Sign in

Úna Bhreathnach

@unaeb.bsky.social
1.1K followers 971 following 483 posts

Léachtóir i Fiontar & Scoil na Gaeilge, DCU. Ag obair ar Gaois, Téarma, Logainm, Ainm, Corpas Náisiúnta na Gaeilge, Canúint, agus Dúchas. Stuif eile freisin. Mo thuairimí féin!

PostsRepliesMedia
Úna Bhreathnach @unaeb.bsky.social · 09/08/2026
Toraigh, a leithéid d'áit.
Ag breathnú thar loch i dtreo an Baile Thoir, Toraigh.
081
Úna Bhreathnach @unaeb.bsky.social · 15/07/2026
Beidh Ceardlann 'Logainmneacha agus an Éiceolaíocht sa Chomhthéacs Eorpach' á reáchtáil ag Gaois i gcomhar leis an mBrainse Logainmneacha Déardaoin seo chugainn, an 23 Iúil. Tá áthas orainn go mbeidh an tAire Dara Calleary linn leis an lá a chur sa tsiúil agus leis an gcrann seo a chur dúinn.
110
Úna Bhreathnach @unaeb.bsky.social · 02/06/2026
Ruathar rothaíochta cois Canála, cois na Dothra, agus chuig an Músaem Náisiúnta Cló ar maidin. Is mór an sásamh na cosáin nua rothar a bheith á bhforbairt agus bheith in ann gasúir a thabhairt amach go réasúnta sábháilte.
081
Úna Bhreathnach @unaeb.bsky.social · 11/05/2026
Beidh Ceardlann Logainmneacha á reáchtáil againn @dublincityuni.bsky.social ar an Déadaoin 23 Iúil: 'Logainmneacha agus an Éiceolaíocht sa Chomhthéacs Eorpach'. Cainteanna den scoth 🔽 Fáilte roimh chách, ar ndóigh. www.eventbrite.ie/e/ceardlann-...
Cainteanna deimhnithe / Confirmed talks:

Robert Headland (Cambridge University): 'Irish Toponyms in the Antarctic'
Abigail Lloyd (University of Nottingham): 'Life before keeping the waters at bay'
Margaret McCaul, Ronan Doherty (DCU): 'Assessing Hydrological Signals in Irish Placenames'
Conchubhar Ó Crualaoich (Brainse Logainmneacha): 'Placenames and floods: a red flag for planners'
Aengus Finnegan (UL): 'Fishery names on the Shannon at Athlone'
Dean Markey (TCD): 'An Éiceolaíocht i Logainmníocht Iarthuaisceart Bhréifne'
Frances Kane, Gráinne Ní Ghilín (QUB): 'Éiceolaíocht agus an tAistritheoir Logainmneacha: Eolas ar an Chomhshaol i Sráidainmneacha a Thabhairt Linn'
Pól Mac Cana: 'Téarmaíocht na héiceolaíochta ‘ar an talamh’ inniu. An bhfuil sí socraithe?'
Michal Boleslav Měchura (DCU): 'Between a map and a gazetteer: the user experience of toponymic websites'
Liam Mac Mathúna: 'Stability and transience in the natural and built environments of the Dublin area: some placename evidence'
Jake King (Ainmean-Àite na h-Alba): 'Coilltean Caillte Project: Scottish place-names that denote woodland coverage'
153
Úna Bhreathnach @unaeb.bsky.social · 08/05/2026
Tá muid (Andrea Palandri & Deirdre Ní Chonghaile go háirithe) ag obair le hábhar fuaime as @ria.ie (Doegen), @ucc.ie agus @dias.ie a chur le Canúint chomh maith le @rte.ie. Íomhá 🔽 de na barúntachtaí uile, le taifeadtaí den chanúint dúchais, a bheidh ann. Leagan nua ag teacht faoi Shamhain.
léarscáil den tír le spota do gach taifead a bheas  ar Canuint.ie faoi Shamhain. léarscáil den tír le lógó do gach taifead a bheas  ar Canuint.ie faoi Shamhain.
4205
Úna Bhreathnach @unaeb.bsky.social · 19/04/2026
Sa mbaile arís tar éis turas cúpla seachtain timpeall na Seapáine. Is iontach an dream iad. Anseo atá mé ar chupán.
0100
Úna Bhreathnach @unaeb.bsky.social · 26/03/2026
An-deas fáilte ar ais a chur roimh @dirkvanbryn.bsky.social, iar-mhac léinn le @fsg-dcu.bsky.social & iar-thaighdeoir Gaois, le caint linn faoi Fhoclóir @forasnagaeilge.bsky.social. Téarmeolaithe muide anseo - baineadh as ár gcleachtadh muid ag obair ar iontrálacha foclóireachta! #ointeolaíochtaí
Derek Ó Briain ag labhairt le mic léinn agus le foireann Fiontar & Scoil na Gaeilge mar gheall ar an bhfoclóireacht.
1124
Úna Bhreathnach @unaeb.bsky.social · 10/03/2026
An-deas fáilte a chur roimh iris nua filíochta, An Dearcán, ar Champas na Naomh Uile anocht. Comhghairdeachas le @laoighseach.bsky.social agus leis na filí a chnuasaigh si chuici!
0111
Úna Bhreathnach @unaeb.bsky.social · 10/03/2026
Tá sceitimíní orainn anseo in @fsg-dcu.bsky.social póstaer de logainmneacha na hÉireann a fheiceáil san @irishtimes.com inniu. Bíonn neart eile le feiceáil ar chuntas @logainm.bsky.social! #SnaG26 #Gaeilge
Póstaer 'Logainmneacha na hÉireann: na focail choitianta'Clúdach an Irish Times, 10.03.26
0216
Úna Bhreathnach @unaeb.bsky.social · 16/02/2026
Más mall, is mithid: rúin na hathbliana ó Gaois. www.gaois.ie/ga/blog/ruin...
171
Úna Bhreathnach @unaeb.bsky.social · 28/01/2026
Bíonn muid i gcónaí ag caint faoin aimsir. Seo iad na focla is coitianta i réamhaisnéisí aimsire @tg4.bsky.social sa Chorpas Náisiúnta, bunaithe ar 333 clár aimsire agus 111,647 focal. Buíochas le @momeachair.bsky.social a thiomsaigh. #Corpas_ie #Gaeilge
2165
Úna Bhreathnach @unaeb.bsky.social · 15/01/2026
Agus 100 bliain de chraoltóireacht á cheiliúradh ag @rte.ie, féach ar an gcaoi a ndeirtear 'raidió' i seantaifeadtaí ó 1958 i leith, ar Thaisce Chanúintí na Gaeilge. www.canuint.ie/ga/cuardach?...
1178
Úna Bhreathnach @unaeb.bsky.social · 24/12/2025
Dán Nollag le m'athair ar thosach an Irish Times ar maidin. (Agus a leabhar le foilsiú ag @darachoscolai.bsky.social go luath)
0142
Úna Bhreathnach @unaeb.bsky.social · 10/12/2025
Comhghairdeachas le foireann an Fhoclóra @forasnagaeilge.bsky.social as ócáid seolta den scoth in EPIC aréir, agus as acmhainn snasta nua aonteangach a chur inár lámha. Tá céim mhór chun cinn tógtha.
0123
Úna Bhreathnach @unaeb.bsky.social · 09/12/2025
"Píosa trealaimh ina bhfuil píosa d'éadach láidir a bhíonn á choinneáil teann ag spriongaí i bhfráma, a léimeann tú suas agus anuas air mar chaitheamh aimsire nó mar spórt" ...agus a iompaítear bunoscionn i bhfad rómhinic! #Stoirm #FoclóirNua
041
Úna Bhreathnach @unaeb.bsky.social · 05/12/2025
Comhghairdeachas ó chroí le @orlaithniici.bsky.social ar éirigh thar barr léi ina viva ar maidin. Pléann a tráchtas le ról imeallach na mban i mbeathaisnéisí na Gaeilge - agus an fáth gur mná iad díreach 10% (!) de bheathaí Ainm.ie. Athróidh an figiúr sin chun feabhais, a bhuí lena cuidse oibre.
1124
Úna Bhreathnach @unaeb.bsky.social · 11/11/2025
Meastú an mbeidh ardú mór i stats úsáide Téarma.ie leis an Uachtaránacht nua? (Stats.gaois.ie)
1111
Úna Bhreathnach @unaeb.bsky.social · 07/11/2025
An-spéisiúil anseo i gCorcaigh. An bhfuil a fhios againn cén chaoi a raibh cúrsaí roimh 1500, nó go deimhin tar éis 1830?
191
Úna Bhreathnach @unaeb.bsky.social · 01/11/2025
Dhá chaint againn ag #OnaS25 ar ball beag. Fáilte roimh chách!
031
Úna Bhreathnach @unaeb.bsky.social · 30/10/2025
Sop in áit na gruaige
Dealbh de cheann chailín agus sopanna ina cuid gruaige
1163
Úna Bhreathnach @unaeb.bsky.social · 21/10/2025
Chonaic mé cúpla deacracht leis seo Fintan ach socraithe anois measaim.
140
Úna Bhreathnach @unaeb.bsky.social · 17/10/2025
Baineadh an-gheit asam nuair a chonaic mé é seo seachtain nó dhó ó shin. Ach má bhíonn an t-Oireachtas ceart go leor ainneoin gach bagairt, beidh cúpla ócáid ag tionscadail Gaois ann. >>
2133
Úna Bhreathnach @unaeb.bsky.social · 13/10/2025
🎓Déan PhD le Gaois🎓 🎓Taighde ar ghné den obair againn - logainmíocht, an aimneolaíocht, taighde téarmeolaíochta, corpais, canúintí, béaloideas, teicneolaíochtaí teanga 🎓Stipinn €25k 🎓Beidh tú páirteach i bhforbairt na dtionscadal 🎓Iarratas faoin 30 Samhain 🎓Eolas: www.gaois.ie/ga/blog/dha-...
Samplaí de thaighde PhD

Logainm: Taighde a dhéanamh ar thacar mionlogainmneacha i gceantar ar leith, agus foirmeacha stairiúla na logainmneacha sin a rianú siar trí cháipéisí stairiúla agus ceartfhoirmeacha Gaeilge a mholadh más cuí; déanfar na torthaí a fhoilsiú ar Meitheal Logainm. Féach tráchtas Aindí Mac Giolla Chomhghaill (2024) agus tráchtas Justin Ó Gliasáin (2022).
Logainm: Staidéar comparáideach a dhéanamh ar chatagóir logainm ar leith e.g. ainmneacha aibhneacha, ainmneacha sléibhte. Corpas cuimsitheach de na logainmneacha sin a chur le chéile agus anailís a dhéanamh ar chursaí dáileacháin, pátrúin teangeolaíochta, stór focal etc. Leas a bhaint as bogearraí úrscothacha mapála agus físiú sonraí chun na torthaí taighde a chur i láthair.
Corpas: Sainchorpas nua a fhorbairt, as ábhar Comhar mar shampla, agus taighde a bhunú air. Féach tráchtas Katie Ní Loingsigh (2016).
Corpas: Taighde nua teangeolaíochta a bhunú ar Chorpas Náisiúnta na Gaeilge, e.g. iniúchadh a dhéanamh ar ghnéithe den Ghaeilge atá ag athrú, anailís dioscúrsa bunaithe ar théama nó topaic ar leith, na comharthaí sóirt a bhaineann le réimse teanga áirithe a scrúdú (e.g. Gaeilge na reachtaíochta).
Canúint: Díriú ar réigiún nó ar chainteoir ar leith tríd an dtionscadal Canúint, rud a mhéadóidh an stór focal agus taifeadtaí atá ar fáil tríd an suíomh agus a ligfidh don mac léinn saineolas a fháil ar mhionchanúint ar leith. Mar shampla, d’fhéadfaí cláracha ‘Joe Daly sa Chúinne’ ó RTÉ Raidió na Gaeltachta a thras-scríobh agus a chur ar fáil trí Chanúint. Díríonn na cláracha seo ar bhéaloideas agus ar chanúint Chorca Dhuibhne. Bheadh obair canúneolaíochta, téarmeolaíochta agus códú ríomhaireachta i gceist.
Dúchas: Taighde ar bhailitheoir nó ar ghné áirithe den bhéaloideas (féach tráchtas Michelle Dunne (2023)).
Ainm: Tionscadal ina ndíreofaí ar Ghaeilgeoirí Mheiriceá Thuaidh (SAM, Ceanada).
Ainm: Tionscadal ina ndéanfaí iniúchadh ar bhearnaí sa bhunachar (e.g. gannionadaíocht ar mhionlaigh ar leith).…
1156
Úna Bhreathnach @unaeb.bsky.social · 04/10/2025
Best Irish Experience? Nil aon locht faoi leith agam ar Aran Ferries, ach tá mé in ann smaoineamh ar rudaí níos deise le déanamh ná sui ar bhád 🤢
030
Úna Bhreathnach @unaeb.bsky.social · 04/10/2025
Comhdháil faoi dhineasáir, is dóigh
3160
Úna Bhreathnach @unaeb.bsky.social · 04/10/2025
Taispeántas breá faoin gCadhnach i bhforhalla na Leabharlainne in Ollscoil na Gaillimhe as seo go ceann cúpla seachtain. Grianghraif agus pictiúir bhreátha, neart foghlamtha agam. Arna choiméad ag Chris McCann.
1104
Úna Bhreathnach @unaeb.bsky.social · 03/10/2025
Mór an spórt i gcónaí bheith ag Comhdháil Ollscoil na Gaillimhe. Agus an oiread sin comhghleacaithe @fsg-dcu.bsky.social ag caint inniu!
142
Úna Bhreathnach @unaeb.bsky.social · 23/09/2025
Íomhá na seachtaine ó @duchas-ie.bsky.social. Rafta ar an Life, Feabhra 1980. Ón Urban Folklore Project. Céard sa diabhal atá ar bun acu? Mic léinn? An bhfuil jíons ar dhuine acu? 🔍 www.duchas.ie/ga/cbeg/52753
https://www.duchas.ie/ga/cbeg/52753. Pictiúr de chúigear leaids ar rafta, le comhartha cairtchláire 'Bolton St.'
150
Úna Bhreathnach @unaeb.bsky.social · 19/09/2025
Tar ar cuairt ag @logainm.bsky.social ag an Oíche Cultúir in @dublincityuni.bsky.social !
030
Úna Bhreathnach @unaeb.bsky.social · 10/09/2025
📣*An teangeolaíocht chorpais i dteangacha na hÉireann*, 13/14 Samhain in @fsg-dcu.bsky.social. Deis caint faoi Corpas.ie agus neart neart neart eile: taighde ar Bhéarla na hÉireann; gramadóirí; spórt; an Chúirt Uachtair; canúintí; Gaeilge na nDéise; cód-mheascadh; oideachas... Clárú ⬇️
Liosta paipéir deimhnithe 
Páipéir deimhnithe:

Painéal: Anne O’Keeffe, Chris Fitzgerald, Joan O’Sullivan, Brian Clancy (UL/MIC): Representing Irish-English, old and new
Mykalin Jones (taighdeoir neamhspleách) agus Ellen Corbett (Ollscoil Ulaidh): Taking the ‘-Deoir’ out of ‘Taighdeoir’: Creating a substring search tool for the Irish Language
Lauren Cassidy (DCU): Code-switching and borrowing in Irish-language tweets
Caoimhín Ó Scanaill (Cadhan Aonair): Gramadóirí Gaeilge: an chéad ghlúin eile
Colm Ó Ciardubháin (DCU): Sainréimsí spóirt sa Ghaeilge agus UAM CorpusTool
Katie Ní Loingsigh (UCC): Gné na hidirthéacsúlachta i gcorpas breithiúnas na Cúirte Uachtaraí in Éirinn
Gearóid Ó Cleircín, Alma Ní Bhroin (DCU): An téarmaiméadracht: taighde corpasbhunaithe chun úsáid na nua-thearmaíochta a thomhas
Andrea Palandri, Brian Ó Raghallaigh (DCU): Canúint: Réigiúnacha canúnacha dinimiciúla
Caitríona Bhreathnach, Anne O'Keefe, Muiris Ó Laoire (MIC/Ollscoil Teicneolaíochta na Mumhan): Caint na nDaoine in action in Gaeltacht na nDéise: Code-mixing, code-switching or translanguaging?
Elaine Uí Dhonnachadha (TCD): Corpus Linguistics in Education - an underexploited approach in the Irish language context
130
Úna Bhreathnach @unaeb.bsky.social · 23/08/2025
Dar leis an @irishtimes.com gur "modern-day saois" atá i @gaois.bsky.social 🤣
110
Úna Bhreathnach @unaeb.bsky.social · 15/08/2025
020
Úna Bhreathnach @unaeb.bsky.social · 11/08/2025
Go deimhin.
081
Úna Bhreathnach @unaeb.bsky.social · 06/08/2025
An mbíonn sibhse ag insint seanscéalta Ceilteacha cois tine, tráthnóntaí ceomhara?
3140
Úna Bhreathnach @unaeb.bsky.social · 29/07/2025
Teoiricí ar an trá. Bhí leabhrán ceisteanna ar fáil le dul leis chomh maith... Ceann eile le cur in oiriúint do na Gaeil @darachoscolai.bsky.social ?
370
Úna Bhreathnach @unaeb.bsky.social · 21/07/2025
Ní raibh fata ná fata sa ngarraí, mar a tharla.
Cloch ar chlaí in Inis Oírr, 'FATAÍ' scríofa air
170
Úna Bhreathnach @unaeb.bsky.social · 03/07/2025
Thar a bheith blasta!
170
Úna Bhreathnach @unaeb.bsky.social · 03/07/2025
Fataí a cuireadh Lá le Pádraig. Is dóigh gur chóir fanacht go dtí an 12ú Iúil lena mbaint ach bhuail mífhoighid mé agus pé scéal é theastaigh an spás.
Fataí nua sa gharraí
2150
Úna Bhreathnach @unaeb.bsky.social · 01/07/2025
Foirm na Seachtaine ó Thaisce Chanúintí na Gaeilge, Canúint: bhíonns - bhíos - bíos - bíonns. Nóta mínithe thíos ó mo chomhghleacaí Andrea Palandri... 1/6
261
Úna Bhreathnach @unaeb.bsky.social · 25/06/2025
Ní gnách liom bheith iomaíoch ACH tá na lusa gréine seo 7' agus faoi bhláth cheana ar an 25 Meitheamh 💪💪💪
Plandaí lus gréine
0131
Úna Bhreathnach @unaeb.bsky.social · 25/06/2025
An léarscáil:
000
Úna Bhreathnach @unaeb.bsky.social · 13/06/2025
Bhí 90 nóiméad agam i nGaillimh idir chruinniú is thraein, ach d'éirigh liom na rudaí ba tábhachtaí a dhéanamh 👌
Pionta tigh Neachtain Sceallóga tigh Mhic Dhonncha
0150
Úna Bhreathnach @unaeb.bsky.social · 11/06/2025
Go hiondúil bíonn droch-aistriúchán greannmhar ach tá an ceann seo gránna go leor agus taispeánann sé an dualgas atá ar an eagarthóir/iriseoir cinntiú go bhfuil eolas beacht á roinnt. An bhean bhocht, @eirebheo.bsky.social ag rá go bhfuair sí bás nuair atá sí cáillithe mar gharda!
seat scáileáin ó https://www.eirebheo.ie/news/n-s-maireacht-la/1821320/inspioraid-do-gach-bean-moladh-mor-mar-mhathair-seisear-ceimithe-mar-gharda.html.  
Tá cur síos déanta ag an nGarda Síochána ar cheann dá n-oifigigh Garda is nuaí mar "duine de go leor mná láidre" san Fhórsa tar éis do mháthair seisear bás a fháil i dTeampall Mór.
 
Bhí an Garda nua Lisa-Marie Fitzgerald ar dhuine de na 120 Garda nua-dheimhnithe a cheiliúradh a searmanas báis i dTeampall Mór Dé hAoine agus fuair sí moladh mór.
1122
Úna Bhreathnach @unaeb.bsky.social · 28/05/2025
Ag leanacht an fhaisin agus bláthanna fiáine againn in áit plásóg féir. Bhí siad sách giobalach go dtí an tseachtain seo ach go deas anois
Gairdín le bláthanna fiáine
1140
Úna Bhreathnach @unaeb.bsky.social · 21/05/2025
Meaisíní clóite cloíte
Printéir ar a mbealach go hathchúrsáil WEEE
2150
Úna Bhreathnach @unaeb.bsky.social · 19/05/2025
Agus tá an fhianaise ann lena chruthú! www.corpas.ie/ga/breis/lio...
191
Úna Bhreathnach @unaeb.bsky.social · 13/05/2025
🐈‍⬛Briseann an dúchas… Mionaiste @logainm.bsky.social faoi na cait. Cinnte gur áiteacha compordacha, grianmhara na bailte fearann seo uile. '...díol sásaimh a thabhairt faoi deara cé chomh cóngarach is atá Tuaim an Chait, Contae na Gaillimhe, do Gleann na Madadh...' 🐈‍⬛ www.logainm.ie/ga/teamai
181
Úna Bhreathnach @unaeb.bsky.social · 12/05/2025
Mór an sásamh an chéad sailéad as an ngairdín i mbliana
Sailéad le raidisí agus peirsil
1110
Úna Bhreathnach @unaeb.bsky.social · 12/05/2025
Agus tá Annie Uí Anluain le cloisteáil ar Canúint.ie chomh maith: www.canuint.ie/ga/165.
Sílim
 
go
gur
 
mí.
mé.
 
Saoilim
Sílim
 
go
gur
 
mí.
mé.
 
Ach
 
chan
ní
 
mar
 
sin
 
do
 
bhí
 
sé
 
leathchéad
 
bliain
 
ó
 
shin...
 
Cha
Ní
 
ró...
raibh...
 
Cha
Ní
 
ró...
raibh
 
muise
 
mar
 
sin.
 
Bhí
 
go
 
leor
 
Goelic
Gaeilge
 
aig
ag
 
go
 
leor
 
ceóltaí
ceolta
 
agus
 
Goelic
Gaeilge
 
go
 
leor
 
aig
ag
 
gan
gach aon
 
seórt.
sort.
 
Seadh,
Sea,
 
aig
ag
 
achan
gach aon
 
duine.
 
Aige
Ag
 
gan
gach aon
 
dhuine.
duine.
 
Aige
Ag
 
gan
gach aon
 
nduine.
duine.
 
As
Agus
 
farúr
faraor
 
géar,
 
chan
ní
 
fheil
fhuil
 
sí
 
le
 
cluinsint
cluinstin
 
anois.
 
Níl.
 
Ach
 
amháin
 
thú
 
héin.
 
Níl.
 
Níl
 
ach
 
amháin
 
thú
 
héin...
 
Níl
 
go
 
dearfa.
dearfach.
 
Bhuel
 
an
 
ró
raibh
 
meas,
 
dean
gean
 
agus
 
grá
 
aig
ag
 
na,
 
aig,
ag,
 
aig
ag
 
na
ina
 
sean-daoiní
seandaoine
 
ar
 
an
 
nGaelic
 
an
 
t-am
 
sin?
 
Bhí,
 
bhí.
 
Bhí.
 
Bhí
 
go
 
leor.
 
Ach
 
cha
ní
 
ro...
rabh...
 
Cha
Ní
 
ró
raibh
 
mes...
meas...
 
mórán
 
mes
meas
 
aige
ag
 
na
 
daoiní
daoine
 
óga.
 
An
 
ró
raibh
 
meas
 
aig
ag
 
na
 
muinteoirí
múinteoirí
 
scoile
 
air?
 
Cha
Ní
 
ró.
raibh.
 
Agus
 
an
 
ró
raibh
 
meas,
 
an
 
ró
raibh
 
meas
 
ag
 
na
ina
 
seandaoine
 
ar
 
an
 
Ghaelic,
 
an
 
lórait
labhradh
 
siad
 
an
 
Ghaelic
Ghaeilge
 
go
 
minic?
 
Á
 
bhí,
 
bhí
 
siad,
 
na
 
sean-Ghaeilic,
sean-Ghaeilge,
 
bhí
 
siad
 
anra
onórach
 
don
 
Ghoeilic.
Ghaeilge.
 
Seadh,
 
seadh.
 
Agus
 
ansin
 
thainic
tháinig
 
athrú
 
scéil,
 
tuairim
 
le
 
leath-chéad
leathchéad
 
bliain
 
ó
 
shin?
 
Nú,
 
tuairim
 
le
 
daichead
 
bliain
 
ó
 
shin,
 
b'fhéidir
 
ba
 
chóir
 
dú
 
a
 
rá.
 
Seadh.
 
Sea,
 
thainic
tháinig
 
agus
 
céar_
 
cén
 
duine
 
a
 
tháinic
tháinig
 
ansin?
 
Cé
 
é
 
an
 
chéad
 
duine
 
a
 
thainic?
 
Ó,
 
Séamus
 
A
Ó
 
Cheallaí.
Ceallaí.
 
Séamus
 
Ó
 
Ceallaí.
 
Séamus
 
Ó
 
Kelly.
030
Úna Bhreathnach @unaeb.bsky.social · 12/05/2025
Bheartaigh muid cuardach an Phríomhbhailiúcháin @duchas-ie.bsky.social a shaibhriú le rangú breise ‘Amhránaíocht’. Blagmhír nua @jeaic.bsky.social faoin 1,700 amhrán atá sa Phríomhbhailiúchan agus atá inchuardaithe anois. www.gaois.ie/ga/blog/ar-t... @bealoideasucd.bsky.social
Caisleán Uí Néill An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0267, Leathanach 0536 ó Dúchas © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD agus faoi cheadúnas CC BY-NC 4.0.
152