Falmaire Mór @falmairemor.bsky.social · 19/12/2025Tá leadóg deacair don imreoir nua - oiliúint ag teastáil. Is féidir teacht isteach ar an bpicliocht i bhfad níos fusa ón tús, ach tá dúshlán seasmhach i gceist le dul chun cinn léi (ar bhealach iontach mealltach dar liom). Tá padel ar an taobh céanna den speictream le piclíocht. 020
Falmaire Mór @falmairemor.bsky.social · 25/01/2025Mhínigh mé an Cháin Phinc do m'iníon inniu. buíochas do @smythstoysroi.bsky.social as an deis foghlama. 061
Falmaire Mór @falmairemor.bsky.social · 07/01/2025Chuir an comhartha seo i Páirc Loch Roisín sceitimíní ar na gasúir (mé féin san áireamh) 030
Falmaire Mór @falmairemor.bsky.social · 21/11/2024Roinnt tuairimí agamsa - m.sh: Céim níos deacra ó chorruimhir go réuimhir ná a mhalairt (óir go bhfuil réuimhir lámha agat) Na sonraí loma anseo: en.wikipedia.org/wiki/Jugglin...en.wikipedia.orgJuggling world records - Wikipedia 000
Falmaire Mór @falmairemor.bsky.social · 21/11/2024Teacht an tseagail ar an bhfíseán seo: World Record ó 2002, nach raibh an cleasaí féin sásta é a roinnt go poiblí go dtí inniu. youtu.be/U9wbn2hQ-Z8?...youtu.beAlbert Lucas - 13 RingsYouTube video by David Cain 130
Falmaire Mór @falmairemor.bsky.social · 12/11/2024Déardaoin beag seo in Ollscoil na Gaillimhe, déanfaidh mise cur síos ar na mionlogainmneacha atá bailithe againn in Oirthear Chathair na Gaillimhe, mar chuid den imeacht suimiúil seo: 011
Falmaire Mór @falmairemor.bsky.social · 10/11/2024Photos of Michael Fitzgerald's house in Headford, in 'Ireland Beautiful', Wallace Nutting, 1925 010
Falmaire Mór @falmairemor.bsky.social · 06/07/2024An dá bhuaicphointe domsa ná an cailín óg ag gabháil fhoinn (í chomh bródúil aisti féin, agus tuillte go maith aici), agus an t-imeartas focail breá: "Ispín ein Berliner" (@cathal.bsky.social a bhí bródúil as an gceann sin, agus cén fáth nach mbeadh!). Oíche álainn. 130
Falmaire Mór @falmairemor.bsky.social · 20/04/2024Lá i #gCathú! Crúibíní á n-ithe againn i dTigh Mhaggie (mar dhea) - Tigh Fhionnagáin, trasna ó oifigí Curadh Bhaile an Chaisil. Níleadar ró-ghoirt! 121
Falmaire Mór @falmairemor.bsky.social · 20/04/2024Lá i #gCathú: Ag éisteacht le sliocht cinniúnach - buaileann Máirtín Ó Méalóid lena dheartháir (an sagart) in Óstán an Bhóthar Iarainn - The Hardiman mar atá air anois. "Foirgneamh cearnach ceithre stór a bhí san óstán, déanta d'aolchloch gearrtha. Cáca bainne a mheabhródh sé do dhuine" 121
Falmaire Mór @falmairemor.bsky.social · 19/04/2024Chruthaigh mé ceann. Níos éascaí, sílim - ach buntáiste ag Gaillmhigh leis an gceann seo. connectionsplus.io/game/xowySt 120
Falmaire Mór @falmairemor.bsky.social · 19/04/2024Sna cláracha breithe - cuireadh síos an leagan béarla i gcónaí. An ceann seo ón Fhál Carrach thar a bheith eisceachtúil. Gach duine eile sa chomharsanacht le hainmneacha mar 'Teague', agus 'Annabella', ach glacadh leis an t-ainm cruinn - 'Pádraic Seosamh' - don Inland Revenue Officer 121
Falmaire Mór @falmairemor.bsky.social · 01/11/2023Beidh orainn turcaí agus biotáille a bheith mar duais. An bhfuil aithne ag aon duine ar aon "honeste men"? @cathal.bsky.social @fintan-galway.bsky.social 100
Falmaire Mór @falmairemor.bsky.social · 01/11/2023Tá eisceacht amháin ann -"excepte it be for meate and drink [...] by honeste men for recreacion". Mar sin, níl aon chosc orainn cluiche 25 a eagrú i dTigh Mhaidhc Pháidín. 220
Falmaire Mór @falmairemor.bsky.social · 01/11/2023Sa bhliain 1528, chuir bardas na Gaillimhe cosc ar chearrbhachas ar chartaí, díslí, agus táiplis mhór "nor no other unlawull gamys for monye, by yonge men and specialle by prentisys nor Irishemen" Agus ní dhearnadh aon aisghairm ar riamh. 131
Falmaire Mór @falmairemor.bsky.social · 23/10/2023an bhfuil tagairt aimsithe agat i dtaobh "Poll a'Chorsair"? Gach seans go bhfuil sé gar g' Oileán Bód Mór 000
Falmaire Mór @falmairemor.bsky.social · 21/10/2023An mhaith! Tá Leads, pílears, agus feags ann, agus dar ndóigh: "an bhfuil tú ag enjoyáil do chuid holidays"... Tuilleadh anseo (luaitear cíníos agus cúpla focal eile leis an gcruth céanna): pdfcoffee.com/the-grammati... 030
Falmaire Mór @falmairemor.bsky.social · 07/10/2023Ag tochailt i gcartlann an Connacht Tribune. 11/9/1920 an chéad uair a fheicim Gaeilge ann. Cuma giolcach ar an alt seo ó pheann 'Sean-Ghaedhilgeoir'. 030
Falmaire Mór @falmairemor.bsky.social · 14/08/2023Ainm ar leagan den chluiche 'táiplis mhór', a d'imrítí i gConnachta tráth (an 18ú aois, b'fhéidir). Ghlaoití 'na fámairí' freisin ar na turasóirí a thagadh go Bhóthar na Trá sa chéad leath den 20ú haois. 130
Falmaire Mór @falmairemor.bsky.social · 14/08/2023Léirmheas ar Sorcas Le Croí - a bhí ar siúil sna hAille, Indreabhán, le coicís anuas. sorcasblog.wordpress.com/2023/08/14…sorcasblog.wordpress.comSorcas le Croí, 2023Bhí sé seo i bhfad níos fearr ná mar a bhí mé ag súil leis. Bhí puball breá acu, agus slua breá mór ann chomh maith. Shíl mé go raibh sé thar a bheith uaillmhianach an seó seo a chur ar... 000