Donncha ar Imeall an Domhain @kingdonncha1.bsky.social · 14hGo tobann?? Mar sin a bhí sé riamh. Ní nuacht ná ionadh ar bith é sin. 100
Donncha ar Imeall an Domhain @kingdonncha1.bsky.social · 14hD’amharc mé faoi dhó air. Dá mbeinn i m’easpag “Imprimi potest” a déarfainn. Ar an ardán eile atá mé a rá. 110
Donncha ar Imeall an Domhain @kingdonncha1.bsky.social · 15hPhostáil Ré @omaoldomhnaigh.bsky.social pic de shamhlacha as seanleabhar ar an ardán eile. Tá samhail amháin ann a bhfuil míniú ag teastáil uaithi: Chomh bréagach le Graibín. Níl Graibín ag logainm.ie. 130
Donncha ar Imeall an Domhain @kingdonncha1.bsky.social · 10/10/2026Fíréan, cad as don fhocal? Iasacht ó theanga Cheilteach eile atá ann, de réir cosúlachta: fíréan < fírén (Meán-Gh) < fírian (Sean-Gh) < guirion (Sean-Bhreatnais) < guir + iawn Is ón bhfocal Próta-Cheiltise *wīros do “fíor” agus “gwir” araon, leis an gciall chéanna. 061
Donncha ar Imeall an Domhain @kingdonncha1.bsky.social · 10/10/2026Euh, an bhfuil focal ar lár sa ráiteas sin … agus cad as dó ar aon nós? 110
Donncha ar Imeall an Domhain @kingdonncha1.bsky.social · 10/10/2026Séamas Mac Annaidh, bail ó Dhia air! 020
Donncha ar Imeall an Domhain @kingdonncha1.bsky.social · 10/10/2026Tá aithne níos fearr agam ar Pháras ná mar atá agam ar Nua-Eabhrac nó Los Angeles. Ach ar cuairt seachas i mo chónaí ann a bhíos riamh. Tá cairde agam ann, agus mar a tharlaíonn, tá aithne níos fearr agam ar áiteanna ina gcathair féin ná mar atá acusan! 121
Donncha ar Imeall an Domhain @kingdonncha1.bsky.social · 09/10/2026Braitheann sé sin ar (1) d’aois, agus ar (2) do chuid polaitíochta! 120
Donncha ar Imeall an Domhain @kingdonncha1.bsky.social · 09/10/2026Éabhlóid an fhocail “fíréan” 1767 - “true hearted or just man” 1991 - “duine fíormhaith nó tofa […] gan pheaca” 2026 - “Duine atá go diongbháilte in aghaidh an athraithe agus smaointe nua, nó a thacaíonn go diongbháilte le duine nó le smaoineamh” 331
Donncha ar Imeall an Domhain @kingdonncha1.bsky.social · 09/10/2026Hmm. Cúpla bliain ó shin bhíos ag caint le fear óg a bhí ag obair sa bhialann shráide Man'ouché i bParis. - Vous aimez Paris ? - Oui, bien sûr. - Tous les touristes aiment Paris … ach ní hionann cuairt a thabhairt ar an gcathair seo agus a bheith i do chónaí inti. Níl sé sin chomh hálainn sin. 111
Donncha ar Imeall an Domhain @kingdonncha1.bsky.social · 07/10/2026www.teanga.info/sengoidelc/d...teanga.infoTríar Manach - translated into many languages 020
Donncha ar Imeall an Domhain @kingdonncha1.bsky.social · 07/10/2026Tá caorthann amháin i measc na gcrann eile a chuir na hioraí nó na héanacha taobh thiar den teach. Tá sé ard agus an-tanaí toisc go bhfuil sé in iomaíocht leis na crainnte eile le haghaidh solais. 020
Donncha ar Imeall an Domhain @kingdonncha1.bsky.social · 07/10/2026Adiacht a chloistear i Sasana cé nach bhfuil sé in úsáid san Oileán Úr: soppy. É sin? 020
Donncha ar Imeall an Domhain @kingdonncha1.bsky.social · 07/10/2026Chuir mé an téacs chuig @caoimhinsmo.bsky.social anois díreach, ós eisean bainisteoir na Manach. Tá siad, agus muidne, buíoch díot. 120
Donncha ar Imeall an Domhain @kingdonncha1.bsky.social · 07/10/2026Iontach! Cén leagan / litriú de d’ainm iomlán ar cheart dúinn a cheangail leis? 110
Donncha ar Imeall an Domhain @kingdonncha1.bsky.social · 07/10/2026Faigheann foighne fortacht. Leagan triarach uamach! 👍🏼👍🏼👍🏼 120
Donncha ar Imeall an Domhain @kingdonncha1.bsky.social · 07/10/2026Wer warten kann, dem kommt alles zur rechten Zeit. 100
Donncha ar Imeall an Domhain @kingdonncha1.bsky.social · 06/10/2026Aha. Sin focal nach raibh agam: prise = plocóid. Feicim an t-imeartas focal anois. Cliste. Ach ní thuigim an cheist atá taobh thiar den jeu de mots, má tá ceist ann dáiríre. 020
Donncha ar Imeall an Domhain @kingdonncha1.bsky.social · 06/10/2026Tuigim ach ní thuigim an cheist ar an bhfógra sin. Elle se branche où la prise de conscien[ce ?] Cá bplugáiltear isteach an tuiscint? 🤔 110
Donncha ar Imeall an Domhain @kingdonncha1.bsky.social · 06/10/2026Morgen, morgen, nur nicht heute, sagen alle faulen Leute. 😏 120
Donncha ar Imeall an Domhain @kingdonncha1.bsky.social · 06/10/2026An mbeidh an rialtas in ann « quoi qu’il en coûte » a chur i bhfeidhm arís? 120
Donncha ar Imeall an Domhain @kingdonncha1.bsky.social · 06/10/2026Ba iad na gilets jaunes a bhí ar na sráideanna sa Fhrainc cúpla bliain ó shin. Ní jaunes atá siad inniu ach jeunes. 150
Donncha ar Imeall an Domhain @kingdonncha1.bsky.social · 06/10/2026Nach bhfuil sé sin ag tarlú cheana féin? Beirtear níos lú páistí ar fud an domhain anois ó bhliain go bliain, go fiú san Afraic mar a bhfuil an daonra is óige ann faoi láthair. 020
Donncha ar Imeall an Domhain @kingdonncha1.bsky.social · 06/10/2026Cúpla sampla. Deirtear mar sin é toisc go mbeadh “ar tí rá” gránna? 010
Donncha ar Imeall an Domhain @kingdonncha1.bsky.social · 06/10/2026Toisc go bhfuiltear ag obair air le fada gan rath, sin an méid. 100
Donncha ar Imeall an Domhain @kingdonncha1.bsky.social · 06/10/2026Dá mbeadh IS chomh cliste sin dáiríre, mhíneodh ceann dá cuid agents dúinn amárach conas leictreachas gan teorainn a fháil ó chomhleá núicléach. 232
Donncha ar Imeall an Domhain @kingdonncha1.bsky.social · 06/10/2026Caithfidh gur léigh mé a leithéid roimhe seo. Ní chuireann an chomhréir sin ionadh orm, bíodh is go bhfuil blas “ye olde” uirthi. 010
Donncha ar Imeall an Domhain @kingdonncha1.bsky.social · 06/10/2026Sampla níos fearr: “ar tí a rá nach mbeadh sé reidh” 110
Donncha ar Imeall an Domhain @kingdonncha1.bsky.social · 06/10/2026Cé a dúirt? Agus céard faoi “ar tí a rá ‘slán’“? 🤔 200
Donncha ar Imeall an Domhain @kingdonncha1.bsky.social · 06/10/2026Agus canúint eile de chuid na Gearmáinise a chur ar scéilín na Manach? 120
Donncha ar Imeall an Domhain @kingdonncha1.bsky.social · 06/10/2026“ar tí imeacht” vs. “ar tí 𝒂 bheith …” Feicim nach raibh chuile dhuine sásta an ‘a’ a chur isteach i gcónaí. Scríobhtar “ar tí bheith” freisin. An fearr leis an gcluas “a bheith” ar lorg “ar tí” agus ní maith léi “bheith” lom? Ní gramadach atá againn ansin dáiríre ach dea-fhoghras? 110
Donncha ar Imeall an Domhain @kingdonncha1.bsky.social · 06/10/2026Ach gan suim agat sna sceachóirí bochta? Fásann siad go héasca anseo. 110
Donncha ar Imeall an Domhain @kingdonncha1.bsky.social · 05/10/2026Pat = Paddy nó Patsy? Feicim go raibh beirt acu páirteach. 100
Donncha ar Imeall an Domhain @kingdonncha1.bsky.social · 05/10/2026Ceist ghramadaí chugaibh! Deirtear “ar tí imeacht, ar tí snámh”, etc. leis an ainmfhocal briathartha maol, ach cuirtear “a” roimhe in “ar tí a bheith réidh” agus “ar tí a rá nár chuala”. Cén fáth? Agus maidir le “ar tí dul” vs. “ar tí a dhul”? 😳 100
Donncha ar Imeall an Domhain @kingdonncha1.bsky.social · 05/10/2026In éindí agus a bhuí le “this mother f*cker”? Ach ansin chonaic mé an W. Nuair a bhris an Nespresso a bhí againn leis na blianta, faoi dheireadh, fuair muid amach nach bhfuil an stuif seo go dona nuair atá caife ar an toirt ag teastáil. 010
Donncha ar Imeall an Domhain @kingdonncha1.bsky.social · 04/10/2026Níl aithne ná eolas agam ar do dhuine, ach déanaim ón dóigh a ndúirt tú é sin nach bhfuil tú iomlán sásta leis mar eagarthóir ar an gcúinne sin den IT. Níl síntiús agam, mar sin tá mé dall ar an gcúinne céanna. 200
Donncha ar Imeall an Domhain @kingdonncha1.bsky.social · 04/10/2026Tá mianach maith sa leabhar sin. Agus iontas na n-iontas, ní raibh ach $4.08 ar an leagan Kindle. Níl mé ag gearán, ach tá rudaí ann - a lán acu! - nach dtuigim in aon chor. 000
Donncha ar Imeall an Domhain @kingdonncha1.bsky.social · 04/10/2026Go hálainn, go hálainn, ag an am seo bliana. 050
Donncha ar Imeall an Domhain @kingdonncha1.bsky.social · 03/10/2026Dúirt mé ar an ardán eile gur “áthas” an bhunchiall a bhí le “fáilte”. Tá an tSean-Gh seo sna Gluaiseanna Würzburg fós sách éasca a thuiscint: “Fáilte cáich bad fáilte dúibsi. Brón cáich bad brón dúibhsi.” Bígí lúcháireach le lucht na lúcháire agus dobrónach le lucht an dobróin. - Rómhánaigh 12:15 093
Donncha ar Imeall an Domhain @kingdonncha1.bsky.social · 03/10/2026Ah, an t-algartam beannaithe. Púca na n-adharc nó an lámh cheilte? 110
Reposted by Donncha ar Imeall an DomhainCanuckstan 🇨🇦 @jonchevreau.bsky.social · 03/10/2026#via Canadian cartoonist Dave Whamond #CanadaSky #USpol 354138724359
Donncha ar Imeall an Domhain @kingdonncha1.bsky.social · 03/10/2026Fuair mé sampla Kindle anois díreach de leabhar eile leis, “Pagan Ireland”. Feicfidh mé inniu an bhfuil rudaí le múineadh aige dom. 120
Donncha ar Imeall an Domhain @kingdonncha1.bsky.social · 03/10/2026Blocálaim cuid acu uaireanta, cé nach léir dom gur fiú é. Ní thuigim conas a oibreodh margadh mar sin. 100
Donncha ar Imeall an Domhain @kingdonncha1.bsky.social · 03/10/2026Tá ceist agam oraibh. An bot é an cuntas sin? Leanann cuntais randamacha mar sin mé an t-am ar fad. Bíonn “an duine” ina bean óg dhathúili gcónaí, “bean” a deir gur maith léi taisteal etc. etc. etc. Céard atá ar siúl? Cén fáth? Cui bono? Buntáiste amháin atá ag Cogar: níl a leithéid ar an ardán sin. 110
Donncha ar Imeall an Domhain @kingdonncha1.bsky.social · 02/10/2026Tráth den saol bhí mé ar nós folúsghlantóra maidir le leabhair ar na “Ceiltigh”. Ach diaidh ar ndiaidh thuig mé nach raibh mórán iontu a bhí nua dáiríre. An bhfuil aon rud úrnua in “The Celtic World“ le John Waddell? Nó an stair eile atá ann, iontaofa is dea-scríofa, ach sin an méid? 140
Donncha ar Imeall an Domhain @kingdonncha1.bsky.social · 02/10/2026Uh, níos déine … an fliú féin ? Is féidir é. mFLUSIVA a fuair mé, instealladh déanta le Moderna a oibríonn le mRNA. Ba léir dom go raibh sé ag obair ionam inné! 010