Risteárd Ó hAodha @risteard.ie · 05/09/2026D'ith me cuán mara le déanaí. An-blásta le arán agus im 130
Risteárd Ó hAodha @risteard.ie · 24/06/2026Tine cnámh Inis Oírr le feiceáil sa spéir ón taobh ó dheas d'Inis Meáin aréir 051
Risteárd Ó hAodha @risteard.ie · 21/05/2026Na héiníní bochta Céard é uimhir an diabhail? A dó, a dó a dó... 🔥 020
Risteárd Ó hAodha @risteard.ie · 01/05/2026Tá campas fíor-dheas acub in LSAD agus saothar álainn ag na mic léinn ann ach chonaic mé an comhartha seo ann agus chuir sé mé ag gáire 🤦♂️ 320
Risteárd Ó hAodha @risteard.ie · 20/04/2026Líon mo shin-seanathair an daonáireamh 1926 i nGaeilge cé nár chainteoirí dúchasacha a bhí iontub. Tá mé sásta mo sheanathair agus mo shean-uncail a fheiceáil sa gcló Gaelach breá. Tá iontas orm faoin litriú dá mbaile fearainn: Gleann na Cille seachas Lainn Chille. www.logainm.ie/en/37353 090
Risteárd Ó hAodha @risteard.ie · 09/04/2026Babhta clocha sneachta i ndiaidh babhta báistí agus aiteall beag bídeach eatarthub i ndeisceart Mhaigh Eo 050
Risteárd Ó hAodha @risteard.ie · 05/04/2026Bhí rabharta mór na n-éan caite a'm sa gcladach ag baint coirleach don gharraí pobail ar an gCeathrú Rua. Beidh meitheal ar siúl an 12ú chun na síológa a chur. 031
Risteárd Ó hAodha @risteard.ie · 04/04/2026Tugtar dordveidhil ar an uirlis ar dheis de ghnáth i nGaeilge ach ní veidhil a chor ar bith í. B'fhéidir ba chóir ainm eile a chur uirthi 🤔 Dordfhidil... 041
Risteárd Ó hAodha @risteard.ie · 12/02/2026Tá an t-iarratas tarraingte siar anois acub. Ach déarfainn go gcuirfidh siad ceann eile istigh go luath. Coinnigh súil ghéar amach. Ní ligfidh muid leob! 031
Risteárd Ó hAodha @risteard.ie · 26/01/2026Is fearr liom na comharthaí in Albain. Tá mé ag triail ar na hOileáin Siar 130
Risteárd Ó hAodha @risteard.ie · 21/12/2025Beidh mé ag casadh ceoil ar an gclár Ambient Orbit ar LyricFM idir 7-9i.n inniu le haghaidh an grianstaid 🌞 Beo ó Lios an tSeagail ar an gCeathrú Mhór, Sligeach 071
Risteárd Ó hAodha @risteard.ie · 30/11/2025Tá an pháirc ainmnithe i ndiaidh a mhac Chaim Herzog. Bhí sé lárnach i ndíbirt na bPalaistíneach. Cúis náire go bhfuil an pháirc faoina ainm. 010
Risteárd Ó hAodha @risteard.ie · 22/08/2025Bhí mé ag ritheacht inné leis an bhfear seo, Seánie Clifford, agus é i mbun Shlí an Atlantaigh Fhiáin a dhéanamh ina hiomlán. Éacht dochreidte, 2700km thar 30 lá! Tá sé i gCo an Chláir anois ag treabhadh leis live.primaltracking.com/waw2025/ 040
Risteárd Ó hAodha @risteard.ie · 15/08/2025Oilthreacht ar Oileán na Cathrach, Maigh Eo. Deirtear gur tháinig Naomh Pádraig anseo i ndiaidh na Cruaiche 050
Risteárd Ó hAodha @risteard.ie · 30/07/2025Osclaíodh an raon rothar seo i gCorcaigh in 2023 agus ní raibh siad in ann an logainm ceart a phriondáil 🤦♂️ 1100
Risteárd Ó hAodha @risteard.ie · 07/06/2025Thaitnigh an taispeántas nua san iarsmalann náisiúnta Friotail Thar Farraige go mór liom. Seo maisiúchán álainn ó leabhar a scríobhadh sa 9ú aois. 2101
Risteárd Ó hAodha @risteard.ie · 01/02/2025Is fánach an cheist 'cén cineál ceoil a thaitníonns leat?' dhom ach má bhíonn freagar le tabhairt 'spáinfidh mé an pictiúr seo amach anseo 150
Risteárd Ó hAodha @risteard.ie · 05/01/2025@anchopail.bsky.social Cé Cathair na Mart Westport is a quay 041
Risteárd Ó hAodha @risteard.ie · 02/01/2025Bhí Corca Dhuibhne le feiceáil go han-soiléir inniu ó Árainn. Breis is 100km eatarthub! 080
Risteárd Ó hAodha @risteard.ie · 15/12/2024Is deacair tuaisceart Mhaigh Eo a shárú. Thug mé cuairt ar an ionad oidhreachta Turas Siar ar an Eachléim chomh maith le ceantar Cheathrú Thaidhg. turassiar.ie 150
Risteárd Ó hAodha @risteard.ie · 18/11/2024Foghlaimeoirí: Más ar Telegram thú tá bota ann a seolanns Focal an Lae ó teanglann.ie chugat le feidhmiúcháin breise. ➡️ t.me/focailbot 031
Risteárd Ó hAodha @risteard.ie · 16/11/2024Beidh orm an treo eile a dhéanamh an chéad uair eile mar deirtear gur shiúilaidís turas deisil timpeall an oileáin ar Aoine an Chéasta. 140
Risteárd Ó hAodha @risteard.ie · 14/11/2024Istigh in oifig státseirbhíseach éicint: -"An mbaineann an córas séimhithe nó an córas lárnach leis an logainm seo?" -"Dheara, cuir an dá cheann ann!" 🙄 www.logainm.ie/en/38874 0130
Risteárd Ó hAodha @risteard.ie · 03/11/2024Chaill mé an tOireachtas ach bhí mé ar Chnoc na Teamhrach ar oíche Shamhna. An bhfuil aon leagan cainte dúchasach le haghaidh 'thinning of the veil', scim atá i gceist is dóigh? 230
Risteárd Ó hAodha @risteard.ie · 08/10/2024Deirtear go bhfuil 6 nó 9 nó fiú 22 (?!) chondae infheicthe ar bharr Chnoc Chruacháin in Uíbh Fhailí ar lá glan. Caithfidh mé dhul suas ar lá breá geimhridh. Seo píosa on gclár An tSlí Mhór (2002) ag rá an fíric sin. 000
Risteárd Ó hAodha @risteard.ie · 29/09/2024An Garraí Glas inné sular tháinig an slua bríomhar, agus an bháisteach! 020
Risteárd Ó hAodha @risteard.ie · 12/08/2024Coill na hOirimhe lán le dair, raithneach agus caonach 😁 Tearmann i measc na bhfáschoillte 'sea é. 050
Risteárd Ó hAodha @risteard.ie · 07/07/2024An fiosrúchán is déarnaí atá ar bun a'm Logainmneacha Galltachta gan leagan Béarla ar na comharthaí bóithre 110
Risteárd Ó hAodha @risteard.ie · 20/06/2024A Spéiríní, tá an dráma seo ag dul ar chamchuairt bheag in Iar-Chonnachta i mí Iúil. Scéal na meánaoise atá suite i gConamara 🏃🌊🌄 an t-eolas ar fad ar gliogar.ie 👨💻 020
Risteárd Ó hAodha @risteard.ie · 29/05/2024Ascaill Sean-Chonnacht i mBré. Nár chóir Sean-Ascaill Chonnacht a bheith air? An raibh an cúige anseo sular tháinig sé anoir? 121
Risteárd Ó hAodha @risteard.ie · 11/04/2024Ceolchoirmeacha ar leith a bheas ar siúl sa Seanscoil — 28/04 & 02/05 ticéid trí gliogar.ie 001
Risteárd Ó hAodha @risteard.ie · 04/04/2024AR AN DÉ DEIRIDH Is aithris ar an scéal sean-Ghréigeach faoin Maratón é an dráma seo suite le linn choncas na Normannach in Iar-Chonnachta. An Taibhdhearc, Dé Domhnaigh @ 18:00 🤫 muintir Chonamara, beidh léiriú thiar thar an samhradh chomh maith 🤫 121
Risteárd Ó hAodha @risteard.ie · 02/04/2024Aiteann á dhó ar an gCeathrú Rua ag dó na geirbe a'm 😳 230