Donncha Ó Murchú @donnchaom.bsky.social · 13/03/2026“Tá Donald Trump ag brú daoine i dtreo an imill. Tá a lucht tacaíochta níos dílse dó anois ná mar a bhí riamh.” Tuairisc as Nua-Eabhrac ar @NuachtTG4 🎥 🇺🇸 120
Donncha Ó Murchú @donnchaom.bsky.social · 04/05/2025100 lá curtha de ag an Taoiseach ach bóthar achrannach roimhe go fóill. Alt na maidine ar @news.rte.ie 🗞️rte.ie100 lá curtha dhe sa Rialtas nua ag an Taoiseach Micheál MartinN'fheadar ar thuig Micheál Martin, agus é á ardú go caithréimeach tar éis olltoghchán na bliana seo caite, gur iomaí dris a bhí roimhe ar chosán an chomhrialtais.Bhí cúis cheiliúrtha aige ag an am ach... 060
Reposted by Donncha Ó MurchúCláir raidió Ar Mhuin na Muice – Near FM @gaeilge-nearfm.bsky.social · 28/04/2025@darrenjprior.bsky.social @nearfm.ie @donnchaom.bsky.social www.youtube.com/watch?v=Agln...youtube.comDonncha Ó Murchú, Comhfhreagraí Polaitíochta Nuacht RTÉ & TG4 - Near FM (2025)YouTube video by Cláir raidió "Ar Mhuin na Muice" @ Near FM 043
Donncha Ó Murchú @donnchaom.bsky.social · 31/03/2025A chairde, An bhfuil éinne agaibh in Bangkok nó áit ar bith sa Téalainn faoi láthair? Cuirigí scéal chugam! Tá duine éigin uaim chun mír a dhéanamh ar #nuachttg4 & #nuachtrte tráthnóna faoin gcrith talún. 🎥🎙️ 011
Donncha Ó Murchú @donnchaom.bsky.social · 29/01/2025Scoil Náisiúnta na Tulaí, i Rinn Mhaoile, réabtha as a chéile ag Stoirm Éowyn. Tá lorg na scríbe le feiscint ar fud an cheantair. #nuachtrte #nuachttg4 🎥🌪 010
Donncha Ó Murchú @donnchaom.bsky.social · 18/01/2025Tá Gaza á loscadh le bliain go leith le hairm SAM. Ní raibh aon chaint riamh ar dhlúthpháirtíocht i measc uaisle Hollywood. 010
Reposted by Donncha Ó MurchúAntain Mac Lochlainn @antainmac.bsky.social · 27/12/2024Tá cosaint Iosrael ina dlúthchuid den cheannlíne, ainneoin go ndeirtear san alt féin nach féidir maíomh an IDF a dhearbhú. ‘Iriseoirí’ ag spalpadh bolscaireachta faoi mharú iriseoirí. Mór an náire. www.bbc.com/news/article...bbc.comFive Gaza journalists killed in Israeli strike targeting armed groupA Palestinian TV channel says they were in a marked media van in the central Gaza Strip. 3104
Donncha Ó Murchú @donnchaom.bsky.social · 23/12/202410,000 focal ó na Teangacha Ceilteacha ar fad curtha le chéile i bhfoirm foclóra ag Eoghan Mac Cormaic. 🖋️ Obair na mblianta, a cuireadh i gcrích fad a bhí sé ina phríosúnach polaitiúil sa Cheis Fhada ó 1976 - 1991. Nuacht RTE 17:40 📺 Nuacht TG4 19:00 🎥 020
Donncha Ó Murchú @donnchaom.bsky.social · 03/12/2024Toghchán eile... 🎥🗳️ Obair na gcapall déanta ag foireann Nuacht RTÉ/TG4 ar chláir #Vóta24 agus ba mhór an phribhléid dom a bheith ag obair ina dteannta. 050
Donncha Ó Murchú @donnchaom.bsky.social · 02/12/2024Jennifer Whitmore SD tofa ar an 9ú comhaireamh i gCill Mhantáin. #Vóta24 🗳️ 020
Donncha Ó Murchú @donnchaom.bsky.social · 01/12/2024🚨Cill Mhantáin - An 7ú Comhaireamh Cuóta : 11,415 🪑 Simon Harris Jennifer Whitmore DS - 10,313 John Brady SF - 9,851 Edward Timmins FG - 6,341 Stephen Donnelly FF - 5,021 Shay Cullen NS - 4,189 Joe Behan NS - 3,778 Steven Matthews CG - 3,094 Díbeartha ; Rob Carry NS - 2,465 #Vóta24 🗳️ 020
Donncha Ó Murchú @donnchaom.bsky.social · 01/12/2024Farasbarr Simon Harris FG á dháileadh anseo i gCill Mhantáin. #Vóta24 🗳️ 040
Donncha Ó Murchú @donnchaom.bsky.social · 30/11/2024An chéad chomhaireamh i gCill Mhantáin. Simon Harris FG tofa 🗳️ 020
Donncha Ó Murchú @donnchaom.bsky.social · 30/11/2024An Taoiseach Simon Harris 'dóchasach' go mbeidh an dara suíochán ag FG i gCill Mhantáin. #Vóta24 🗳️ 000
Donncha Ó Murchú @donnchaom.bsky.social · 30/11/2024Simon Harris FG le bheith ar cheann an rása i gCill Mhantáin, a deir lucht teailí. Meastar go mbeidh farasbarr 5,600 aige...41% le dul go Edward Timmins FG, 14% go Jennifer Whitmore DS agus 20% go Stephen Donnelly FF. Níl Donnelly as an áireamh go fóill. #Vóta24 🗳️ 010
Donncha Ó Murchú @donnchaom.bsky.social · 30/11/2024Cill Mhantáin - Teailí 🗳️ Boscaí Oscailte - 100% 4 shuíochán Simon Harris FG - 30.4% John Brady SF - 14.6% Jennifer Whitmore DS - 13.5% Stephen Donnelly FF - 6.3% Shay Cullen NS - 5.6% Edward Timmins FG - 5.3% Joe Behan NS - 5.2% Steven Matthews CG - 4.1% Paul O’Brien LO - 3.5% 120
Donncha Ó Murchú @donnchaom.bsky.social · 30/11/2024Dáilcheantar Chill Mhantáin de réir an chéad teailí ; 1. Simon Harris FG 2. John Brady SF 3. Jennifer Whitmore SD 4. Shay Cullen IND / Edward Timmins FG / Stephen Donnelly FF #Vóta24 🗳️ 020
Donncha Ó Murchú @donnchaom.bsky.social · 30/11/2024An teailí is déanaí ó dháilcheantar Chill Mhantáin. An 4ú suíochán idir dhá cheann na meá... 🗳️ #Vóta24 010
Donncha Ó Murchú @donnchaom.bsky.social · 29/11/2024Beidh mise i ndáilcheantar Chill Mhantáin amárach ag faire ar an gcomhaireamh. 5 TD ... 4 shuíochán ... duine acu chun suíochán a chailliúint. Bígí linn ar Nuacht TG4 ar feadh an lae 🎥 #Vóta24 🗳️ 150
Donncha Ó Murchú @donnchaom.bsky.social · 27/11/2024An sprioc aimsithe … an mar sin a bheidh Dé hAoine? 🎯🎱 #GE24 🗳️ 050
Donncha Ó Murchú @donnchaom.bsky.social · 27/11/2024Deir Mary Lou McDonald gur bhuaigh sí díospóireacht na hoíche aréir, dar léi, agus gurb í “an argóint ar son an athraithe ba láidre”. “Ní féidir Simon Harris agus Micheál Martin a aithint óna chéile ag an bpointe seo” a deir sí. 🎥🗳️ 030
Donncha Ó Murchú @donnchaom.bsky.social · 25/11/2024Ann Grimes, Ard-Mhéara Shráid an tSirriam, ag bualadh le Mary Lou McDonald ag Ionad Iarscoile do Pháistí faoi mhíbhuntáiste. Tá 110 páiste ag freastal ar an ionad faoi láthair & 100 páiste ar an liosta feithimh. 🗳️ 010
Donncha Ó Murchú @donnchaom.bsky.social · 25/11/2024"Tá an lasair sa bharrach anois" a deir Ceannaire Shinn Féin, Mary Lou McDonald. Deir sí gur shíl Fine Gael agus Fianna Fáil go dtoghfaí arís "gan stró" iad. 🗳️ 130
Donncha Ó Murchú @donnchaom.bsky.social · 25/11/2024Cumann Bodhar na hÉireann ag éileamh ar an gcéad rialtas eile leasú a dhéanamh ar an mBille um Theanga Chomharthaíochta Idirnáisiúnta le dul i ngleic leis an nganntanas mór ateangairí do dhaoine bodhra. 🎥🗳️ 021
Donncha Ó Murchú @donnchaom.bsky.social · 21/11/2024Cois Fharraige faoi bhrat sneachta ar maidin 🎥❄️ 010
Donncha Ó Murchú @donnchaom.bsky.social · 20/11/2024Grúpa Forbartha an Lucht Siúil i mBaile Bhlainséir ag lorg leithscéal oifigiúil ón rialtas mar gheall ar an leithscaradh ar bhonn cine a deineadh ar an bpobal. 🎥 Nuacht TG4 @ 7pm 010
Donncha Ó Murchú @donnchaom.bsky.social · 19/11/2024Torthaí Dhún na nGall i bPobalbhreith TG4 / Ipsos B&A #GE24 🗳️ 030
Donncha Ó Murchú @donnchaom.bsky.social · 19/11/2024“Tháinig triúr airí oideachais ar cuairt thar na blianta agus gheall siad scoil nua dúinn. Ach fós, táimid ag fanacht.” Eimer Nic an Rí, ó Ghaelcholáiste Reachrann i nDomhnach Míde, ag caint ar chruachás na scoile. 010
Donncha Ó Murchú @donnchaom.bsky.social · 19/11/2024Deir Eimer Nic an Rí, Príomhoide Ghaelcholáiste Reachrann, go bhfuil 23 bliain caite acu ag éileamh ar an rialtas go dtógfaí foirgneamh nua scoile dóibh. Tá os cionn 400 dalta sa scoil agus iad ag brath ar sheomraí ranga réamhdhéanta a bhfuil drochbhail orthu. #GE24 🎥🗳️ 001