Sign in

Conradh na Gaeilge

@cnagaeilge.bsky.social
578 followers 36 following 108 posts

Fóram daonlathach phobal na Gaeilge ó 1893 Democratic forum for the Irish Language Community since 1893 cnag.ie | Carthanas / Charity: RCN 20003869

PostsRepliesMedia
Reposted by Conradh na Gaeilge
Cathy Bennett @cathybennetttd.bsky.social · 01/07/2026
Delighted to attend #SEAS26 – Irish Language and Gaeltacht Advocacy Day. Fianna Fáil and Fine Gael need to provide more funding to increase the use of the Irish language 🇮🇪 @cnagaeilge.bsky.social
011
Conradh na Gaeilge @cnagaeilge.bsky.social · 18/06/2026
⭐ Seimineár an Tionóil 2026 ⭐ Saol na nOileán: Deiseanna & Dushláin 💥 🗣️Pádraig Ó Foghlú sa chathaoir 🗣️Mairéad Ní Fhatharta 🗣️Cathy Ní Ghoill 🗣️Máire Uí Mhaoláin 🗓️ 8pm - Aoine 26 Meitheamh 2026 📍 Halla Naomh Eoin Fáilte roimh chách 💚
011
Conradh na Gaeilge @cnagaeilge.bsky.social · 16/06/2026
“Le rófhada tá siad ag breathnú ar cheist an oideachais lán-Ghaeilge, mar a bhaineann le soláthar & scoileanna nua, trí lionsa an ghanntanais seachas mar rud atá costas-neodrach, nó mar infheistíocht i rud atá luachmhar.”- Bláthnaid Ní Ghréacháin, Gaeloideachas www.irishtimes.com/gaeilge/scea...
irishtimes.com
‘An chéad chéim i dtreo na reachtaíochta’
Tá sé á mholadh i dtuarascáil nua gur cheart dualgas reachtúil a bheith ann i leith an oideachais lán-Ghaeilge
000
Conradh na Gaeilge @cnagaeilge.bsky.social · 10/06/2026
🚨'Cáineann an tOllamh Ó Duibhir an Roinn Oideachais agus Óige as "buntáistí agus tairbhí an dátheangachais a shéanadh ar dhaltaí a dtugtar díolúine dóibh in ainneoin go n-aithnítear na buntáistí sin sna ciorcláin a eisíonn an Roinn".' www.rte.ie/news/nuacht/...
rte.ie
Méadú de 109% ar dhíolúintí ón nGaeilge in iar-bhunscoileanna
Léiríonn tuarascáil taighde nua go bhfuil an líon díolúintí ón nGaeilge a ceadaíodh do dhaltaí iar-bhunscoile méadaithe faoi dhó ó 2017.
020
Conradh na Gaeilge @cnagaeilge.bsky.social · 09/06/2026
“If this “disastrous” trend continues, by 2030 more than one in five (22.5 per cent) post-primary pupils will not be studying Irish, says Ó Duibhir.” "In Wales, Finland, Catalonia, Malta & Luxembourg, the study of regional and minority languages is regarded as a right and a duty,” said Ó Duibhir.”
irishtimes.com
Rise in Irish exemptions denies children part of their identity, report says
Spiralling exemptions are being driven by increased diagnosis of learning disabilities such as dyslexia, says report
111
Conradh na Gaeilge @cnagaeilge.bsky.social · 29/05/2026
Seó Bóthair🤝 Éire Aontaithe: Deis Chlaochlaitheach don Ghaeilge & don Ghaeltacht. 🎤 Áine Ní Bhreisleáin sa chathaoir 🎤 Róisín Nic Liam - Údar 🎤 Ciarán Mac Giolla Bhéin 🎤 Dónall Ó Cnáimhsí Beidh sé ar siúl Dé hAoine, 12 Meitheamh ag 7.30 sa Chrannóg i nGaoth Dobhair 📍 Fáilte roimh chách🔥
000
Conradh na Gaeilge @cnagaeilge.bsky.social · 29/05/2026
'Theip ar an Rialtas ceann de na deiseanna is suntasaí a thapú chun an Ghaeltacht a neartú agus a chosaint agus an Bille um Údarás na Gaeltachta os comhair na Dála ar an Déardaoin ag céim na tuarascála.' 🔗 tinyurl.com/yzc2ytfn
000
Conradh na Gaeilge @cnagaeilge.bsky.social · 27/05/2026
Comhghairdeas le Naoise Ó Cearúil atá ceaptha mar Chathaoirleach ar Choiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge.👏 Tá Conradh na Gaeilge ag súil go mór le bheith ag obair le Naoise agus leis an gCoiste. www.thejournal.ie/deatach-bhan...
thejournal.ie
Cathaoirleach roghnaithe do Choiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge
Tá deatach bán faoi dheireadh maidlr le roghnú chomharba Catherine Connolly i ról an Chathaoirligh ar an gComhchoiste OIreachtais don Ghaeilge, don nGaeltacht is do Phobal Labhartha na Gaeilge.
000
Conradh na Gaeilge @cnagaeilge.bsky.social · 27/05/2026
Beidh Bille @udarasnag.bsky.social os comhair na Dála anocht. Ceann de na leasuithe is tábhachtaí ná cumhacht breise don Údarás, go bhféadfaidís talamh a cheannach ar mhaithe le tithíocht, seirbhísí & áiseanna a sholáthar. Téigh i dteagmháil le do TD & iarr orthu tacú leis an leasú seo anocht👇
000
Conradh na Gaeilge @cnagaeilge.bsky.social · 26/05/2026
Tá géarghá le polasaí comhtháite ón luath-óige go dtí an 3ú leibhéal bunaithe ar an FTCE . Ní hamháin go dtiocfadh feabhas ar chaighdeán na Gaeilge sna scoileanna, ach chabhródh cur chuige leanúnach agus córasach le cumas na múinteoirí freisin.📈 tuairisc.ie/ta-formhor-m...
tuairisc.ie
Tá formhór múinteoirí bunscoile neamhliteartha sa Ghaeilge – Seanadóir
Dúirt an Seanadóir Joe Conway go raibh iarrachtaí ar bun an Ghaeilge a chur chun cinn i scoileanna ach nach fiú iad go dtí go n-aithneofar go bhfuil múinteoirí ag dul isteach i scoileanna nach bhfuil ...
021
Conradh na Gaeilge @cnagaeilge.bsky.social · 25/05/2026
1000 Gealltanas Logainmneacha faighte 🚀 Svaidhpeáil chun na gealltanais de réir contae a fheiceáil 👉 Sínigh an Gealltanas Logainmneacha inniu ag cnag.ie/athghaelu 💚 Le chéile, déanfaimid athghabháil ar na logainmneacha a goideadh uainn🔥
041
Conradh na Gaeilge @cnagaeilge.bsky.social · 21/05/2026
Tá sé ráite ag an Roinn Oideachais go dtógfar scoileanna nua in áiteanna a bhfuil éileamh orthu. Is iontach an rud é seo mar léirítear go soiléir cheana féin i suirbhéanna an t-éileamh ollmhór atá ar oideachas trí Ghaeilge 👇 Caithfidh an Stát tosú ag soláthar na scoileanna.
110
Conradh na Gaeilge @cnagaeilge.bsky.social · 21/05/2026
⚡️🔥An bhfuair TUSA do phacáiste ballraíochta go fóill?⚡️🔥 Cláraigh mar bhall de chuid Chonradh na Gaeilge inniu ag cnag.ie/nua💫 #glacpáirtsaghluaiseacht #gpsg
110
Conradh na Gaeilge @cnagaeilge.bsky.social · 21/05/2026
1/2 Deir 64% de dhaoine go bhfuil cothabháil na Gaeilge sa Ghaeltacht an-tábhachtach. Ach tá an ghéarchéim tithíochta ag brú cainteoirí Gaeilge amach ós na ceantracha Gaeltachta lá i ndiaidh lae. 😠
tuairisc.ie
Caomhnú na Gaeltachta an beartas teanga is mó a shíleann an pobal ‘an-tábhacht’ a bheith leis
De réir ‘An Suirbhé ar Dhearcthaí i Leith na Gaeilge 2025’, dúirt 64% go bhfuil ‘cothabháil na Gaeilge’ sa Ghaeltacht ‘an-tábhachtach’
100
Conradh na Gaeilge @cnagaeilge.bsky.social · 18/05/2026
Beidh fothoghchán i mBÁC Láir agus i nGaillimh Thiar Dé hAoine seo 🗳 Bhailaigh muid eolas ar sheasamh na n-iarrthóirí ar na héilimh Ghaeilge agus Gaeltachta a chuir muid chucu le cúpla seachtain anuas 👇 🔗Tuilleadh eolais ag cnag.ie/gaelvota26 Úsáid do #GAELVÓTA 💚
000
Conradh na Gaeilge @cnagaeilge.bsky.social · 18/05/2026
“Tá an córas ag teip ar bhreis & 60,000 dalta a bhfuil díolúine ó staidéar na Gaeilge acu. In ionad córas ionchuimsitheach a chur ar fáil a fhreastalaíonn ar chumas & ar chúinsí pearsanta na ndaltaí sin, tá an córas ag séanadh, ag seachaint & ag teip orthu” www.irishtimes.com/gaeilge/tuar...
irishtimes.com
‘An lúb is laige’
Cáineadh easpa tola agus easpa measa na Roinne Oideachais i dtaca le scolaíocht Ghaeilge ag cruinniú comhchoiste Déardaoin seo caite
053
Conradh na Gaeilge @cnagaeilge.bsky.social · 15/05/2026
"That is both outrageous and unacceptable and another illustration of the contempt that has been shown to both the Irish language and indeed previous High-Court rulings on this matter." 👇👇👇 www.belfastlive.co.uk/news/belfast...
belfastlive.co.uk
Irish language strategy delay "outrageous and unacceptable", say campaigners
Counsel for Conradh na Gaeilge contend the ongoing failure to implement a strategy cannot be justified, and that Mr Lyons is in breach of an obligation to put a strategy in place
010
Conradh na Gaeilge @cnagaeilge.bsky.social · 15/05/2026
Tá an 'Suirbhé Náisiúnta Bunscoile' lochtach & ní léiríonn sé an fíoréileamh atá ar oideachas trí mheán na Gaeilge. Léirigh suirbhéanna eile go roghnódh beagnach 50% de thuismitheoirí oideachas trí mheán na Gaeilge dá mbeadh sé ar fáil. Tá gníomh práinneach uainn😠 tuairisc.ie/taim-ag-crit...
tuairisc.ie
‘Táim ag crith le frustrachas’ – fearg i measc polaiteoirí faoin easpa dul chun cinn maidir le hoideachas lán-Ghaeilge
Dúradh ag cruinniú de choiste Oireachtais nach féidir freagra macánta a fháil ón Roinn Oideachais maidir leis na fadhbanna atá ann i dtaobh na teanga sa gcóras
010
Conradh na Gaeilge @cnagaeilge.bsky.social · 13/05/2026
Is toradh díreach ar easpa infheistíochta an ganntanas leanúnach aistritheoirí i dTithe an Oireachtais. Más mian leis an Stát aistritheoirí Gaeilge a earcú & a choinneáil, caithfear pá níos fearr, conairí gairme níos láidre agus acmhainní cuí a chinntiú. tuairisc.ie/a-laghad-ais...
tuairisc.ie
A laghad aistritheoirí Gaeilge ag Tithe an Oireachtais go bhfuil tús áite á thabhairt do na hachtanna is mó a fhaigheann ‘hits’
Deir Príomh-Aistritheoir Thithe an Oireachtais nach bhfuil ag éirí leis an stát dóthain daoine a bhfuil Gaeilge acu a chur ar fáil ‘chun obair an stáit a dhéanamh’
000
Conradh na Gaeilge @cnagaeilge.bsky.social · 13/05/2026
🔥“Is rud é seo atá á éileamh ag Conradh na Gaeilge le fada an lá,” dúirt an urlabhraí. “Cuirfidh an cinneadh seo ábhar TG4 ar fáil do lucht féachana níos leithne & cuirfidh sé leis an méadú atá tagtha ar lucht féachana an chainéil bliain i ndiaidh bliana.” www.thejournal.ie/ros-na-run-l...
thejournal.ie
Sobal TG4, Ros na Rún, ag leanúint sna sála ar House of Guinness le fotheidil as Gaeilge
Beidh deis ag lucht leanta Ros na Rún faire ar shobal dhráma rathúil TG4 le fotheidil as Gaeilge nó as Béarla agus deirtear go mbeidh an rogha sin á chur ar fáil ar chláracha eile amach anseo.
031
Conradh na Gaeilge @cnagaeilge.bsky.social · 11/05/2026
"Nonetheless, all over Ireland, parents who want to avail of Irish-language education for their children at preschool, primary school, and secondary school levels are being failed by the State. "🚨 www.irishtimes.com/life-style/p...
irishtimes.com
Parents who want Irish-language education for their children ‘are being failed by State’
Alan Esslemont, the author and former TG4 ard-stiúrthóir (director general), on agreeability, childhood memory and death being ‘an awfully big adventure’
020
Conradh na Gaeilge @cnagaeilge.bsky.social · 08/05/2026
"We find the remarks deeply disturbing and troubling. We would call on all elected representatives to immediately condemn those comments and distance themselves from this heinous anti-Irish outburst." - @cnagaeilge.bsky.social⚠️ 🗞️ irishnews.com/news/norther...
141
Conradh na Gaeilge @cnagaeilge.bsky.social · 08/05/2026
Tar ag obair linn!⁠ 💚 Comhordaitheoir Tionscadail x 2 le Foraois⁠ 🔍️ ⏲️ Spriocdháta: Dé Luain, 8 Meitheamh 2026⁠ 💡 Tuilleadh eolais: tinyurl.com/CNAGCTX2%E2%...
012
Conradh na Gaeilge @cnagaeilge.bsky.social · 07/05/2026
🚨NOCHTA: £92,000 caite ag Comhairle áitiúil ó thuaidh faoi striúir an DUP ar tháillí dlí le cur i gcoinne comhartha dátheangach i bPort an Dúnáin 🚨REVEALED: DUP-led Council spends £92,000 in legal fees in failed attempt to block Portadown dual-language street sign. tinyurl.com/2hd5b7ec
belfasttelegraph.co.uk
Council accused of ‘squandering’ £90k fighting Irish street sign in Portadown
A council has allegedly “squandered” more than £90,000 of tax-payers money in defending a legal battle to get bilingual street signage erected in Portadown’s nationalist Garvaghy Road area, it was cla...
000
Conradh na Gaeilge @cnagaeilge.bsky.social · 06/05/2026
"The Placenames Project flagged all of these issues directly with the Department for Communities in November 2025, over 6 months ago. Departmental mismanagement & ministerial negligence, (or worse), has led to this project essentially closing down.” 🗞️ irishnews.com/news/norther...
031
Reposted by Conradh na Gaeilge
Síobhra Aiken @siobhraaiken.bsky.social · 05/05/2026
Pribhléid iomlán a bhí ann a bheith i láthair ag seoladh thuairisc taighde Róisín Nic Liam, ‘Éire aontaithe: Deis chlaochlaitheach don Ghaeilge agus don Ghaeltacht’, in Ionad Séamus Heaney in Ollscoil na Banríona inniu. Is féidir an tuairisc a léamh ar shuíomh @cnagaeilge.bsky.social.
0122
Conradh na Gaeilge @cnagaeilge.bsky.social · 06/05/2026
“Is teip é gur gá dul i mbun agóidíochta ar rud ar bith a bhaineann leis an nGaeilge nó leis an nGaeltacht,” a dúirt sé. Dúirt sé go dtaispeánann stair ghluaiseacht na Gaelscolaíochta gur de thoradh “brú agus troid” a bunaíodh “nach mór gach uile scoil”. www.irishtimes.com/gaeilge/scea...
irishtimes.com
Tithíocht ‘an gad is gaire don scornach’
Tá Conradh na Gaeilge ag tarraingt aird na n-iarrthóirí sna fothoghcháin ar cheisteanna na Gaeilge agus na Gaeltachta
022
Conradh na Gaeilge @cnagaeilge.bsky.social · 01/05/2026
'Bhain cuid mhór de na nósanna timpeall ar Fhéile na Bealtaine le glanadh amach agus samhlaíodh Bealtaine mar thús nua do dhaoine agus deis don dúlra agus do dhaoine tosú as an nua arís.' 🌻🌱🌀 Lá Bealtaine faoi mhaise daoibh a chairde 🌸 www.rte.ie/gaeilge/2026...
rte.ie
Fires and Fairies: Féile na Bealtaine
Le tamall de bhlianta anuas, tá spéis mhór léirithe ag an bpobal sna Féilte Tine. Ar cheann acu, tá Féile na Bealtaine.
000
Conradh na Gaeilge @cnagaeilge.bsky.social · 01/05/2026
Tá tábhacht leis an nGaeilge i bhfothoghchán Gaillimh Thiar. Beidh na hiarrthóirí ag déanamh ionadaíochta ar cheantair Ghaeltachta ina bhfuil an Ghaeilge mar chuid den saol laethúil.Táimid i mbun teagmhála a dhéanamh leo ar fad faoi láthair faoi thábhacht na Gaelvóta✊ tuairisc.ie/fonn-ort-a-b...
tuairisc.ie
Fonn ort a bheith i do Theachta Dála do Ghaillimh Thiar? An bhfuil an Ghaeilge riachtanach?
Glactar leis go raibh baint ag ceist na Gaeilge le bua Catherine Connolly i dtoghchán na huachtaránachta ach an amhlaidh a bheidh san fhothoghchán chun a suíochán Dála a líonadh?
121
Conradh na Gaeilge @cnagaeilge.bsky.social · 27/04/2026
"Breis is 100 bliain ó gur bhaineadh saoirse amach ó dheas ar an oileán seo, nach náireach an rud é go bhfuil muid fós ag úsáid logainmneacha coilíneacha gan chiall go forleathan." ✊Sínigh an Gealltanas Logainmneacha anois - cnag.ie/athghaelu www.thejournal.ie/o-corcaigh-a...
thejournal.ie
Feachtas nua chun ath-shealbhú a dhéanamh ar bhunleaganacha ainmneacha bhailte na hÉireann
Tá iarrachtaí ar bun ainmneacha Ghaeilge chathracha is bailte móra na hÉireann a thabhairt ar ais in úsáid – agus tá aip ann freisin chun tacú leis an obair!
031
Conradh na Gaeilge @cnagaeilge.bsky.social · 24/04/2026
Guímid gach rath ar Sheán Ó Maoilchiaráin & é ceaptha mar Ambasadóir na Gaeilge ag @gaaofficial.bsky.social i mbliana 👏 Is iontach an rud é guth Gaeltachta a fheiceáil i ról chomh tábhachtach sin. Deis iontach don CLG an Ghaeilge a chur i gcroílár a ngníomhaíochtaí uile. tuairisc.ie/fear-arann-s...
tuairisc.ie
Fear Árann, Seán Ó Maoilchiaráin, ainmnithe ina Ambasadóir Gaeilge ag Cumann Lúthchleas Gael
Múinteoir Gaeilge i gColáiste Bhaile Chláir é peileadóir na Gaillimhe, Seán Ó Maoilchiaráin
000
Reposted by Conradh na Gaeilge
Ciara | Ciaraíoch 🎨 @ciaraioch.bsky.social · 17/04/2026
Stamp doodle logo for the @cnagaeilge.bsky.social AthGhaelú campaign "to encourage people to use Irish placenames instead of English placenames in all aspects of life." They've also created a Gealltanas Logainmneacha "to encourage individuals and groups to use Irish-only placenames" #SpéirGhorm
Stamp art of the new logo, showing Irish language names on a signpost with Reclaim Your Placename.
21349104
Conradh na Gaeilge @cnagaeilge.bsky.social · 17/04/2026
"..labhraíonn daoine ar an nGaeltacht mar áit a raibh siad ar saoire nó áit ar nós iarsmalann teanga, ach tá sé fíorthábhachtach go mbeadh an Ghaeltacht feicthe mar áit bheo & go bhfuil sé de cheart ag muintir na Gaeltachta na deiseanna & na seirbhísí céanna a bheith acu" tuairisc.ie/ga-an-caighd...
tuairisc.ie
Gá an caighdeán Gaeilge a theastaíonn don bhunmhúinteoireacht a ardú – Tánaiste nua Chonradh na Gaeilge
Dúirt Mairéad Ní Fhátharta chomh maith gur mhaith léi cabhrú le híomhá na Gaeltachta a chur chun cinn mar ‘áit bheo” seachas ‘iarsmalann teanga’
020
Conradh na Gaeilge @cnagaeilge.bsky.social · 17/04/2026
Goideadh uainn ár logainmneacha, níor tháinig deireadh leis an gcoilíneachas riamh. Le hAthGhaelú, déanaimid athshealbhú orthu. Iarrann AthGhaelú ar dhaoine, pobail & eagraíochtaí logainmneacha Gaeilge a úsáid in ionad cinn Bhéarla. Sínigh an Gealltanas Logainmneacha anois ag cnag.ie/athghaelu ✊
0106
Conradh na Gaeilge @cnagaeilge.bsky.social · 14/04/2026
90% ceadaithe ach cé mhéad iarratasóir sa Ghaeltacht a chuir stop leis an bpróiseas sula ndearna siad iarratas fiú?🤔 Cé mhéad a tharraing siar mar gheall ar bhacanna, srianta, nó easpa polasaí soiléir do chainteoirí Gaeilge? Tá géarghá le níos mó a dhéanamh. tuairisc.ie/cead-pleanal...
tuairisc.ie
Cead pleanála tugtha do bheagnach 90% d’iarratais chun teach a thógáil sa nGaeltacht ó 2024
Léiríonn figiúirí, atá curtha ar fáil ag Roinn na Gaeltachta do Tuairisc, go n-éiríonn le formhór mór na n-iarratas pleanála tithíochta a dhéantar sa nGaeltacht
011
Reposted by Conradh na Gaeilge
Craobh Bhaile an Chinneidigh @craobhntmk.bsky.social · 11/04/2026
Ciorcal Comhrá An Chéad Ghlúin Eile (Aois 20-35) Buail le cainteoirí Gaeilge eile de gach saghas leibhéal. Gach Sathairn ag 12pm. Catalyst Coffee, Baile an Chinnéidigh A63 PC90 Chun tuilleadh eolas a fháil téigh is dteagmháil linn ag ciorcalcomhrantmk@gmail.com
112
Conradh na Gaeilge @cnagaeilge.bsky.social · 31/03/2026
Tá an talamh ann ✅Tá an t-éileamh ann ✅Ach fós féin níl tithíocht inacmhainne á tógáil i nGaeltacht Chonamara ❌ Caithfidh Comhairle Contae na Gaillimhe & @irishwater.bsky.social gníomhú go práinneach chun tithe a sholáthar do chainteoirí Gaeilge agus todhchaí phobail na nGaeltachtaí a chosaint.
100
Conradh na Gaeilge @cnagaeilge.bsky.social · 31/03/2026
Bhí an deis againn bualadh le Rapóirtéir na Náisiún Aontaithe, Nicolas Levrat, mí Eanáir sa Bhruiséil chun saincheisteanna práinneacha mionlaigh an AE a ardú. Impímid ar an AE, nuair atá an tuarascáil iomlán críochnaithe, gníomhú ar a mholtaí & cosaint cheart a chinntiú do theangacha mionlaigh.
110
Reposted by Conradh na Gaeilge
Áine Ní Bhreisleáin @aineeibhlin.bsky.social · 25/03/2026
Mór-alt liom inniu ar bhánú na Gaeltachta i Seachtain @independent.ie le agallaimh le príomhoide scoile, oifigigh pleanála teanga, grúpaí pobail sna Déise agus Tír Chonaill @cnagaeilge.bsky.social m.independent.ie/seachtain/se...
m.independent.ie
Bánú na Gaeltachta: Mura bhfuil tithe ag an aos óg, an mairfidh na ceantair?
“Gaeltacht gan tithíocht, Gaeltacht gan todhchaí” an scairt ón scaifte taobh amuigh de s na Dála ag tús mhí an Mhárta, ag grúpa a chruinnigh d’agóid faoin ghéarchéim thithíochta Ghaeltachta.
031
Reposted by Conradh na Gaeilge
Seachtain na Gaeilge @snagaeilge.bsky.social · 22/01/2026
"Tháinig ardú anuraidh ar líon na ndaoine a fhéachann ar TG4, an cúigiú bliain as a chéile ar éirigh leis an stáisiún níos mó daoine a mhealladh." Tá athbheochan na teanga le feiceáil i ngach áit! 💜 tuairisc.ie/ardu-ar-luch...
tuairisc.ie
Ardú ar lucht féachana TG4 don chúigiú bliain as a chéile
Ba é 2025 an tríú bliain as a chéile ar mheall TG4 níos mó ná 2% den lucht féachana
022
Conradh na Gaeilge @cnagaeilge.bsky.social · 22/01/2026
“D’fhéadfadh dalta atá ag déanamh scrúdú na hArdteistiméireachta i mbliana suas le 43 pointe CAO a chailleadh i gcomparáid leo siúd in 2027, in ainneoin an iarracht chéanna a dhéanamh. Tá sé sin éagórach amach is amach agus d’fhéadfadh tionchar mór a bheith aige ar a ndeiseanna san ardoideachas,”
100
Conradh na Gaeilge @cnagaeilge.bsky.social · 16/10/2025
Léiríonn tuairim an tAire Oideachais easpa tuisceana & tacaíochta don Ghaelscolaíocht sa Chlár & sa tír. Thit líon na ndaltaí ag freastail ar Ghaelscoileanna i rith tréimhse an Rialtais deireanach. An dtarlóidh amhlaidh faoin Rialtas nua? Tá am d'uaillmhian fós a Aire tuairisc.ie/dul-amu-ar-a...
tuairisc.ie
‘Dul amú’ ar an aire oideachais nach bhfuil aon ghá le Gaelcholáiste do chontae an Chláir
Deir an tAire Oideachais nach bhfuil aon phlean aici féin ná a roinn Gaelcholáiste neamhspleách a bhunú i gcontae an Chláir agus gur leor don chontae an t-aonad Gaeilge i scoil in Inis
010
Conradh na Gaeilge @cnagaeilge.bsky.social · 16/10/2025
🚆'Léiríonn suirbhé ar níos mó ná 7,100 duine go dtacaíonn an pobal go láidir le húsáid na Gaeilge ar thraenacha. ' ⭐️'Creideann os cionn 70% go bhfuil sé tábhachtach nó an-tábhachtach an Ghaeilge a labhairt ar sheirbhísí iarnróid.' www.rte.ie/gaeilge/2025...
rte.ie
Gaeilge agus Fáilte ar Iarnród Éireann
Cuirfear tús le feachtas ar thraenacha de chuid Iarnród Éireann ina gcaithfidh an fhoireann an fáinne le go dtuigfidh siad go bhfuil Gaeilge nó cúpla focal ar a dtoil acu, i bhfianaise suirbhé a léiri...
010
Conradh na Gaeilge @cnagaeilge.bsky.social · 13/10/2025
I ráiteas ó Chonradh na Gaeilge deirtear gur ‘pointe tosaigh suntasach & dearfach’ é Buiséad 2026 don Ghaeilge & don Ghaeltacht, ‘& léiríonn sé dea-thoradh don fheachtasaíocht leanúnach & aontaithe atá ar bun ag pobal na Gaeilge & na Gaeltachta le bliain anuas’. www.irishtimes.com/gaeilge/tuar...
irishtimes.com
Buiséad Chinnín Óir
Méadú ar mhaoiniú na Gaeilge i mBuiséad 2026 - ach níos lú ná mar a éilíodh
010
Reposted by Conradh na Gaeilge
Síobhra Aiken @siobhraaiken.bsky.social · 10/10/2025
An-phlé aréir in Ionad an Phiarsaigh ar thionchar ghluaiseacht na Gaeilge @cnagaeilge.bsky.social ar Éirí Amach 1916 leis na staraithe @patrickjmahone1.bsky.social agus Aindrias Ó Cathasaigh. Go leor ábhar fíorshuimiúil le fáil anois i gCartlann CnaG i nGaillimh @uniofgalway.bsky.social.
083
Reposted by Conradh na Gaeilge
TG4 @tg4.bsky.social · 07/10/2025
💚 Tá TG4 ar mhuin na muice 💚 “TG4 has secured a €5.4 million uplift. A 9% increase that brings the Irish-language broadcaster’s total state funding next year to €65.4 million. Director-General Deirdre Ní Choistín welcomed the decision.” www.broadbandtvnews.com/2025/10/07/t...
broadbandtvnews.com
TG4 receives budget boost
TG4 has secured a €5.4 million uplift in its 2026 exchequer grant following Tuesday’s Budget, a 9% increase that brings the Irish-language broadcaster’s total state funding next year to €65.4 milli…
1417
Conradh na Gaeilge @cnagaeilge.bsky.social · 08/10/2025
Tá Cartlann Chonradh na Gaeilge ag eagrú ‘Idir Peann & Poblacht’ - oíche ag comóradh na gConraitheoirí a raibh ról lárnach acu in Éirí Amach 1916 & ag céiliúradh ról lárnach Chonradh na Gaeilge in aistear an neamhspleáchais. 📅Amárach ⏲️20:00 📍Ionad an Phiarsaigh, BÁC Fáilte roimh chách!
133
Conradh na Gaeilge @cnagaeilge.bsky.social · 03/10/2025
Cúis mhór bhróin go bhfuil Manchán Magan ar shlí na fírinne. Ceannródaí fíor ar son na Gaeilge ab ea Manchán, & fágann a shaothar mar scríbhneoir, craoltóir & feachtasóir oidhreacht bhuan ina dhiaidh. Gabhann Conradh na Gaeilge comhbhrón ó chroí lena mhuintir go léir. Laoch ar lár 💚
0191
Conradh na Gaeilge @cnagaeilge.bsky.social · 02/10/2025
Ba chóir go mbeadh díospóireacht Gaeilge don Uachtaránacht ann. Ní hamháin gur ceist cothroime atá anseo, ach ceist aitheantais don phobal Gaeilge freisin. Iarraimid ar @TG4TV athbhreithniú a dhéanamh ar a chinneadh chun freastal ar phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta. tuairisc.ie/bru-a-chur-a...
tuairisc.ie
Brú á chur ar TG4 díospóireacht uachtaránachta a reáchtáil
Mhaígh Sinn Féin i go bhfuil TG4 ag ‘seasamh siar ó pháirc na polaitíochta’ agus gur cheart ‘ateangaireacht bheo’ a úsáid chun díospóireacht a reáchtáil idir na hiarrthóirí
022
Conradh na Gaeilge @cnagaeilge.bsky.social · 02/10/2025
Pointí maithe déanta leis an Roinn ag an gComhchoiste Oireachtais. Ba chóir dóibh gníomhú anois. Tá gá le samhail in Éirinn bunaithe ar mhúnla an Coleg Cymraeg Cenedlaethol sa Bhreatain Bheag, a d’oibreodh le hinstitiúidí 3ú leibhéal chun cúrsaí Gaeilge a chur chun cinn. tuairisc.ie/is-leir-gur-...
tuairisc.ie
‘Is léir gur cuma leis an Roinn’ – cáineadh déanta ar easpa cúrsaí trí Ghaeilge ag an tríú leibhéal
Dúradh ag cruinniú i dTeach Laighean inné nach bhfuil ‘faic’ déanta ag an Roinn Ardoideachais chun tacú le comhlíonadh sprioc earcaíochta an stáit i leith na Gaeilge
000