Ainm.ie @ainm-ie.bsky.social · 12/10/2026Beatha na Seachtaine: James Ahern (1868–1949) Bhí sé ar dhuine de cheannródaithe ghluaiseacht na teanga i gcathair Phort Láirge. Ceapadh é ina bhall den bhord scrúdaitheoirí chun inniúlacht Ghaeilge múinteoirí a mheas. D'éag sé ar an 18 Deireadh Fómhair 1949. www.ainm.ie/Bio.aspx?ID=... 100 1
Ainm.ie @ainm-ie.bsky.social · 05/10/2026Beatha na Seachtaine: Brian Ó Nualláin (1911–1966) Rugadh é ar an Srath Bán, Co. Thír Eoghain ar an 5 Deireadh Fómhair 1911. Is i ngeall ar a shaothar Béarla atá cáil dhomhanda air, ach scríobh sé ceann de chlasaicigh nualitríocht na Gaeilge, An béal bocht. www.ainm.ie/Bio.aspx?ID=... 110 1
Ainm.ie @ainm-ie.bsky.social · 28/09/2026Beatha na Seachtaine: Liam Budhlaeir (1923–1995) Rugadh an t-iriseoir raidió seo ar an 28 Meán Fómhair 1923. Bhí cáil air i ngeall ar fheabhas a ghutha agus ar a dhícheallaí a bhí sé i dtaobh cheart na Gaeilge. www.ainm.ie/Bio.aspx?ID=... 100 1
Ainm.ie @ainm-ie.bsky.social · 21/09/2026Beatha na Seachtaine: Liaimín Uí Éigeartaigh (1890–1962) Rugadh í i gCo. Dhoire ar an 3 Samhain 1890. Chaith sí 20 bliain ina cisteoir ag Coláiste Uladh. Bhí sí ina ball de choiste an Oireachtais athbhunaithe in 1939. D'éag sí ar an 26 Meán Fómhair 1962. www.ainm.ie/Bio.aspx?ID=... 000 0
Ainm.ie @ainm-ie.bsky.social · 14/09/2026Beatha na Seachtaine: Séamus Mac a' Bhaird (1871–1951) Rugadh é i dToraigh, Co. Dhún na nGall ar an 19 Meán Fómhair 1871. Foilsíodh 'Troid Bhaile an Droichid' leis in An Claidheamh Soluis idir Meitheamh agus Lúnasa 1904 agus tháinig sé amach mar leabhar in 1907. www.ainm.ie/Bio.aspx?ID=... 110 1
Ainm.ie @ainm-ie.bsky.social · 07/09/2026Beatha na Seachtaine: Pádraig Mac Con Midhe (1896–1975) Rugadh é i gCarraig an Staicín, Co. Ard Mhacha ar an 8 Meán Fómhair 1896. Bhí sé ar dhuine de bhunaitheoirí Chomhaltas Uladh agus ba é an chéad uachtarán é ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge. www.ainm.ie/Bio.aspx?ID=... 100 1
Ainm.ie @ainm-ie.bsky.social · 31/08/2026Beatha na Seachtaine: Aindrias Ó Muimhneacháin (1905–1989) Rugadh é i nGaorthadh na Péice, Béal Átha an Ghaorthaidh, Co. Chorcaí ar an 5 Meán Fómhair 1905. Bhí sé ina chathaoirleach ar an gcoiste a d'athbhunaigh an tOireachtas idir 1937 agus 1939. www.ainm.ie/Bio.aspx?ID=... 000 0
Ainm.ie @ainm-ie.bsky.social · 24/08/2026Beatha na Seachtaine: Áine Nic Giolla Bhríde (1910–1999) Rugadh í ar an gCarraig, Gaoth Dobhair, Co. Dhún na nGall ar an 2 Aibreán 1910. Ó 1939 amach is é a hainm is mó a bhíonn chun tosaigh nuair a luaitear Aisteoirí Ghaoth Dobhair agus bunú Amharclann Ghaoth Dobhair. www.ainm.ie/Bio.aspx?ID=... 100 1
Ainm.ie @ainm-ie.bsky.social · 17/08/2026Beatha na Seachtaine: Pádraig Ó Méalóid (1931–2016) Rugadh é i gCamas Uachtair, Conamara, Co. na Gaillimhe ar an 20 Lúnasa 1931. Bhíodh glór Phádraig le cloisteáil ar chláir éagsúla raidió agus teilifíse, ina measc, Ceamara na cruinne, Buntús cainte agsu Fios farraige. www.ainm.ie/Bio.aspx?ID=... 000 0
Ainm.ie @ainm-ie.bsky.social · 10/08/2026Beatha na Seachtaine: Micheál Ó Briain (1923–1997) Rugadh é ar an gCoilleach, gar don Spidéal, Co. na Gaillimhe ar an 15 Lúnasa 1923. Bhí rólanna aige sna geamaireachtaí Gaeilge go léir agus sa chuid is mó de na drámaí Gaeilge in Amharclann na Mainistreach. www.ainm.ie/Bio.aspx?ID=... 100 1
Ainm.ie @ainm-ie.bsky.social · 04/08/2026Beatha na Seachtaine: Sorcha Chonaill Mhic Grianna (1875–1964) Rugadh í i Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall ar an 4 Lúnasa 1875. Bhí a hainm in airde i bpobal Rann na Feirste mar ealaíontóir béil den chéad scoth. Foilsíodh roinnt dá stór béaloidis i saothair éagsúla. www.ainm.ie/Bio.aspx?ID=... 010 1
Ainm.ie @ainm-ie.bsky.social · 27/07/2026Beatha na Seachtaine: Máirtín Ó Tnúthail (1910-1985) Rugadh an matamaiticeoir seo ar an 30 Iúil 1910 i gcathair na Gaillimhe. Bhí sé ar dhuine de na léachtóirí ba thúisce a ceapadh i gColáiste na hOllscoile, Gaillimh chun a bheith ag teagasc trí mheán na Gaeilge. www.ainm.ie/Bio.aspx?ID=... 210 2
Ainm.ie @ainm-ie.bsky.social · 20/07/2026Beatha na Seachtaine: Diarmuid Ó Súilleabháin (1872–1952) Rugadh é ar an gCaol, Dairbhre, Co. Chiarraí ar an 18 Márta 1872. Scríobh sé Cliamhain-isteach, dráma trí mhír (1933) agus d'aistrigh sé cúpla saothar go Gaeilge freisin. D'éag sé ar an 26 Iúil 1952. www.ainm.ie/Bio.aspx?ID=... 100 1
Ainm.ie @ainm-ie.bsky.social · 13/07/2026Beatha na Seachtaine: Pádraig Ó Meára (1905–1971) Rugadh é ar an nGarrán, Tuaim Uí Mheára Co. Thiobraid Árann ar an 14 Iúil 1905. Chuir sé an Ghaeilge chun cinn ar an Aonach ar feadh blianta fada. Chuir sé Cló Uí Mheára ar bun sna luathchaogaidí. www.ainm.ie/Bio.aspx?ID=... 100 1
Ainm.ie @ainm-ie.bsky.social · 06/07/2026Beatha na Seachtaine: Íde Nic Néill (1860–1959) Bhí sí ar na Protastúnaigh den uasaicme a bhí an-ghníomhach i ngluaiseacht na teanga i gCúige Uladh i dtús an 20ú haois. Bhí baint aici le Dáil Uladh agus Coláiste Uladh. D'éag sí ar an 10 Iúil 1959. www.ainm.ie/Bio.aspx?ID=... 100 1
Ainm.ie @ainm-ie.bsky.social · 29/06/2026Beatha na Seachtaine: Eoghan Ó Domhnaill (1908–1966) Rugadh é i Rann na Feirste. I measc na leabhar a scríobh sé, tá Scéal Hiúdaí Sheáinín (1940) agus Na laetha a bhí (1953). D'éag sé ar an 30 Meitheamh 1966. www.ainm.ie/Bio.aspx?ID=... 100 1
Ainm.ie @ainm-ie.bsky.social · 22/06/2026Beatha na Seachtaine: Nioclás Ó Fagáin (1873-1929) Bhí sé ina shagart cúnta i Lios Ceannúir, Co. an Chláir idir 1902 agus 1903 agus thugadh seanmóirí agus deireadh paidreacha i nGaeilge. Thug sé óráid an Oireachtais in 1913. D'éag sé ar an 23 Meitheamh 1929. www.ainm.ie/Bio.aspx?ID=... 100 1
Ainm.ie @ainm-ie.bsky.social · 15/06/2026Beatha na Seachtaine: Johnny Chóil Mhaidhc Ó Coisdealbha (1929–2006) Rugadh é in Indreabhán, Co. na Gaillimhe ar an 21 Meitheamh 1929. D'fhoilsigh Sairséal agus Dill agus Cló Iar-Chonnacht drámaí leis. Bhí sé páirteach sa scannán Poitín. www.ainm.ie/Bio.aspx?ID=... 000 0
Ainm.ie @ainm-ie.bsky.social · 08/06/2026Beatha na Seachtaine: Stiofán Breandán Ó hAnnracháin (1930–2014) Rugadh é ar an 12 Meitheamh 1930 i nDroim Conrach, Baile Átha Cliath. Chaith sé thart ar 40 bliain i mbun eagarthóireachta don Chlóchomhar. www.ainm.ie/Bio.aspx?ID=...ainm.ieÓ hANNRACHÁIN, Stiofán Breandán (1930–2014) | ainm.ieAn Bunachar Náisiúnta Beathaisnéisí Gaeilge. The National Database of Irish-Language Biographies. 000 0
Ainm.ie @ainm-ie.bsky.social · 02/06/2026Beatha na Seachtaine: Sinéad de Valera (1878–1975) Rugadh í i mBaile Brigín, Baile Átha Cliath ar an 1 Meitheamh 1878. Scríobhadh sí drámaí beaga agus scéalta dá páistí féin. I measc na saothar léi a foilsíodh, tá Na buidéil draíochta agus Féasóg Gorm in Éirinn. www.ainm.ie/Bio.aspx?ID=... 110 1
Ainm.ie @ainm-ie.bsky.social · 25/05/2026Beatha na Seachtaine: Éamonn de Bhaldron (1887–1966) Rugadh é i gCraig an Rí, Conga, Co. Mhaigh Eo ar an 26 Bealtaine 1887. Bhí sé ar dhuine de bhunaitheoirí an choláiste Gaeilge i dTamhain in 1909. Chabhraigh sé le reáchtáil Oireachtas 1917 i bPort Láirge. www.ainm.ie/Bio.aspx?ID=... 100 1
Ainm.ie @ainm-ie.bsky.social · 18/05/2026Beatha na Seachtaine: Meaití Jó Shéamuis Ó Fátharta (1947–2025) I gcroílár chultúr Chonamara a rugadh Meaití Jó Shéamuis. Rinne sé obair a bhí thar a bheith tábhachtach i gcraoladh spóirt agus ceoil ar Raidió na Gaeltachta. Bronnadh Corn Uí Riada air in 2001. www.ainm.ie/Bio.aspx?ID=... 000 0
Ainm.ie @ainm-ie.bsky.social · 11/05/2026Beatha na Seachtaine: Deasún Fennell (1929–2021) I mBéal Feirste a rugadh é. Chuaigh go leor d'fhealsúnacht Dheasúin i bhfeidhm ar ghluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta agus bhí baint nach beag aige le bunú Raidió na Gaeltachta. www.ainm.ie/Bio.aspx?ID=... 010 1
Ainm.ie @ainm-ie.bsky.social · 05/05/2026Beatha na Seachtaine: Séamus Ó Beaglaoich (1949–2023) Áirítear Séamus ar dhuine d'amhránaithe móra na nGael. Rugadh é i mBaile na bPoc, Corca Dhuibhne, Co. Chiarraí agus bhí dúchas an cheoil agus na teanga fréamhaithe go domhain i muintir Bheaglaoich ar an dá thaobh. www.ainm.ie/Bio.aspx?ID=...ainm.ieÓ BEAGLAOICH, Séamus (1949–2023) | ainm.ieAn Bunachar Náisiúnta Beathaisnéisí Gaeilge. The National Database of Irish-Language Biographies. 000 0
Ainm.ie @ainm-ie.bsky.social · 20/04/2026Beathaí nua curtha le ainm.ie Feargal Mac Amhlaoibh (1943–2023) Maelíosa Stafford (1956–2023) Séamus Ó Beaglaoich (1949–2023) Deasún Fennell (1929–2021) Meaití Jó Shéamuis Ó Fátharta (1947–2025) Tuilleadh eolais: www.ainm.ie/pdf/26.04.20... 010 1
Ainm.ie @ainm-ie.bsky.social · 20/04/2026Beatha na Seachtaine: Feargal Mac Amhlaoibh (1943–2023) Chaith Feargal tréimhsí ina bhainisteoir ar Chomharchumann Inis Oírr agus ar Chomharchumann Chléire. Bhí sé ina chathaoirleach ar an bhFeachtas Náisiúnta Teilifíse agus ceapadh é ar Choiste Bunaithe TnaG. www.ainm.ie/Bio.aspx?ID=... 000 0
Ainm.ie @ainm-ie.bsky.social · 13/04/2026Beatha na Seachtaine: Séamas Ó Dúshláine (1904–2000) Rugadh é i Loch Garman ar an 13 Aibreán 1904. Bhí sé ar dhuine de na daoine ba mhó le rá i gcúrsaí bhéaloideas agus sheanchas na hÉireann. Bhailigh sé roinnt ábhair i nGaeilge ar an gCeathrú Rua, Co. na Gaillimhe. www.ainm.ie/Bio.aspx?ID=... 000 0
Ainm.ie @ainm-ie.bsky.social · 07/04/2026Beatha na Seachtaine: Máirtín Standún (1918–1994) Rugadh é i Learpholl ar an 9 Aibreán 1918. Cheannaigh Máirtín agus a bhean siopa ar an Spidéal i gConamara in 1946. Chuir sé béim i gcónaí ar an nGaeilge i measc fhoireann an tsiopa. www.ainm.ie/Bio.aspx?ID=... 110 1
Ainm.ie @ainm-ie.bsky.social · 30/03/2026Beatha na Seachtaine: Máirín Nic Ailín (1912–1988) Thugadh Máirín agus a fear céile, an dealbhóir Domhnall Ó Murchadha, léacht i nGaeilge gach mí sa Dánlann Náisiúnta ar feadh timpeall 35 bliain ó 1952 amach. D'éag sí ar an 31 Márta 1988. www.ainm.ie/Bio.aspx?ID=... 110 1
Ainm.ie @ainm-ie.bsky.social · 23/03/2026Beatha na Seachtaine: Owen Lloyd (c.1854–1929) Sheinn sé ag an gcéad Oireachtas agus bhí baint aige leis an bhféile anuas go 1920. Bhí sé ina bhall de choiste ceoil agus ealaíne na féile. Bhí sé ina ollamh i Scoil Éanna agus mhúineadh sé an veidhlín agus an chláirseach. www.ainm.ie/Bio.aspx?ID=... 010 1
Ainm.ie @ainm-ie.bsky.social · 16/03/2026Beatha na Seachtaine: Pádraig Ó hÁdhmaill (1916–1998) Bhí sé ar dhuine de bhunaitheoirí Seanchas Ard Mhacha agus chaith sé tamall de bhlianta ina uachtarán ar Chomhaltas Uladh. Chuir sé tús le Coláiste Uladh i Loch an Iúir. D'éag sé ar an 17 Márta 1998. www.ainm.ie/Bio.aspx?ID=... 110 1
Ainm.ie @ainm-ie.bsky.social · 09/03/2026Beatha na Seachtaine: Eileen Costello (1870–1962) Foilsíodh cnuasach ceithre scór amhrán as a raibh bailithe aici in Irish Folk Song Society Journal in 1918 agus arís mar leabhar ann féin in 1923 faoin teideal Amhráin Mhuighe Seóla. D'éag sí ar an 14 Márta 1962. www.ainm.ie/Bio.aspx?ID=... 100 1
Ainm.ie @ainm-ie.bsky.social · 02/03/2026Beatha na Seachtaine: Adrian Hardiman (1951–2016) Gaeilgeoir líofa ab ea é agus ba mhinic leis cathaoirleacht a dhéanamh ar Bhréagchúirt Uí Dhálaigh, an comórtas díospóireachta a bhunaigh Gael Linn do mhic léinn dlí. D'éag sé ar an 7 Márta 2016. www.ainm.ie/Bio.aspx?ID=... 010 1
Ainm.ie @ainm-ie.bsky.social · 23/02/2026Beatha na Seachtaine: Donnchadh Ó Corráin (1942–2017) I nGraighin, Cill Orglan, Co. Chiarraí a rugadh é ar an 28 Feabhra 1942. Mórscoláire ab ea é a raibh aithne idirnáisiúnta air mar shaineolaí ar stair na hÉireann sna luath-mheánaoiseanna. www.ainm.ie/Bio.aspx?ID=... 000 0
Ainm.ie @ainm-ie.bsky.social · 16/02/2026Beatha na Seachtaine: Seán Ó Ruadháin (1883–1966) Rugadh é i nDumha Locha, Gaoth Sáile, Co. Mhaigh Eo ar an 20 Feabhra 1883. Ba é Pádhraic Mháire Bhán nó an gol agus an gáire (1932) a mhórshaothar - ghnóthaigh sé duais £150 na Roinne Oideachais dó. www.ainm.ie/Bio.aspx?ID=... 110 1
Ainm.ie @ainm-ie.bsky.social · 09/02/2026Beatha na Seachtaine: Maighréad Ní Éimhigh (1907–1980) D'aistrigh sí roinnt leabhar go Gaeilge, ina measc, Bun-chúrsa ceapadóireachta Gréigise, 1941, Graiméar Gréigise 1 agus 2 agus Prós-Cheapadóireacht Laidne. D'éag sí ar an 15 Feabhra 1980. www.ainm.ie/Bio.aspx?ID=... 100 1
Ainm.ie @ainm-ie.bsky.social · 03/02/2026Beatha na Seachtaine: Tomás de Bhál (1878–1956) Bhí baint aige le bunú Choláiste Uí Chomhraí i gCarraig an Chabhaltaigh in 1911. Bhí spéis aige sa logainmníocht agus in 1947 ceapadh é ina bhall de Choimisiún nuabhunaithe na Logainmneacha. D'éag sé ar an 3 Feabhra 1956. www.ainm.ie/Bio.aspx?ID=... 200 2
Ainm.ie @ainm-ie.bsky.social · 26/01/2026Beatha na Seachtaine: Colm Ó Caoidheáin (1893-1975) Thug sé tuairim 200 amhrán do Shéamus Ennis. Dar le Ennis, ba óna athair agus óna sheanathair a fuair sé a raibh de cheol agus d'amhráin aige. D'éag sé ar an 31 Eanáir 1975. www.ainm.ie/Bio.aspx?ID=... 000 0
Ainm.ie @ainm-ie.bsky.social · 19/01/2026Beatha na Seachtaine: Seán Mac Maoláin (1884–1973) Bhí baint ag Seán le hathbhunú Choláiste Bhríde i Rann na Feirste. Ba leaseagarthóir é leis An Gúm ó 1934 ar aghaidh agus ba é a scríobh Lorg an Bhéarla (1957). D’éag sé ar an 22 Eanáir 1973. www.ainm.ie/Bio.aspx?ID=33 100 1
Ainm.ie @ainm-ie.bsky.social · 12/01/2026Beatha na Seachtaine: Eibhlín Ní Bhriain (1925-1986) Bhí cáil uirthi mar iriseoir - b’fhéidir gurbh í an t-iriseoir mná ba nótáilte lena linn í. D'éag sí ar an 1 Eanáir 1986.Beatha na Seachtaine: Eibhlín Ní Bhriain (1925-1986) www.ainm.ie/Bio.aspx?ID=... 110 1
Ainm.ie @ainm-ie.bsky.social · 23/12/2025Beatha na Seachtaine: Colm Ó Laoghaire (1919–2007) Cuimhnítear go fóill ar na scannáin a dhéanadh sé gach seachtain sa tsraith 'Amharc Éireann' ag Gael Linn a thaispeántaí i bpictiúrlanna ar fud na hÉireann. D'éag Colm ar an 26 Nollaig 2007. www.ainm.ie/Bio.aspx?ID=... 010 1
Ainm.ie @ainm-ie.bsky.social · 15/12/2025Beatha na Seachtaine: Carl Wilhelm von Sydow (1878–1952) Rugadh é ar an 21 Nollaig 1878 in Ryssby sa tSualainn. In 1924, in Ollscoil Lund, ba é an chéad scoláire riamh é sa tSualainn a bhí ag múineadh Gaeilge in ollscoil. www.ainm.ie/Bio.aspx?ID=... 000 0
Ainm.ie @ainm-ie.bsky.social · 08/12/2025Beatha na Seachtaine: Dáithí Ó hÓgáin (1949–2011) Chaith sé blianta fada ag obair i Roinn an Bhéaloidis sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Foilsíodh filíocht, gearrscéalta agus leabhair scolártha leis. D’éag sé ar an 11 Nollaig 2011. www.ainm.ie/Bio.aspx?ID=... 000 0
Ainm.ie @ainm-ie.bsky.social · 01/12/2025Beatha na Seachtaine: Micheál Mac Gréil (1931–2023) Bhí baint aige le bunú Feachtas, óg-ghluaiseacht na Gaeilge. Foilsíodh a chuid taighde i bhfoirm leabhair dar teideal Prejudice and tolerance in Ireland (1978). www.ainm.ie/Bio.aspx?ID=... 010 1
Ainm.ie @ainm-ie.bsky.social · 24/11/2025Beatha na Seachtaine: Seán Ó Tuairisg (1945–2023) Bhí Seán ar dhuine den seachtar clár-reachtairí a fostaíodh nuair a cuireadh Raidió na Gaeltachta ar bun. Bronnadh Gradam Jacobs ar Sheán as a chuid oibre ar an irischlár teilifíse Cúrsaí. www.ainm.ie/Bio.aspx?ID=... 010 1
Ainm.ie @ainm-ie.bsky.social · 17/11/2025Beatha na Seachtaine: Micheál Ó Muircheartaigh (1930–2024) Bhí sé ar dhuine de na tráchtairí spóirt ab fhearr, ní hamháin in Éirinn, ach ar domhan. I measc na leabhar a scríobh sé, tá From Dún Síon to Croke Park agus Micheál's GAA Odyssey. www.ainm.ie/Bio.aspx?ID=... 011 1
Ainm.ie @ainm-ie.bsky.social · 10/11/2025Beatha na Seachtaine: Máirín Seoighe (1954–2022) Chaith sí formhór a saoil oibre i dtionscal na scannánaíochta agus na teilifíse. I measc na gclár agus na sraitheanna teilifíse a léirigh sí, tá Beannacht an fhómhair, Ceol Cois Locha agus Imircigh ban. www.ainm.ie/Bio.aspx?ID=... 000 0
Ainm.ie @ainm-ie.bsky.social · 03/11/2025Beatha na Seachtaine: Seán Ó Dúnaighe (1878-1965) Chaith Seán a shaol ag obair go dúthrachtach chun teanga agus cultúr dúchais na nGael a chur chun cinn. Foilsíodh trí leabhar leis - Plúr na Gaedhilge, Inghean an Ghearaltaigh agus An crann cuilinn. www.ainm.ie/Bio.aspx?ID=... 000 0
Ainm.ie @ainm-ie.bsky.social · 28/10/2025Beatha na Seachtaine: Jimmí Ó Cearra (1927–2020) Rugadh Jimmí i gClochar an Locha, an Lochán Beag, Cois Fharraige, Co. na Gaillimhe. Foilsíodh Seanchas Jimmí Chearra Chois Fharraige in 2010, an cnuasach scéalta is toirtiúla a tháinig ón gceantar. www.ainm.ie/Bio.aspx?ID=... 000 0
Ainm.ie @ainm-ie.bsky.social · 20/10/2025Beatha na Seachtaine: Máire Próinséas Ní Chatháin (1936–2018) Is iomaí gradam agus scoláireacht a bhain Próinséas amach tráthanna éagsúla i rith a saoil. Ba mhórscoláire i réimse an Léinn Cheiltigh í a rugadh i mbaile Loch Garman. www.ainm.ie/Bio.aspx?ID=... 000 0