Sign in

an-spideog.bsky.social

@an-spideog.bsky.social
30 followers 21 following 13 posts
PostsRepliesMedia
an-spideog.bsky.social @an-spideog.bsky.social · 22/08/2026
Tá san. N'fheadar cé a chum é nó cé a chuir chun cinn é. Is dócha go bhfuil aithne aiges gach éinne air sa lá atá inniubh ann, ach mar shampla níl sé in aon cheann desna leabhra móra seanfhocal (Seanfhocla Uladh, Seanfhocail na Muimhneach, Seanfhocla Chonnacht) Leagan as an athbheochan b'fhéidir
030
an-spideog.bsky.social @an-spideog.bsky.social · 22/08/2026
@mageachain.bsky.social bhfuil aon tuairim agat cé chomh sean is atá an leagan "Is fearr Gaeilge bhriste..."? Taibhsítear dom gurbh ann dó sna 30idí ach n'fheadar thairis sin
110
an-spideog.bsky.social @an-spideog.bsky.social · 31/07/2026
Is ainnis cás teanglann.ie le tamall @forasnagaeilge.bsky.social, bíonn an suíomh briste ar shlí éigin gach re lá, caithfear cúram a dhéanamh de
teanglann.ie
000
an-spideog.bsky.social @an-spideog.bsky.social · 01/05/2026
Míle baochas!
000
an-spideog.bsky.social @an-spideog.bsky.social · 01/05/2026
Tionscadal a bhí idir lámha agam le tamall anuas, mar gheall ar an ainm "Fiona":
youtube.com
How Old is the Name Fiona?
YouTube video by An Spideog
132
Reposted by @an-spideog.bsky.social
dub @duilinn.bsky.social · 01/05/2026
Rinne mé cúpla beart acmhainní do #Minecraft i nGaeilge: Bardchló: Leagan Gaelach de ghnáthchló Minecraft (Mojangles). Dinneencraft: Litriú réamhchaighdeánach na Gaeilge (le poncanna nó gan iad). Is féidir an péire acu a úsáid le chéile! modrinth.com/resourcepack... modrinth.com/resourcepack...
Ubhall Óir DraoidheachtaRoghchlár cluiche Minecraft

Fill ar an gCluiche
Forbairtí, Staitisticí
Aiseolas, Tá fadhb ann
Roghna, Oscail do'n LAN
Sábháil agus Fág an DomhanGile na Gile
Cuir téacs lonrach ar chomhartha
01810
an-spideog.bsky.social @an-spideog.bsky.social · 11/03/2026
Chonac leabhar na huidhre an inné sa @rialibrary.bsky.social, ana-spéisiúil ar fad! Agus galánta leis
0131
an-spideog.bsky.social @an-spideog.bsky.social · 22/02/2026
N'fheadar, ní fheaca riamh pictiúr di ach níl mórán eolais agam uirthi i ndáiríre. Bhíos ag léamh leaganacha éagsúla den Táin agus thána ar an gceann san, is dóigh liom go ndearna sí obair eile ach n'fheadar féin cá mhéid
010
an-spideog.bsky.social @an-spideog.bsky.social · 22/02/2026
@davidstifter.bsky.social San eagrán de Tháin Bó Cuailnge a dhein Faraday (1904), deirtear go bhfuil an teanga i leagan YBL i bhfad níos sine ná an lámhscríbhinn féin Ní fhaca an t-eolas san in áiteanna eile, an bhfuil aon tuairim agatsa ar na tréithe sin nó ar aois an tsaothair?
110
an-spideog.bsky.social @an-spideog.bsky.social · 16/02/2026
hmm cím é seo ar edil
210
an-spideog.bsky.social @an-spideog.bsky.social · 16/02/2026
Sea, ón méid sin le hÓ Riain a luaigh 'Mo Fhinnu', fuaireasa thuilleadh samplaí, go háirithe in ainmneacha Naomhanna Mo Bí (< Brénainn), Mo Chua (< crónán), Mo Chutu (< Carthach) Mo + [giorrúchán], nós choitianta ab ea í de réir dealraimh ach níl aon rud agam a mhíníonn an nós san.
120
an-spideog.bsky.social @an-spideog.bsky.social · 16/02/2026
grma, tá an t-alt san ana-spéisiúil
110
Reposted by @an-spideog.bsky.social
Conchúr Mag Eacháin @mageachain.bsky.social · 16/02/2026
Cha dtáinig ach bhí mé ag caint le duine le déanaí faoin ainm Fionnbharra agus Barra. Bhí mé ag déanamh go mbeadh rud éigin ag Pádraig Ó Riain ina Dict. of Irish Saints. ach chonaic mé go rabh alt aige faoin naomh chéanna... corkhist.ie/wp-content/u...
221
an-spideog.bsky.social @an-spideog.bsky.social · 16/02/2026
ó go raibh maith agat!
000
an-spideog.bsky.social @an-spideog.bsky.social · 16/02/2026
@mageachain.bsky.social Ní fheadar an bhfacaís riamh é seo, ach sa leabhar Sloinnte Gaedhal agus Gall le Woulfe, tá an méid seo thíos ann. Ar tháinís riamh ar 'fionnu' nó 'fionna' mar ghiorrúchán ar ainm mar sin?
120