Sign in

Hanna Ní Lochnáin

@nilochnain.bsky.social
648 followers 242 following 1.4K posts

Ciarraíoch i mBaile Átha Cliath. Táim anso don nGaelainn.

PostsRepliesMedia
Hanna Ní Lochnáin @nilochnain.bsky.social · 06/10/2026
Comhghairdeas a Mhaitiú - ⁊ fad saol agus sonas agat le do pháirtí! (D'éisteas leis An Pod Gaeilge aréir).
120
Hanna Ní Lochnáin @nilochnain.bsky.social · 02/10/2026
Tá an ceart agat. Ar chúis éigin sna 70idí, thugamar droim láimhe don eolas tógála a bailíodh thar na céadta. Thógamar tithe as blocaí ⁊ plaisteach, gan ruainne ínsliú iontu ⁊ chuireamar an teocht ar siúl an t-am ar fad. Tháinig deireadh leis sin leis an ghéarchéim ola.
020
Hanna Ní Lochnáin @nilochnain.bsky.social · 02/10/2026
Naomh Aengus, Ah Bheart, Liam McCormick 1967St. Jacques de la Lande, Rennes, Alvarez Siza, 2018.Church of the Light, Japan, Tadao Ando 1989.Séipéal an Athmhuintearais, Beirlín, Rudolf Reitermann & Peter Sassenroth, 1999.
110
Hanna Ní Lochnáin @nilochnain.bsky.social · 02/10/2026
Le hailtireacht an 20ú aois, cinnte tá foirgnimh ann - séipéil san áireamh - nach bhfuil thar moladh beirte ach tá ana chuid, i stíl chomhaimseartha,atá go hiontach ar fad!
310
Hanna Ní Lochnáin @nilochnain.bsky.social · 02/10/2026
Ní aontaím libh in aon chor! An mbeadh sibh ag súil leis an stíl chéanna i leabhar scríofa sa 20ú aois ⁊ leabhar ón mheánaois? An bhfuil maitheas ar bith le péintéireacht an 20ú aois nó ar chóir d'ealaíontóirí aithris a dhéanamh ar stíl barócach, nó stíl na hathbheocana?
200
Hanna Ní Lochnáin @nilochnain.bsky.social · 01/10/2026
"Bean an tí magarlach bíonn sí liobarnach". Agus mé fillte thar nais aige baile - agus ag mo chlann mac - tréis cúpla lá i gCiarraí, tuigim an nath sin go rímhaith! Alt deas! Treise le @fachtna.bsky.social
020
Hanna Ní Lochnáin @nilochnain.bsky.social · 01/10/2026
Tar éis na stoirme.
Bogha báistí i gCiarraí.
081
Hanna Ní Lochnáin @nilochnain.bsky.social · 29/09/2026
Cuma blasta air!
010
Hanna Ní Lochnáin @nilochnain.bsky.social · 29/09/2026
Porto?
100
Hanna Ní Lochnáin @nilochnain.bsky.social · 26/09/2026
*treoir
000
Hanna Ní Lochnáin @nilochnain.bsky.social · 26/09/2026
Ní saineolaí mé, ná baol air, ach seo an treo a thugas do scoláirí na hArdteiste ⁊ iad ag prapáil don scrúdú béil i mbliana.
140
Hanna Ní Lochnáin @nilochnain.bsky.social · 26/09/2026
Alt deas. GRMA as é a roinnt. Bhí páirt nach beag ag an Eaglais ag tús an 20ú aois tacaíocht a thabhairt d'ealíontóirí.
001
Hanna Ní Lochnáin @nilochnain.bsky.social · 25/09/2026
Ana-phic!
100
Hanna Ní Lochnáin @nilochnain.bsky.social · 25/09/2026
Jóc an lae thall! @osgurociardha.bsky.social
Íomhá ón sean-fhógra mar gheall ar tracker mortgages ach deir an fear "Níl a fhios agam cad is brí le Coimisiún na Meán".
060
Hanna Ní Lochnáin @nilochnain.bsky.social · 25/09/2026
D'oibrigh Richard King le Harry Clarke agus bhí sé i gceannas ar an stúideó tar éis bháis Clarke. Ní hionadh mar sin gur don gloine dhaite is mó atá cáil air - ach rinne sé roinnt mhaith péintéireacht ⁊ líníocht chomh maith. Táim claonta ach is í an fhuinneog i nDún Géagáin an ceann is ansa liom.
Naomh Mícheál. Séipéal Naomh Mícheál, Dún Géagáin, Uíbh Ráthach.Naomh Bríd (ceapaim!). Séipéal Naomh Peadar ⁊ Pól, Baile Átha Luain.An Mhaighdean Mhuire. Séipéal Muire Gan Smál, An Fhaill Mhór, Uíbh Ráthach.
130
Hanna Ní Lochnáin @nilochnain.bsky.social · 24/09/2026
Bhuel, is dócha ná raibh an t-Aire chun glacadh le aon leasú ar an mBille ⁊ mar sin bhí air argóintí gan dealramh a thabhairt don Dáil, beag beann ar cé chomh seafóideach a mbeadh sé - ó iar-Aire na Gaeltachta! - a leithéid a rá.
011
Hanna Ní Lochnáin @nilochnain.bsky.social · 22/09/2026
Can fén gceann seo!
110
Hanna Ní Lochnáin @nilochnain.bsky.social · 22/09/2026
Cén alt??
100
Hanna Ní Lochnáin @nilochnain.bsky.social · 20/09/2026
Go raibh maith agat as "liopasta".
040
Hanna Ní Lochnáin @nilochnain.bsky.social · 18/09/2026
Ó. Cheapaim gur mhol Iarla Mac Aodha Bhuí an blag sin dúinn tamall ó shin. Cé an scríbhneoir n'fheadar?
000
Hanna Ní Lochnáin @nilochnain.bsky.social · 18/09/2026
Agus Fraincis i dtír amháin agus Spáinnis sa tír eile.
100
Hanna Ní Lochnáin @nilochnain.bsky.social · 17/09/2026
Chonac an clár seo mar gheall ar Háítí ⁊ an Phoblacht Dhoiminiceach cúpla seachtain ó shin. Ní raibh stair na dtíortha seo ar eolas agam in aon chor. Clár thar a bheith spéisiúil. - www.tg4.ie/ga/search/se...
tg4.ie
Seinnteoir | Irish Television Channel, Súil Eile
130
Hanna Ní Lochnáin @nilochnain.bsky.social · 17/09/2026
Cé acu is mó - ladhar, glac nó dorn??
120
Hanna Ní Lochnáin @nilochnain.bsky.social · 17/09/2026
Mór an trua nár smaoinigh muintir Bhailiúchán na Scol go mbeadh an méid chéanna tábhachta ag baint le hoidis ⁊ le scéalta fé púcaí ⁊ eachtraí diamhra.
220
Hanna Ní Lochnáin @nilochnain.bsky.social · 17/09/2026
An raibh an leabhar san ag do mháthair (nó máthair críonna?!) ar scoil? Aon oideas deas ná beadh againn ná laethanta seo istigh ann?
220
Hanna Ní Lochnáin @nilochnain.bsky.social · 09/09/2026
Bhíos ag léimh mar gheall ar an tionscadal san le déanaí. Ba bhreá liom dul ann!
020
Hanna Ní Lochnáin @nilochnain.bsky.social · 09/09/2026
Is maith liom a pheannaireacht! Breithlá sona dhuit!
030
Reposted by Hanna Ní Lochnáin
an duine deas @duinedeas.bsky.social · 09/09/2026
TIOCFAIDH ÁR SPRIOCDHÁTA
011
Hanna Ní Lochnáin @nilochnain.bsky.social · 09/09/2026
🙄 N'fheadar an bhfuil fianaise ag "Taoiseach Na Tíre Seo" ar an dea-thioncar ar an nGaelainn mar thoradh ar an rialtas a bheith "solúbtha" agus "oscailte"......
021
Hanna Ní Lochnáin @nilochnain.bsky.social · 08/09/2026
😆 Samhlaím gur tháinig an jóc san chugat an tseachtain seo caite ach bhí tú ag feitheamh ar lá an bhruscair chun é a insint dúinn!
160
Hanna Ní Lochnáin @nilochnain.bsky.social · 07/09/2026
Cuma deas éadrom ar an mbád san!
011
Hanna Ní Lochnáin @nilochnain.bsky.social · 07/09/2026
Ba cheart dom a shoiléiriú leis nach raibh smaoineamh riamh ag Jim O'Callaghan go rabhas ar aon intinn leis faoi.
010
Hanna Ní Lochnáin @nilochnain.bsky.social · 07/09/2026
Ba cheart go mbeadh rogha ag an iarrthóir - Gaelainn nó Béarla. Ach, ní ritheann sé leothu go m'fhéidir go bhfuil imircigh ann ⁊ an Ghaelainn níos fearr acu ná an Béarla - táid ann! Agus, is dócha go mbeadh gá le daoine le Gaelainn a earcú don meastóireacht ⁊ ní bheadh san ar a gcumas!
130
Hanna Ní Lochnáin @nilochnain.bsky.social · 04/09/2026
Caithfidh mé filleadh ar an mBéal Bocht anois go dtuigim cuid dosna jócanna. B'in an chéad leabhar Gaelainn a léas timpeall 35 bliain ó shin le mo Gaeilge Scoile!
020
Hanna Ní Lochnáin @nilochnain.bsky.social · 04/09/2026
Tá dhá léamh ar an abairt sin!
000
Hanna Ní Lochnáin @nilochnain.bsky.social · 04/09/2026
Táimid ag iarraidh a thaispeáint gur peacaigh iad na mná chomh maith!
230
Hanna Ní Lochnáin @nilochnain.bsky.social · 03/09/2026
Bhuel is dócha go bhfuil sens ann go bhfuil duine eile ar an liosta feithimh - ach Grma! Ar bhainis taitneamh as? An mbeinn in ann don gcanúint / jócanna na Gaillimhe??
100
Hanna Ní Lochnáin @nilochnain.bsky.social · 01/09/2026
Caithfidh mé a adhmháil leis ná bíonn mórán Gaelainne á labhairt acu lena gcomhdhaltaí taobh amuigh den seomra ranga. Dá mbeadh, bheadh caighdeán níos airde acu. Ach, fiú i ngaelcholáiste, dealraíonn sé ná fuil sé cool Gaelainn a labhairt le do chairde. 😪
010
Hanna Ní Lochnáin @nilochnain.bsky.social · 01/09/2026
Tá bearna ann cinnte. Tá mo bheirt féin ag freastal ar ghaelcholáiste agus, an t-aon uair gur éirigh liom iad a sheoladh chuig coláiste samhraidh, bhíodar ag gearán go raibh na haon rud ró-shimplí dhóibh. Ach, ní bheadh an caighdeán Gaelainne acu agus a mbeadh ag déagóir Ghaeltachta.
120
Hanna Ní Lochnáin @nilochnain.bsky.social · 01/09/2026
Bhíos leath ag magadh - ach níl mórán ionadh orm go bhfuil ann dó! Déarfainn féin "i bhfad Éireann" ó am go h-am, ach ní "fada Éireann".
010
Hanna Ní Lochnáin @nilochnain.bsky.social · 01/09/2026
Nach fada Éireann?? (Tá i bhfad Éireann ann tar éis an tsaoil....)
110
Hanna Ní Lochnáin @nilochnain.bsky.social · 30/08/2026
Ça se mange sans faim!
100
Hanna Ní Lochnáin @nilochnain.bsky.social · 30/08/2026
Grma! Sa Fhrainc, nuair a deireann leanbh "níl ocras orm" chun bia a sheachaint, deireann an tuismitheoir "níl ocras de dhíth chun é sin a ithe!"
100
Hanna Ní Lochnáin @nilochnain.bsky.social · 29/08/2026
Bainfead triail as - go raibh maith agaibh.
030
Hanna Ní Lochnáin @nilochnain.bsky.social · 29/08/2026
Níos fearr ná TFI Live? Léas alt mar gheall ar Go Éire leis. N'fheadar cé acu is fearr?
200
Hanna Ní Lochnáin @nilochnain.bsky.social · 27/08/2026
Is mór an trua iad. Deirtear go bhfuil truailliú ós na soilse i mBÁC ag cur isteach ar Eryri anois. 😣
111
Hanna Ní Lochnáin @nilochnain.bsky.social · 25/08/2026
Bheadh suim agamsa insan liosta san! A mhalairt atá á phlé thall - duine a thug cuairt ar an Gailearaí Náisiúnta chun freastal ar an dturas trí Ghaelainn ⁊ ní raibh a fhios ag an fhoireann ann go raibh sé fiú beartaithe acu go mbeadh a leithéid ar siúl!
120
Hanna Ní Lochnáin @nilochnain.bsky.social · 25/08/2026
Tá sé seo spéisiúil @cathal.bsky.social @fintan-galway.bsky.social
Mír ó Cogar le "Lisa with the Fringe". D'Éireann sí go mbeidh sí ag léachtóireacht sa Roinn Cheoil i gColáiste na Tríonóide ⁊ go dtabhfaidh sí rogha dá mic léinn a gcuid aistí a scríobh i nGaelaínn más maith leo.
1110
Hanna Ní Lochnáin @nilochnain.bsky.social · 24/08/2026
Tá sé go hálainn!
010
Hanna Ní Lochnáin @nilochnain.bsky.social · 23/08/2026
Go hiontach! Ní bheidh orm Foirisiún Focal as Gaillimh a cheadú mar sin!
010