Oisín Mac Giolla Dhaltúin @oisinmac.bsky.social · 21/06/2026Míle fáilte romhat! Táim sásta gur bhainis taitneamh as! Grmma as an ardmholadh 🤌 020
Oisín Mac Giolla Dhaltúin @oisinmac.bsky.social · 15/06/2026Feicfidh mé an Satharn beag seo sibh, a chlann! Túsphointe: Coirnéal Uí Anluain Am: 13:00, Dé Sathairn 20/06/26 Fad: 90 nóiméad Turas treoraithe lán-Ghaeilge trí stair Ghaelach rúnda Bhóthar na gCloch. 131
Oisín Mac Giolla Dhaltúin @oisinmac.bsky.social · 08/02/2026Is mór an peaca é nár scríobhadh stair chuimsitheach na gcoilíneachtaí go sea, agus nach furasta a thíocht ar chartlann Choimisiún na Talún fiú 111
Oisín Mac Giolla Dhaltúin @oisinmac.bsky.social · 08/02/2026Chuala mé trácht air álraidht. Dúradh go ndeachaigh gaolta, nó comharsanaí leis na daoine ó Chorca Dhuibhne a thug aghaidh ar an Inbhear Mór go dtí Ráth Bhile, ach níor thuigeas gur ghabháltas de chuid Choimisiún na Talún é. Muintir Iarthar Dhuibhneach amháin a lonnaíodh ann, ab ea? 100
Oisín Mac Giolla Dhaltúin @oisinmac.bsky.social · 08/02/2026A chairde, Cé is moite de Ráth Chairn, Baile Ghib, Baile Ailín, agus Cill Bhríde/An tInbhear Mór, an bhfuil aon eolas ag duine ar bith agaibh ar na coilíneachtaí Gaeltachta eile a bhunaigh Coimisiún na Talún in oirthear na tíre? 222
Oisín Mac Giolla Dhaltúin @oisinmac.bsky.social · 31/01/2026Ar tháinig mé ar amhrán ó aimsir an Ghorta mar gheall ar dhaoine ag caitheamh raithní i mBéal Feirste? Proto-Kneecap 🤔 041
Oisín Mac Giolla Dhaltúin @oisinmac.bsky.social · 26/01/2026Bhí a fhios agam go raibh cleasaíocht éicint ar siúl, é sin, nó botún mór millteach, ach ceachtar bealach tá sé craiceáilte gur úsáideadh na figiúirí úd. Cuireann sé amhras orm faoi chuile shórt eile ann. 000
Oisín Mac Giolla Dhaltúin @oisinmac.bsky.social · 20/01/2026GRMA! Tá cuma níos cruinne ar na huimhreacha ansin, agus is mór idir an liosta sin agus an ceann sa tuarascáil. Titim 21% i Maigh Eo Thuaidh idir 2016 - 2022 dar leis sin, ach ardú 3.42% dar leis an tuarascáil, mar shampla. Difríocht nach mór 25%, is mór an difríocht é! 110
Oisín Mac Giolla Dhaltúin @oisinmac.bsky.social · 20/01/2026Dar leis an athbhreithniú ar na 10 limistéir pleanála teanga a foilsíodh inné, tháinig méadú suntasach ar líon na gcainteoirí laethúla GA i 9 gcinn de na LPTanna idir 2016, 2022, ach tá sé seo ag tíocht salach ar thorthaí an daonáirimh agus níl aon tagairt ann dos na figiúirí úd. Cá bhfuarthas iad? 270
Oisín Mac Giolla Dhaltúin @oisinmac.bsky.social · 14/01/2026Is maith sin agus is breá liom an leabharlann, ach níor éirigh liom seirbhís trí Ghaeilge a fháil ann riamh! Tugadh neamhaird ar r-phost Gaeilge a sheolas chugaibh freisin. D'fhág mé glórtheachtaireacht i nGaeilge ar bhur nguthán tráth, agus fuaireas glao i nGaeilge mar fhreagra air, áfach. 040
Oisín Mac Giolla Dhaltúin @oisinmac.bsky.social · 05/01/2026Thar cionn uilig, cén méid cóipeanna a bhí sa gcéad chló? Beidh orm bogadh ar aghaidh (nó siar, is dóigh) chuig 'Súil an Daill' anois. 030
Oisín Mac Giolla Dhaltúin @oisinmac.bsky.social · 05/01/2026Bhain mé an-taitneamh go deo as an leabhairín seo. Sár-phíosa litríochta é gan agó. Táim cinnte go mbeidh caint air fós sna blianta fada amach romhainn agus daoine ag déanamh plé ar na leabhra is fearr den 21ú haois. Nár laga Dia thú @darachoscolai.bsky.social 160
Oisín Mac Giolla Dhaltúin @oisinmac.bsky.social · 01/01/2026Grmma, a chomrádaí! Ba é, gan dabht, nára fada uainn an chéad cheann eile! 010
Oisín Mac Giolla Dhaltúin @oisinmac.bsky.social · 01/01/2026Scríobhas alt mar gheall ar oíche stairiúil i gcinniúint an Hip Hap Ghaelaigh a thit amach sa gCeannchathair Ibeirní le linn féile @imramfeile.bsky.social 2025. Cúirt filíochta do chleachtóirí an chomhardaidh cathrach chomhaimseartha, tá ré an Hip Hap Ghaelaigh buailte linn. nos.ie/cultur/ceol/...nos.ieAn oíche is mó sa Hip Hap Gaelach... go dtí seo - NÓSGrianghraf le Jeaic Mag Fhinn. Is dóigh go raibh ceithre nó cúig bliana déag slánaithe agam nuair a scríobhas véarsa rapcheoil i nGaeilge den chéad uair, rud a fhágann go bhfuilim ag plé le véarsaíoch... 171
Oisín Mac Giolla Dhaltúin @oisinmac.bsky.social · 13/09/2025Rinne mé dearmad glan air an méid sin. Grma! 110
Oisín Mac Giolla Dhaltúin @oisinmac.bsky.social · 13/09/2025Thar cionn, grmma! Bainfimid triail astu ar aon chaoi. Is cinnte gur feiliúnaí iadsan ná na gnáthchláracha do dhaoine fásta ar RnaG lena raibh sí ag éisteacht go nuige seo! 110
Oisín Mac Giolla Dhaltúin @oisinmac.bsky.social · 13/09/2025An ann d'aon phodchraoladh Gaeilge do leanaí? 232
Oisín Mac Giolla Dhaltúin @oisinmac.bsky.social · 28/05/2025", cé a bheidh"? Is léir gur meaisínaistriúchán ón mBéarla ", who will be" é seo. Céard atá ag tarlú leis an Údarás? An ea gur scríobh ChatGPT an bunfhógra seo i mBéarla agus gur úsáideadh Google translate lena iompú go Gaeilge? 152
Oisín Mac Giolla Dhaltúin @oisinmac.bsky.social · 26/05/2025Níor léigh mé Tairngreacht fós, ach bhain mé an-sult as Rún an Bhonnáin. Bhraith mé gurbh amhail le Da Vinci Code Gaelach é, agus taitníonn sé liom i gcónaí áiteacha/imeachtaí a bhfuil taithí agam féin orthu, fearacht Chlub an Chonartha agus an Oireachtais, a fheiceáil ar leathanaigh úrscéil! 030
Oisín Mac Giolla Dhaltúin @oisinmac.bsky.social · 19/05/2025Bíonn ciall níos leithne le "le chéile" agus ciall níos sonraí le "lena chéile", go hiondúil, áfach, cosúil leis an difríocht idir "together" agus "with each other" sa mBéarla. 010
Oisín Mac Giolla Dhaltúin @oisinmac.bsky.social · 19/05/20252 ar lean) Mar shampla, is ionann "thug sé DOM é" sa nGaeilge agus "he gave it TO me" sa mBéarla, ach "dúirt sé LIOM é" sa nGaeilge agus "he said it TO me" chomh maith, cé gur ionann "liom" agus "with me". Moladh ginearálta don chainteoir Béarla a bhí san idirdhealú thuas. 110
Oisín Mac Giolla Dhaltúin @oisinmac.bsky.social · 19/05/2025Dhá rud a déarfainn faoi sin: 1) Tá 115 sampla de "in iomaíocht le chéile" agus 248 sampla de "in iomaíocht lena chéile" ar corpas.ie. 2) Ní cóid chomhchosúla a bhíonn i dteangacha, go háirithe cinn nach bhfuil thar a bheith gaolmhar lena chéile fearacht na Gaeilge agus an Bhéarla.corpas.ieCorpas Náisiúnta na GaeilgeGaeilge ár linne in 100 milliún focal. 110
Oisín Mac Giolla Dhaltúin @oisinmac.bsky.social · 19/05/2025Is é an fhadhb a bheadh agam le teanga neamhfhorleathan, ná go measfainn go mbeadh sórt impleachta ann gur teanga réigiúnach í, seachas teanga náisiúnta, nó idirnáisiúnta go deimhin, ó cheart í, a mionlaíodh i gcaitheamh na mblianta 031
Oisín Mac Giolla Dhaltúin @oisinmac.bsky.social · 19/05/2025Le chéile = together Lena chéile = with each other. Mar shampla: Chuadar ann le chéile agus iad ag caint lena chéile feadh an ama. 160
Oisín Mac Giolla Dhaltúin @oisinmac.bsky.social · 19/05/2025Teanga mhionlaithe, a mholfainn féin, óir teanga a bhíodh forleathan, ach a mionlaíodh d'aon turas í an Ghaeilge 040
Oisín Mac Giolla Dhaltúin @oisinmac.bsky.social · 13/04/2025Ach is mar v a fhuaimnítear é, dar le foghraíocht na Gaeilge. Is minic a chloistear wótáil (vótáil) agus wóta (vóta) thiar, chuala mé trácht ar na wolunteers faoi cheannas Liam Uí Maoilíosa fiú. Ba mhinic wery in ionad very, agus mar sin de, sna cuntais is túisce ar Bhéarla na hÉireann freisin 241
Reposted by Oisín Mac Giolla DhaltúinCraobh Chonradh na Gaeilge B.Á.C. 7 @craobhbhac7.bsky.social · 09/04/2025Bígí linn an Satharn seo! Scaipigí an scéal le bur dtoil. #gaeilge #foghlaimgaeilge 184
Oisín Mac Giolla Dhaltúin @oisinmac.bsky.social · 20/02/2025Tá ag sárú orm aon bhlúire eolais a aimsiú faoi ar Google, ná go deimhin aon rian de ar shuíomh na leabharlainne. An bhfuil aon nasc ábhartha agat? 100
Oisín Mac Giolla Dhaltúin @oisinmac.bsky.social · 20/02/2025Níor chuala mé trácht ar Dhuineall, céard é féin? Is breá an áit í an Leabharlann Náisiúnta le cúpla uair a chloig a mheilt, ach cúpla uair shaor a bheith ag duine, gan dabht! Diabhal Gaeilge ar bith ag duine ar bith ag obair ann i mo thaithíse, áfach. 100
Oisín Mac Giolla Dhaltúin @oisinmac.bsky.social · 20/02/2025Is cosúil gur féidir é a léamh sa Leabharlann Náisiúnta, ach áirithint á dhéanamh breis is seachtain roimh ré. catalogue.nli.ie/Record/vtls0...catalogue.nli.ieHoldings: Manannán / 100
Oisín Mac Giolla Dhaltúin @oisinmac.bsky.social · 19/02/2025Grma! Táim ag súil go mór leis an leagan deiridh a fheiceáil! 010
Oisín Mac Giolla Dhaltúin @oisinmac.bsky.social · 19/02/2025Agallóir raidió a rugadh is a tógadh áit éicint eile, ach a bhí ag obair, nó ag cur faoi sa gceantar sin, ab ea? 100
Oisín Mac Giolla Dhaltúin @oisinmac.bsky.social · 19/02/2025Bheadh ciall leis sin, go háirithe agus tréith chanúnach a bhaineann le deisceart Chonamara ag gabháil leis, ach tá Ráth Chairn breis is 30km siar ón bpointe sin 🤔 110
Oisín Mac Giolla Dhaltúin @oisinmac.bsky.social · 19/02/2025Céard é an pointe buí díreach lastuaidh de Bhleá Cliath? Níor cheap mé go ndearnadh aon taifead fuaime ar chanúint dhúchais na Mí. 200
Oisín Mac Giolla Dhaltúin @oisinmac.bsky.social · 21/01/2025Ba mhaith an seans go gcuirfeadh sé lagmhisneach ort. B'fhearr rud éicint nua aimseartha a léamh ar dtús agus tíocht ar ais go Cré na Cille i gceann cúpla bliain eile. Bíonn go leor léirmheasanna cabhracha á ndéanamh ag @murchadhmor.bsky.social 250
Oisín Mac Giolla Dhaltúin @oisinmac.bsky.social · 21/01/2025Ní mholfainn Cré na Cille mura bhfuil Gaeilge an-mhaith agat. Is iontach an leabhar é, ach tá sé breac le téarmaí agus nathanna canúnacha neamhchoitianta ó Chois Fharraige an chéid seo caite, chomh maith le litriú canúnach. Ba dheacair an leabhair é do chainteoirí dúchais an lae inniu agus 140
Oisín Mac Giolla Dhaltúin @oisinmac.bsky.social · 19/01/2025An maireann aon taifead fuaime de Ghaeilge An Chladaigh, i gcathair na Gaillimhe? 010
Oisín Mac Giolla Dhaltúin @oisinmac.bsky.social · 18/01/2025Spéisiúil, go deimhin. B’fhéidir é, tionchar na bhfoclóirí seans, nó b'fhéidir go mbaineann "madraí an bhaile" le ceantar ar leith? 220
Oisín Mac Giolla Dhaltúin @oisinmac.bsky.social · 18/01/2025Aisteach go leor, ní dóigh liom gur chuala mé an leagan sin in úsáid riamh, ach ba mhinic a chuala mé "madraí na sráide", áfach. 120
Oisín Mac Giolla Dhaltúin @oisinmac.bsky.social · 18/01/2025Is ann do "Teach an Chustaim", "Teach an Ard-Mhéara" agus na tithe tábhairne "Teach na Céibhe" agus "Teach Neilí Rua" i lárchathair Bhleá Cliath. An bhfuil cúis ar leith ann go n-úsáidtear "Teach" in ionad "Tigh" i mBÁC, ar nós na n-Ultach? 000
Oisín Mac Giolla Dhaltúin @oisinmac.bsky.social · 16/01/2025Míle buíochas 🙏 Bhí mé a cheapadh gurbh i gceantair Iorrais a bhead sé, ach sháraigh orm oiread is toradh amháin a aimsiú ar Ghoogle nuair a rinne mé cuardach air! 110
Oisín Mac Giolla Dhaltúin @oisinmac.bsky.social · 16/01/2025Cuidiú uaim! Táim ag breathnú ar fhíseán de chuid Chnuasach Bhéaloideas Éireann ina bhfuil "Pádraig Ó Luinigh" as áit éicint i Maigh Eo ar a dtugtar "Léana an Mhianaigh" ag aithris dáin, ach ní féidir liom áit ar bith leis an logainm sin a aimsiú. Cá bhfuil sé? @logainm.bsky.social 100
Oisín Mac Giolla Dhaltúin @oisinmac.bsky.social · 12/01/2025Á, tuigim anois, eisean a rinne an t-aistriúchán Béarla thuasmholta. Meastú an mbeadh spéis ag duine ar bith ag @barzazie.bsky.social ina leithéid de thionscadal 🤔 010
Oisín Mac Giolla Dhaltúin @oisinmac.bsky.social · 12/01/2025An bhfuil an Ghaeilge ar a thoil aige? 100