Sign in

Caoimhín Ó Liatháin

@coliathain.bsky.social
653 followers 168 following 1.3K posts

Bleá Cliathach i nDeisceart na Fionlainne

PostsRepliesMedia
Caoimhín Ó Liatháin @coliathain.bsky.social · 6h
Seans ar bith go bhfuil cóip den alt seo ag aon duine? Ba dheas liom é a léamh. Ó Murchú, Séamas. 1991. Nótaí Canúna ó Árainn, Contae na Gaillimhe. Éigse 25. 95–101.
010
Caoimhín Ó Liatháin @coliathain.bsky.social · 13/09/2026
Tá an fhoirm choibhneasta inghlactha sa chaighdeán. Sin scéal nua agamsa.
290
Caoimhín Ó Liatháin @coliathain.bsky.social · 12/09/2026
tamhra = tuirseach traochta "Dá mbeadh an samhradh ann i gcónaí, bheifeá tamhra den samhradh." Focal a chuala mé ag cainteoir as Inis Oírr. An bhfuil sé i gConamara freisin?
140
Caoimhín Ó Liatháin @coliathain.bsky.social · 13/08/2026
"duais a ghnóthú" atá ag Ó Dónaill, ach "duais a ghruachtáil" (nó rud éigin mar sin) a chloisim go minic. An bhfuil gaol acu lena chéile?
110
Caoimhín Ó Liatháin @coliathain.bsky.social · 30/07/2026
Fadhbanna ag aon duine eile le @corpas-ie.bsky.social faoi láthair?
100
Caoimhín Ó Liatháin @coliathain.bsky.social · 23/07/2026
Ceist agam ar mhuintir Chorca Dhuibhne ... Cén leagan iolra a bhíonn agaibh ar an bhfocal 'leabhar' sa chaint? 'leabhra' – nó rud éigin eile?
110
Caoimhín Ó Liatháin @coliathain.bsky.social · 21/07/2026
Ceist agam ar mhuintir Chonamara ... An mar a chéile a fhuaimnítear focail den chineál seo thíos san uatha agus san iolra, nó an bhfuil difríocht bheag ann nach gcloisim? ainmhí ainmhithe oibrí oibrithe
233
Caoimhín Ó Liatháin @coliathain.bsky.social · 01/04/2026
Níl fáil orm ar ceimaraghaidh.ie faoi láthair. An mbeadh a fhios agat aon rud faoi sin, a Antain? @antainmac.bsky.social
210
Caoimhín Ó Liatháin @coliathain.bsky.social · 30/03/2026
Cé hiad na cainteoirí dúchais Gaeilge nó na cainteoirí cumasacha Gaeilge is fearr a chruthaíonn físeáin ghearra úsáideacha d'fhoghlaimeoirí na Gaeilge, dar libh? (mar shampla, ar Facebook, Instagram, TikTok srl.)
221
Caoimhín Ó Liatháin @coliathain.bsky.social · 10/02/2026
Bhuel, a chairde. Ní féidir liom neamhaird a thabhairt air a thuilleadh – tá 'lobhadh inchinne' ag teacht orm ó bheith ag caitheamh an iomarca ama ar na meáin shóisialta. Sílim go bhfuil sé thar am agam sos a ghlacadh ar feadh tamaill agus cruth a chur orm féin.
7130
Caoimhín Ó Liatháin @coliathain.bsky.social · 09/02/2026
GIORRAISC #focalanlae www.teanglann.ie/en/fgb/giorr...
070
Caoimhín Ó Liatháin @coliathain.bsky.social · 08/02/2026
DORÚ #focalanlae www.teanglann.ie/en/fgb/dor%c...
1110
Caoimhín Ó Liatháin @coliathain.bsky.social · 07/02/2026
MIOSCAISEACH #focalanlae www.focloir.ie/en/dictionar...
150
Caoimhín Ó Liatháin @coliathain.bsky.social · 06/02/2026
MANGARAE #focalanlae www.teanglann.ie/en/fgb/manga...
030
Caoimhín Ó Liatháin @coliathain.bsky.social · 05/02/2026
TUINEADH #focalanlae www.teanglann.ie/en/fgb/tuine...
050
Caoimhín Ó Liatháin @coliathain.bsky.social · 04/02/2026
LUAIL #focalanlae www.teanglann.ie/en/fgb/luail
050
Caoimhín Ó Liatháin @coliathain.bsky.social · 03/02/2026
Cothrom an lae seo bliain ó shin a thosaigh mé #focalanlae. 🍾🥂🥳🎉
2100
Caoimhín Ó Liatháin @coliathain.bsky.social · 03/02/2026
SIOBÁIL #focalanlae www.focloir.ie/en/dictionar...
240
Caoimhín Ó Liatháin @coliathain.bsky.social · 02/02/2026
TÍOLAIC #focalanlae www.teanglann.ie/en/fgb/t%c3%...
020
Caoimhín Ó Liatháin @coliathain.bsky.social · 01/02/2026
FORCAMÁS #focalanlae www.teanglann.ie/en/fgb/forca...
030
Caoimhín Ó Liatháin @coliathain.bsky.social · 31/01/2026
ADHASTAR #focalanlae www.focloir.ie/en/dictionar...
130
Caoimhín Ó Liatháin @coliathain.bsky.social · 30/01/2026
CRÁCAMAS #focalanlae www.focloir.ie/en/dictionar...
180
Caoimhín Ó Liatháin @coliathain.bsky.social · 29/01/2026
Cén bhrí atá le 'go hamhail'? "*Go hamhail*, níl na boscaí lóin ródheacair ach tá siad bunúsach. Ní thugaim rogha do na páistí." Cainteoir Ultach atá i gceist. irishforparents.ie/wp-content/u...
irishforparents.ie
400
Caoimhín Ó Liatháin @coliathain.bsky.social · 29/01/2026
DÍCHÉILLÍ #focalanlae www.focloir.ie/en/dictionar...
120
Caoimhín Ó Liatháin @coliathain.bsky.social · 28/01/2026
GUAIM #focalanlae www.teanglann.ie/en/fgb/guaim
0142
Caoimhín Ó Liatháin @coliathain.bsky.social · 27/01/2026
CÉADFACH #focalanlae www.focloir.ie/en/dictionar...
110
Caoimhín Ó Liatháin @coliathain.bsky.social · 26/01/2026
FAIL #focalanlae www.focloir.ie/en/dictionar...
110
Caoimhín Ó Liatháin @coliathain.bsky.social · 25/01/2026
SATAIL #focalanlae www.teanglann.ie/en/fgb/satail
050
Caoimhín Ó Liatháin @coliathain.bsky.social · 24/01/2026
GUAIRDEALL #focalanlae www.focloir.ie/en/dictionar...
120
Caoimhín Ó Liatháin @coliathain.bsky.social · 23/01/2026
PLÉARÁCA #focalanlae www.focloir.ie/en/dictionar...
260
Caoimhín Ó Liatháin @coliathain.bsky.social · 22/01/2026
"Thosnaigh sí ag smúracht na talún agus fuirse siúil fúithi, á treascairt sna tomacha féir." Céard is brí le "á treascairt sna tomacha féir" sa chomhthéacs seo? Bó atá i gceist. ('Bás na Bó' le Liam Ó Flaithearta)
250
Caoimhín Ó Liatháin @coliathain.bsky.social · 22/01/2026
Feictear dom go bhfuil gnéithe áirithe de Ghaeilge na Mumhan le brath anseo agus ansiúd sa chnuasach gearrscéalta 'Dúil' le Liam Ó Flaithearta: thosnaigh, do shil, do bholaigh, feiscint ... Cén fáth sin? Ba as Árainn dó. Tionchar eagarthóirí Sáirséal agus Dill? Tionchar an Athar Peadar?
152
Caoimhín Ó Liatháin @coliathain.bsky.social · 22/01/2026
STREANCÁN #focalanlae www.teanglann.ie/en/fgb/strea...
041
Caoimhín Ó Liatháin @coliathain.bsky.social · 21/01/2026
MÍLÍTHEACH #focalanlae www.focloir.ie/en/dictionar...
110
Caoimhín Ó Liatháin @coliathain.bsky.social · 20/01/2026
DROCHFHUADAR #focalanlae www.teanglann.ie/en/fgb/droch...
040
Caoimhín Ó Liatháin @coliathain.bsky.social · 19/01/2026
@maitiuocoimin.bsky.social An tusa a bhí ag gearán tráth faoi úsáid 'ag' in áit an ghinidigh – mar shampla, "an t-athair ag an aisteoir" seachas "athair an aisteora" – nó an bhfuil dul amú orm?
320
Caoimhín Ó Liatháin @coliathain.bsky.social · 19/01/2026
Cé hiad na mná is mó a thiomáin cultúr na nGael chun cinn le dhá chéad bliain anuas nó mar sin? Peig Sayers, Máire Mhac an tSaoi, Caitlín Maude, Nuala Ní Dhomhnaill ...
493
Caoimhín Ó Liatháin @coliathain.bsky.social · 19/01/2026
HOIBÍN HOST #focalanlae www.teanglann.ie/en/fgb/hoib%...
051
Caoimhín Ó Liatháin @coliathain.bsky.social · 18/01/2026
'géarchéim thithíochta' agus 'taithí thiomána' atá ceart caighdeánach de réir CO 2017, 10.2.7, sílim, ach 'géarchéim tithíochta' agus 'taithí tiomána' is coitianta i gCorpas Náisiúnta na Gaeilge (corpas.ie).
250
Caoimhín Ó Liatháin @coliathain.bsky.social · 18/01/2026
SOIPEACHÁN #focalanlae www.teanglann.ie/en/fgb/soipe...
150
Caoimhín Ó Liatháin @coliathain.bsky.social · 17/01/2026
Bhí mé iarraidh tuilleadh a fhoghlaim faoi chúrsaí tithíochta in Éirinn agus sa Ghaeltacht le déanaí agus tháinig mé ar an dá chlár seo ó TG4. Mholfainn iad! 100 Bliain de Thithíocht - Géarchéim Gan Deireadh www.tg4.ie/en/search/pl... Iniúchadh TG4: Níl Aon Tinteán www.tg4.ie/en/search/pl...
1100
Caoimhín Ó Liatháin @coliathain.bsky.social · 17/01/2026
SMEACH #focalanlae www.teanglann.ie/en/fgb/smeach
050
Caoimhín Ó Liatháin @coliathain.bsky.social · 16/01/2026
TAIBHRIGH #focalanlae www.teanglann.ie/en/fgb/taibh...
020
Caoimhín Ó Liatháin @coliathain.bsky.social · 15/01/2026
Cén chiall atá leis an abairt thíos? "Bhí na seacht gcroí agam ag filleadh ar Éirinn." 'Bhí athás an domhain orm filleadh ar Éirinn', is dócha, ach ní fhaca mé an frása sin 'na seacht gcroí' riamh roimhe seo. Níor tháinig mé ar thoradh ar bith in CNG ach oiread (corpas.ie).
492
Caoimhín Ó Liatháin @coliathain.bsky.social · 15/01/2026
'cuibrithe' seachas 'cuibhrithe' ag scríbhneoir ó Chois Fharraige. Rud canúnach, nó botún cló?
100
Caoimhín Ó Liatháin @coliathain.bsky.social · 15/01/2026
SIABHRÁN #focalanlae www.focloir.ie/en/dictionar...
130
Caoimhín Ó Liatháin @coliathain.bsky.social · 15/01/2026
an bád bán = the emigrant ship Cén chiall atá le 'bán' sa chomhthéacs seo?
430
Caoimhín Ó Liatháin @coliathain.bsky.social · 14/01/2026
Gramadach Gan Stró, lch 158: "Ní féidir an focal 'duine' a úsáid leis na huimhreacha pearsanta 'beirt–deichniúr'." Cén Ghaeilge a bheadh ar 'two adults' mar sin? – 'beirt fhásta'? Tá 'beirt daoine fásta' i bhfad níos coitianta ná 'beirt fhásta' in CNG (corpas.ie).
160
Caoimhín Ó Liatháin @coliathain.bsky.social · 14/01/2026
ILIOMAD #focalanlae www.focloir.ie/en/dictionar...
131
Caoimhín Ó Liatháin @coliathain.bsky.social · 13/01/2026
Ceann do na saoithíní ... Ar cheart séimhiú a úsáid sna cásanna seo thíos? thart ar t(h)rí thart ar c(h)eithre thart ar c(h)úig thart ar s(h)é thart ar s(h)eacht
110