Sign in

Tomaí Rua

@tomai.bsky.social
113 followers 81 following 39 posts

Scríbhneoir | Aistritheoir | Taiscéalaí | Bunaitheoir NÓS linktr.ee/tomairua

PostsRepliesMedia
Tomaí Rua @tomai.bsky.social · 29/09/2026
Scríobh mé alt na seachtaine seo san Irish Times sular bhris scéal Dhroim Crí ach tá cuid de go fóill breá ábhartha don mhireacht is déanaí... Beannachtaí na Féile Michíl oraibh! www.irishtimes.com/gaeilge/scea...
irishtimes.com
Cothromaíocht an Chónochta agus Lá Fhéile Mhichíl
Ba mhór an tábhacht a bhain leis an tréimhse áirithe seo den bhliain riamh anall
021
Tomaí Rua @tomai.bsky.social · 04/09/2026
Is ‘bob’-chat ceart é mar sin más de phreab a léim sé isteach sa teach. An cleasaí!
020
Tomaí Rua @tomai.bsky.social · 02/09/2026
Mile buíochas leat a Antain, a chara!
010
Tomaí Rua @tomai.bsky.social · 01/09/2026
‘Braonta Bóchna’ is teideal don cholún nua atá agam ar Scéal san Irish Times. Cúrsaí cultúir agus dúlra, staire agus fealsúnachta, timpeallachta agus spraoi, teoiricí uileghabhálacha agus tuairimí fánacha… beidh sin agus tuilleadh faoi chaibidil agam gach seachtain ón lá inniu ar aghaidh!
1152
Tomaí Rua @tomai.bsky.social · 29/07/2026
Grá dár leonadh buíochas dár líonadh is brón dár leagan. Deora ag titim go mall i gcuimhne réalta réalta a shoilsigh agus a sheinn agus a thóg seacht míle croí. A chruthaigh ealaín a réitigh frámaí a thaispeáin féile nach dtráfar choíche. Grá dár leonadh buíochas dár líonadh is brón dár leagan.
030
Tomaí Rua @tomai.bsky.social · 29/07/2026
Comhghairdeas leat ar an leabhar a Phádraig, cuma iontach spéisiúil air. Tá mo chóip ordaithe agam! Suim agam sa cheangal le Meicsiceo go háirithe. Chaith mé tamall sa tír cúpla bliain ó shin agus tá mé ag scríobh cuntas ar an turas.
140
Reposted by Tomaí Rua
NÓS @nosanseo.bsky.social · 28/07/2026
Scríobh @tomai.bsky.social faoi bhua stairiúil Mhaigh Eo agus faoi na mothúcháin ársa a scaoileadh saor sa cheiliúradh. nos.ie/news/an-dora...
nos.ie
An doras diaga oscailte ag Maigh Eo faoi dheireadh - NÓS
Lúcháir lonrach. Rírá ríméadach. Gliondar glórmhar. Scaoileadh saor mothúcháin na nglúnta i bPáirc an Chrócaigh inné, agus ba mhór an tairbhe é.
021
Tomaí Rua @tomai.bsky.social · 25/07/2026
Don deireadh seachtaine atá ann.
080
Tomaí Rua @tomai.bsky.social · 03/06/2026
Maith thú a chara! Ar chuir tú mórán cóipeanna de i gcló?
110
Tomaí Rua @tomai.bsky.social · 03/06/2026
Sílim gur sin an rud ba cheart a bheith ann ach nach bhfuil sé ag feidhmiú ar an dóigh sin... faoi láthair cá bith. Ba dheas leagan ríomhaire den aip a bheith ann fosta - bím ag iarraidh an fón a sheachaint ar na saolta seo!
140
Tomaí Rua @tomai.bsky.social · 03/06/2026
Níl bhur rás rite go fóill mar sin féin! Lú an chéad chéile comhraic eile a bheas ag Ard Mhacha. Rud amháin atá cinnte: is i gceantar Oiriall a bheas an gabhar á róstadh!
120
Reposted by Tomaí Rua
NÓS @nosanseo.bsky.social · 02/06/2026
Thug @tomai.bsky.social cuairt ar Bhailí na hIndinéise ar na mallaibh. D'aimsigh sé áilleacht iontach ann - idir an dúlra agus na déithe - ach ní raibh sé in ann neamhaird a thabhairt ar na scamaill dhorcha os cionn an oileáin.
nos.ie
Beannú agus truailliú i mBailí na codarsnachta - NÓS
Thug Tomaí Ó Conghaile cuairt ar Bhailí na hIndinéise ar na mallaibh. D'aimsigh sé áilleacht iontach ann - idir an dúlra agus na déithe - ach ní raibh sé in ann neamhaird a thabhairt ar na scamaill dh...
021
Tomaí Rua @tomai.bsky.social · 27/05/2026
Díreach é. Seans go bhfuil buaic reatha na meán sóisialta ollmhór bainte amach againn & go mbeidh fonn ar dhaoine cruinniú le chéile i spásanna níos lú, níos soláimhsithe, amach anseo. Níor tógadh muid le bheith ag leanúint scéalta na mílte daoine eile ar aon nós. Buailfidh mé isteach ann go luath!
120
Tomaí Rua @tomai.bsky.social · 26/05/2026
Níl a fhios agam ar mhaith liom clárú le haip eile meán sóisialta - is annamh a bhuailim isteach anseo go fiú - ach más ann atá an chraic is an spraoi...
230
Reposted by Tomaí Rua
NÓS @nosanseo.bsky.social · 18/05/2026
Bronnadh 9 ngradam ar cheoltóirí agus ar bhannaí na Gaeilge in The Black Box, Béal Feirste, Dé Sathairn. Léigh tuairisc ar an oíche mhór anseo...
nos.ie
Huartan agus Torby i measc na mbuaiteoirí ag Gradaim NÓS 2026 - NÓS
Bronnadh 9 ngradam ar cheoltóirí agus ar bhannaí na Gaeilge in The Black Box, Béal Feirste, Dé Sathairn.
021
Tomaí Rua @tomai.bsky.social · 28/03/2026
Oileán glas eile ag a bhfuil stair an-chasta is ea Srí Lanca ach amharctar ar chomharthaí ilteangacha ann mar chuid d'iarrachtaí athmhuintearais na tíre. Más féidir leosan trí theanga a thaispeáint, ba cheart go mbeadh muidne in ann glacadh le dhá theanga (ar a laghad) in Éirinn nua amach anseo.
050
Tomaí Rua @tomai.bsky.social · 24/02/2026
Gach rath ar an togra! Bheadh sé iontach don mhórcheantar trí chéile. Tá macallaí na Gaeilge go fóill sna cnoic.
010
Tomaí Rua @tomai.bsky.social · 19/02/2026
Alt liom ar NÓS faoi chneasú na tíre agus ról na Gaeilge sa díospóireacht náisiúnta faoi Éirinn athaontaithe. Agus tá fabhalscéal i dtús an phíosa... an rud is annamh is iontach!
nos.ie
Tionól na n-ainmhithe, an Ghaeilge agus athaontú na hÉireann - NÓS
(Ealaín le Elisa Gambicchia) Chuala mé scéal ar na mallaibh faoi eachtra a tharla sa tréimhse i ndiaidh na hoighearaoise deiridh. Bhí na sruthanna sneachta i ndiaidh cúlú ó thuaidh agus an dúlra ag te...
182
Tomaí Rua @tomai.bsky.social · 19/02/2026
Á! Molt bé. Cé na dátaí a bheas tú anseo? Má tá sibh ag iarraidh dul isteach sa Sagrada Familia, beidh oraibh ticéid a chur in áirithe. Ní bhím in Sitges go rómhinic ach má tá aon mholtaí uait faoin Bharsalóin féin, díreach abair liom!
000
Tomaí Rua @tomai.bsky.social · 05/02/2026
'Cluas (agus croí) le héisteacht' Alt liom faoin spioradáltacht ar Comhar na míosa seo. Ceannaigh cóip nó síntiús ar líne agus tacaigh leis na meáin Ghaeilge. comhar.ie/iris/86/2/cl...
0113
Tomaí Rua @tomai.bsky.social · 03/02/2026
“Chun an brón, an t-ocras, an chogaíocht a dhíbirt, ní mór réabhlóid shíceolaíoch a bheith ann, agus is rud é sin nár mhian le mórán againn aghaidh a thabhairt air.” Bhí an fhírinne ag Krishnamurti. Dá mba mhaith linn an saol seachtrach a athrú, caithfidh muid an saol inmheánach a athrú ar dtús.
010
Tomaí Rua @tomai.bsky.social · 16/01/2026
Galánta a chara, tá súil agam go bhfuil an saol go maith libh thall - in ainneoin na n-ainneoin!
010
Tomaí Rua @tomai.bsky.social · 15/01/2026
Freagra ar an domhan mhire ina maireann muid. Con una bellissima illustrazione di Elisa Gambicchia.
190
Tomaí Rua @tomai.bsky.social · 07/01/2026
Tháinig mé air seo, a bhuí le @omaoldomhnaigh.bsky.social www.cartlann.ie/items/show/2... Is cosúil gur dhúirt sé chomh maith go mbeadh Éire faoi uisce seacht mbliana roimh dheireadh an domhain - tuar atá píosa beag róghar don fhírinne is dócha!
cartlann.ie
Maitiú na Tamhnaí (1847-1923) - Diansaothraí agus Scoth Seanchaí · Cartlann Ghaeltacht Chonamara
010
Tomaí Rua @tomai.bsky.social · 07/01/2026
Iontach ar fad, míle buíochas leat a Ré!
010
Tomaí Rua @tomai.bsky.social · 04/01/2026
Cén tairngreacht í sin a Aonghuis?
200
Tomaí Rua @tomai.bsky.social · 01/01/2026
Tá dúshláin gan áireamh romhainn mar speiceas - cogaíocht & slad, deighilt & saint, scrios timpeallachta & dícheangal daonna - ach ní mór dúinn coinneáil orainn & ár ndícheall a dhéanamh an solas, an grá & an muintearas a chothú níos mó ná riamh. Gach rath ar gach neach i ngach áit in 2026.
060
Tomaí Rua @tomai.bsky.social · 19/12/2025
Míle buíochas a chara, chuir Antain go mór leis an tsraith.
000
Tomaí Rua @tomai.bsky.social · 19/12/2025
Is fiú go mór é. Ábhar suimiúil luachmhar ann!
010
Tomaí Rua @tomai.bsky.social · 01/12/2025
Go maire muid uilig na móimintí beaga nuair a thig siad chugainn.
021
Tomaí Rua @tomai.bsky.social · 01/12/2025
Is deas liom sin a chluinstin a Lorna! Is mór an t-ábhar machnaimh a thugann gach aoi sa tsraith dúinn. Tá mé iontach sásta go bhfuil tú ag baint tairbhe as.
010
Tomaí Rua @tomai.bsky.social · 27/11/2025
Dhéanfadh sin comhartha fáilte den scoth!
130
Tomaí Rua @tomai.bsky.social · 27/11/2025
Bhí an-chomhrá agam leis an Athair Brian Ó Fearraigh faoi na seanphaidreacha Gaeilge, an tart spioradálta atá ar dhaoine, agus an nasc domhain atá idir an creideamh, an oidhreacht agus an dúlra, le cois nithe eile. Is féidir éisteacht leis an eagrán iomlán anseo: open.spotify.com/episode/218G...
1134
Tomaí Rua @tomai.bsky.social · 15/11/2025
Go raibh míle maith agat a Hanna, tá mé iontach sásta gur thaitin an plé leat. Tá bealach ar leith ag Antain le hábhar atá casta leitheadach a mhíniú... agus tá an greann ina chuidiú fosta!
120
Tomaí Rua @tomai.bsky.social · 13/11/2025
Iontach snasta ar fad. Maith sibh!
010
Tomaí Rua @tomai.bsky.social · 13/11/2025
Seo gearrthóg ón chomhrá a bhí agam le @antainmac.bsky.social faoin chomhairle a bhí ag na Sean-Stóigh dúinn, an dóigh ar amharc siad ar an chosmas, & an dúshlán a bhaineann le téarmaí fealsúnachta a aistriú go Gaeilge, le cois nithe eile... Eagrán iomlán anseo: open.spotify.com/episode/20je...
1122
Tomaí Rua @tomai.bsky.social · 11/11/2025
Míle buíochas ó chroí leat a Mhíchíl D, agus gach beannacht agus rath ort a Catherine C. Ábhar misnigh agus dóchais a bhí san óráid a thug ár nUachtarán nua inniu. Go n-éirí go geal léi, agus ar aghaidh linn ar son na síochána, an cheartais agus an chneasaithe.
051
Tomaí Rua @tomai.bsky.social · 11/11/2025
Dán beag a tháinig chugam an lá i ndiaidh an Oireachtais i mBéal Feirste.
060
Tomaí Rua @tomai.bsky.social · 11/11/2025
nó 'liathrua' mar a chuala mé cúpla uair ag an Oireachtas!
020
Tomaí Rua @tomai.bsky.social · 11/11/2025
Míle buíochas a Aonghuis! Agus fíormhaith, is deas an t-ainm é sin.
110
Tomaí Rua @tomai.bsky.social · 11/11/2025
GRMA! Tá súil agam go bhfuil an saol go maith leat 😊
010
Tomaí Rua @tomai.bsky.social · 11/11/2025
Níor phostáil mé anseo cheana óir ní mian liom a bheith ar líne barraíocht ach tuigtear domh gur anseo atá go leor de sheanfhondúirí na Gaeltachta digití, mar sin buailfidh mé isteach ó am go chéile!
281