Sign in

Seán Mór Ó D

@seanmor.bsky.social
175 followers 85 following 19 posts

Gael, pósta ar Gina, beirt iníonacha, as an tSrath Bán. Is breá liom an rothaíocht, an ceol Gaelach, an léitheoireacht agus giota beag scríbhneoireachta.

PostsRepliesMedia
Seán Mór Ó D @seanmor.bsky.social · 08/05/2025
Mar a mbuaileann an sliabh leis an fharraige. Oileán Acla.
060
Seán Mór Ó D @seanmor.bsky.social · 09/02/2025
Ba dheas a bheith amuigh leis an chlub rothaíochta arís maidin inniu. Rinne mé go leor rothaíochta aonair anuraidh. Ach bíonn fuinneamh breise agus comhluadar breise sna turais chlub. Míle buíochas leis an lucht eagraithe agus le mo chomrádaithe diallaite.
020
Seán Mór Ó D @seanmor.bsky.social · 19/01/2025
Chaith muid seal beag ag uaigh Rónáin Mhic Aodha Bhuí ar maidin roimh dúinn Gaoth Dobhair a fhágáil. Ní duine mé a dhéanann guí ná urnaí, ach thug mé ómós dó trí mo mhachnamh air. I mo chuimhní féin, tá an áit Gaoth Dobhair agus an fear Rónán fite fuaite ina chéile. Suaimhneas síoraí air.
070
Seán Mór Ó D @seanmor.bsky.social · 18/01/2025
Mise agus Gina thíos i nGaoth Dobhair sa Trucailín Taistil don deireadh seachtaine. Béile deas i dTigh Jack aréir, chodlaigh cois cósta, ag an chladach clochach inniu san áit a dtugaimis na cailíní ag campáil blianta ó shin!!
080
Seán Mór Ó D @seanmor.bsky.social · 05/11/2023
Díreach pillte ón Oireachtas. Réitigh mise agus Grian gach ceist pholaitiúil ar an bhealach síos, agus cheol muid gach amhrán Gaelach ar an bhealach abhaile. Tá an turas féin tábhachtach!
060
Seán Mór Ó D @seanmor.bsky.social · 03/11/2023
Ba chóir an tOireachtas a úsáid mar shlat tomhais d'aois an duine. Tá mé 21 Oireachtas d'aois anois (thoisigh mé go mall i mo shaol). Tchím bearnaí sa chomhluadar, tchím liath in áit an doinn, tchím an óige ag teacht fríd. Is deas a bheith anseo le m'iníon den chéad uair riamh.
161
Seán Mór Ó D @seanmor.bsky.social · 16/09/2023
Lá deas le Gina inniu ag tabhairt cuairt ar Ghrúdlann Guinness sa phríomhchathair. Béile den scoth anocht i mBialann Rudy i mBaile Blainséir, pota mór bia mara eadrainn. Ardchócaireacht. Ar ais sa lóistín anois, codladh roimh Thuras Rothaíochta Átha Cliath amárach.
190
Seán Mór Ó D @seanmor.bsky.social · 02/09/2023
Bhí seisiún deas ceoil againn sa ghairdín anocht, ar son cara le iníon s'againn atá ag pilleadh ar an Astráil go luath go ceann tamaill. Cuireann mo chairde ceoil an-iontas orm, agus an-sonas orm, lena gcineáltas.
150
Seán Mór Ó D @seanmor.bsky.social · 31/08/2023
Ní minic a bhím ag sileadh na ndeor. B'annaimhe arís a shilfinn deor i lár an lae ghil. Ach tháinig na deora go fras liom tráthnóna inniu nuair a léigh mé an méid a dúirt máthair Nicole Murphy fána nighean a maraíodh sa timpiste i dTiobraid Árann. Níl leigheas ar an bhriseadh croí sin.
090
Seán Mór Ó D @seanmor.bsky.social · 31/08/2023
Tá neart Gaeilge sa taobh seo tíre. Go hiontach!
020
Seán Mór Ó D @seanmor.bsky.social · 30/08/2023
Fadó fadó, i mbroinn chian cheoch na haimsire, nuair nach raibh ionam ach leathstócach, ba ardphíosa trealaimh ar fad ar fad é seo. Má bhí seo agat, dar leat gur mheicneoir críochnaithe thú.
Il-rinse fá choinne rothar - an old multi-wrench tool for bikes.
2100
Seán Mór Ó D @seanmor.bsky.social · 30/08/2023
Bhain muid an-sult as an lúthchleasaíocht le cúpla seachtain anuas, idir éachtaí ár lúthchleasaithe féin agus cuid as tíortha eile. Iontach bródúil as na reathaithe ráibe agus meánfhaid ach go háirithe. Tá piachán i mo scornaigh ag scairtigh ar an tv! Agus maith í Sha'Carri Richardson sa rás 100m!
050