Sign in

Ciarán Lenoach

@ciaranlenoach.bsky.social
77 followers 96 following 1.1K posts

Fónphictiúir le fonn! Dúlra. An mion a fhollasú. Saor ó Intleacht Shaorga, ní ó dhearmaid. Imeartais focal, cora cainte, nathaíocht. Caitheamh aimsire. Tuilleadh sna Freagraí thíos, ceilte ach so-oscailte.

PostsRepliesMedia
Ciarán Lenoach @ciaranlenoach.bsky.social · 2h
Beith gheal nó Beith chlúmhach ní mé, ach is glas geal í an duilleog i gcónaí! Neart uisce is siúcra sna féitheacha fós lena coinneáil ar crochadh go fóill!
000
Ciarán Lenoach @ciaranlenoach.bsky.social · 3h
Siúcra Siocaire féasta fómhair! Fómhar agus fuadar, Muise, ós luath sa lá a dhúnann an bláth!
000
Ciarán Lenoach @ciaranlenoach.bsky.social · 05/10/2026
Samhradh ag siléigeacht! Ais-samhradh arís inniu! ↺ ☀️🌸Coireán mara.
000
Ciarán Lenoach @ciaranlenoach.bsky.social · 05/10/2026
Míthapa ar an bhfóidín mearaí!
000
Ciarán Lenoach @ciaranlenoach.bsky.social · 05/10/2026
Cáiréiseach ar chaora na Cluaise caoine ainmhithe na coille! Miotaithe acu ach meas níos folláine ar fáil freisin!
000
Ciarán Lenoach @ciaranlenoach.bsky.social · 05/10/2026
… go seo, sna bólaí baolacha céanna!
010
Ciarán Lenoach @ciaranlenoach.bsky.social · 05/10/2026
Uaidh seo …
110
Ciarán Lenoach @ciaranlenoach.bsky.social · 05/10/2026
Sábháilte i measc na spíonta agus gan gá le duaithníocht! Dreoilín teaspaigh fireannach.
000
Ciarán Lenoach @ciaranlenoach.bsky.social · 04/10/2026
Tursarraing mhór, cineál ‘col ochtair’ an chinn bhig! Dearscnaitheach an difríocht idir dhathanna na n-antar!
000
Ciarán Lenoach @ciaranlenoach.bsky.social · 04/10/2026
Faighneog phléascach na Giolcaí sléibhe. Téann níos tréine de bharr na duibhe! Triomaíonn níos tréine de bharr an teasa! Pléascann níos tréine de bharr na triomachta! Sílim! 🤔
000
Ciarán Lenoach @ciaranlenoach.bsky.social · 04/10/2026
Suillia. Cineál cuilín a mhaireann ar mhuisiriúin! Larbhaí leis, ach laistigh!
000
Ciarán Lenoach @ciaranlenoach.bsky.social · 04/10/2026
120

Comhrac an dá shéasúr! Samhradh in uachtar fós! Duán na gcaorach agus Tursarraing bheag.
120
Ciarán Lenoach @ciaranlenoach.bsky.social · 04/10/2026
Púca pollta!
010
Ciarán Lenoach @ciaranlenoach.bsky.social · 03/10/2026
Daid gan dualgas fireannach an Damháin naíolainne!
001
Ciarán Lenoach @ciaranlenoach.bsky.social · 03/10/2026
Daoi is fearr, uaireanta, le folaitheoir a fhollasú! 😀 Fo-eite bhuí mhór!
000
Ciarán Lenoach @ciaranlenoach.bsky.social · 03/10/2026
000
Ciarán Lenoach @ciaranlenoach.bsky.social · 03/10/2026
Leadhbán an tÁilleán ar leaba a báis!
100
Ciarán Lenoach @ciaranlenoach.bsky.social · 03/10/2026
Tóin le daoi!😖😜😂
100
Ciarán Lenoach @ciaranlenoach.bsky.social · 03/10/2026
Praiseach an-bhuí! Mustardbhuí, cad eile!
000
Ciarán Lenoach @ciaranlenoach.bsky.social · 03/10/2026
Subhach sách an Marmaláideach!
000
Ciarán Lenoach @ciaranlenoach.bsky.social · 03/10/2026
Conair an Chonróis!
000
Ciarán Lenoach @ciaranlenoach.bsky.social · 02/10/2026
Calmacht ní cailm is dú don Fhríd scéithe seo agus é á chur féin i mbearna an bhaoil! Teas na duilleoige tirime thar dhuaithníocht na duilleoige úire a rogha! Is cosúil … b’fhéidir … buille faoi thuairim … ní fheadar … ní mé … cá bhfios!
000
Ciarán Lenoach @ciaranlenoach.bsky.social · 02/10/2026
Ní lia beach ghabhair ná méid, agus a nideog féin ag gach aon cheann acu … a bheag nó a mhór!
000
Ciarán Lenoach @ciaranlenoach.bsky.social · 02/10/2026
000
Ciarán Lenoach @ciaranlenoach.bsky.social · 02/10/2026
Scáthmhar!
010
Ciarán Lenoach @ciaranlenoach.bsky.social · 02/10/2026
Nice memories, Paul. Go raibh míle maith agat!
001
Ciarán Lenoach @ciaranlenoach.bsky.social · 01/10/2026
Craobhraic … a bachlóga ar baraíd bláthú agus torthú go tréan! Cúpla céim chun cinn na cinn chríonna, más ea, mar is dual dóibh a bheith!
020
Ciarán Lenoach @ciaranlenoach.bsky.social · 01/10/2026
Lus Bealtaine mara, a dhiosca séidte le haois! Dlúthdhiosca fós ag an gceann óg lena thaobh!
010
Ciarán Lenoach @ciaranlenoach.bsky.social · 01/10/2026
Druid óg, a chéad chleiteach curtha de in am dá chéad gheimhreadh!
000
Ciarán Lenoach @ciaranlenoach.bsky.social · 01/10/2026
Deoch an dorais Deireadh Fómhair!
100
Ciarán Lenoach @ciaranlenoach.bsky.social · 01/10/2026
Mar a chéile an Ruithéal rí a bhfuil rith a ríochta mar a ritheann aige!
000
Ciarán Lenoach @ciaranlenoach.bsky.social · 30/09/2026
Fearbán reatha mífhéiltiúil nach mbíonn a rás rite riamh níos mó – ó Lá Fhéile Bríde go Lá Fhéile Michíl, agus a mhalairt go cruinn!
100
Ciarán Lenoach @ciaranlenoach.bsky.social · 30/09/2026
Ag tarraingt breosla aníos as Eidhneán Marmaláideach borrshúileach beadaí! Imirceach ar le mórshúil atá leathshúil aige ar dheisceart na hEorpa!
000
Ciarán Lenoach @ciaranlenoach.bsky.social · 30/09/2026
Craobhóg Eidhinn a gearradh is nach raibh sa sú cneasaithe a sceith sí ach baoth-thonn a báis! Seoidín ghlioscarnach chuidsúlach anois an sú cruaite … a bhfuil nimh ann a d’iompódh goile FATHAIGH!
000
Ciarán Lenoach @ciaranlenoach.bsky.social · 28/09/2026
Théaltaíos aníos le féachaint anuas!
010
Ciarán Lenoach @ciaranlenoach.bsky.social · 28/09/2026
010
Ciarán Lenoach @ciaranlenoach.bsky.social · 28/09/2026
110
Ciarán Lenoach @ciaranlenoach.bsky.social · 28/09/2026
Cishawn Lawn!
110
Ciarán Lenoach @ciaranlenoach.bsky.social · 27/09/2026
Is córa na cinn seo, go fírinneach! Bogtha is milsithe le haois!
000
Ciarán Lenoach @ciaranlenoach.bsky.social · 27/09/2026
Díreach mar is cóir, an Sceachóir san fhómhar! Séire séasúrach ag Smólach is Sacán, ag Lon dubh is Deargán!
110
Ciarán Lenoach @ciaranlenoach.bsky.social · 27/09/2026
Aghaidh ó dheas ag an Aimiréal dearg, nó leathshúil ar a laghad! Ibeirneach sa samhradh, Ibéireach sa gheimhreadh!
000
Ciarán Lenoach @ciaranlenoach.bsky.social · 27/09/2026
Gealsliogánach an Seilide donnliopach seo! De ghrá na duaithníochta, b’fhéidir!
000
Ciarán Lenoach @ciaranlenoach.bsky.social · 27/09/2026
100
Ciarán Lenoach @ciaranlenoach.bsky.social · 27/09/2026
Seilide donnliopach ag sní leis-léi sa tslí!
100
Ciarán Lenoach @ciaranlenoach.bsky.social · 27/09/2026
Tarr ar dtús, droim is déanaí, agus geimhriú gan ghuais san easair!
010
Ciarán Lenoach @ciaranlenoach.bsky.social · 27/09/2026
Fríd scéithe á athghléasadh féin ó ghlas go ruadhonn i gcomhghléas leis an duilliúr!
110
Ciarán Lenoach @ciaranlenoach.bsky.social · 26/09/2026
Mínscoth coiteann? Mínscoth donn? Meascán Míní? Ní mé!
000
Ciarán Lenoach @ciaranlenoach.bsky.social · 26/09/2026
Maicín mioscaise i measc na mogóirí!
000
Ciarán Lenoach @ciaranlenoach.bsky.social · 26/09/2026
Briosc anois brachtanna an Ialusa! Cochall síl laistigh ag fuireach le cuaifeach gaoithe!
000