Is dócha go mbaileoidh mé sabhaircíní (nó 'teachtairí an tsamhraidh' mar a thugadh muintir Theilinn orthu 😍) leis na páistí lena scaipeadh ag leac an dorais, rud a dhéanadh m'athair is é óg. Bhailínn féin iad is mé óg ach ba fá choinne Altóir Bhealtaine a bhí siad go hiondúil