Hanna Ní Lochnáin @nilochnain.bsky.social · 14h🥳🥳 🥳 Ach cím go bhfuil níos mó ama chun é a bhailiú ag Béarlóirí 🧐 010 0
Hanna Ní Lochnáin @nilochnain.bsky.social · 13/10/2026Ach, chuas thar nais go dtí suíomh na leabharlainne ⁊ chuireas an leabhar in áirithint arís. AGUS, b'fhéidir go mbeidh an t-ádh liom i gceann cúpla lá! Tá súil agam nach mbead róthuirseach len é a léamh tar éis na heipice seo ar fad! Ceapaim go mbeidh deoch láidir de dhíth! 130 0
Hanna Ní Lochnáin @nilochnain.bsky.social · 13/10/2026Uasdátú #2: Tháinig m'ordú ó Chló Iar Chonnacht inniubh (seirbhís iontach!). Ach, mo léan #2! Caithfidh gur dheineas praiseach den ordú mar 'sé an leagan Béarla a tháinig ⁊ chím ar an suíomh go bhfuil an bun leagan Gaelainne as stoc! 😥 (ní ionadh, nuair atá sé as cló). 210 0
Hanna Ní Lochnáin @nilochnain.bsky.social · 26/09/2026Ní saineolaí mé, ná baol air, ach seo an treo a thugas do scoláirí na hArdteiste ⁊ iad ag prapáil don scrúdú béil i mbliana. 140 0
Hanna Ní Lochnáin @nilochnain.bsky.social · 25/09/2026Jóc an lae thall! @osgurociardha.bsky.social 070 0
Hanna Ní Lochnáin @nilochnain.bsky.social · 25/09/2026D'oibrigh Richard King le Harry Clarke agus bhí sé i gceannas ar an stúideó tar éis bháis Clarke. Ní hionadh mar sin gur don gloine dhaite is mó atá cáil air - ach rinne sé roinnt mhaith péintéireacht ⁊ líníocht chomh maith. Táim claonta ach is í an fhuinneog i nDún Géagáin an ceann is ansa liom. 131 0
Hanna Ní Lochnáin @nilochnain.bsky.social · 25/08/2026Tá sé seo spéisiúil @cathal.bsky.social @fintan-galway.bsky.social 1100 0
Hanna Ní Lochnáin @nilochnain.bsky.social · 18/08/2026Bhí tuairim agam go mbeadh sé i "Cnuasach Focal Ó Uíbh Ráthach" ⁊ bhí an ceart agam! 120 0
Hanna Ní Lochnáin @nilochnain.bsky.social · 18/08/2026Lazer's Hill a mbíodh air sa 18ú chéad - ón ngalar ar ndóigh. Leopardstown chomh maith- "Lepers' Town" an t-ainm i ndáiríre. 010 0
Hanna Ní Lochnáin @nilochnain.bsky.social · 12/08/2026An scéal is déanaí: bhí an t-ádh linn!! Grianghraf: mo neacht (12bl d'aois). 060 0
Hanna Ní Lochnáin @nilochnain.bsky.social · 12/08/2026Má tánn tú fós sa dúthaigh amáireach..... 110 0
Hanna Ní Lochnáin @nilochnain.bsky.social · 12/08/2026Ní bheidh aon urú in Uíbh Ráthach. Ceobhrán go cluasa annso 🌧 130 0
Hanna Ní Lochnáin @nilochnain.bsky.social · 06/08/2026Stop atá againne aige baile (sa Ghaeltacht). Ach tá leath-chuimhne agam go mbíodh STAD ann fadó. 030 0
Hanna Ní Lochnáin @nilochnain.bsky.social · 27/06/2026An láthair oibre inné. Ubh Druide agus í tréigthe anois faraor de dheasca an obair tógála atá á déanamh. 050 0
Hanna Ní Lochnáin @nilochnain.bsky.social · 25/06/2026Bá na Scealg inné agus na Cruacha Gorma sa chúlra! 040 0
Hanna Ní Lochnáin @nilochnain.bsky.social · 18/06/2026An láthair oibre inniu. Foirgneamh tréigthe agus tá nead fáinleoige istigh ann. Bhí an tuismitheoir seo ag feitheamh ar an scafall fad is a bhíomar istigh. Ní bheidh aon obair ag tosnú roimis an fómhar! 080 0
Hanna Ní Lochnáin @nilochnain.bsky.social · 15/06/2026Ò Bread 41, Sráid an Phiarsaigh - blasta! 040 0
Hanna Ní Lochnáin @nilochnain.bsky.social · 13/06/2026Is dócha gur theastaigh uathu "Meallann beathú do cholúir míolra." a rá. Agus canathaobh an chamóg?? 350 0
Hanna Ní Lochnáin @nilochnain.bsky.social · 05/06/2026Cúpla sean- comhartha eile ón "Inchicore Works". 030 0
Hanna Ní Lochnáin @nilochnain.bsky.social · 04/06/2026Alt breá a Aonghuis. Treise leat. An bhfuil an leabhar so léite agat? 100 0
Hanna Ní Lochnáin @nilochnain.bsky.social · 03/06/2026Ag bun an chairn agam! - léitheoireacht an tsamhraidh! Tá "The Last Colony" mar gheall ar na hoileáin Chagos léite agam leis. 110 0
Hanna Ní Lochnáin @nilochnain.bsky.social · 03/06/2026An bhfuil na teorainneacha ar logainm.ie le trust? Ceapaim go bhfuil siad cruinn don gcuid is mó in Uíbh Ráthach. 130 0
Hanna Ní Lochnáin @nilochnain.bsky.social · 23/05/2026Seo mar atá againn i mo chlann héinig. Déanta ag mo mháthair mar bhronntanas Nollag dá clann iníon blianta ó shin. N'fheadar faoin oideas ar lch. 21!! 140 0
Hanna Ní Lochnáin @nilochnain.bsky.social · 22/05/2026Cím go mbeidh rogha san aip. Táid ar an Spéirghorm leis. 010 0
Hanna Ní Lochnáin @nilochnain.bsky.social · 18/05/2026Má chuireann an "bia" sin cantal ort, cad faoin píotsa seo! 140 0
Hanna Ní Lochnáin @nilochnain.bsky.social · 14/05/2026An ceart agat. Seo mar atá sna Gairdín iad féin. De réir mar a thuigimse, is ó tús an 20ú aois na comharthaí glasa mar seo. 020 0
Hanna Ní Lochnáin @nilochnain.bsky.social · 13/05/2026Tá a fhios agat go bhfuil tú (sách) Gaelaithe nuair a mbíonn ort an leagan Gaelainne d'fhocal a fheiscint chun an leagan Béarla a thuiscint i gceart! Benedict = Beannacht - ar ndóigh!! Comhartha deas DAS - an seana-cheann é n'fheadar? 593 0
Hanna Ní Lochnáin @nilochnain.bsky.social · 05/05/2026Moladh eile agam don gComhairle Cathrach inniubh. An póstaer seo - go hiomlán i nGaelainn. Ná deas é? 171 0
Hanna Ní Lochnáin @nilochnain.bsky.social · 05/05/2026An ceann seo atá á léamh agam fé láthair. Ana-insint ar scéal tragóideach. 130 0
Hanna Ní Lochnáin @nilochnain.bsky.social · 23/04/2026Tá na póstaeir tagtha. Bhí an boc seo os mo chomhair amach ar maidin nuair a d'oscailíos na cuirtíní! 120 0
Hanna Ní Lochnáin @nilochnain.bsky.social · 22/04/2026Úps - bhí an teaghlach mícheart agam do 1911. Seo an ceann ceart is dóigh liom. Ach, aisteach go leor, níl na haosanna i gceart do chuid dosna leanaí i gcomparáid le 1901 ⁊ deirtear ná fuil léamh ag na tuismitheoirí, ach bhí i 1901. 100 0
Hanna Ní Lochnáin @nilochnain.bsky.social · 22/04/2026Muintir Crean ón daonáireamh 1901 ⁊ 1911. Deinim amach go raibh Gaelainn acu. Ach is dócha gur fhág Tom Crean an baile ag aos 15 ⁊ do chaith sé nach mór 30 bliain thar lear.... 201 0
Hanna Ní Lochnáin @nilochnain.bsky.social · 20/04/2026Bhí Séamus Delargy i mBaile an Sceilg oíche an daonáireamh 1926. 030 0
Hanna Ní Lochnáin @nilochnain.bsky.social · 16/04/2026An t-am san den bhliain aríst. Ar an 12.04 anuraidh a chrochas pictiúr mar seo. 020 0
Hanna Ní Lochnáin @nilochnain.bsky.social · 01/04/2026Grma. Ní raibh "Céadaoin an Bhraith" agam. Níor thuigeas riamh canathaobh gur tugadh "Spy Wednesday" air sa Bhéarla. Ach anois chím go gciallaíonn braith "spy" AGUS "betray"! 020 0
Hanna Ní Lochnáin @nilochnain.bsky.social · 03/02/2026Mar a tharlaíonn go minic le ráitis ón earnáil phoiblí. Caithfear dul i dtuilleamaí an leagan Béarla chun a chinntiú gur thuigis an teachtaireacht i gceart. 3110 0
Hanna Ní Lochnáin @nilochnain.bsky.social · 27/01/2026An é seo crúibín cait? Ní thuigim i gceart conas é a dhéanamh.... 360 0
Hanna Ní Lochnáin @nilochnain.bsky.social · 21/01/2026DAS, bhaineas taitneamh as an tsraith seo ar Netflix (nuair a bhínn ag tógaint sos ó Shaothar an Athar Peadar a léamh...). 120 0
Hanna Ní Lochnáin @nilochnain.bsky.social · 31/12/2025D'úsáideas Hiiker inniu. Dheineas amach mo bhealach féin ⁊ bhí hiiker go hiontach don réamh-phleanáil (fad, méad ama srl.). Tá na léarscáil ana-mhaith agus suas chun dáta. 151 0
Hanna Ní Lochnáin @nilochnain.bsky.social · 25/12/2025Nollaig mhór mhaith agaibh uilig! Go raibh maith agaibh as an gcaint le linn na bliana! 1130 0
Hanna Ní Lochnáin @nilochnain.bsky.social · 17/12/2025Sin é measaim. ⁊ an cheann seo faoi Catherine Connolly - daoine ag gearán fén bpolaitíocht go ginearálta. 100 0
Hanna Ní Lochnáin @nilochnain.bsky.social · 17/12/2025Ní ró-mhinic a léim The Journal ach anois ⁊ ailt Ghaelainne ann caithim súil air babhtaí. Rud atá spéisiúil ná an difir idir an méid clíbeanba/tráchtaí ar alt Gaelainne ⁊ an leagan Béarla den alt céanna. 120 0