Sign in

Neil Ó Laoghaire

@olaoghaire.bsky.social
100 followers 106 following 171 posts

Cé mé fhéin, anyway

PostsRepliesMedia
Reposted by Neil Ó Laoghaire
Tuairisc @tuairisc.bsky.social · 02/10/2026
PODCHRAOLADH: ‘Hello, is this the Gaeltacht?’ – conspóidí agus cathanna cultúrtha
tuairisc.ie
PODCHRAOLADH: ‘Hello, is this the Gaeltacht?’ – conspóidí agus cathanna cultúrtha
Tá Gormfhaith Ní Thuairisg agus Póilín Ní Chiaráin linn san eagrán is déanaí de ‘An Pod Gaeilge’ chun plé a dhéanamh faoi sháinn Bhóthar Gharbhachaidh, conspóid faoi cad is Gaeltacht ann agus an dara ...
125
Reposted by Neil Ó Laoghaire
Dr Gearóidín McEvoy @garodean.bsky.social · 30/09/2026
Ok an bhfuil aon duine ann chun cabhrú liom chun aistriucháin do leabhair fíricí a bhaineann le dineasáir a cruthú? An páiste ag éirí cantalach toisc nach bhfuil sé in ann labhairt liom mar gheall ar nósanna an triceratops
297
Reposted by Neil Ó Laoghaire
Maitiú Ó Coimín @maitiuocoimin.bsky.social · 07/09/2026
Abair anois go dtiocfadh duine go hÉirinn ag 12 bliain d'aois. Déarfaidh an Roinn Oideachais leis go gcaithfidh sé díolúine a fháil ón nGaeilge agus i gceann ocht mbliana déarfaidh an Roinn Dlí agus Cirt leis go gcaithfidh sé buneolas ar an nGaeilge a bheith aige le saoránacht a bhaint amach 🙃
2127
Reposted by Neil Ó Laoghaire
Tírdhreacha Chonamara @duichechonamara.bsky.social · 26/08/2026
Tráthnóna deas ag rothaíocht timpeall ar Ros Muc
062
Neil Ó Laoghaire @olaoghaire.bsky.social · 16/03/2026
An comhtharlú atá ann, nó ar léigh duine éigin é seo? 👀 Ar aon nós, tá an fhadhb bheag a bhí agam le suíomh www.focloir.ie réitithe! 👏
focloir.ie
111
Neil Ó Laoghaire @olaoghaire.bsky.social · 09/03/2026
Fós gan leagan Gaeilge de Phlean Forbartha Chathair na Gaillimhe 2023-2029 le fáil ar líne❌ www.galwaycity.ie/ga/services/... Gan cosaint cheart don teanga taobh istigh de na ceantair Ghaeltachta faoina cúram: - comharthaí bóithre fós i mBéarla❌ - gan aon chlásal feidhme teanga i dtithíocht nua❌
galwaycity.ie
Galway City Development Plan 2023-2029 | Galway City Council
The Galway City Development Plan 2023-2029 sets out the policies and objectives for the development of the City over the plan period. The plan has been prepared in accordance with the steps set out in...
040
Neil Ó Laoghaire @olaoghaire.bsky.social · 09/03/2026
Na habair le na crosáidithe an chogaidh chultúir nua rud ar bith faoi na d'unbelievables....20 bliain ó shin 👀
000
Reposted by Neil Ó Laoghaire
TG4 @tg4.bsky.social · 19/02/2026
🎥 ‘SpongeBob an Scannán: Cá bhfuil SquarePants?' i bpictiúrlanna na hÉireann. 🎞️ What a fantastic film as Gaeilge to have in Irish cinemas this March. ☘️ @ParamountPicturesIreland Tuilleadh eolais : More Info here ⤵️ 🔗 bit.ly/4tRM4dJ 🔗 bit.ly/4s329eT
tg4.ie
Tá Paramount Pictures i gcomhar le TG4 ag fógairt 'SpongeBob an Scannán: Cá bhfuil SquarePants? | Preasráiteas | TG4
Tá ríméad ar Paramount Pictures Ireland, i gcomhar le TG4, a fhógairt go mbeidh SpongeBob an Scannán: Cá bhfuil SquarePants? ar fáil i nGaeilge i bpictiúrlanna na hÉireann i mí Márta seo chugainn chun Seachtain na Gaeilge a cheiliúradh.
0124
Neil Ó Laoghaire @olaoghaire.bsky.social · 17/01/2026
C: Cá dtéann feirmeoirí glasraí nuair a cailltear iad? F: I measc na meaingil.
021
Reposted by Neil Ó Laoghaire
Tuairisc @tuairisc.bsky.social · 22/12/2025
An chéad chomhpháirtíocht riamh idir eagraíocht chomhshaoil agus Conradh na Gaeilge
tuairisc.ie
An chéad chomhpháirtíocht riamh idir eagraíocht chomhshaoil agus Conradh na Gaeilge
Sheol The Gaelic Woodland Project, grúpa lán-Ghaeilge darb ainm Craobh na Coille mar chuid den chomhpháirtíocht úr
141
Neil Ó Laoghaire @olaoghaire.bsky.social · 22/12/2025
Bhí muid ann tráthnóna Dé hAoine. Chuir Brídín agus Muireann scriopt agus seó álainn ar stáitse agus bhí Eoin agus Séamus iontach bríomhar agus barrúil. Bhain na gasúir an-sult as.
010
Neil Ó Laoghaire @olaoghaire.bsky.social · 20/12/2025
Raon rothar snasta, Gabhfaidh muid go gasta, Obair, siopaí, scoil, Gach áit ar do thoil.
153
Neil Ó Laoghaire @olaoghaire.bsky.social · 16/12/2025
Is maith liom 'rothar lastais' a fheiceáil mar chuid de na téarmaí na bliana ag tearma.ie 😀 Téarma agus rud thar a bheith lárnach inár saol le níos mó ná 5 bliana anuas 🚲 www.tearma.ie/id/4636832/
181
Neil Ó Laoghaire @olaoghaire.bsky.social · 14/12/2025
Lá fliuch. Lá feiliúinach do MS Paint leis na páistí ag úsáid sean-taibléid ceannaithe le haghaidh teagaisc i rith aimsir COVID. Siod é doras mo chuisneoir digiteach is dóigh.
030
Neil Ó Laoghaire @olaoghaire.bsky.social · 03/12/2025
Agus é fógartha inniu go mbeidh clogaid riachtanach go gach imreoir camanachd ó 2030... www.bbc.com/naidheachdan... cuireann sé i gcuimhne dom an sábhailt a rinne an cúlbáire seo ó Loch Abar i 2010 😮 www.youtube.com/watch?app=de...
youtube.com
Shinty keeper saves.mpg
YouTube video by HomerJenkins
010
Neil Ó Laoghaire @olaoghaire.bsky.social · 02/12/2025
Streachailt dúinne sa teaghlach seo, agus muid ag iarraidh an Ghaeilge a cothú agus a choinneáil mar theanga bheo a bhaineann le chuile aicme den tsaol ná i gcúrsaí STEM/ETIM. Má tá páistí fiosracha agat, b'fhiú iad a bheith fiosrach i mBéarla amháin de réir neart eagraíochtaí in Éirinn.
174
Reposted by Neil Ó Laoghaire
Aonghus Ó hAlmhain @aonghusoha.bsky.social · 02/12/2025
"An buairt atá ormsa nach bhfuil daoine ag tógáil a bpáistí le Gaeilge" Croí na ceiste @osgurociardha.bsky.social Sin an straitéis fiche bliain atá de dhíth. Tógann sé fós gníomhaí teanga páistí a thógáil le Gaeilge lasmuigh den nGaeltacht. Cé nach mothaím gur gníomhaí mé, is dócha gurb ea.
194
Reposted by Neil Ó Laoghaire
Mise Áine @miseaine.bsky.social · 21/11/2025
'"Ba iad baill Fhine Gael a threoraigh an cur i gcoinne [an rúin] le ‘His/Her Worship’ a bhaint den teideal agus a chuir rún chun cinn lena choinneáil..."' Cén fáth? @finegael.bsky.social @simonharrisireland.bsky.social tuairisc.ie/diultaithe-a...
tuairisc.ie
Diúltaithe ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe ‘Méara na Gaillimhe’ a úsáid in áit ‘Mayor of Galway’
Dúirt Méara na Gaillimhe Mike Cubbard gur chuir baill Fhine Gael in aghaidh rún a chuir sé féin chun cinn teideal a oifige a athrú
151
Neil Ó Laoghaire @olaoghaire.bsky.social · 20/11/2025
Droch-scéal, ach is fíorbheagán ábhair a chuir RTÉJr Radio ar fáil i nGaeilge do ghasúir agus is mór an trua é sin. Ní dóigh liom go mbeadh sé ró-dheacair uair a' chloig sa lá de chláracha Gaeilge a chur amach, nó níos mó na 2 shraith podchraoladh in iomlán ó 2010 www.thejournal.ie/rte-digital-...
thejournal.ie
RTÉ will permanently close four digital radio stations - including 2XM and Pulse - on 31 December
Other impacted stations are RTÉ Radio 1 Extra, RTÉ 2XM, RTÉ Pulse and RTÉjr.
000
Neil Ó Laoghaire @olaoghaire.bsky.social · 19/11/2025
Agus an aintiún nua mórtasach ag an gcoláiste ná: "An bhfaca tú mo shéimhiú-sín, mo shéimhiú-sín, mo shéimhiú-sín. An bhfaca tú mo shéimhiú-sín, is é curtha ar gach focal."
000
Neil Ó Laoghaire @olaoghaire.bsky.social · 17/11/2025
Áis nua iontach do na haistir fada sa gcarr... open.spotify.com/show/5DA2wo0...
open.spotify.com
Síscéal ó Ghaillimh
Spotify video
031
Reposted by Neil Ó Laoghaire
cula4.bsky.social @cula4.bsky.social · 17/11/2025
A chairde, tá nuacht iontach le roinnt againn!! 🎉⭐ Is féidir leat éisteacht le Scéal an Lae ar Spotify anois!! 🌈🙌 Scéalta do leanaí á léamh ag láithreoirí, aisteoirí agus scríbhneoirí mór le rá!! 📚🌈 Éist anois ar Spotify!! 🎧🎶
011
Neil Ó Laoghaire @olaoghaire.bsky.social · 17/11/2025
Gaimh nó gaimhín a chloisim i gcanúintí timpeall anseo. Agus tá gaimhín ann inniu cinnte.
000
Neil Ó Laoghaire @olaoghaire.bsky.social · 16/11/2025
"D'íosfadh sé tuí as srathair." A chuala mé ráite faoi dhuine le goile/ocras mór orthu.
020
Reposted by Neil Ó Laoghaire
Gaeilge ABC @gaeilgeabc.bsky.social · 23/10/2025
📢 FÓGRA POIST 📢 Tá post buan mar Oifigeach Pleanála Teanga á thairiscint ag Gaeilge ABC. Is féidir tuilleadh eolais a fháil ar an bpost tríd an nasc inár bhféinfhaisnéis.
001
Neil Ó Laoghaire @olaoghaire.bsky.social · 15/11/2025
Go hannamh, ach uaireanta, cruthaíonn an séimhiú/urú beagáinín doiléiriú sa caint ceapaim. Céard a dhéanann daoine nuair atá siad ag iarriadh soiléiriú a dhéanamh idir "sé bhilliún" agus "sé mhilliún", nó idir "seacht mbilliún" agus "seacht milliún" nó a leithéid?
380
Neil Ó Laoghaire @olaoghaire.bsky.social · 15/11/2025
Léarscáil agus sonraí spéisiúil anseo. Ach cén fáth nach bhfuil logainmneacha, sna Gaeltachtaí ar a laghad, sa teanga ceart? Éire an t-aon stáit le logainmneacha (go hiomlán) i mBéarla An locht ar Tailte Éireann nó An Phríomh-Oifig Staidrimh nó Eurostat féin meas sibh? ec.europa.eu/eurostat/sta...
100
Neil Ó Laoghaire @olaoghaire.bsky.social · 06/11/2025
Moladh spéisiúil, ach níl mé cinnte faoi. An ndéarfaí an rud chéanna faoi Átha Cliath, gur chontae stairiúil é, agus é scartha ina 4 riarachán áitiúil ó 1994? Nó faoi Tiobraid Árann, nuair a bhí sé scartha idir tuaisceart agus deisceart idir 1899 agus 2014?
111
Neil Ó Laoghaire @olaoghaire.bsky.social · 17/10/2025
Níl mé cinnte faoi seo... Deir sé liom go gcaithfidh muid an saol a dhéanamh níos éasca do Bhéarlóirí nach bhfuil sásta foghlaim agus úsáid fuaimeanna a dhéanann litreacha, taobh amuigh de fonaic an Bhéarla. www.youtube.com/watch?v=Gfzj...
youtube.com
University of Galway CSE StartsWithAName
YouTube video by Science and Engineering @University of Galway
011
Reposted by Neil Ó Laoghaire
Maitiú Ó Coimín @maitiuocoimin.bsky.social · 03/09/2025
tuairisc.ie
Gaeilge ag níos lú ná 20% de na Gardaí atá ar dualgas i nGaeltacht Dhún na nGall
Gaeilgeoirí iad nach mór duine as gach beirt Ghardaí atá ar dualgas sa nGaeltacht, ach tá figiúirí i bhfad níos ísle i gceist i nDún na nGall agus Maigh Eo
133
Neil Ó Laoghaire @olaoghaire.bsky.social · 01/09/2025
D'fhreastail mo chuid gasúr féin ar an gcampa samhraidh seo i mbliana, agus bhain siad an-sult agus muinín as. Bhí Oisín agus na teagascóirí thar cionn, eolach agus taicúil, agus bhí na himeachtaí iontach spraíoúil.
050
Neil Ó Laoghaire @olaoghaire.bsky.social · 29/08/2025
Tá na creachadóirí réidh don dinnéar anocht
040
Neil Ó Laoghaire @olaoghaire.bsky.social · 29/08/2025
Tá a fhios agam go mbíonn staitisticí faoin nGaeilge ón daonáireamh pléite go rí-mhinic, ach níor thuig mé cé chomh dona is atá dearadh na gceisteanna faoin nGaeilge ar fhoirm an daonáirimh Cibé faoin chéad cheist, is droch-dhearadh ceistneora (a glacadh ó 2006) faoi cé chomh minic a labhraítear í.
210
Neil Ó Laoghaire @olaoghaire.bsky.social · 29/08/2025
Ón gcartlann an Galway Advertiser, D. Fómhair 1992, litir ó Thómas Ó Broin, ollamh agus bailitheoir béaloidis. Argóint mhaith nach bhfuil bunús ceart nó bailíocht de "C(h)noc na Cathrach" in iarthar cathrach na Gaillimhe An coincheap cumtha ag na forbróirí sna 1980í é "Cnoc na Cathrach" b'fhéidir?
010
Reposted by Neil Ó Laoghaire
Gaeilge ABC @gaeilgeabc.bsky.social · 28/08/2025
Tá Gaeilge ABC fíor-shásta a fhógairt go mbeidh muid ag cur tús le téarma nua ranganna Gaeilge i mBearna agus Cnoc na Cathrach i mí Mheán Fómhair. Is féidir tuilleadh eolais a fháil, nó clárú do na ranganna, tríd an nasc inár bhféinfhaisnéis.
064
Reposted by Neil Ó Laoghaire
Maitiú Ó Coimín @maitiuocoimin.bsky.social · 27/08/2025
Bhí mé ann anocht. Áit an-deas agus obair mhór déanta. Deas cothrom agus tírdhreach álainn (i gcomhthéacs lom Chonamara) ACH: ab iod cosán nuachóirithe?! Locháin uisce ann cheana féin, easpa comharthaíochta AGUS Seanadh Mhach(a?) litrithe mícheart ar na fógraí uilig.
021
Neil Ó Laoghaire @olaoghaire.bsky.social · 27/08/2025
Hup Seana Mhach! Osclófar raon rothaíochta/siúil nua gar go Casla le bheith oscailte go hoifigiúil inniu de réir nuacht ar RnaG... B'fhéidir go mbeidh tuilleadh eolais faoi ar Tuairisc.ie ar ball @maitiuocoimin.bsky.social? D'aimsigh mé an léarscáil seo ar líne www.sportireland.ie/sites/defaul...
351
Neil Ó Laoghaire @olaoghaire.bsky.social · 26/08/2025
Bhí roinnt turais fada sa gcarr againn i mbliana 's anuraidh agus muid ag dul ar saoire samhraidh timpeall na tíre Tá sé an-deacair mórán cláracha radio, scéalta taifeadta nó cloisleabhair Gaeilge a fháil do pháistí a labhraíonn Gaeilge (ní foghlaimeoirí) 's atá réidh le rannta 's amhráin do leanaí
311
Reposted by Neil Ó Laoghaire
Gaeilge ABC @gaeilgeabc.bsky.social · 19/08/2025
Beidh CEARTA: Agóid Náisiúnta na nGael ar siúl ar an Satharn 20 Meán Fómhair i mBaile Átha Cliath. Tá bus saor in aisce ón nGaillimh. Imeoidh an bus ag a 10:00 ón Ard-Eaglais, agus beidh sé ag filleadh tráthnóna c.17:00 Is féidir leat clárú don bhus tríd an nasc inár bhféinfhaisnéis!
064
Neil Ó Laoghaire @olaoghaire.bsky.social · 18/08/2025
Tá muid díreach tar éis seachtain iontach le @glornangael.bsky.social a chaitheamh i gCorca Dhuibhne i measc thart ar 30 teaghlach eile. D'aon tuismitheoir ag tógáil clainne le Gaeilge mar phríomh-theanga (taobh amuigh nó laistigh den Ghaeltacht), mholfainn é! www.glornangael.ie/170-duine-ag...
glornangael.ie
170 Duine ag Taisteal go Coláiste Íde do Shaoire Ghaeltachta Teaghlaigh Bliantúil - Glór na nGael
Beidh 36 teaghlach lánGhaeilge – 170 duine san iomlán – ag teacht le chéile i gColáiste Íde i mí Lúnasa seo chugainn le haghaidh seachtain lán le teaghlaigh lán Ghaeilge, cultúr agus spraoi mar chuid ...
251
Neil Ó Laoghaire @olaoghaire.bsky.social · 18/08/2025
Sraith nua ar RnaG anseo. Bhí neart eolais, scéalta agus agallaimh spéisiúla sa gcéad clár faoi Fínis, b'fhiú éisteacht leis. Tá súil agam go mbeidh na cláracha uilig le fáil go fad-téarmach sa gcartlann ar líne, mar phodchraolta nó a leithéid. www.rte.ie/gaeilge/2025...
rte.ie
Scéalta na n-Oileán ar 'leac an dorais': Oileánach ar RTÉ RnaG
Tá Conamara brataithe le hoileáin agus sa tsraith seo, 'Oileánach', tabharfaidh Treasa Bhreathnach cuairt ar roinnt de na hoileán a mbíodh cónaí orthu tráth ach a bhfuil tréigthe anois.
142
Neil Ó Laoghaire @olaoghaire.bsky.social · 18/08/2025
Maidin ar bharr An Blascaod Mór. Oíche dhraíochtúil caite againn ar an oileán.
0121
Reposted by Neil Ó Laoghaire
Gaeilge ABC @gaeilgeabc.bsky.social · 07/08/2025
Tar linn le haghaidh siúlóide tumthach trí Pháirc Loch an Roisín (H91 KX75) agus foghlaim faoi na bláthanna, ainmhithe, agus éin sa bpáirc leis an éiceolaí Éinne Ó Cathasaigh ar Satharn, 9ú Lúnasa ag 10:00rn! Tuilleadh eolais ar fáil uaidh Mhicheál ag optgaeilgeabc@gmail.com
021
Reposted by Neil Ó Laoghaire
Tuairisc @tuairisc.bsky.social · 06/08/2025
Séanta ag comhlacht ceadaithe tithíochta go bhfuil siad ag dul in aghaidh polasaithe teanga sa nGaeltacht tuairisc.ie/seanta-ag-co...
tuairisc.ie
Séanta ag comhlacht ceadaithe tithíochta go bhfuil siad ag dul in aghaidh polasaithe teanga sa nGaeltacht
Dúirt Tuath gur comhlíonadh an coinníoll teanga d’fhorbairt nua i mBearna sular tháinig an comhlacht isteach sa scéal ar chor bith
022
Neil Ó Laoghaire @olaoghaire.bsky.social · 04/08/2025
Ceann duitse @derekholly7.bsky.social Maitiú McCanathaobh Is deisceartach (Muimhneach) é, is dóigh.
020
Neil Ó Laoghaire @olaoghaire.bsky.social · 04/08/2025
An gceapann daoine go bhfuil caighdeán Gaeilge sna fógraí ar RnaG ag fáil níos fearr nó níos measa? Cheap mé gur tháinig feabhas orthu ó thosaigh siad, ach cuireann roinnt mhaith acu as dom fós...an ceann don dola M50 is measa 🤢
010
Neil Ó Laoghaire @olaoghaire.bsky.social · 27/07/2025
Seachtain i ndiaidh na sluaite, turas gearr go Oileán Mhic Dara. Bhí an t-oileán againn féinn, seachas tréad caorach, agus thart ar 100 acu ann. Ní fheicim go bhfuil an áit ró-mhaith dóibh féin, agus níl na bláthanna fiáná chomh foirleathan mar a atá ar oileáin eile thart anseo.
030
Neil Ó Laoghaire @olaoghaire.bsky.social · 25/07/2025
Táim ag cuardú leabhair faoi stair na hÉireann do dhuine óg... Ceann a mbeadh feilliúnach do pháiste 8 mbliana, ach atá ag léamh ag léibhéal níos airde. Bheadh leabhar le scóip leathan nó ceann dírithe isteach ar tréimhse áirithe togha. I nGaeilge dár ndóigh! An mbeadh aon mholtaí ag éinne?
242
Neil Ó Laoghaire @olaoghaire.bsky.social · 22/07/2025
Oileán Máisean, Iorras Aithneach. Gan aon áitritheoir buan ó 1957.
061
Reposted by Neil Ó Laoghaire
Gaeilge ABC @gaeilgeabc.bsky.social · 15/07/2025
Tá fóghrúpa beag bunaithe ag Gaeilge ABC chun féachaint ar an mbunús a bhaineann leis an 43 baile fearainn i limistéar pleanála teanga Bhearna-Chnoc na Cathrach. Bheadh suim againn cloisteáil ó dhaoine le spéis i stair agus dinnseanchas. Tuilleadh eolais ar fáil sa nasc inár bhféinfhaisnéis
042