Sign in

Ciarán Lenoach

@ciaranlenoach.bsky.social
70 followers 74 following 1.1K posts

Fónphictiúir le fonn! Dúlra. An mion a chur ar a súile don phobal. Saor ó Intleacht Shaorga, ní ó dhearmaid. Imeartais focal, nathaíocht. Caitheamh aimsire. Tuilleadh sna Freagraí thíos, ceilte ach so-oscailte.

PostsRepliesMedia
Ciarán Lenoach @ciaranlenoach.bsky.social · 7h
Fearbán reatha mífhéiltiúil nach mbíonn a rás rite riamh níos mó – ó Lá Fhéile Bríde go Lá Fhéile Michíl, agus a mhalairt go cruinn!
000
Ciarán Lenoach @ciaranlenoach.bsky.social · 13h
Ag tarraingt breosla aníos as Eidhneán Marmaláideach borrshúileach beadaí! Imirceach ar le mórshúil atá leathshúil aige ar dheisceart na hEorpa!
000
Ciarán Lenoach @ciaranlenoach.bsky.social · 30/09/2026
Craobhóg Eidhinn a gearradh is nach raibh sa sú cneasaithe a sceith sí ach baoth-thonn a báis! Seoidín ghlioscarnach chuidsúlach anois an sú cruaite … a bhfuil nimh ann a d’iompódh goile FATHAIGH!
000
Ciarán Lenoach @ciaranlenoach.bsky.social · 28/09/2026
Théaltaíos aníos le féachaint anuas!
010
Ciarán Lenoach @ciaranlenoach.bsky.social · 28/09/2026
Cishawn Lawn!
110
Ciarán Lenoach @ciaranlenoach.bsky.social · 27/09/2026
Díreach mar is cóir, an Sceachóir san fhómhar! Séire séasúrach ag Smólach is Sacán, ag Lon dubh is Deargán!
110
Ciarán Lenoach @ciaranlenoach.bsky.social · 27/09/2026
Aghaidh ó dheas ag an Aimiréal dearg, nó leathshúil ar a laghad! Ibeirneach sa samhradh, Ibéireach sa gheimhreadh!
000
Ciarán Lenoach @ciaranlenoach.bsky.social · 27/09/2026
Seilide donnliopach ag sní leis-léi sa tslí!
100
Ciarán Lenoach @ciaranlenoach.bsky.social · 27/09/2026
Fríd scéithe á athghléasadh féin ó ghlas go ruadhonn i gcomhghléas leis an duilliúr!
110
Ciarán Lenoach @ciaranlenoach.bsky.social · 26/09/2026
Mínscoth coiteann? Mínscoth donn? Meascán Míní? Ní mé!
000
Ciarán Lenoach @ciaranlenoach.bsky.social · 26/09/2026
Maicín mioscaise i measc na mogóirí!
000
Ciarán Lenoach @ciaranlenoach.bsky.social · 26/09/2026
Briosc anois brachtanna an Ialusa! Cochall síl laistigh ag fuireach le cuaifeach gaoithe!
000
Ciarán Lenoach @ciaranlenoach.bsky.social · 26/09/2026
Duilliúr déraonach Eidhneáin ag dreapadh go cothrománach!
010
Ciarán Lenoach @ciaranlenoach.bsky.social · 26/09/2026
Conair na Caithne! Crainn chomharsanachta!
100
Ciarán Lenoach @ciaranlenoach.bsky.social · 26/09/2026
Ag déanamh eadra mhóir ar an eangach!
100
Ciarán Lenoach @ciaranlenoach.bsky.social · 25/09/2026
Siméadracht! Scáthán a chéile na sciatháin!
240
Ciarán Lenoach @ciaranlenoach.bsky.social · 25/09/2026
Ní foláir nó is alfa-bhaineannach ár ndamhán alla alpach!
100
Ciarán Lenoach @ciaranlenoach.bsky.social · 24/09/2026
Brú na Bóín! Dearcáin na Darach toilm óstán an Airleacáin!
030
Ciarán Lenoach @ciaranlenoach.bsky.social · 24/09/2026
Oisre tráite treáite ag spúinse ceilte buí, stocaire agus suiteoir a thochail agus a thuaslag spás seadaithe dó féin idir díon agus síleáil an tsliogáin!
101
Ciarán Lenoach @ciaranlenoach.bsky.social · 23/09/2026
Zygiella x-notata. Faladhúdaíocht ceird an damháinín alla fholaithe seo!
010
Ciarán Lenoach @ciaranlenoach.bsky.social · 22/09/2026
Cumhrán le clapsholas an Coireán bán a mheallann na pailneoirí chun féasta feascair!
100
Ciarán Lenoach @ciaranlenoach.bsky.social · 20/09/2026
Cuil nóna ag tarraingt ar nóin bheag a saoil!
000
Ciarán Lenoach @ciaranlenoach.bsky.social · 20/09/2026
Aimiréal dearg ar Sprús Sitceach spíonach a bheas ina chlár bog déil gan mhoill!
000
Ciarán Lenoach @ciaranlenoach.bsky.social · 20/09/2026
Lus na feannóige thús an tséasúir i ndeireadh an tséasúir! Athfhás!
010
Ciarán Lenoach @ciaranlenoach.bsky.social · 19/09/2026
Coireán coilleach déanach, ach tráthúil, agus Beach ghabhair fhada ag biorú a stór bia roimh an aistear fada ó dheas chun na bPiréiní!
100
Ciarán Lenoach @ciaranlenoach.bsky.social · 19/09/2026
Líon neamhlán agus é in aimhréidh beagán ag an ngaoth! Cuirfidh sí caoi air le ciúnú an lae!
000
Ciarán Lenoach @ciaranlenoach.bsky.social · 17/09/2026
Iúr Cinn Gharraí! Síol sinsearach curtha amach i gceann a chúraim! Síol sóisearach le scuabadh chun siúil fós!
000
Ciarán Lenoach @ciaranlenoach.bsky.social · 16/09/2026
Beach charda agus a beatha á tréigean i ndeireadh na biaiste! A ruacht tréighte cheana, tuartha ag tréantaitneamh gréine!
100
Ciarán Lenoach @ciaranlenoach.bsky.social · 15/09/2026
Cuil ladrannúil choiteann nó Cuil ladrannúil earrchaol, ní mé! Caol an difríocht eatarthu ó cholscar siad ó chéile ag crosaire na héabhlóide 10 milliún bliain ó shin!
000
Ciarán Lenoach @ciaranlenoach.bsky.social · 15/09/2026
Mithidí mogóirí meán mhí Mheán Fómhair!
100
Ciarán Lenoach @ciaranlenoach.bsky.social · 14/09/2026
Féirín fágtha sa bhféar! Cé aige ach Colm coille na féile!
010
Ciarán Lenoach @ciaranlenoach.bsky.social · 14/09/2026
Crág i ndiaidh cráige a shnámhann an Chrág phortáin chun síl!
000
Ciarán Lenoach @ciaranlenoach.bsky.social · 14/09/2026
Bia galánta …
100
Ciarán Lenoach @ciaranlenoach.bsky.social · 14/09/2026
Mall ag teacht i mbláth! Dea-thoradh ná sméar mhullaigh ní bheidh air dá bharr!
000
Ciarán Lenoach @ciaranlenoach.bsky.social · 13/09/2026
Beach mheala ag fáiteall ar Luibh bhléine, na painnéir ar a cosa cúil lán le pailin! Arán – tar éis a coipthe – do na beacha altranais sa choirceog!
010
Ciarán Lenoach @ciaranlenoach.bsky.social · 13/09/2026
Soláthar an tsamhraidh ag síolú is siocair leis an sciob sceab! An riar a roinnt an réiteach!
100
Ciarán Lenoach @ciaranlenoach.bsky.social · 13/09/2026
Stopadh sloic, stopadh sloig!
001
Ciarán Lenoach @ciaranlenoach.bsky.social · 13/09/2026
Galán baineannach ag súil le suas le 500 ubh a bhreith! Iar sin, bás de cheal brí!
000
Ciarán Lenoach @ciaranlenoach.bsky.social · 12/09/2026
Cuil bhuí ar Chuileann, a saol beagnach caite agus a cuid oibre curtha i gcrích aici!
010
Ciarán Lenoach @ciaranlenoach.bsky.social · 09/09/2026
Fógra Fiadhúlra! Breac ballach Banbha i mbliana le Bóín Dé thar bóchna isteach! Bithéagsúlacht i mbaol dá bíthin thar aon bhliain eile! Arae … is airceachán an tAirleacán! Leathbhreac an Bhéarla!
000
Ciarán Lenoach @ciaranlenoach.bsky.social · 09/09/2026
‘Tnúthán an Dúchais’ ag corraí sa Bheach ghabhair mharmaláide agus á tarraingt chun na Meánmhara, an áit as ar tháinig a muintir! Le cóir ghaoithe tabharfaidh sí a haghaidh go toilghnústa soir ó dheas!
110
Ciarán Lenoach @ciaranlenoach.bsky.social · 08/09/2026
Eite an tseabhaic ainm an bhracfhungais seo. Ach “dreoilín ar fhuinneog ar maidin is é ag daimsiú ríl” ná ceithre eite ar sheabhac ní fhaca mé riamh!
010
Ciarán Lenoach @ciaranlenoach.bsky.social · 08/09/2026
Cumhdach clúmhach ar chál faiche! Cuirtín céarach, i ndáiríre! Cosaint ar an gcreachadóir is díon ar an gcith anuas! Taobh thiar den chuirtín anmhórán aifidí ag diúl sú ar a suaimhneas!
000
Ciarán Lenoach @ciaranlenoach.bsky.social · 07/09/2026
Tarlóg bheag Copróg bheag ag tarlú sa tslí orm inniu! Mór an sásamh mar sin féin!
000
Ciarán Lenoach @ciaranlenoach.bsky.social · 07/09/2026
An-teacht aniar sna hÁilleáin a tháinig aneas i mbliana! 17 Aibreán ar chlé, 7 Meán Fómhair ar dheis! A trí nó a ceathair de ghlúine eatarthu!
100
Ciarán Lenoach @ciaranlenoach.bsky.social · 07/09/2026
Fríd scéithe ghlas. Nimfeach. An cúigiú hionstáir. An ceann deireanach roimh an mbuaileam sciath mór! An bhruithneog ar bhris sí amach as lena taobh! Cam luatha, chaithfeadh sé, agus scaipeadh Chlann Lir ar an gcuid eile den chomhluadar!
000
Ciarán Lenoach @ciaranlenoach.bsky.social · 07/09/2026
Na trí rud is dual do Fhríd scéithe ghlas sa duilliúr! Duaithníocht, díleá a choda agus dreas droim-le-gréin!
100
Ciarán Lenoach @ciaranlenoach.bsky.social · 07/09/2026
Barr cleite agus bun cleite amach! Cleite comhrá a bhun is a lorg!
000
Ciarán Lenoach @ciaranlenoach.bsky.social · 06/09/2026
Ag líonadh bearna!
000
Ciarán Lenoach @ciaranlenoach.bsky.social · 06/09/2026
Bolg soláthair!
000