Oisín Mac Giolla Dhaltúin @oisinmac.bsky.social · 15/06/2026Feicfidh mé an Satharn beag seo sibh, a chlann! Túsphointe: Coirnéal Uí Anluain Am: 13:00, Dé Sathairn 20/06/26 Fad: 90 nóiméad Turas treoraithe lán-Ghaeilge trí stair Ghaelach rúnda Bhóthar na gCloch. 131
Oisín Mac Giolla Dhaltúin @oisinmac.bsky.social · 08/02/2026A chairde, Cé is moite de Ráth Chairn, Baile Ghib, Baile Ailín, agus Cill Bhríde/An tInbhear Mór, an bhfuil aon eolas ag duine ar bith agaibh ar na coilíneachtaí Gaeltachta eile a bhunaigh Coimisiún na Talún in oirthear na tíre? 222
Oisín Mac Giolla Dhaltúin @oisinmac.bsky.social · 31/01/2026Ar tháinig mé ar amhrán ó aimsir an Ghorta mar gheall ar dhaoine ag caitheamh raithní i mBéal Feirste? Proto-Kneecap 🤔 041
Oisín Mac Giolla Dhaltúin @oisinmac.bsky.social · 20/01/2026Dar leis an athbhreithniú ar na 10 limistéir pleanála teanga a foilsíodh inné, tháinig méadú suntasach ar líon na gcainteoirí laethúla GA i 9 gcinn de na LPTanna idir 2016, 2022, ach tá sé seo ag tíocht salach ar thorthaí an daonáirimh agus níl aon tagairt ann dos na figiúirí úd. Cá bhfuarthas iad? 270
Oisín Mac Giolla Dhaltúin @oisinmac.bsky.social · 05/01/2026Bhain mé an-taitneamh go deo as an leabhairín seo. Sár-phíosa litríochta é gan agó. Táim cinnte go mbeidh caint air fós sna blianta fada amach romhainn agus daoine ag déanamh plé ar na leabhra is fearr den 21ú haois. Nár laga Dia thú @darachoscolai.bsky.social 160
Oisín Mac Giolla Dhaltúin @oisinmac.bsky.social · 01/01/2026Scríobhas alt mar gheall ar oíche stairiúil i gcinniúint an Hip Hap Ghaelaigh a thit amach sa gCeannchathair Ibeirní le linn féile @imramfeile.bsky.social 2025. Cúirt filíochta do chleachtóirí an chomhardaidh cathrach chomhaimseartha, tá ré an Hip Hap Ghaelaigh buailte linn. nos.ie/cultur/ceol/...nos.ieAn oíche is mó sa Hip Hap Gaelach... go dtí seo - NÓSGrianghraf le Jeaic Mag Fhinn. Is dóigh go raibh ceithre nó cúig bliana déag slánaithe agam nuair a scríobhas véarsa rapcheoil i nGaeilge den chéad uair, rud a fhágann go bhfuilim ag plé le véarsaíoch... 171
Oisín Mac Giolla Dhaltúin @oisinmac.bsky.social · 13/09/2025An ann d'aon phodchraoladh Gaeilge do leanaí? 232
Oisín Mac Giolla Dhaltúin @oisinmac.bsky.social · 28/05/2025", cé a bheidh"? Is léir gur meaisínaistriúchán ón mBéarla ", who will be" é seo. Céard atá ag tarlú leis an Údarás? An ea gur scríobh ChatGPT an bunfhógra seo i mBéarla agus gur úsáideadh Google translate lena iompú go Gaeilge? 152
Reposted by Oisín Mac Giolla DhaltúinCraobh Chonradh na Gaeilge B.Á.C. 7 @craobhbhac7.bsky.social · 09/04/2025Bígí linn an Satharn seo! Scaipigí an scéal le bur dtoil. #gaeilge #foghlaimgaeilge 184
Oisín Mac Giolla Dhaltúin @oisinmac.bsky.social · 19/01/2025An maireann aon taifead fuaime de Ghaeilge An Chladaigh, i gcathair na Gaillimhe? 010
Oisín Mac Giolla Dhaltúin @oisinmac.bsky.social · 18/01/2025Is ann do "Teach an Chustaim", "Teach an Ard-Mhéara" agus na tithe tábhairne "Teach na Céibhe" agus "Teach Neilí Rua" i lárchathair Bhleá Cliath. An bhfuil cúis ar leith ann go n-úsáidtear "Teach" in ionad "Tigh" i mBÁC, ar nós na n-Ultach? 000
Oisín Mac Giolla Dhaltúin @oisinmac.bsky.social · 16/01/2025Cuidiú uaim! Táim ag breathnú ar fhíseán de chuid Chnuasach Bhéaloideas Éireann ina bhfuil "Pádraig Ó Luinigh" as áit éicint i Maigh Eo ar a dtugtar "Léana an Mhianaigh" ag aithris dáin, ach ní féidir liom áit ar bith leis an logainm sin a aimsiú. Cá bhfuil sé? @logainm.bsky.social 100
Oisín Mac Giolla Dhaltúin @oisinmac.bsky.social · 11/01/2025An ann d'aistriúchán Gaeilge ar an "Epic of Gilgamesh"? Eipic Ghilgemeis, nó a leithéid, abair? 120
Oisín Mac Giolla Dhaltúin @oisinmac.bsky.social · 17/12/2024Céard a d'ith an canablach dá dhinnéar? Cos cos #seanjócnua #jócdaid 3132
Reposted by Oisín Mac Giolla DhaltúinTòmas MacAilpein @macailpein.bsky.social · 05/12/2024Rudaí a d'fhoghlaim mé faoi Shéamas Ó Conghaile ag seoladh leabhair Chonor McCabe i nGlaschú aréir: Bhí an Conghaileach líofa in Iodáilise (ar thug sé leis ó oibrithe Iodálacha i Meiriceá), agus is dócha go léadh sé nuachtáin Fhraincise. 283
Reposted by Oisín Mac Giolla DhaltúinOsgur Ó Ciardha @osgurociardha.bsky.social · 01/12/2024Go dtí go n-úsáideann na "Gaeil", a toghadh inné, an Ghaeilge mar theanga feidhmiúil go rialta/go príomha sa Dáil, go dtí go seasann siad le pobal na Gaeltachta ⁊ na Gaeilge - nílim ró-thógtha lena gcuid plámás ar RnaG/TG4.media.tenor.coma woman wearing a leopard print hooded scarf says that don 't impress me muchALT: a woman wearing a leopard print hooded scarf says that don 't impress me much 1172
Oisín Mac Giolla Dhaltúin @oisinmac.bsky.social · 01/12/2024Tuige nach dtéann Bus Bhleá Cliath chomh fada le Nás na Ríogh, na Solláin, an Chill, Baile Eoin, ná Claonadh? 101
Oisín Mac Giolla Dhaltúin @oisinmac.bsky.social · 21/11/2024A shaoithe agus a shaineolaithe na spéire goirme, an bhfios daoibh má bhí Gaeilge ag Pádraig Sáirséal/Patrick Sarsfield agus más ann d'aon fhianaise ina leith sin? 112