Gaelċló @gaelchlo.bsky.social · 59mTá na staitisticí do mhí Mheán Fómhair istigh. Mí iontach gnóthach ba ea í! Den chéad uair riamh, íoslódáladh cló dár gcuid níos mó ná céad uair in aon mhí amháin. Ní gá a rá gurb é Bunchló GC an cló sin. Seo rud eile nár tharla cheana: bhain cló le dearthóir eile an dara háit amach ar an liosta! 100
Reposted by GaelċlóAonghus Ó hAlmhain @aonghusoha.bsky.social · 17hIcarus in Inse Chór @gaelchlo@typo.social 263
Reposted by GaelċlóAonghus Ó hAlmhain @aonghusoha.bsky.social · 16hNí cuimhin liom @gaelchlo.bsky.social ar scaip mé an cuimhneachán seo cheana. Tá sé i Séipéal San Aindrias, Rae an Iarthair. 222
Gaelċló @gaelchlo.bsky.social · 01/10/2026Na páirteanna den rothar mar a léiríodh iad in 'Irisleabhar na Gaedhilge' i dtús an chéid seo caite. Níl an focal 'gealapán' againn. Níl a fhios againn cad a thugtar ar an bpáirt sin - i mBéarla ná i nGaeilge - ach dá mbeadh orainn í a ainmniú is iad 'crank' agus 'cromán' na focail a roghnóimis ... 130
Gaelċló @gaelchlo.bsky.social · 30/09/2026Tá stíl na litreoireachta ar an leac uaighe seo i Mainistir Mhucrois, Cill Airne, an-chosúil le peannaireacht lámhscríofa: 011
Gaelċló @gaelchlo.bsky.social · 29/09/2026An busta de Chathal Brugha atá le feiceáil i seomra na Dála i dTeach Laighean, agus an inscríbhinn a ghabhann leis: 010
Gaelċló @gaelchlo.bsky.social · 28/09/2026Tá Gealchló GC le fáil anois ónár suíomh gréasáin: www.gaelchlo.com/gealgc.html 010
Gaelċló @gaelchlo.bsky.social · 19/09/2026Ósclóidh an chlóchéarta arís Dé Luain an 28 Meán Fómhair nuair a sheolfar Gealchló GC. 240
Gaelċló @gaelchlo.bsky.social · 19/09/2026Beimid ag dul ar saoire Dé Luain an 21 Méan Fómhair ar feadh seachtaine. 000
Gaelċló @gaelchlo.bsky.social · 18/09/2026Tá prionta nua A3 curtha lenár gcnuasach priontaí ag: www.gaelchlo.com/leabhair.html Ba é Michael A. Keane a dhear an clúdach in 1932. Bhí stíl shainiúil litreoireachta aige agus is leagan digiteach dá stíl litreoireachta é Corrchló GC. Féach: www.gaelchlo.com/corrgc.html 010
Reposted by GaelċlóLibrary of the Royal Irish Academy @rialibrary.bsky.social · 17/09/2026Don't forget the Library is closed tomorrow, but that we will be open from 5-9pm for @culturenightdub.bsky.social! We're excited to welcome visitors to our beautiful reading room to see the Cathach of Columcille and to meet our colleagues from RIA's research departments! www.ria.ie/work/public-... 085
Gaelċló @gaelchlo.bsky.social · 17/09/2026Mapa de Chontae Ros Comáin. Is blogh é seo de mhapa den tír go léir a d'fhoilsigh 'Stát-Oifig na Léarscáilidheachta' in 1938. 000
Gaelċló @gaelchlo.bsky.social · 16/09/2026'Ard-mhéara Chorcaí, an Seanóir Mícheál Ó Máirtín T.D.' Ní fheadramar cad tá ar siúl aige anois ... 000
Gaelċló @gaelchlo.bsky.social · 15/09/2026Dáta don dialann: tá Gealchló GC á thástáil i gcónaí ach tá cinneadh déanta againn an cló nua seo a sheoladh Dé Luain, an 28 Meán Fómhair 2026. 000
Gaelċló @gaelchlo.bsky.social · 14/09/2026Chonaic príomhfheidhmeannach Ghaelchló an sampla seo de Bhunchló GC i mBaile an Mhuilinn, Co. na Gaillimhe, an tseachtain seo caite. Is é an trua go bhfuil 'l' iomarcach sa bhfocal 'muileann'. 010
Gaelċló @gaelchlo.bsky.social · 06/09/2026Beimid as baile an tseachtain seo chugainn. Beidh an chlócheárta ar oscailt arís Dé Luain, an 14 Meán Fómhair. 010
Gaelċló @gaelchlo.bsky.social · 04/09/2026Leac uaighe Uí Rathghaille i reilig Ghlas Naíon. Tá meas ar leith againn air toisc gur dhear sé cló Gaelach i gcomhair 'An Claidheamh Solais' sa bhliain 1913. Dheineamar leagan digiteach den chló sin agus eisíodh é ar Luan Cásca, 2016. Tá an cló sin le fáil anseo: www.gaelchlo.com/tromgc.html 010
Gaelċló @gaelchlo.bsky.social · 03/09/2026Tá téacs fada curtha lenár gcló nua, Gealchló GC, den chéad uair. Caithfimid cúpla leasú beag a dhéanamh - i spásáil na litreacha go háirithe - ach tá súil againn go mbeidh an cló le fáil roimh dheireadh na míosa. 110
Gaelċló @gaelchlo.bsky.social · 02/09/2026Mapa de Chontae Mhaigh Eo (curaidh uile-Éireann sa pheil don bhliain 2026). Is blogh é seo de mhapa den tír go léir a d'fhoilsigh 'Stát-Oifig na Léarscáilidheachta' in 1938. 0126
Gaelċló @gaelchlo.bsky.social · 01/09/2026Tá na staitisticí do mhí Lúnasa istigh. Mí chiúin ba ea í - is dócha go raibh móran daoine imithe ar saoire. Mar is gnách, bhí Bunchló GC i bhfad chun tosaigh ar na clónna eile, ach bhain Seanchló GC an dara háit amach agus thit Glanchló GC siar go dtí an tríú háit. 1/2 131
Gaelċló @gaelchlo.bsky.social · 31/08/2026Is aistriúchán é seo ar 'Das blaue Licht', ceann de shíscéalta na ndeartháireacha Grimm, a d'fhoilsigh an Gúm sa bhliain 1942. Cé nach bhfuil síniú le léamh ar an gclúdach tarraingteach, tá stíl an dearaidh an-chosúil le stíl an ealaíontóra Marion King. 010
Reposted by GaelċlóLibrary of the Royal Irish Academy @rialibrary.bsky.social · 28/08/2026Come visit us in the Library on Culture Night! You can see the Cathach of Columcille on display and learn how to write your name in Ogham! www.ria.ie/2026/08/13/c... You'll also get a chance to meet our colleagues and find out about the research that goes on in the Royal Irish Academy!ria.ieCulture Night in the Library - Royal Irish AcademyExperience the atmosphere of a Victorian library and see the oldest known example of Irish writing, the Cathach of Colum Cille. One night for all, Friday, 18 September from 17:00-21:00. 041
Gaelċló @gaelchlo.bsky.social · 27/08/2026Mapa de Chontae Shligigh. Is blogh é seo de mhapa den tír go léir a d'fhoilsigh 'Stát-Oifig na Léarscáilidheachta' in 1938. 050
Gaelċló @gaelchlo.bsky.social · 26/08/2026Maith thú! Agus tá an bunleagan chomh leamh leis an aistriúchan ... 010
Gaelċló @gaelchlo.bsky.social · 26/08/2026Níl an fhilíocht thar moladh beirte, ach taitníonn an smaoineamh linn! Tógadh an léaráid thíos as leabhrán dar teideal 'Dornán Dán' le hAodh de Blácam a foilsíodh in 1917. Níl a fhios againn cé leis/léi an pheannaireacht ná an líníocht. 240
Gaelċló @gaelchlo.bsky.social · 25/08/2026Tá cuma dheilgneach spíonach ar an litreoireacht seo - ar na huimhreacha go háirithe - atá neamhghnách ach tarraingteach mar sin féin. Tá an leac uaighe le feiceáil i reilig Ghlas Naíon. 192
Reposted by GaelċlóLibrary of the Royal Irish Academy @rialibrary.bsky.social · 24/08/2026The Manuscript of the Week is RIA MS 23 F 16, the Book of O’Gara. This important collection of poetry, compiled in the 1650s in continental Europe, preserves earlier material from sources that have since been lost. 1116
Gaelċló @gaelchlo.bsky.social · 24/08/2026Tá abairt iomlán scríofa againn i nGealchló GC den chéad uair! Tá súil againn go mbeidh an cló nua le fáil roimh dheireadh na míosa seo chugainn. 260
Reposted by GaelċlóLibrary of the Royal Irish Academy @rialibrary.bsky.social · 20/08/2026We are delighted that RIA MS 23 N 17 is the LEIGHEAS project Manuscript of the Month! Our colleagues at @ceilteachomn.bsky.social are advancing knowledge of medical learning in the premodern Gaelic world! Read their latest blog: leigheas.maynoothuniversity.ie/leigheas-man... 1173
Gaelċló @gaelchlo.bsky.social · 21/08/2026An clár oifigiúil le haghaidh cluichí ceannais iomána na bliana 1965. Tá an litreoireacht chomh rialta sin go bhfuil an chuma uirthi gur cló atá ann - cé nach ea. Bhuaigh mionúir Átha Cliath ar mhionúir Luimnigh (4-10 i gcoinne 2-7) ach níl an chraobh buaite ag an gcontae ó shin i leith ... 011
Gaelċló @gaelchlo.bsky.social · 20/08/2026Is cosúil gur úsáideadh Céilí, cló a dhear Hermann Hecht in 1978, sa lógó atá ag Teagasc - féach thíos. Tá cló dár gcuid, Caolchló GC, ar leagan digiteach de Chéilí é. Beidh an chosúlacht idir an dá chló soiléir ón bpictiur thíos. 1/2 110
Gaelċló @gaelchlo.bsky.social · 19/08/2026Ba sa bhliain 1955 a foilsíodh an póstaer seo mar fhógraíocht don 'Tóstal' - féile earraigh nua nár mhair ach ar feadh cúpla bliain. Is díol suntais é an síneadh fada atá níos cosúla le 'tilde' na Spáinnise ná le 'accent aigu' na Fraincise. 010
Gaelċló @gaelchlo.bsky.social · 18/08/2026Teach tábhairne sna Dúnaibh, Contae Dhún na nGall. Tá cuma amaitéarach go leor ar an gcomhartha péinteáilte seo agus tá cruth aisteach ar an 'ġ'. 150
Reposted by GaelċlóDavid Stifter 🍵📄🦊 @davidstifter.bsky.social · 17/08/2026Some more snippets from my recent holiday in Austria. We visited the mighty Benedictine monastery of St Paul im Lavanttal (Carinthia), world-famous for keeping the only copy of the poem of the Irish scholar and his cat Pangur Bán (lower part of the left page). Above Messe ocus Pangur Bán,... /1 26321
Gaelċló @gaelchlo.bsky.social · 17/08/2026Tá na huimhreacha agus cúpla carachtar eile deartha againn don chló nua - féach thíos. Dála an scéil, bhí sé beartaithe againn 'Seangchló GC' a thabhairt ar an gcló nua ach rith sé linn go bhfuil an chosúlacht idir an t-ainm sin agus 'Seanchló GC' rómhór. Is é 'Gealchló GC' a bheidh air feasta! 010
Gaelċló @gaelchlo.bsky.social · 14/08/2026Ní minic a fheictear an ponc séimhithe in úsáid le litreacha rómhánacha. Tá an sampla annamh seo le feiceáil i mbaile Dhún na nGall. 130
Gaelċló @gaelchlo.bsky.social · 13/08/2026Ná cuirtear ponc ar an litir 'i' sa litreoireacht Ghaelach! Riamh! I gcás ar bith! Agus sa sampla seo, is deacair an ponc a aithint thar an síneadh fada. Nílimid ró-thógtha leis an 'l' ná leis an 'd' ach oiread. Is é Aonghus Ó hAlmhain a ghlac an pictiúr. 110
Gaelċló @gaelchlo.bsky.social · 12/08/2026Tá cúpla físeán déanta againn a thaispeánann cé chomh héasca is atá sé cló dár gcuid a shuiteáil ar ríomhaire. Seo mar a dhéantar é in MS Windows: 100
Gaelċló @gaelchlo.bsky.social · 11/08/2026Sílimid go bhfuil na litreacha le haghaidh Seangchló GC réidh - cé nach bhfuil an spásáil socraithe fós. Tosnóimid ar na huimhreacha anois. 010
Gaelċló @gaelchlo.bsky.social · 10/08/2026Tá an leacht cuimhneacháin seo le feiceáil in Eochaill, Contae Chorcaí. Is é an rud is suntasaí faoi, b'fhéidir, gur cuireadh ponc séimhithe ar an 'o' seachas ar an 'c' sa bhfocal 'croċaḋ' ... 010
Gaelċló @gaelchlo.bsky.social · 07/08/2026Tá cúpla físeán déanta againn le déanaí a léiríonn conas a úsáidtear na carachtair mhalartacha inár gcuid clónna. Seo sampla amháin daoibh a thaispeánann conas a roghnaítear tacair stíle agus nasclitreacha roghnacha le Pages ar an Mac. 1/2 100
Gaelċló @gaelchlo.bsky.social · 06/08/2026Is breá linn go bhfuil 'r' inseach le feiceáil ar aghaidh na scoile nua-aoisí seo i mBaile Gall, Baile Átha Cliath 11. 010
Gaelċló @gaelchlo.bsky.social · 05/08/2026Tá na staitisticí do mhí Iúil le fáil anois. Mí an-ghnóthach ba ea í. Mar is gnách, bhain Bunchló GC uimhir a haon amach ag barr na gcairteacha. Choinnigh Glanchló GC an dara háit ach b'éigean dó an onóir a roinnt le Seanchló GC. 1/2 141
Gaelċló @gaelchlo.bsky.social · 04/08/2026Tá prionta nua A3 le fáil ónár suíomh gréasáin. Ba é Victor Penny a dhear an clúdach agus foilsíodh an leabhar in 1937. Téigí chuig: www.gaelchlo.com/leabhair.html 010
Gaelċló @gaelchlo.bsky.social · 03/08/2026Is deacair e a chreidiúint ach tá mí Lúnasa buailte linn - an chéad mhí den fhómhar. Cá dtéann an t-am? 020
Reposted by GaelċlóLibrary of the Royal Irish Academy @rialibrary.bsky.social · 31/07/2026The oldest extant Irish manuscript of the Psalter, the Cathach is likely the earliest example of the Irish writing form known as insular majuscule script. It was digitised by @dias.ie Irish Script on Screen. www.isos.dias.ie/RIA/RIA_MS_1...isos.dias.ieMS 12 R 33 (The Cathach) (Royal Irish Academy) 085
Gaelċló @gaelchlo.bsky.social · 31/07/2026Tá an leagan trom de Bhunchló GC le feiceáil ar chomharthaí sráide i Neidín, Contae Chiarraí. Ach ná creid gach a bhfuil scríofa orthu: is fada ó bhí stáisiún iarnróid i Neidín! 010