Sign in

Cathal Seoighe

@cathal.bsky.social
884 followers 332 following 1K posts

Cuntas as Gaeilge. Suim agam sa nádúr, eolaíocht, cadhcáil, fidléireacht ar aonrothach agus rudaí fánacha eile.

PostsRepliesMedia
Cathal Seoighe @cathal.bsky.social · 26/09/2026
Bosca bruscair a thug mé faoi deara i gCathair na Gaillimhe anois díreach. Go deimhin, bhí fómhair róúil ann arís.
010
Cathal Seoighe @cathal.bsky.social · 25/09/2026
Leag tú do mhéar air
010
Cathal Seoighe @cathal.bsky.social · 25/09/2026
Tá ann don Gh'tacht Oifigiúil - ceantair ina bhfuil cearta sa bhreis ag an teanga, ach an-éagsúlacht eatarthú maidir lena húsáid. Céard a dhéanfaidh an pobal leis na cearta? Sin ceist eile. Tuigtear go maith go bhfuil catagóir éagsúla Gchta ann, ach ní chun leasa na teanga na cearta sin a chiorrú.
050
Cathal Seoighe @cathal.bsky.social · 25/09/2026
Gan trácht ar Pop-Up Gaeltacht - cineál heist cultúrtha atá ansin is dóigh? Má tá an téarma 'Gaeltacht' ina chabhair do mhuintir Bhéal Feirste nó Charn Tóchair agus iad ag cruthú pobal teanga, ná tugtar gadaíocht air sin.
192
Cathal Seoighe @cathal.bsky.social · 24/09/2026
Tá súil agam go dtiocfaidh siad slán tríd na seicphointí (má tá Gaeilge ag na cearca ní cheadófar amach iad)
021
Cathal Seoighe @cathal.bsky.social · 24/09/2026
Tá droichead na gcúig chéad dúnta nó go bhfógrófar a mhalairt! 😉
020
Cathal Seoighe @cathal.bsky.social · 23/09/2026
Filíocht 😉
020
Cathal Seoighe @cathal.bsky.social · 23/09/2026
Dála an scéil, seo bealach le 100 focal randamach a fháil ón IS a bhfuil Pangram dall air, más spéis le haon duine an stuif seo. Léiríonn sé rud éigin faoin mbealach a oibríonn Pangram (na focail a leanann a chéile) agus faoi IS na linne seo (LLM + 'gníomhaire' a ghin is a d'athordaigh faoi seach)
Focail 'randamacha' a d'eascair ón iarratas: Tabhair 100 focail randamacha Gaeilge dom, athordaigh na focail sin go randamach agus priotáil amach iad (spás-scartha)
Pangram lánchinnte gur ó dhuine a tháinig na focail seo
150
Cathal Seoighe @cathal.bsky.social · 23/09/2026
Bíonn rian láidir staitistiúil ar an rud a scríobhann an IS. Triall spéisiúil: iarr ar LLM focail randamacha a ghineadh agus cuir isteach i leithéidí Pangram iad. Ní raibh teacht agam ar an alt san IT len é a chur isteach. An rachadh an toradh thar thairseach an 'amhrais réasúnta'? Cá bhfios.
Focail randamacha a ghin samhail teanga mór - tá Pangram in ann a rá go cinnte gur IS a ghin iad.
330
Cathal Seoighe @cathal.bsky.social · 22/09/2026
Go raibh maith agat, a Lorna. Bhí an-díomá orainn nár tháinig an t-údar chun cainte linn sular fhoilsigh sé an chéad alt.
130
Cathal Seoighe @cathal.bsky.social · 11/09/2026
GRMA a Áine. Tá sé sin amhlaidh le fada ar ndóigh - ní nuacht atá ann agus ní chuirfeadh plé ar an gceist sin isteach orm. Ach tá sé fíor-mhaslach leithghabháil chultúrtha a thabhairt ar na comharthaí bóthair sin, agus rinne an t-alt gránna sin dochar dár gceantar agus do mheanma an OPT go háirithe.
121
Cathal Seoighe @cathal.bsky.social · 10/09/2026
Ní fhaca mé an t-alt seo go dtí inniu. Tá tréaniarrachtaí ar bun pobal Gaeltachta a neartú in Oirthear Chathair na Gaillimhe, ach níor bhac an t-údar labhairt linne atá i mbun na hoibre. Deargmhasla é leithghabháil chultúrtha a thabhairt ar na comharthaí bóthair seo 😡 tuairisc.ie/masla-do-mhu...
tuairisc.ie
381
Cathal Seoighe @cathal.bsky.social · 20/08/2026
Alt a scríobh mé (as Bé) don Examiner maidir leis an sár-mhac léinn mata ó Gaza a bhí le teacht go Gaillimh. Thacaigh go leor cairde anseo leis agus mé ag tiomsú airgid ar a shon anuraidh. Faraor diúltaíodh víosa dó an tseachtain seo caite. Achomharc le déanamh. www.irishexaminer.com/opinion/comm...
irishexaminer.com
1121
Cathal Seoighe @cathal.bsky.social · 28/07/2026
Tá víosaí á ndiúltú ar chúinsí teicniúla do mhic léinn as Gaza a bhfuil scoláireachtaí faighte acu in Éirinn. Ábhar dóchais is ea an t-oideachas gur féidir an tsochaí a atógáil. Náireach go bhfuil bac á chur ar ollscoileanna sa tír seo a gcuid a dhéanamh. Achainí anseo: my.uplift.ie/petitions/vi...
my.uplift.ie
Visa for Gaza students
I'm calling on Jim O'Callaghan to approve visas for students from Gaza who have been granted scholarships to Irish universities. Will you add your name to the petition now?
064
Cathal Seoighe @cathal.bsky.social · 22/06/2026
go hálainn!
030
Cathal Seoighe @cathal.bsky.social · 21/06/2026
Ceotharnach uisce ar Loch Coirib anocht.
0161
Cathal Seoighe @cathal.bsky.social · 13/06/2026
Ard-fhear! 🙏
000
Cathal Seoighe @cathal.bsky.social · 09/06/2026
Léigh mé é nuair a bhí mé óg agus saonta agus chuaigh sé go mór i bhfeidhm orm (bíodh sin chun mo leasa nó chun m'aimhleasa). Ba cheart dom é a athléamh, ach bíonn díomá mar thoradh ar an athléamh go minic i mo thaithíse.
030
Cathal Seoighe @cathal.bsky.social · 07/06/2026
Thar cionn!
000
Cathal Seoighe @cathal.bsky.social · 04/06/2026
Leamhan. An leamhan flanndearg déarfainn (Tyria jacobaeae).
010
Cathal Seoighe @cathal.bsky.social · 04/06/2026
Ní dóigh liom é
000
Cathal Seoighe @cathal.bsky.social · 03/06/2026
Mura bhfuil dul amú orm tá casadh tuathail ar dhá cheann acu (peaca marfach na léaráidí ADN 😱😉)
110
Cathal Seoighe @cathal.bsky.social · 23/05/2026
Cá bhfuil tú?
100
Cathal Seoighe @cathal.bsky.social · 22/05/2026
Níl fhios agam ar cheart réiteach a thabhairt air. Bréagnú 'thuairimíochta' de chuid Erdős, a sheas le 80 bliain, atá ann, de réir mar a thuigim (tá sé i bhfad ó mo réimse sainspéise féin). Tá cúis eile go bhfuil tuairimíocht i ' ' - an é sin an focal ceart don téarma mata 'conjecture'??
en.wikipedia.org
120
Cathal Seoighe @cathal.bsky.social · 22/05/2026
Aontaím leat... Tá míniú air anseo: openai.com/index/model-... agus anseo en.wikipedia.org/wiki/Unit_di...
openai.com
An OpenAI model has disproved a central conjecture in discrete geometry
An OpenAI model solved the 80-year-old unit distance problem, disproving a major conjecture in discrete geometry and marking a milestone in AI-driven mathematics.
130
Cathal Seoighe @cathal.bsky.social · 22/05/2026
Nuacht mhór i réimse na matamaitice: arú inné d'fhógair OpenAI go raibh a samhail mhór réasúnaithe théis fadhb chlúiteach a réiteach go neamhspleách. Baineann sé le leagan amach phointí ar an bplána. Is léiriú é an t-íomhá álainn seo (ó mathandcobb ar X) ar chineál áirithe 'réiteach' ar an bhfadhb.
Léiriú ar an mbréagnú a rinne samhail mhór ón gcomhlacht OpenAI ar an Unit Distance Conjecture de chuid an mhatamaiticeora iomráitigh Paul Erdős.
342
Reposted by Cathal Seoighe
Fintan @fintan-galway.bsky.social · 18/05/2026
Seachtain gnóthach sa phub amach romhainn le na hOícheanta Ólaíochta mar chuid de @pintofscienceie.bsky.social BÁC in Anseo anocht, le foghlaim faoi rún na gcóiméad, taighde ar bun san RCSI, agus damhsa cuaille. Corcaigh amárach, agus ansin cathair na Gaillimhe agus Indreabhán. pintofscience.ie
pintofscience.ie
Home
Bringing scientists to your local pubs and cafes to present their latest discoveries and make you fall in love with science.
073
Cathal Seoighe @cathal.bsky.social · 15/05/2026
Beimid i dTeach Hiúdaí Beag anocht agus rachaidh mé go Café Kitty ós rud é gur luadh anseo é. MB.
110
Cathal Seoighe @cathal.bsky.social · 14/05/2026
Faraor, ní bheidh morán ama again - ag filleadh arís ar an Satharn. Beidh orm dul ar ais.
110
Cathal Seoighe @cathal.bsky.social · 14/05/2026
Seisiún Tigh Hiúdaí Beag oíche amárach, de réir mar a thuigim... má tá tú ar fáil?
230
Cathal Seoighe @cathal.bsky.social · 14/05/2026
Go mbeadh sé in ann a chosa a choinneáil faoi?
230
Cathal Seoighe @cathal.bsky.social · 14/05/2026
Ar mo bhealach go Gaoth Dobhair den chéad uair, leis an mBruach Thoir maidin amárach. Murdar san Amharclann ar siúl sa tráthnóna - leagan den léiriú idirghníomhach a chuir An Bruach Thoir ar siúl in Áras na nGael (Gaillimh) cupla mí ó shin. Ag súil go mór leis. Aon mholtaí? Aon spéiríní sa gceantar?
2121
Cathal Seoighe @cathal.bsky.social · 08/05/2026
Ach mar a luaigh tú, tá sé sin faoi PR. Cúngaíonn FPTP an chumhacht.
000
Cathal Seoighe @cathal.bsky.social · 08/05/2026
Sin é a bhí ar intinn agam. Chonaic mé Farage agus a chuid cairde ag déanamh gaisce faoi na torthaí níos luaithe. Níor mhaith liom iad a shámhlú i gcumhacht.
000
Cathal Seoighe @cathal.bsky.social · 08/05/2026
Seans nach sábhálfadh sé na páirtithe traidisiúnta, agus níl sábháil ag dul dóibh ach laghdódh sé go mór an seans go mbeadh tromlach i Westminster ag Reform.
110
Cathal Seoighe @cathal.bsky.social · 08/05/2026
Tá trí bliana ag an mBreatain le leasú ollmhór a chur i gcrích ar an gcóras toghchánaíochta má tá torthaí tubaisteacha le seachaint, shílfeá. An bhfuil mórán cainte air sin inniu? (ní raibh mé ag leanúint na nuachta mórán). Vóta inaistrithe agus comhrialtais feasta an seans is fearr IMT.
241
Reposted by Cathal Seoighe
Aonghus Ó hAlmhain @aonghusoha.bsky.social · 08/05/2026
Síniú ag éileamh go mbeadh nuacht ó chórais an Stáit - iarnród Éireann abair - ar fáil go poiblí seachas laistiar de gheataí Ríocht an Éin nó straoisleabhar amháin. Sínigí! my.uplift.ie/petitions/pu...
my.uplift.ie
Public Info, Public Access - Stop providing public info on private social networks
How this affects you: Public transport and government services are public goods. But right now, vital updates—like train cancellations, road closures, and emergency alerts—are often shared on private ...
043
Cathal Seoighe @cathal.bsky.social · 05/05/2026
Is cosúil gur bhain tú triail astú... fear an mhisnigh! Cén cur síos a bheadh agat orthu?
110
Reposted by Cathal Seoighe
Aonghus Ó hAlmhain @aonghusoha.bsky.social · 05/05/2026
ardan.ie/news/coimisi... Coimisiún Nua Cláir Faisnéise Science on Screen Fógartha Lámh ag @fintan-galway.bsky.social agus @cathal.bsky.social ann...
ardan.ie
New Science on Screen Documentary Commission Announced: STEM as Gaeilge | Ardán
043
Cathal Seoighe @cathal.bsky.social · 04/05/2026
Ceadharlach Bealtaine agus catluibh ar an gCreig i Mionloch inniú.
Ceadharlach BealtaineCatluibh
070
Cathal Seoighe @cathal.bsky.social · 03/05/2026
Is dóigh liom gur duine aonteangach é Dawkins, ach sea - ní hé sin an t-aon rud suntasach faoi.
010
Cathal Seoighe @cathal.bsky.social · 03/05/2026
Richard Dawkins b'fhéidir. Go leor magadh ar líne tar éis dó comhráite féinmholta a bhí aige le Claude (nó Claudia mar a thugann sé ar a chomhfhreagraí féin) a roinnt agus é cinnte anois go bhfuil sé/sí comhfhiosach.
120
Cathal Seoighe @cathal.bsky.social · 02/05/2026
Ach caor ní ghintear dá uireasa.
100
Cathal Seoighe @cathal.bsky.social · 30/04/2026
Dá bhfeicfinn cloch le poll cruinn ann anseo ar bhruach Loch Coirib rithfeadh sé liom gur smionagar bholláin le Röhrenkarren tríd a bhí ann (bhí míniú eile ag @jimnuaeabhrac.bsky.social dúinn ar phoill i mbolláin - iontaise phterobranch). Bhí postáil agam faoi na Röhrenkarren ar shuíomh an éin tráth
Bollán aolchloiche (ón mbun) in uisce éadomhain ar Oileán Scáth Mór, Loch Coirib, a bhfhuil cuma eachtráin agus ionadh air air.
130
Cathal Seoighe @cathal.bsky.social · 24/04/2026
Ag ceiliúradh 20 bliain pósta. Shiúlamar isteach Tigh Neachtain agus bhí 'clúid Nóra' ar fáil, ainneoin go raibh an baile mór plódaithe san aimsir dheas. Dea-thuar, glacaim leis.
9330
Cathal Seoighe @cathal.bsky.social · 19/04/2026
Suaimhneas síoraí dó. Dán ciúin álainn é sin ina onóir.
130
Cathal Seoighe @cathal.bsky.social · 13/04/2026
Níl mise ina measc, pé scéal é (ar mo dhícheall anseo ag iarraidh srian a choinneáil ar mo shamhlaíocht).
120
Cathal Seoighe @cathal.bsky.social · 13/04/2026
An bhfuil leagan nua-Ghaeilge ar fáil?
110
Cathal Seoighe @cathal.bsky.social · 13/04/2026
Ah.... b'as Gaoth Dóbhair don mhúinteoir Gaeilge a mhúin dúinn é agus bhí an-dúil aige i Séamus Ó Grianna. Is dóigh gur ansin a fuair seisean é maith go leor. GRMA! 🏆
030
Cathal Seoighe @cathal.bsky.social · 13/04/2026
Struchtúr sách cosúil (ach is dóigh go bhfuil go leor manaí ar an struchtúr sin). Níl an chiall chomh cosúil sin, dar liom.
000