Bhí fear as Inis Meáin ag caint ar Iris Aniar le déanaí. Cóilis atá acu in áit gabáiste, Bagún & cóilis.
Éisteoir as Árainn an lá dár gcionn is an seanfhocal seo aige:
Fear gan eolas a thiúrfadh cóilis ar ghabáiste.
Is dóigh gur seanfhocal an-áitiúil é sin nach bhfuil sna leabharthaí arsa mise...