2026Tráth den saol bhí mé ar nós folúsghlantóra maidir le leabhair ar na “Ceiltigh”. Ach diaidh ar ndiaidh thuig mé nach raibh mórán iontu a bhí nua dáiríre. An bhfuil aon rud úrnua in “The Celtic World“ le John Waddell? Nó an stair eile atá ann, iontaofa is dea-scríofa, ach sin an méid? 120
Donncha ar Imeall an Domhain @kingdonncha1.bsky.social · 02/10/2026An bhfuair éinne agaibh jeab an tséasùir? An t-instealladh fliú atá mé a rá. 🚫🦠🚫 Fuair mise Dé Céadaoin é. Bhí an-tuirse orm an chéad lá eile agus bhí mo gualainn tinn/nimhneach, ar ndóigh. Tá mé ceart go leor arís inniu. 300
Donncha ar Imeall an Domhain @kingdonncha1.bsky.social · 30/09/2026Tá teanga nua ag na Manaigh: Gilaki. www.teanga.info/sengoidelc/d... 091
Donncha ar Imeall an Domhain @kingdonncha1.bsky.social · 30/09/2026Chuir an t-arracht óráiste a ainm ar an John F. Kennedy Center for the Performing Arts. Dúirt breitheamh nach raibh cead aige é sin a dhéanamh. Anois ba mhaith leis an a.o. an foirgneamh go léir a leagadh le teann mioscaise. Hmmm. Le fírinne ní foirgneamh álainn é. Ach. 020
Donncha ar Imeall an Domhain @kingdonncha1.bsky.social · 28/09/2026Is fearrde muid caife! ☕️☕️☕️ Is fiú an taighde nua seo ó UCC a léamh. www.ucc.ie/en/research/...ucc.ieNew research reveals mechanisms behind coffee’s positive effects on the gut-brain axis | University College CorkLatest research news from Univeristy College Cork 152
Donncha ar Imeall an Domhain @kingdonncha1.bsky.social · 27/09/2026@maitiuocoimin.bsky.social @olaoghaire.bsky.social An bhfuil sibh sásta, den chuid is mó, leis na hainmneacha a tugagh in Irisleabhar na Gaedhilge 130 bliain ó shin? Ní bheadh a fios agamsa. Níl an chuid is mó de na hainmneacha sin agam i dteanga ar bith. An bhfuil uasdátú ag teastáil? 280
Donncha ar Imeall an Domhain @kingdonncha1.bsky.social · 26/09/2026Tá ceist stíle agam! Thug mé rud amháin faoi deara san alt dea-scríofa le Bill Breathmach in Sobal, an forlíonadh nua sa Ghalway Advertiser: an focal “áfach” ag tús na habairte. Is maith an focal é. An bhfuil cead againn tús áite a thabhairt dó? @maitiuocoimin.bsky.social @duinedeas.bsky.social 730
Donncha ar Imeall an Domhain @kingdonncha1.bsky.social · 26/09/2026Cathain nach bhfuil oráiste oráiste? Nuair is oráiste “Dolci” ón Astráil é! (Oráisteach ina chroí istigh? 🧐) 050
Donncha ar Imeall an Domhain @kingdonncha1.bsky.social · 25/09/2026Nuair a thugann duine (mé féin, mar shampla) cuairt ar bhaile mór (An Daingean, mar shampla) agus caitheann sé lá agus oíche ann gan ach Béarla a chloisteáil chuile áit, fiú amháin i gcaifé + siopa leabhar a bhfuil ainm Gaeilge air, nach cruthú é sin gur beag an “meaning” atá le “Gaeltacht”? 110
Donncha ar Imeall an Domhain @kingdonncha1.bsky.social · 25/09/2026Tá a fhios agam go raibh dearcadh sách coimeádach ag an Díreánach ar obair ⁊ dualgas na bhfear is na mban. Céard go díreach atá sé a rá faoina gcuid náire sa dán sin? Nó céard atá á rá aige ar chor ar bith? 100
Donncha ar Imeall an Domhain @kingdonncha1.bsky.social · 24/09/2026𝓝𝓮𝓹𝓸? Tráth den saol ní raibh aon rud níos nádúrtha ar domhan ná an mac ag leanúint cheird a athar. Ní bheifeá i d’fhile murar filí iad d’athair agus do sheanathair romhat. Bheadh a mhalairt beagnach doshamhlaithe. 020
Donncha ar Imeall an Domhain @kingdonncha1.bsky.social · 23/09/2026Bhí orainn aistí a scríobh ar scoil, ⁊ níos mó fós ar an ollscoil. D’fhoghlaim muid conas smaointí a fháil - amuigh ar na bánta, as leabhair nó inár gceann féin - agus a bhuachailleacht, a cheansú, a cheistiú, agus a chur in ord le go mbeadh siad éasca a leanúint. Is ceird í. Agus anois le IS?? 140
Donncha ar Imeall an Domhain @kingdonncha1.bsky.social · 23/09/2026@lexiconista.bsky.social Ná bac leis an IS agus léirscrios an domhain, an bhfuil barúil ar bith agat maidir le IS agus scríobh na Gaeilge? (Ag fiafraí thar cheann cara liom.) 100
Donncha ar Imeall an Domhain @kingdonncha1.bsky.social · 23/09/2026Intleacht Shaorga. Mar a thosaigh sí. Mar a chríochnóidh sí? 010
Donncha ar Imeall an Domhain @kingdonncha1.bsky.social · 22/09/2026Is cosúil gurb ann do scoláire a “scríobh” is a d’fhoilsigh gan náire alt a cumadh gan dua as an IS is nua. An cúis ghoil é anois nó cúis gháire? 151
Donncha ar Imeall an Domhain @kingdonncha1.bsky.social · 21/09/2026An méid a dúirt Roxane Gay inniu faoi Ed Sheeran (ach i mBéarla): “Meabhraíonn an débâcle uilig seo dúinn gur seasamh polaitiúil é gan seasamh polaitiúil a ghlacadh: polaitíocht do leasa féin.” 050
Donncha ar Imeall an Domhain @kingdonncha1.bsky.social · 19/09/2026@karleabh.bsky.social Tá ceist agam ort. / Tengo unas preguntas, por favor. ¿Se dice “para los que se hacen de la boca chiquita” en España? ¿Y la verba « tatemar »? 310
Donncha ar Imeall an Domhain @kingdonncha1.bsky.social · 19/09/2026An nglacfá le “Dúirt cara liom liom go bhfuil …”? 1. Tá sé ceart de réir na gramadaí ach beagán aisteach. 2. Níl sé ceart in aon chor. 3. Gránna! 4. Greannmhar! 990
Donncha ar Imeall an Domhain @kingdonncha1.bsky.social · 18/09/2026Na ceamaraí Flock inniu. Na hionaid sonraí amárach? 🤔 010
Donncha ar Imeall an Domhain @kingdonncha1.bsky.social · 17/09/2026An itheann, nó ar ith, éinne agaibh iógart atá déanta as bainne caorach? 511
Reposted by Donncha ar Imeall an DomhainAlt National Park Service @altnps.bsky.social · 13/09/2026Ireland understood the assignment! ✊💚 399163393769
Donncha ar Imeall an Domhain @kingdonncha1.bsky.social · 09/09/2026Fuair mé cárta deas breithlae ó chara Meiriceánach liom a bhfuil bearnaí ina chuid Gaeilge. Mise: Bád sorn? Boat oven?? Eisean: Stove boat. Fuair mé ó GT é. Mise: Stove boat? Eisean: Tá sé in “Moby Dick”. Bád atá ’stove in’. Mise: Oh! Bád briste. @maitiuocoimin.bsky.social 2140
Donncha ar Imeall an Domhain @kingdonncha1.bsky.social · 08/09/2026Casadh rann ársa orm de thaisme a bhfuil meascán se “Is buí le bocht an beagán” agus “Níl aon tinteán mar do thinteán féin” ann. 1/2 140
Donncha ar Imeall an Domhain @kingdonncha1.bsky.social · 07/09/2026@fergusone.bsky.social Ní cuimhin liom cé acu ceann de na Länder sin a bhfuil cónaí agat ann. 161
Donncha ar Imeall an Domhain @kingdonncha1.bsky.social · 07/09/2026Feicthe os cionn an mhórarbhealaigh Interstate 5 anseo i Seattle: 030
Donncha ar Imeall an Domhain @kingdonncha1.bsky.social · 06/09/2026Chuir muid “ceart diaga ríthe“ sa bhrúscar i bhfad ó shin. Nach aisteach an rud é go bhfuil daoine ann a chreideann go bhfuil 𝘤𝘦𝘢𝘳𝘵 𝘥𝘪𝘢𝘨𝘢 ag stát Iosrael ar an talamh a ghoideann siad. 182
Donncha ar Imeall an Domhain @kingdonncha1.bsky.social · 06/09/2026Prátaí au gratin? Ní hea. Clafoutis le péitseoga. 3160
Donncha ar Imeall an Domhain @kingdonncha1.bsky.social · 05/09/2026Beannacht cairde, croí-bheannacht, Beannacht comhrá, ciall-bheannacht, Beannacht cúnaimh, comhar-bheannacht. 060
Donncha ar Imeall an Domhain @kingdonncha1.bsky.social · 03/09/2026Bhí an briathar Sean-Gh, nó “carn an bhriathair”, an-chasta. Tá an córas atá againn anois i bhfad níos simplí agus níos rialta. Uaireanta tarlaionn simpliú nó ath-anailís mar sin nuair atá pobal mór nuachainteoirí ann. 1/2 1100
Donncha ar Imeall an Domhain @kingdonncha1.bsky.social · 03/09/2026Tá bobchait againn sa chathair agus sna bruachbhailte anseo. Ní fhaca mé ceann acu riamh ach chonaic mé grianghrafanna díobh a thóg cairde liom in aice lena dtithe. Agus seo pic a bhí sa nuachtán inniu. Is cosúil gur léim an bobchat sin ó chrann isteach ar an bhfuinneog. 1/2 280
Donncha ar Imeall an Domhain @kingdonncha1.bsky.social · 02/09/2026@fergusone.bsky.social An íosfá bia a bhfuil an chuma sin air?! Is cosúil go bhfuil biachláir déanta le IS ag scaipeadh ar fud an domhain. Múisc, mar a deir @maitiuocoimin.bsky.social 130
Donncha ar Imeall an Domhain @kingdonncha1.bsky.social · 02/09/2026Seo damhán siléir ~ Pholcus phalangioides ~ atá in aontíos linn. Tuigim go gcuireann damháin alla scéin ar a lán daoine. Ní ormsa. 110
Donncha ar Imeall an Domhain @kingdonncha1.bsky.social · 01/09/2026Nuair a fiafraíodh den Trumpach i mí Eanáir cén teorainn atá lena chuid cumhachta, dúirt sé “my own morality”. Ar fhág sé an -t- ar lár san fhocal sin? Pé scéal é, tá bás ann agus tá bás polaitiúil ann agus tá an dá cheann in dán dó. Agus ansin thosóidh an damnatio memoriae. 110
Donncha ar Imeall an Domhain @kingdonncha1.bsky.social · 01/09/2026Tá neart castán ar an gcrann. Beidh siad uilig bainte ag na hioraí glasa sula mbeidh siad iomlán aibí. Ach is iora, ní mise, a chuir an crann sa chéad áit. 🤷♂️ 190
Donncha ar Imeall an Domhain @kingdonncha1.bsky.social · 31/08/2026Scríobh mé “nach fada eile“ anseo an lá cheana. An bhfuil aidiacht eile ann ar féidir “eile” a chur leis? Tá ”i bhfad eile” ann freisin, ar ndoigh, ach is ainmfhocal “fad”. 330
Donncha ar Imeall an Domhain @kingdonncha1.bsky.social · 30/08/2026Braithim Aonghus uaim. Tá súil agam nach fada eile a bheas sé ciúin. 🙏 390
Donncha ar Imeall an Domhain @kingdonncha1.bsky.social · 30/08/2026Tig le impire nó rí nó wannabe a ainm a ghreamadh de chuile ní. Imeoidh sin nuair a imíonn sé faoi láimh an damnatio memoriae. 170
Donncha ar Imeall an Domhain @kingdonncha1.bsky.social · 30/08/2026Cuireann Trump a ainm ⁊ a íomhá ar chuile rud. Ní mhairfidh siad. Damnatio memoriae atá i ndán dó: scriosfar na rudaí sin uilig. Traidisiún ársa atá ann. 050
Donncha ar Imeall an Domhain @kingdonncha1.bsky.social · 29/08/2026Ceathrar ar tugadh bóthar dóibh inné: na dealbha de Stonewall Jackson, William "Extra Billy" Smith & Hunter Holmes McGuire a bhíodh i gcearlár Richmond, Virginia (iarphríomhchathair an Confederacy) agus Milo Yiannopoulos (né Hanrahan), a shíl go raibh ICE ag déanamh an-jab. 😂😂😂😂😂 020
Donncha ar Imeall an Domhain @kingdonncha1.bsky.social · 29/08/2026Tá aithne againn ar “fóin” in abairtí ar nós “glaoch fóin”. Tá “fóin“ eile ann, briathar a fheictear in abairtí ar nós “Fónann na Rialacháin seo chun forálacha forfheidhmithe …” Deir na Gàidhligeoirí rud a thaitin liom riamh: “Fòghnaidh na dh’fhòghnas!” (Fónfaidh a bhfónfaidh!) 𝘌𝘯𝘰𝘶𝘨𝘩 𝘪𝘴 𝘦𝘯𝘰𝘶𝘨𝘩! 040
Donncha ar Imeall an Domhain @kingdonncha1.bsky.social · 28/08/2026An cuimhin libh go raibh máthair an fhir mhire ina cainteoir dúchais Gáidhlig? Is fianaise é sin nach dea-dhuine chuile Ghael ipso facto. 041
Donncha ar Imeall an Domhain @kingdonncha1.bsky.social · 28/08/2026Tá an fear mire ag teacht go hÉirinn arís, i gceann coicíse, go dtí an Irish Open ag a ghalfchúrsa sa Dún Beag i gContae an Chláir. 040
Donncha ar Imeall an Domhain @kingdonncha1.bsky.social · 26/08/2026Bhí cuma thuirseach ar Meta riamh. Nó b’fhéidir go bhfuil sé ag leá? 010
Donncha ar Imeall an Domhain @kingdonncha1.bsky.social · 26/08/2026Céard a chonaic duine éigin sa dá smál dorcha sin ar an gcosán anseo? Madra le spéaclaí gréine air. 😎 1132
Donncha ar Imeall an Domhain @kingdonncha1.bsky.social · 26/08/2026Tá logainm sa teanga Navajo nach gcuireann fiacail ann: Hoozdo. Is 𝘥𝘦𝘷𝘦𝘳𝘣𝘢𝘵𝘪𝘷𝘦 é, briathar atá á úsáid mar ainmfhocal. Ciallaíonn sé “Tá sé te ansin”. Phoenix, Arizona atá i gceist. An teocht ansin faoi láthair: 151
Donncha ar Imeall an Domhain @kingdonncha1.bsky.social · 25/08/2026Bhí a fhios ag mo chéad pháirti go raibh sé ag fáil bháis. Thogh sé amhrán le Dolly Parton mar an recessional ar a shochraid. D’éist mé leis arís inniu, leagan úr den amhrán a thaifead Dolly seacht mí roimh a bás inniu. Go raibh síocháin uirthi agus air freisin. m.youtube.com/watch?v=McaD...m.youtube.comDolly Parton - Light of a Clear Blue Morning ft. Lainey Wilson, Miley Cyrus, Queen Latifah & RebaYouTube video by Dolly Parton 1100